EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12007P034
Charter of Fundamental Rights of the European Union - TITLE IV - SOLIDARITY - Article 34 - Social security and social assistance
Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - TEIDEAL IV - DLÚTHPHÁIRTÍOCHT - Airteagal 34 - Slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta
Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - TEIDEAL IV - DLÚTHPHÁIRTÍOCHT - Airteagal 34 - Slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta
IO C 303, 14.12.2007, p. 9–9
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 30/11/2009; Arna ionadú ag 12010P034
Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - TEIDEAL IV - DLÚTHPHÁIRTÍOCHT - Airteagal 34 - Slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta
Official Journal 303 , 14/12/2007 P. 0009 - 0009
Airteagal 34 Slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta 1. Aithníonn agus urramaíonn an tAontas an teideal chuig liúntais slándála sóisialta agus seirbhísí sóisialta lena soláthraítear cosaint i gcásanna amhail máithreachas, breoiteacht, tionóiscí tionsclaíocha, cleithiúnas nó seanaois agus i gcásanna ina gcailltear fostaíocht, ach sin i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta. 2. Tá gach duine a chónaíonn agus a ghluaiseann go dleathach laistigh den Aontas Eorpach i dteideal liúntais slándála sóisialta agus buntáistí sóisialta a fháil i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta. 3. D'fhonn eisiamh sóisialta agus bochtaineacht a chomhrac, aithníonn agus urramaíonn an tAontas an ceart chun cúnamh sóisialta agus tithíochta a fháil chun a áirithiú go bhfuil caighdeán maireachtála cuibhiúil ag na daoine sin go léir gan acmhainní leordhóthanacha, de réir na rialacha atá leagtha síos le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta. --------------------------------------------------