Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12003T046

    Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe - CUID A CÚIG: FORÁLACHA I dTAOBH AN IONSTRAIM SEO A CHUR CHUN FEIDHME - TEIDEAL I: EUNÚ NA n-INSTITIÚIDÍ AGUS NA gCOMHLACHTAÍ - Airteagal 46

    IO L 236, 23.9.2003, p. 47–47 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/acc_2003/act_1/art_46/sign

    12003T046



    Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0047 - 0047


    Airteagal 46

    1. Ceapfar deichniúr Breithiúna don Chúirt Bhreithiúnais agus ceapfar deichniúr Breithiúna don Chúirt Chéadchéime.

    2. (a) Rachaidh téarma oifige cúigear de Bhreithiúna na Cúirte Breithiúnais a cheapfar i gcomhréir le mír 1 in éag ar an 6 Deireadh Fómhair 2006. Is trí chrannchur a roghnófar na Breithiúna sin. Rachaidh téarma oifige na mBreithiúna eile in éag ar an 6 Deireadh Fómhair 2009.

    (b) Rachaidh téarma oifige cúigear de Bhreithiúna na Cúirte Céadcéime a cheapfar i gcomhréir le mír 1 in éag ar an 31 Lúnasa 2004. Is trí chrannchur a roghnófar na Breithiúna sin. Rachaidh téarma oifige na mBreithiúna eile in éag ar an 31 Lúnasa 2007.

    3. (a) Déanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais cibé oiriúnuithe ar a Rialacha Nós Imeachta is gá de thoradh an aontachais.

    (b) Déanfaidh an Chúirt Chéadchéime, le comhaontú na Cúirte Breithiúnais, cibé oiriúnuithe ar a Rialacha Nós Imeachta is gá de thoradh an aontachais.

    (c) Is gá formheas ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a bheith leis na Rialacha Nós Imeachta mar atá arna n-oiriúnú.

    4. Chun breithiúnas a thabhairt i gcásanna a bheidh ar feitheamh os comhair na gCúirteanna ar dháta an aontachais agus ar tionscnaíodh imeachtaí ó bhéal ina leith roimh an dáta sin, is sa chomhdhéanamh a bhí orthu roimh an aontachas a shuífidh na Cúirteanna i seisiún iomlánach nó na Dlísheomraí agus cuirfidh siad na Rialacha Nós Imeachta céanna i bhfeidhm a bhí i bhfeidhm an lá roimh dháta an aontachais.

    --------------------------------------------------

    Top