Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12012E294

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
    TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
    Caibidil 2 - Gníomhartha dlí an Aontais, nósanna imeachta glactha agus forálacha eile
    Roinn 2 - Nósanna imeachta chun gníomhartha agus forálacha eile a ghlacadh
    Airteagal 294
    (sean-Airteagal 251 CCE)

    IO C 326, 26.10.2012, p. 173–175 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2012/art_294/oj

    26.10.2012   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    1


    AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

    CUID A SÉ

    FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS

    TEIDEAL I

    FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ

    CAIBIDIL 2

    GNÍOMHARTHA DLÍ AN AONTAIS, NÓSANNA IMEACHTA GLACTHA AGUS FORÁLACHA EILE

    ROINN 2

    NÓSANNA IMEACHTA CHUN GNÍOMHARTHA AGUS FORÁLACHA EILE A GHLACADH

    Airteagal 294

    (sean-Airteagal 251 CCE)

    1.   Nuair a thagraítear sna Conarthaí don ghnáthnós imeachta reachtach chun gníomh a ghlacadh, beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas.

    2.   Tíolacfaidh an Coimisiún togra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    3.   Glacfaidh Parlaimint na hEorpa a seasamh sa chéad léamh agus cuirfidh sí i bhfios don Chomhairle é.

    4.   Má fhormheasann an Chomhairle seasamh Pharlaimint na hEorpa, glacfar an gníomh i dtrácht sa fhriotal a fhreagraíonn do sheasamh Pharlaimint na hEorpa.

    5.   Más rud é nach bhformheasfaidh an Chomhairle seasamh Pharlaimint na hEorpa, glacfaidh sí a seasamh sa chéad léamh agus cuirfidh sí in iúl do Pharlaimint na hEorpa é.

    6.   Tabharfaidh an Chomhairle gach eolas do Pharlaimint na hEorpa faoi na cúiseanna a thug uirthi a seasamh a ghlacadh sa chéad léamh. Tabharfaidh an Coimisiún gach eolas do Pharlaimint na hEorpa faoina sheasamh.

    7.   Más rud é, laistigh de thrí mhí ón dáta a gcuirfear an t-eolas sin chuici:

    (a)

    go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa seasamh na Comhairle sa chéad léamh a fhormheas nó nach mbeidh cinneadh glactha aici, measfar go bhfuil an gníomh i dtrácht glactha sa fhriotal a fhreagraíonn do sheasamh na Comhairle;

    (b)

    go ndiúltóidh Parlaimint na hEorpa seasamh na Comhairle sa chéad léamh, trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í, measfar nach bhfuil an gníomh arna bheartú glactha;

    (c)

    go molfaidh Parlaimint na hEorpa, trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í, leasuithe ar sheasamh na Comhairle sa chéad léamh, cuirfear an téacs arna leasú amhlaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún a thabharfaidh tuairim ar na leasuithe sin.

    8.   Má dhéanann an Chomhairle, laistigh de thrí mhí ó na leasuithe a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe:

    (a)

    na leasuithe sin uile a fhormheas, measfar go bhfuil an gníomh i dtrácht glactha;

    (b)

    gan na leasuithe uile a fhormheas, comórfaidh Uachtarán na Comhairle, le comhaontú Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, cruinniú den Choiste Idir-réitigh laistigh de shé seachtaine.

    9.   Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil ar na leasuithe a bhfuil tuairim dhiúltach tugtha ag an gCoimisiún ina dtaobh.

    10.   Beidh de chúram ar an gCoiste Idir-réitigh, a chomhdhéanfar de chomhaltaí na Comhairle nó dá n-ionadaithe agus a chomhlíon de chomhaltaí a ionadóidh Parlaimint na hEorpa, teacht ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach, trí thromlach cáilithe de chomhaltaí na Comhairle nó dá n-ionadaithe agus trí thromlach de na comhaltaí a ionadóidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de shé seachtaine óna chomóradh ar bhonn sheasaimh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle sa dara léamh.

    11.   Beidh an Coimisiún rannpháirteach in imeachtaí an Choiste Idir-réitigh agus glacfaidh sé gach tionscnamh is gá d'fhonn seasamh Pharlaimint na hEorpa agus seasamh na Comhairle a thabhairt le chéile.

    12.   Más rud é nach bhformheasfaidh an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach laistigh de shé seachtaine óna chomóradh, measfar nach bhfuil an gníomh arna bheartú glactha.

    13.   Má fhormheasann an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach laistigh den tréimhse sin, beidh tréimhse sé seachtaine ag Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach de na vótaí arna gcaitheamh, agus ag an gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, tar éis an fhormheasa sin chun an gníomh i dtrácht a ghlacadh i gcomhréir leis an téacs comhpháirteach. Má theipeann orthu sin a dhéanamh, measfar nach bhfuil an gníomh arna bheartú glactha.

    14.   Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, déanfar na tréimhsí trí mhí agus sé seachtaine dá dtagraítear san Airteagal seo a fhadú mí amháin nó dhá sheachtain faoi seach ar a mhéid.

    15.   Más rud é, sna cásanna dá bhforáiltear sna Conarthaí, go gcuirfear gníomh reachtach faoi réir an ghnáthnós imeachta reachtaigh ar thionscnamh ó ghrúpa Ballstát, nó ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach, nó arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais, ní bheidh feidhm ag mír 2, ag an dara habairt de mhír 6 ná ag mír 9.

    Sna cásanna sin, cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an gníomh arna bheartú in iúl don Choimisiún mar aon lena seasaimh sa chéad léamh agus sa dara léamh. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a thuairim a iarraidh ar an gCoimisiún i gcaitheamh an nós imeachta, agus féadfaidh an Coimisiún tuairim a thabhairt ar a thionscnamh féin freisin. Féadfaidh sé freisin, má mheasann sé gur gá, a bheith rannpháirteach sa Choiste Idir-réitigh i gcomhréir le mír 11.


    Top