EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12008E223

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A SÉ: FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS - TEIDEAL I: FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ - Caibidil 1: Na hInstitiúidí - Roinn 1: Parlaimint na hEorpa - Airteagal 223 (sean-Airteagal 190(4) agus (5) CCE)

IO C 115, 9.5.2008, p. 149–149 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2008/art_223/oj

12008E223

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A SÉ: FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS - TEIDEAL I: FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ - Caibidil 1: Na hInstitiúidí - Roinn 1: Parlaimint na hEorpa - Airteagal 223 (sean-Airteagal 190(4) agus (5) CCE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0149 - 0149


Airteagal 223

(sean-Airteagal 190(4) agus (5) CCE)

1. Tarraingeoidh Parlaimint na hEorpa suas togra d'fhonn na bearta is gá a bhunú do thoghadh a cuid comhaltaí trí vótáil chomhchoiteann dhíreach i gcomhréir le nós imeachta comhionann sna Ballstáit go léir nó i gcomhréir le prionsabail ar comhphrionsabail iad ag na Ballstáit go léir.

Saineoidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, a ghníomhóidh trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, na forálacha is gá. Tiocfaidh na forálacha sin i bhfeidhm tar éis a bhformheasta ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

2. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán ar a tionscnamh féin i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, tar éis tuairim ón gCoimisiún a iarraidh agus formheas ón gComhairle a fháil, na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta a leagan síos a rialaíonn comhlíonadh a gcuid dualgas ag a comhaltaí. Is gá aontoilíocht laistigh den Chomhairle a bheith le gach riail nó coinníoll a bhaineann le cáin a ghearradh ar chomhaltaí nó iarchomhaltaí.

--------------------------------------------------

Top