EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12007L/PRO/A/11

Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna dhéanamh i Liospóin, an 13 Nollaig 2007 - PRÓTACAIL - A. Prótacail a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, de réir mar is iomchuí, leis an gconradh ag bunú an chomhphobail eorpaigh do fhuinneamh adamhach - Prótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha

IO C 306, 17.12.2007, p. 159–164 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/lis/pro_a11/sign

12007L/PRO/A/11

Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna dhéanamh i Liospóin, an 13 Nollaig 2007 - PRÓTACAIL - A. Prótacail a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, de réir mar is iomchuí, leis an gconradh ag bunú an chomhphobail eorpaigh do fhuinneamh adamhach - Prótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha

Official Journal 306 , 17/12/2007 P. 0159 - 0164


Prótacal

MAIDIR LE FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

DE BHRÍ, d'fhonn an trasdul a eagrú ó fhorálacha institiúideacha na gConarthaí a bhí infheidhme roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin go dtí na forálacha sa Chonradh sin, gur gá forálacha idirthréimhseacha a leagan síos,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

Airteagal 1

Sa Phrótacal seo, ciallóidh "na Conarthaí" an Conradh ar an Aontas Eorpach, an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

TEIDEAL I

FORÁLACHA A BHAINEANN LE PARLAIMINT NA hEORPA

Airteagal 2

I gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 9a(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, glacfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh lena socrófar comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, in am trátha roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa i 2009.

Go dtí deireadh an téarma pharlaimintigh 2004-2009, leanfaidh comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa agus líon na n-ionadaithe arna dtoghadh do Pharlaimint na hEorpa amhail an dáta ar tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm.

TEIDEAL II

FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS AN TROMLACH CÁILITHE

Airteagal 3

1. I gcomhréir le hAirteagal 9c(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gabhfaidh éifeacht le forálacha na míre seo agus le forálacha Airteagal 205(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir leis an tromlach cáilithe sa Chomhairle Eorpach agus sa Chomhairle a shainiú, an 1 Samhain 2014.

2. Idir an 1 Samhain 2014 agus an 31 Márta 2017, nuair a bheidh gníomh le glacadh trí thromlach cáilithe, féadfaidh comhalta den Chomhairle a iarraidh go nglacfar é tríd an tromlach cáilithe mar atá sé sainithe i mír 3. Sa chás sin, beidh feidhm ag míreanna 3 agus 4.

3. Go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, gan dochar don dara fomhír d'Airteagal 201a(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Le haghaidh gníomhartha na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle nach foláir tromlach cáilithe dóibh, déanfar vótaí na gcomhaltaí a ualú mar a leanas:

An Bheilg | 12 |

An Bhulgáir | 10 |

Poblacht na Seice | 12 |

An Danmhairg | 7 |

An Ghearmáin | 29 |

An Eastóin | 4 |

Éire | 7 |

An Ghréig | 12 |

An Spáinn | 27 |

An Fhrainc | 29 |

An Iodáil | 29 |

An Chipir | 4 |

An Laitvia | 4 |

An Liotuáin | 7 |

Lucsamburg | 4 |

An Ungáir | 12 |

Málta | 3 |

An Ísiltír | 13 |

An Ostair | 10 |

An Pholainn | 27 |

An Phortaingéil | 12 |

An Rómáin | 14 |

An tSlóivéin | 4 |

An tSlóvaic | 7 |

An Fhionlainn | 7 |

An tSualainn | 10 |

An Ríocht Aontaithe | 29 |

Glacfar gníomhartha má bhíonn 255 vóta ar a laghad i bhfabhar atá in ionannas le tromlach na gcomhaltaí nuair is gá faoi na Conarthaí iad a ghlacadh ar thogra ón gCoimisiún. I gcásanna eile glacfar cinntí má tá 255 vóta i bhfabhar atá in ionannas le dhá thrian ar a laghad de na comhaltaí.

Féadfaidh comhalta den Chomhairle Eorpach nó comhalta den Chomhairle a iarraidh, nuair a ghlacfaidh an Chomhairle Eorpach nó an Chomhairle gníomh trí thromlach cáilithe, go ndéanfar a fhíorú go bhfuil na Ballstáit a chomhdhéanann an tromlach cáilithe in ionannas le 62 % ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais. Más amhlaidh nach mar sin atá, ní ghlacfar an gníomh.

4. Go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014, más rud é, de bhun na gConarthaí, nach nglacfaidh comhaltaí uile na Comhairle páirt sa vótáil, is é sin sna cásanna ina dtagraítear don tromlach cáilithe mar atá sé sainithe in Airteagal 205(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, saineofar an tromlach cáilithe mar an chionmhaireacht chéanna de na vótaí ualaithe agus an chionmhaireacht chéanna de chomhaltaí na Comhairle agus, más iomchuí, an céatadán céanna de dhaonra na mBallstát i dtrácht, agus atá leagtha síos i mír 3 den Airteagal seo.

TEIDEAL III

FORÁLACHA MAIDIR LE FOIRMÍOCHTAÍ NA COMHAIRLE

Airteagal 4

Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 9c(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle teacht le chéile sna foirmíochtaí arna leagan síos sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den mhír sin agus sna foirmíochtaí eile atá ar an liosta arna bhunú le cinneadh ón gComhairle Gnóthaí Ginearálta, ag gníomhú di trí thromlach simplí.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS AN gCOIMISIÚN, LENA nÁIRÍTEAR ARDIONADAÍ AN AONTAIS DO GHNÓTHAÍ EACHTRACHA AGUS DON BHEARTAS SLÁNDÁLA

Airteagal 5

Na comhaltaí den Choimisiún a bheidh i seilbh oifige ar an dáta a dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, fanfaidh siad i seilbh oifige go dtí deireadh a dtéarma oifige. Ar a shon sin, an lá a gceapfar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, tiocfaidh deireadh le téarma oifige an chomhalta a bhfuil an náisiúntacht chéanna aige leis an Ardionadaí.

TEIDEAL V

FORÁLACHA A BHAINEANN LE hARDRÚNAÍ NA COMHAIRLE, ARDIONADAÍ DON CHOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA, AGUS LE LEAS-ARDRÚNAÍ NA COMHAIRLE

Airteagal 6

Tiocfaidh deireadh le téarma oifige Ardrúnaí na Comhairle, Ardionadaí don Chomhbheartas eachtrach agus slándála, agus le téarma oifige Leas-Ardrúnaí na Comhairle ar an dáta a dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm. Ceapfaidh an Chomhairle Ardrúnaí i gcomhréir le hAirteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

TEIDEAL VI

FORÁLACHA A BHAINEANN LE COMHLACHTAÍ COMHAIRLEACHA

Airteagal 7

Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, is mar seo a leanas a chionroinnfear comhaltaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta:

An Bheilg | 12 |

An Bhulgáir | 12 |

Poblacht na Seice | 12 |

An Danmhairg | 9 |

An Ghearmáin | 24 |

An Eastóin | 7 |

Éire | 9 |

An Ghréig | 12 |

An Spáinn | 21 |

An Fhrainc | 24 |

An Iodáil | 24 |

An Chipir | 6 |

An Laitvia | 7 |

An Liotuáin | 9 |

Lucsamburg | 6 |

An Ungáir | 12 |

Málta | 5 |

An Ísiltír | 12 |

An Ostair | 12 |

An Pholainn | 21 |

An Phortaingéil | 12 |

An Rómáin | 15 |

An tSlóivéin | 7 |

An tSlóvaic | 9 |

An Fhionlainn | 9 |

An tSualainn | 12 |

An Ríocht Aontaithe | 24 |

Airteagal 8

Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, is mar seo a leanas a chionroinnfear comhaltaí Choiste na Réigiún:

An Bheilg | 12 |

An Bhulgáir | 12 |

Poblacht na Seice | 12 |

An Danmhairg | 9 |

An Ghearmáin | 24 |

An Eastóin | 7 |

Éire | 9 |

An Ghréig | 12 |

An Spáinn | 21 |

An Fhrainc | 24 |

An Iodáil | 24 |

An Chipir | 6 |

An Laitvia | 7 |

An Liotuáin | 9 |

Lucsamburg | 6 |

An Ungáir | 12 |

Málta | 5 |

An Ísiltír | 12 |

An Ostair | 12 |

An Pholainn | 21 |

An Phortaingéil | 12 |

An Rómáin | 15 |

An tSlóivéin | 7 |

An tSlóvaic | 9 |

An Fhionlainn | 9 |

An tSualainn | 12 |

An Ríocht Aontaithe | 24 |

TEIDEAL VII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA MAIDIR LEIS NA GNÍOMHARTHA ARNA nGLACADH AR BHONN THEIDIL V AGUS VI DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH ROIMH CHONRADH LIOSPÓIN A THEACHT I bhFEIDHM

Airteagal 9

Gníomhartha institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais arna nglacadh ar bhonn an Chonartha ar an Aontas Eorpach sula dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, déanfar a n-éifeachtaí dlíthiúla a chaomhnú go dtí go ndéanfar iad a aisghairm, a neamhniú nó a leasú de bhun na gConarthaí. Is mar an gcéanna a bheidh maidir le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir Bhallstáit ar bhonn an Chonartha ar an Aontas Eorpach.

Airteagal 10

1. Mar bheart idirthréimhseach, agus maidir le gníomhartha an Aontais i dtaca le comhar póilíneachta agus le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta arna nglacadh sula dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, is iad seo a leanas na cumhachtaí a bheidh ag na hinstitiúidí ar an dáta a dtiocfaidh an Conradh sin i bhfeidhm: ní bheidh cumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 226 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh infheidhme agus fanfaidh cumhachtaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, sa leagan a bheidh i bhfeidhm sula dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, mar atá siad, lena n-áirítear i gcásanna inar glacadh iad faoi Airteagal 35(2) den Chonradh sin ar an Aontas Eorpach.

2. Béarfaidh an leasú ar ghníomh dá dtagraítear i mír 1 infheidhmeacht chumhachtaí na n-institiúidí dá dtagraítear sa mhír sin mar a leagtar amach sna Conarthaí iad i dtaca leis an ngníomh leasaithe maidir leis na Ballstáit sin a mbeidh feidhm ag an ngníomh leasaithe maidir leo.

3. Scoirfidh an beart idirthréimhseach dá dtagraítear i mír 1 d'éifeacht a bheith aige, ar scor ar bith, cúig bliana tar éis an dáta a dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm.

4. Sé mhí, ar a dhéanaí, roimh dhul in éag na hidirthréimhse dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an Ríocht Aontaithe fógra a thabhairt don Chomhairle nach nglacann sí, i ndáil leis na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1, le cumhachtaí na n-institiúidí dá dtagraítear i mír 1 mar a leagtar amach sna Conarthaí iad. Má bhíonn an fógra sin tugtha ag an Ríocht Aontaithe, scoirfidh na gníomhartha ar fad dá dtagraítear i mír 1 d'fheidhm a bheith acu maidir léi ón dáta a rachaidh an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 3 in éag. Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir leis na gníomhartha leasaithe atá infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe mar a luaitear i mír 2.

Cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, na socruithe iarmhartacha agus na socruithe idirthréimhseacha is gá. Ní bheidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an chinnidh seo. Saineofar tromlach cáilithe den Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 205(3)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh freisin lena gcinnfear go n-iompróidh an Ríocht Aontaithe na hiarmhairtí díreacha airgeadais, más ann dóibh, a thabhófar le riachtanas agus ar dhóigh dhosheachanta de bharr gur scoir sí de bheith rannpháirteach sna gníomhartha sin.

5. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe, tráth ar bith ina dhiaidh sin, fógra a thabhairt don Chomhairle á rá gur mian léi bheith rannpháirteach i ngníomhartha nach bhfuil infheidhme a thuilleadh maidir léi de bhun na chéad fhomhíre de mhír 4. Sa chás sin, beidh feidhm ag forálacha ábhartha an Phrótacail maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh nó ag forálacha ábhartha an Phrótacail maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, de réir mar a bheidh. Is iad na cumhachtaí a leagfar amach sna Conarthaí cumhachtaí na n-institiúidí i leith na ngníomhartha sin. Agus iad ag gníomhú faoi na Prótacail ábhartha, féachfaidh institiúidí an Aontais agus an Ríocht Aontaithe lena oiread rannpháirtíochta agus is féidir ón Ríocht Aontaithe in acquis an Aontais a athbhunú i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais gan éifeacht thromchúiseach a bheith aige sin ar inoibritheacht phraiticiúil na gcodanna éagsúla de, ag urramú a gcomhchuibhis dóibh.

--------------------------------------------------

Top