Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12012E167

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
    TEIDEAL XIII - CULTÚR
    Airteagal 167
    (sean-Airteagal 151 CCE)

    IO C 326, 26.10.2012, p. 121–122 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2012/art_167/oj

    26.10.2012   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    1


    AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

    CUID A TRÍ

    BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS

    TEIDEAL XIII

    CULTÚR

    Airteagal 167

    (sean-Airteagal 151 CCE)

    1.   Rannchuideoidh an tAontas le borradh chultúir na mBallstát, ag urramú a n-éagsúlacht náisiúnta agus réigiúnach agus ag tabhairt na comhoidhreachta cultúrtha chun suntais dó.

    2.   Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais comhar idir Ballstáit a chothú agus, más gá, tacú lena ngníomhaíocht agus í a fhorlíonadh sna réimsí seo a leanas:

    feabhsú ar eolas agus ar leathadh chultúr agus stair na bpobal Eorpach;

    caomhnú agus coimirciú na hoidhreachta cultúrtha de thábhacht Eorpach;

    comhaisig neamhthráchtála i réimse an chultúir;

    cruthú ealaíonta agus liteartha, go fiú in earnáil an chlosamhairc.

    3.   Taobhóidh an tAontas agus na Ballstát leis an gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta is inniúil i réimse an chultúir agus go háirithe le Comhairle na hEorpa.

    4.   Tabharfaidh an tAontas aird ar ghnéithe cultúrtha ina ghníomhaíocht faoi fhorálacha eile na gConarthaí, go háirithe d'fhonn éagsúlacht a chuid cultúr a urramú agus a chur ar aghaidh.

    5.   Chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo:

    glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún, gníomhaíochtaí dreasachta, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialúcháin na mBallstát;

    glacfaidh an Chomhairle moltaí ar thogra ó gCoimisiún.


    Top