EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12012E126

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL VIII - BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA
Caibidil 1 - Beartas eacnamaíoch
Airteagal 126
(sean-Airteagal 104 CCE)

IO C 326, 26.10.2012, p. 99–102 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2012/art_126/oj

26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A TRÍ

BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS

TEIDEAL VIII

BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA

CAIBIDIL 1

BEARTAS EACNAMAÍOCH

Airteagal 126

(sean-Airteagal 104 CCE)

1.   Seachnóidh na Ballstáit easnaimh rialtais iomarcacha.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorbairt an choir bhuiséadaigh agus ar stoc an fhiachais rialtais sna Ballstáit d'fhonn ollearráidí a shainaithint. Scrúdóidh sé ach go háirithe comhlíonadh smachta bhuiséadaigh ar bhonn an dá chritéar seo a leanas:

(a)

an dtéann an cóimheas idir an t-easnamh rialtais pleanáilte nó iarbhír agus an olltáirgeacht intíre thar luach tagartha:

mura bhfuil an cóimheas tar éis ísliú go suntasach leanúnach agus mura bhfuil sé tar éis leibhéal a shroicheadh atá gar don luach tagartha;

nó, ina mhalairt de chás, mura bhfuil an farasbarr thar an luach tagartha eisceachtúil agus sealadach amháin agus mura bhfanann an cóimheas gar don luach tagartha;

(b)

an dtéann an cóimheas idir an fiachas rialtais agus an olltáirgeacht intíre thar luach tagartha, mura bhfuil an cóimheas ag laghdú a dhóthain agus ag druidim ar luas sásúil leis an luach tagartha.

Sonraítear na luachanna tagartha sa Phrótacal maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis na Conarthaí.

3.   Mura ndéanann Ballstát na ceanglais faoi cheann amháin de na critéir sin nó faoin dá cheann a chomhall, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil. Cuirfear san áireamh freisin i dtuarascáil an Choimisiúin an dtéann an t-easnamh rialtais thar chaiteachas infheistíochta rialtais maille le gach toisc ábhartha eile lena n-áirítear cor eacnamaíoch agus buiséadach meántéarmach an Bhallstáit.

Féadfaidh an Coimisiún tuarascáil a ullmhú freisin má tá sé den tuairim, d'ainneoin chomhall na gceanglas faoi na critéir, go bhfuil baol easnaimh iomarcaigh ann i mBallstát.

4.   Foirmeoidh an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais tuairim ar thuarascáil an Choimisiúin.

5.   Má mheasann an Coimisiún go bhfuil easnamh iomarcach nó baol easnaimh iomarcaigh ann i mBallstát, déanfaidh sé tuairim a dhíriú chuig an mBallstát i dtrácht agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas.

6.   Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis aon bharúlacha a chur san áireamh is mian leis an mBallstát i dtrácht a chur faoina bráid, a chinneadh tar éis measúnú foriomlán an bhfuil easnamh iomarcach ann.

7.   Má chinneann an Chomhairle de réir mhír 6 go bhfuil easnamh iomarcach ann, glacfaidh sí, gan mhoill mhíchuí, ar mholadh ón gCoimisiún, na moltaí arna ndíriú chuig an mBallstát i dtrácht chun deireadh a chur leis an staid sin laistigh de thréimhse a thugtar. Faoi réir fhorálacha mhír 8, ní dhéanfar na moltaí sin a phoibliú.

8.   Má shuíonn an Chomhairle nach bhfuil aon ghníomhaíocht éifeachtach déanta mar fhreagra ar a moltaí laistigh den tréimhse fhorordaithe, féadfaidh sí a moltaí a phoibliú.

9.   Má leanann Ballstát de bheith ag mainneachtain na moltaí ón gComhairle a chur i ngníomh, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh foláireamh a thabhairt don Bhallstát bearta a ghlacadh laistigh de thréimhse shonraithe chun an laghdú easnaimh a bhaint amach a mheasann an Chomhairle a bheith riachtanach chun an cor a leigheas.

Féadfaidh an Chomhairle, i gcás den sórt sin, a iarraidh ar an mBallstát i dtrácht tuarascálacha a chur chuici de réir tráthchláir shonraigh chun iarrachtaí coigeartaithe an Bhallstáit sin a scrúdú.

10.   Ní fhéadfar na cearta chun caingne a thionscnamh, dá bhforáiltear in Airteagail 258 agus 259, a fheidhmiú faoi chuimsiú mhíreanna 1 go 9 den Airteagal seo.

11.   Fad nach gcomhlíonann Ballstát cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir le mír 9, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh beart nó bearta de na cinn seo a leanas a chur chun feidhme nó, de réir mar a bheidh, a threisiú:

a cheangal ar an mBallstát i dtrácht tuilleadh faisnéise, a shonróidh an Chomhairle, a fhoilsiú sula n-eiseoidh sé bannaí agus urrúis;

a iarraidh ar an mBanc Eorpach Infheistíochta a bheartas a athbhreithniú maidir le hiasachtaí a thabhairt don Bhallstát i dtrácht;

a cheangal ar an mBallstát i dtrácht taisce neamhúsmhar de mhéid iomchuí a dhéanamh leis an Aontas go dtí go measfaidh an Chomhairle go bhfuil an t-easnamh iomarcach ceartaithe;

fíneálacha iomchuí a ghearradh.

Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na cinntí a glacadh.

12.   Déanfaidh an Chomhairle cuid dá cinntí nó a cinntí uile nó cuid dá moltaí nó a moltaí uile dá dtagraítear i míreanna 6 go 9 agus 11 a aisghairm a mhéad atá an t-easnamh iomarcach sa Bhallstát i dtrácht ceartaithe, dar léi. Má tá moltaí poiblí déanta ag an gComhairle roimhe sin, déanfaidh sí, a luaithe a aisghairfear an cinneadh faoi mhír 8, ráiteas poiblí nach bhfuil easnamh iomarcach ann a thuilleadh sa Bhallstát i dtrácht.

13.   Agus na cinntí nó na moltaí dá dtagraítear i míreanna 8, 9, 11 agus 12 á nglacadh aici, gníomhóidh an Chomhairle ar mholadh ón gCoimisiún.

Agus bearta dá dtagraítear i míreanna 6 go 9, i mír 11 agus i mír 12 á nglacadh aici, gníomhóidh sí gan vóta chomhalta na Comhairle a ionadaíonn don Bhallstát i dtrácht a chur san áireamh.

Saineofar tromlach cáilithe chomhaltaí eile na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a).

14.   Tá a thuilleadh forálacha maidir le cur chun feidhme an nós imeachta atá tuairiscithe san Airteagal seo leagtha amach sa Phrótacal maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis na Conarthaí.

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach, na forálacha iomchuí a ghlacadh a chuirfear in ionad an Phrótacail sin.

Faoi réir fhorálacha eile na míre seo, déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, rialacha mionsonraithe agus sainmhínithe a leagan síos chun forálacha an Phrótacail sin a chur chun feidhme.


Top