EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12012E196

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XXIII - COSAINT SHIBHIALTA
Airteagal 196

IO C 326, 26.10.2012, p. 135–136 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2012/art_196/oj

26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A TRÍ

BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS

TEIDEAL XXIII

COSAINT SHIBHIALTA

Airteagal 196

1.   Cothóidh an tAontas comhar idir Bhallstáit d'fhonn cur le héifeachtúlacht na gcóras chun tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine a chosc agus cosaint ina gcoinne.

Beidh sé d'aidhm ag gníomhaíocht an Aontais:

(a)

gníomhaíocht na mBallstát a chothú agus a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil maidir le rioscaí a chosc, maidir lena bhfoirne cosanta sibhialta a ullmhú agus maidir le hidirghabháil i gcás tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine laistigh den Aontas;

(b)

comhar sciobtha éifeachtúil oibríochtúil a chur chun cinn laistigh den Aontas idir na seirbhísí náisiúnta cosanta sibhialta;

(c)

an chomhsheasmhacht a chur chun cinn in obair idirnáisiúnta cosanta sibhialta.

2.   Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.


Top