Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12008M041

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach - TEIDEAL V: FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA - CAIBIDIL 2: Forálacha sonracha maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála - Roinn 1: Forálacha coiteanna - Airteagal 41 (sean-Airteagal 28 CAE)

IO C 115, 9.5.2008, pp. 37–38 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu_2008/art_41/oj

12008M041

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach - TEIDEAL V: FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA - CAIBIDIL 2: Forálacha sonracha maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála - Roinn 1: Forálacha coiteanna - Airteagal 41 (sean-Airteagal 28 CAE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0037 - 0038


Airteagal 41

(sean-Airteagal 28 CAE)

1. Déanfar an caiteachas riarthach a thabhóidh na hinstitiúidí tríd an gCaibidil seo a chur chun feidhme a mhuirearú ar bhuiséad an Aontais.

2. Aon chaiteachas oibríochtúil atá ann de bharr an Chaibidil sin a chur chun feidhme, muirearófar é ar bhuiséad an Aontais freisin, seachas aon chaiteachas a thig ó oibríochtaí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu agus cásanna ina gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt ag gníomhú di d'aon toil.

Nuair nach muirearófar an caiteachas ar bhuiséad an Aontais, muirearófar ar na Ballstáit é i gcomhréir le scála na holltáirgeachta náisiúnta mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt ag gníomhú di d'aon toil. I dtaca le caiteachas a thig ó oibríochtaí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu, ní bheidh d'iallach ar na Ballstáit a bhfuil dearbhú foirmiúil déanta ag a n-ionadaithe sa Chomhairle faoin dara fomhír d'Airteagal 31(1) ranníocaíochtaí a dhéanamh maidir lena maoiniú.

3. Glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena mbunófar na nósanna imeachta speisialta chun rochtain sciobtha a ráthú ar leithreasaí i mbuiséad an Aontais chun tionscadail faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a mhaoiniú go práinneach, agus go háirithe le haghaidh gníomhaíochtaí ullmhúcháin do na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 42(1) agus in Airteagal 43. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Déanfar na gníomhaíochtaí ullmhúcháin do na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 42(1) agus in Airteagal 43 nach muirearófar ar bhuiséad an Aontais a mhaoiniú trí chiste tosaithe arna chomhdhéanamh de ranníocaíochtaí ó na Ballstáit.

Glacfaidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe, ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, cinntí lena mbunófar:

(a) na nósanna imeachta chun an ciste tosaithe a chur ar bun agus a mhaoiniú, go háirithe na méideanna arna gcionroinnt ar an gciste;

(b) na nósanna imeachta chun an ciste tosaithe a riar;

(c) na nósanna imeachta rialaithe airgeadais.

Nuair nach féidir an cúram arna bheartú i gcomhréir le hAirteagal 42(1) agus le hAirteagal 43 a mhuirearú ar bhuiséad an Aontais, údaróidh an Chomhairle don Ardionadaí an ciste sin a úsáid. Déanfaidh an tArdionadaí tuarascáil don Chomhairle maidir leis an sainordú a chur chun feidhme.

--------------------------------------------------

Top