This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12008E101
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union - PART THREE: UNION POLICIES AND INTERNAL ACTIONS - TITLE VII: COMMON RULES ON COMPETITION, TAXATION AND APPROXIMATION OF LAWS - Chapter 1: Rules on competition - Section 1: Rules applying to undertakings - Article 101 (ex Article 81 TEC)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL VII: COMHRIALACHA MAIDIR LE hIOMAÍOCHT, LE CÁNACHAS AGUS LE COMHFHOGASÚ REACHTAÍOCHTA - Caibidil 1: Rialacha iomaíochta - Roinn 1: Rialacha a bhaineann le gnóthais - Airteagal 101 (sean-Airteagal 81 CCE)

IO C 115, 9.5.2008, p. 88–89
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL VII: COMHRIALACHA MAIDIR LE hIOMAÍOCHT, LE CÁNACHAS AGUS LE COMHFHOGASÚ REACHTAÍOCHTA - Caibidil 1: Rialacha iomaíochta - Roinn 1: Rialacha a bhaineann le gnóthais - Airteagal 101 (sean-Airteagal 81 CCE)
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0088 - 0089
Airteagal 101 (sean-Airteagal 81 CCE) 1. Toirmisctear na cleachtais seo a leanas mar chleachtais nach luíonn leis an margadh inmheánach: gach comhaontú idir gnóthais, gach cinneadh ag comhlachais ghnóthas agus gach cleachtas comhbheartaithe a d'fhéadfadh dul i gcion ar an trádáil idir Ballstáit agus arb é a gcuspóir nó a n-éifeacht iomaíocht sa mhargadh inmheánach a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh, agus go háirithe iad siúd trína ndéantar: (a) praghsanna ceannaithe nó díolta nó aon choinníollacha eile trádála a shocrú, go díreach nó go hindíreach; (b) táirgeadh, margaí, forbairt theicniúil, nó infheistiú a theorannú nó a rialú; (c) margaí nó foinsí soláthair a pháirtiú; (d) coinníollacha neamhionanna a chur chun feidhme ar idirbhearta comhionanna le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear faoi mhíbhuntáiste iad san iomaíocht; (e) chun go gcuirfear conarthaí i gcrích, é a chur de choinníoll go nglacfaidh na páirtithe eile le hoibleagáidí forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr ná ó ghnás na tráchtála, le hábhar na gconarthaí sin. 2. Aon chomhaontuithe nó cinntí a thoirmiscfear de bhun an Airteagail seo, beidh siad ar neamhní dá dhroim sin. 3. Féadfar, áfach, a dhearbhú nach mbainfidh forálacha mhír 1: - le haon chomhaontú nó le haon chineál comhaontuithe idir gnóthais; - le haon chinneadh nó le haon chineál cinntí ag comhlachais ghnóthas; - le haon chleachtas comhbheartaithe nó le haon chineál cleachtas comhbheartaithe a chuidíonn le feabhas a thabhairt ar tháirgeadh nó dáileadh earraí nó leis an ascnamh teicniúil nó eacnamaíoch a chur chun cinn, agus cion cothrom den tairbhe uaidh sin a ligean le tomhaltóirí, agus: (a) nach gcuireann ar na gnóthais atá i gceist srianta nach bhfuil fíor-riachtanach chun na haidhmeanna sin a ghnóthú; (b) nach dtugann do na gnóthais sin breith ar iomaíocht a dhíchur i gcás cuid mhór de na táirgí atá i gceist. --------------------------------------------------