This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12008E043
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union - PART THREE: UNION POLICIES AND INTERNAL ACTIONS - TITLE III: AGRICULTURE AND FISHERIES - Article 43 (ex Article 37 TEC)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL III: AN TALMHAÍOCHT AGUS AN tIASCACH - Airteagal 43 (sean-Airteagal 37 CCE)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL III: AN TALMHAÍOCHT AGUS AN tIASCACH - Airteagal 43 (sean-Airteagal 37 CCE)
IO C 115, 9.5.2008, p. 64–65
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL III: AN TALMHAÍOCHT AGUS AN tIASCACH - Airteagal 43 (sean-Airteagal 37 CCE)
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0064 - 0065
Airteagal 43 (sean-Airteagal 37 CCE) 1. Déanfaidh an Coimisiún tograí a thíolacadh chun an comhbheartas talmhaíochta a leagan amach agus a chur i ngníomh, lena n-áirítear ceann de na foirmeacha comheagraíochta dá bhforáiltear in Airteagal 40(1) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta, agus chun na bearta a shonraítear sa Teideal seo a chur i ngníomh. Sna tograí sin cuirfear san áireamh idirthuilleamaíocht na gcúrsaí talmhaíochta atá luaite sa Teideal seo. 2. Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, comheagraíocht na margaí talmhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 40(1) agus na forálacha eile is gá chun cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta agus an chomhbheartais iascaigh a shaothrú. 3. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na bearta a bhaineann le praghsanna, tobhaigh, cabhair agus srianta cainníochtúla a shocrú agus maidir le háraigh iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt. 4. I gcomhréir le mír 1, féadfar an chomheagraíocht dá bhforáiltear in Airteagal 40(1) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta margaíochta, más rud é: (a) go dtairgeann an chomheagraíocht do na Ballstáit atá ina choinne sin, agus a bhfuil eagraíocht dá gcuid féin acu don táirgeadh áirithe, a chomhionann sin de ráthú um fhostaíocht agus caighdeán maireachtála na dtáirgeoirí a bheidh i gceist, ag féachaint do na hoiriúnuithe is indéanta agus don speisialtóireacht is gá le himeacht aimsire; (b) go n-áirithíonn an eagraíocht sin dálaí trádála san Aontas mar atá i margadh náisiúnta. 5. Má bhíonn comheagraíocht d'amhábhair áirithe bunaithe sula mbeidh comheagraíocht ann do na táirgí próiseáilte a fhreagraíonn dóibh, féadfar na hamhábhair a úsáidtear do tháirgí próiseáilte atá le honnmhairiú go tríú tíortha a allmhairiú ó lasmuigh den Aontas. --------------------------------------------------