This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02023R2405-20231031
Regulation (EU) 2023/2405 of the European Parliament and of the Council of 18 October 2023 on ensuring a level playing field for sustainable air transport (ReFuelEU Aviation) (Text with EEA relevance)
Consolidated text: Rialachán (AE) 2023/2405 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cothrom na Féinne a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2023/2405 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cothrom na Féinne a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
02023R2405 — GA — 31.10.2023 — 000.004
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2023/2405 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cothrom na Féinne a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 2405 31.10.2023, lch. 1) |
Arna cheartú le:
|
Ceartúchán, IO L 90126, 26.2.2024, lch. 1 ((AE) 2023/24052023/2405) |
|
RIALACHÁN (AE) 2023/2405 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Deireadh Fómhair 2023
maidir le cothrom na Féinne a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe maidir le glacadh agus soláthar breoslaí eitlíochta inbhuanaithe.
Airteagal 2
Raon feidhme
Gan dochar do mhír 3, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le heitiltí aeriompair tráchtála.
Féadfaidh comhlacht bainistíochta aerfoirt d’aerfort nach bhfuil cumhdaithe ag Airteagal 3, pointe (1), atá lonnaithe ar chríoch Ballstáit, iarraidh a dhéanamh go ndéileálfar leis an aerfort sin mar aerfort de chuid an Aontais chun críocha an Rialacháin seo, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 6(1) tráth an iarratais sin. Cuirfidh an comhlacht bainistíochta aerfoirt sin an Ballstát a bhfuil a údarás nó a údaráis freagrach as an aerfort faoi Airteagal 11(6) ar an eolas faoin iarraidh sin. Beidh deimhniú ag gabháil leis an bhfógra sin go gcomhlíonann an t-aerfort na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 6(1).
Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an fógra faoin gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo don Choimisiún agus do Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) 6 mhí ar a laghad roimh thús na tréimhse tuairiscithe óna mbeidh feidhm ag an gcinneadh sin. Beidh tuairim réasúnaithe ag gabháil le cinneadh an Bhallstáit lena léireofar go bhfuil sé bunaithe ar chritéir chomhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha, i measc aerfort a bhfuil saintréithe iomaíocha comhchosúla acu.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn ‘aerfort de chuid an Aontais’‘aerfort’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) i gcás inar mhó an trácht paisinéirí ná 800 000 paisinéir nó i gcás inar mhó an trácht lasta ná 100 000 tona sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, agus nach bhfuil suite i réigiún forimeallach, mar a liostaítear in Airteagal 349 CFAE;
ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais’, i ndáil le haerfort de chuid an Aontais, ‘comhlacht bainistíochta an aerfoirt’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir 2009/12/CE nó, i gcás ina bhfuil bainistiú na mbonneagar láraithe le haghaidh córais dáileacháin breosla forchoimeádta do chomhlacht eile ag an mBallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 8(1) de Threoir 96/67/CE ón gComhairle ( 2 ), an comhlacht eile sin;
ciallaíonn ‘oibreoir aerárthaí’ duine a d’oibrigh ar a laghad 500 eitilt aeriompair tráchtála paisinéirí, nó 52 eitilt aeriompair uile-lasta tráchtála a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin nó, i gcás nach féidir an duine sin a shainaithint, úinéir an aerárthaigh;
ciallaíonn ‘eitilt aeriompair tráchtála’ eitilt arna hoibriú chun críocha paisinéirí, lasta nó post a iompar le haghaidh luach saothair nó ar cíos, lena n-áirítear eitilt eitlíochta gnó a oibrítear chun críoch tráchtála;
ciallaíonn ‘bealach’ turas a dhéantar ar eitilt, ag féachaint d’áit imeachta agus do cheann scríbe na heitilte sin;
ciallaíonn ‘breosla eitlíochta’ breosla intiteáin arna mhonarú lena úsáid go díreach ag aerárthaí;
ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta inbhuanaithe’ breoslaí eitlíochta arb é atá iontu:
breoslaí eitlíochta sintéiseacha;
bithbhreoslaí eitlíochta; nó
breoslaí eitlíochta carbóin athchúrsáilte;
ciallaíonn ‘bithbhreoslaí eitlíochta’ breoslaí eitlíochta arb é atá iontu:
‘bithbhreoslaí ardfhorbartha’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (34), de Threoir (AE) 2018/2001;
‘bithbhreoslaí’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (33), de Threoir (AE) 2018/2001, arna dtáirgeadh ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Treoir sin; nó
‘bithbhreoslaí’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (33), de Threoir (AE) 2018/2001, cé is moite de bhithbhreoslaí arna dtáirgeadh ó ‘barra bia agus beatha’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (40), den Treoir sin, agus lena gcomhlíontar na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí saolré a leagtar síos in Airteagal 29 den Treoir sin agus a dheimhnítear i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin;
ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta carbóin athchúrsáilte’ breoslaí eitlíochta ar ‘breoslaí carbóin athchúrsáilte’ iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (35), de Threoir (AE) 2018/2001, a chomhlíonann an tairseach maidir le laghdú ar astaíochtaí saolré dá dtagraítear in Airteagal 29a(2) den Treoir sin agus a dheimhnítear i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin;
ciallaíonn ‘baisc’ cainníocht de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe is féidir a shainaithint le huimhir agus is féidir a rianú;
ciallaíonn ‘astaíochtaí saolré’ astaíochtaí de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe léirithe mar choibhéis dé-ocsaíde carbóin lena gcuirtear na nithe seo a leanas san áireamh – astaíochtaí de tháirgeadh fuinnimh léirithe mar choibhéis dé-ocsaíde carbóin, iompar, riar fuinnimh agus úsáid ar bord, lena n-áirítear le linn dócháin, arna ríomh i gcomhréir leis na modheolaíochtaí arna nglacadh de bhun Airteagal 28(5) nó in Airteagal 31(5) de Threoir (AE) 2018/2001 nó de bhun dhlí ábhartha an Aontais;
ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta sintéiseacha’ breoslaí eitlíochta ar ‘breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’ iad, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (36), de Threoir (AE) 2018/2001, a chomhlíonann an tairseach coigiltis astaíochtaí saolré dá dtagraítear in Airteagal 29a(1) den Treoir sin agus a dheimhnítear i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin;
ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta sintéiseacha ísealcharbóin’ breoslaí eitlíochta ar de thionscnamh neamhbhitheolaíoch iad, a ndíorthaítear a gcion fuinnimh ó hidrigin ísealcharbóin neamhiontaise, a chomhlíonann tairseach 70 % maidir le laghdú ar astaíochtaí saolré agus na modheolaíochtaí chun laghdú astaíochtaí saolré den sórt sin a mheasúnú de bhun dhlí ábhartha an Aontais;
ciallaíonn ‘gnáthbhreoslaí eitlíochta’ breoslaí eitlíochta a tháirgtear as foinsí breoslaí hidreacarbóin ar foinsí fuinnimh neamh-in-athnuaite iad;
ciallaíonn ‘hidrigin ísealcharbóin le haghaidh eitlíochta’ hidrigin atá le húsáid in aerárthaí a ndíorthaítear a luach fuinnimh ó fhoinsí neamh-iontaise neamh-in-athnuaite, a chomhlíonann tairseach 70 % maidir le laghdú ar astaíochtaí saolré agus na modheolaíochtaí chun laghdú astaíochtaí saolré den sórt sin a mheasúnú de bhun dhlí ábhartha an Aontais;
ciallaíonn ‘hidrigin in-athnuaite le haghaidh eitlíochta’ hidrigin lena húsáid in aerárthaí a cháilíonn mar ‘breosla in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (36), de Threoir (AE) 2018/2001, agus a chomhlíonann an tairseach coigiltis astaíochtaí saolré dá dtagraítear in Airteagal 29a(1), den Treoir sin agus atá deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin;
ciallaíonn ‘hidrigin le haghaidh eitlíochta’ hidrigin in-athnuaite le haghaidh eitlíochta nó hidrigin ísealcharbóin le haghaidh eitlíochta;
ciallaíonn ‘breoslaí eitlíochta ísealcharbóin’ breoslaí eitlíochta sintéiseacha ísealcharbóin nó hidrigin ísealcharbóin le haghaidh eitlíochta;
ciallaíonn ‘soláthróir breosla eitlíochta’‘soláthróir breosla’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe 38, de Threoir (AE) 2018/2001, a sholáthraíonn breosla eitlíochta nó hidrigin le haghaidh eitlíochta ag aerfort de chuid an Aontais;
ciallaíonn ‘láimhsealaí breosla’ soláthróir seirbhísí láimhseála ar an talamh a eagraíonn agus a dhéanann oibríochtaí breoslaithe agus díbhreoslaithe, lena n-áirítear stóráil breosla agus rialú cháilíocht agus chainníocht na seachadtaí breosla, chuig oibreoirí aerárthaí in aerfoirt de chuid an Aontais, dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 96/67/CE;
ciallaíonn ‘príomháit ghnó’ ceannoifig nó oifig chláraithe soláthróra breosla eitlíochta sa Bhallstát ina ndéantar príomhrialú airgeadais agus oibríochtúil an tsoláthróra breosla eitlíochta;
ciallaíonn ‘bliain tuairiscithe’ tréimhse aon bhliana, inar gá na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 10 a chur isteach, bliain dar tosach an 1 Eanáir agus dar críoch an 31 Nollaig;
ciallaíonn ‘tréimhse tuairiscithe’ tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig de chuid na bliana roimh an mbliain tuairiscithe;
ciallaíonn ‘breosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth’ an méid breosla eitlíochta ar a dtugtar ‘breosla turais’ agus ‘breosla innealta’ in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún ( 3 ) is gá chun na heitiltí uile a oibríonn oibreoir aerárthaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a oibriú, a imíonn as aerfort áirithe de chuid an Aontais, le linn tréimhse tuairiscithe;
ciallaíonn ‘cainníocht bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord’ an difríocht idir an breosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth agus an breosla arna chur ar bord ag oibreoir aerárthaí roimh eitiltí a chumhdaítear faoin Rialachán seo a imíonn as aerfort áirithe de chuid an Aontais, le linn tréimhse tuairiscithe;
ciallaíonn ‘cainníocht iomlán bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord’ méid na gcainníochtaí bliantúla nár forlíonadh na humair leo ag oibreoir aerárthaí ag gach aerfort de chuid an Aontais le linn tréimhse tuairiscithe;
ciallaíonn ‘scéim gáis ceaptha teasa’ scéim lena mbronntar sochair ar oibreoirí aerárthaí chun breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a úsáid.
Airteagal 4
Sciar den bhreosla eitlíochta inbhuanaithe atá ar fáil ag aerfoirt de chuid an Aontais
Measfar an oibleagáid sin a bheith comhlíonta freisin i gcás ina mbaintear amach na scaireanna íosta a luaitear sa chéad fhomhír trí úsáid a bhaint as na nithe seo a leanas:
hidrigin in-athnuaite le haghaidh eitlíochta;
breoslaí eitlíochta ísealcharbóin.
Chun na sciartha íosta in Iarscríbhinn I a ríomh, nuair a chuirfear hidrigin le haghaidh eitlíochta ar fáil d’oibreoirí aerárthaí ag aerfort de chuid an Aontais:
is iad na luachanna maidir le luach fuinnimh na mbreoslaí ábhartha uile na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 27(2), pointí (g) agus (h) de Threoir (AE) 2018/2001, agus Iarscríbhinn III a ghabhann léi, nó caighdeáin eitlíochta idirnáisiúnta ábhartha maidir le breoslaí nach n-áirítear san Iarscríbhinn sin; agus
déanfar ►C2 luach fuinnimh ◄ hidrigine don eitlíocht a sholáthrófar a chur san áireamh san uimhreoir agus san ainmneoir araon.
Ní bheidh feidhm ag an eisiamh sin, áfach, maidir le haon bhunábhar a áirítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 5
Oibleagáid athbhreoslaithe maidir le hoibreoirí aerárthaí
Déanfar iarraidh den sórt sin trí mhí ar a laghad roimh an dáta atá beartaithe i gcomhair chur i bhfeidhm na díolúine, arna tacú le bonn cirt mionsonraithe leordhóthanach. Ba cheart an díolúine sin a bheith teoranta do na cásanna seo a leanas:
deacrachtaí oibríochtúla tromchúiseacha agus athfhillteacha maidir le haerárthaí a athbhreoslú ag an aerfort áirithe de chuid an Aontais, rud a chuireann cosc ar oibreoirí aerárthaí casadh thart laistigh de thréimhse réasúnach; nó
deacrachtaí struchtúracha maidir le soláthar breosla eitlíochta a eascraíonn as saintréithe geografacha aerfoirt áirithe de chuid an Aontais, as a n-eascraíonn praghsanna i bhfad níos airde ar bhreoslaí eitlíochta i gcomparáid le praghsanna a chuirtear i bhfeidhm ar an meán ar chineálacha comhchosúla breoslaí eitlíochta in aerfoirt eile de chuid an Aontais mar gheall go háirithe ar shrianta sonracha iompair breosla nó ar infhaighteacht theoranta breoslaí ag an aerfort sin de chuid an Aontais agus a chuireann míbhuntáiste suntasach san iomaíocht ar an oibreoir aerárthaí lena mbaineann i gcomparáid le dálaí an mhargaidh in aerfoirt eile de chuid an Aontais a bhfuil saintréithe iomaíocha comhchosúla acu.
Beidh tréimhse theoranta bailíochta ag an díolúine a dheonófar, nach faide ná bliain amháin, agus déanfar athbhreithniú uirthi arna iarraidh sin don oibreoir aerárthaí.
Airteagal 6
Oibleagáidí ar chomhlacht bainistíochta aerfoirt de chuid an Aontais chun rochtain ar bhreosla eitlíochta inbhuanaithe a éascú
Airteagal 7
Soláthar hidrigine agus leictreachais a chur chun cinn ag aerfoirt de chuid an Aontais
Airteagal 8
Oibleagáidí tuairiscithe atá ar oibreoirí aerárthaí
Faoin 31 Márta gach bliain tuairiscithe, agus den chéad uair in 2025, tuairisceoidh oibreoirí aerárthaí an fhaisnéis seo a leanas maidir le tréimhse tuairiscithe áirithe do na húdaráis inniúla agus don Ghníomhaireacht:
méid iomlán an bhreosla eitlíochta a cuireadh ar bord ag gach aerfort de chuid an Aontais, arna shloinneadh i dtonaí;
an breosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth, de réir an aerfoirt de chuid an Aontais, arna shloinneadh i dtonaí;
an chainníocht bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord, in aghaidh an aerfoirt de chuid an Aontais, atá le tuairisciú mar 0 (nialas) má tá an chainníocht bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord diúltach nó má tá sí níos ísle ná, nó cothrom le, 10 % den bhreosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth;
an chainníocht bhliantúil a tugadh ar bord, in aghaidh an aerfoirt de chuid an Aontais ar chúiseanna a bhaineann le comhlíonadh na rialacha is infheidhme maidir le sábháilteacht breosla de bhun Airteagal 5(2), arna sloinneadh i dtonaí;
méid iomlán an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe arna cheannach ó sholáthróirí breosla eitlíochta, chun a n-eitiltí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a imíonn as aerfoirt de chuid an Aontais a oibriú, arna shloinneadh i dtonaí.
i gcás gach ceannacháin breosla eitlíochta inbhuanaithe, ainm an tsoláthróra breosla eitlíochta, an méid a ceannaíodh arna shloinneadh i dtonaí, an próiseas tiontaithe, saintréithe agus tionscnamh an bhunábhair a úsáidtear le haghaidh táirgthe, agus astaíochtaí saolré an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe, agus, i gcás ina n-áirítear i gceannach amháin cineálacha éagsúla breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a bhfuil saintréithe éagsúla acu, ag soláthar na faisnéise sin do gach cineál breosla eitlíochta inbhuanaithe;
líon iomlán na n-eitiltí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais, arna sloinneadh i líon na n-eitiltí agus in uaireanta eitilte.
Airteagal 9
Éileamh oibreora aerárthaí ar úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe
Déanfaidh oibreoirí aerárthaí na nithe seo a leanas a sholáthar don Ghníomhaireacht, mar aon leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 8:
dearbhú maidir leis na scéimeanna gás ceaptha teasa a nglacann siad páirt iontu agus inar féidir leo breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a thuairisciú;
dearbhú nár thuairiscigh siad baisceanna comhionanna de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe faoi chuimsiú níos mó ná scéim gás ceaptha teasa amháin; agus
faisnéis maidir le rannpháirtíocht i scéimeanna tacaíochta airgeadais de chuid an Aontais, scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha lena gcumasaítear oibreoirí aerárthaí a chúiteamh as costais breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a ceannaíodh agus faisnéis faoi cé acu a fuair nó nach bhfuair an bhaisc chéanna de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe tacaíocht faoi níos mó ná scéim tacaíochta airgeadais amháin.
Airteagal 10
Na hoibleagáidí tuairiscithe atá ar sholáthróirí breosla eitlíochta
Faoin 14 Feabhra de gach bliana tuairiscithe, agus den chéad uair in 2025, tuairisceoidh soláthróirí breosla eitlíochta an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an tréimhse tuairiscithe i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 31a de Threoir (AE) 2018/2001:
méid an bhreosla eitlíochta arna sholáthar ag gach aerfort de chuid an Aontais, arna shloinneadh i dtonaí;
méid an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe arna sholáthar ag gach aerfort de chuid an Aontais, agus maidir le gach cineál breosla eitlíochta inbhuanaithe, mar a shonraítear i bpointe (c), arna shloinneadh i dtonaí;
an próiseas tiontúcháin, saintréithe agus bunús an bhunábhair a úsáidtear le haghaidh táirgthe agus astaíochtaí saolré gach cineáil breosla eitlíochta inbhuanaithe arna sholáthar ag aerfoirt de chuid an Aontais;
an cion cumhránaice agus naftailéiní de réir céatadán de thoirt agus cion sulfair de réir céatadáin de mhais i mbreosla eitlíochta arna sholáthar in aghaidh na baisce, in aghaidh aerfort de chuid an Aontais agus ar leibhéal an Aontais, lena léirítear toirt agus mais iomlán gach baisce agus gach modha tástála a cuireadh i bhfeidhm chun cion gach substainte ar leibhéal na baisce a thomhas;
an luach fuinnimh le haghaidh breosla eitlíochta agus breosla eitlíochta inbhuanaithe arna soláthar ag gach aerfort de chuid an Aontais, i gcás gach cineáil breosla.
Beidh an creat dlíthiúil agus riaracháin is gá i bhfeidhm ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis arna cur isteach ag soláthróirí breosla eitlíochta sa bhunachar sonraí sin de chuid an Aontais cruinn, agus go ndearnadh í a fhíorú agus a iniúchadh de bhun Airteagal 31a de Threoir (AE) 2018/2001.
Beidh rochtain ag an nGníomhaireacht agus ag na húdaráis inniúla ar an mbunachar sonraí sin de chuid an Aontais. Úsáidfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sa bhunachar sonraí sin de chuid an Aontais, a luaithe a dhéanfar an fhaisnéis a fhíorú ar leibhéal an Bhallstáit de bhun Airteagal 31a de Threoir (AE) 2018/2001.
Airteagal 11
Údarás inniúil
Féadfaidh soláthróir breosla eitlíochta den sórt sin iarraidh réasúnaithe a thíolacadh dá údarás inniúil go n-athshannfaí do Bhallstát eile é, i gcás inar sholáthair sé an chuid ba mhó dá bhreosla eitlíochta sa Bhallstát sin thar an dá bhliain roimh an iarraidh. Déanfar an cinneadh maidir le hathshannadh laistigh de 6 mhí tar éis na hiarrata ón soláthróir breosla eitlíochta, beidh sé faoi réir comhaontaithe ó údaráis inniúla an Bhallstáit athshannta agus déanfar é a tharchur gan moill mhíchuí chuig an nGníomhaireacht agus chuig an gCoimisiún. Beidh feidhm aige ó thús na tréimhse tuairiscithe tar éis an dáta a nglacfar an cinneadh sin.
Airteagal 12
Forfheidhmiú
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, beidh feidhm ag na rialacha a leanas maidir le breoslaí eitlíochta sintéiseacha a bhaineann leis na tréimhsí ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2031 agus ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034:
aon soláthróir breosla eitlíochta a chnuasaigh easnamh ón oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 4 maidir leis na meánsciartha de bhreoslaí eitlíochta sintéiseacha sa tréimhse ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2031, soláthróidh an soláthróir sin don mhargadh roimh dheireadh na tréimhse ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034 cainníocht de bhreosla eitlíochta sintéiseach is comhionann leis an easnamh sin, sa bhreis ar oibleagáidí na tréimhse sin; agus
maidir le haon soláthróir breosla eitlíochta a chnuasaigh easnamh ón oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 4 maidir leis na meánsciartha de bhreoslaí eitlíochta sintéiseacha inbhuanaithe ón tréimhse an 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034, soláthróidh an soláthróir sin cainníocht den bhreosla eitlíochta sintéiseach is comhionann leis an easnamh sin don mhargadh sa tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin, sa bhreis ar a oibleagáid tréimhse tuairiscithe.
Má chomhlíontar na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo, ní scaoilfear an soláthróir breosla eitlíochta ón oibleagáid na fíneálacha a leagtar síos i míreanna 4 agus 5 a íoc;
I gcás ina leithdháilfear an t-ioncam sin ar bhuiséad ginearálta Ballstáit, measfar go bhfuil an chéad fhomhír comhlíonta ag Ballstát, má chuireann sé beartais tacaíochta airgeadais chun feidhme chun tacú le tionscadail taighde agus nuálaíochta i réimse na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, táirgeadh na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe nó beartais lena dtacaítear le sásraí lena bhféadfar na difríochtaí praghais idir breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus gnáthbhreoslaí eitlíochta a dhúnadh, a bhfuil luach acu atá coibhéiseach nó níos airde ná an t-ioncam a ghintear ó fhíneálacha.
Faoin 25 Meán Fómhair 2026, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, poibleoidh na Ballstáit tuarascáil maidir leis an úsáid a baineadh as na hioncaim chomhiomlánaithe arna nginiúint ó na fíneálacha, agus faisnéis maidir leis an leibhéal caiteachais arna leithdháileadh ar thionscadail taighde agus nuálaíochta i réimse na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, táirgeadh na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe nó beartais lena dtacaítear le sásraí lenar féidir na difríochtaí praghais idir breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus gnáthbhreoslaí eitlíochta a dhúnadh.
Airteagal 13
Bailiú sonraí agus foilsiú
Foilseoidh an Ghníomhaireacht tuarascáil theicniúil gach bliain ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagail 7, 8 agus 10 agus cuirfidh sí ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle í. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil sin:
méid comhiomlánaithe an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe arna cheannach ag oibreoirí aerárthaí ar leibhéal an Aontais, lena úsáid ar eitiltí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a imíonn ó aerfort de chuid an Aontais, agus in aghaidh an aerfoirt de chuid an Aontais;
méid comhiomlánaithe na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus na mbreoslaí eitlíochta sintéiseacha arna soláthar ar leibhéal an Aontais, de réir an Bhallstáit agus de réir an aerfoirt de chuid an Aontais. Áireofar sa tuarascáil méid agus cineál an amhábhair a úsáidtear ar leibhéal an Aontais, in aghaidh an Bhallstáit agus in aghaidh an aerfoirt de chuid an Aontais agus anailís ar chumas soláthróirí breosla eitlíochta na sciartha íosta a shainítear in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh;
a mhéid is féidir, méid na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a soláthraíodh, sna tríú tíortha lena bhfuil comhaontú lena rialaítear soláthar aersheirbhísí tugtha i gcrích ag an Aontas, nó ag an Aontas agus a Bhallstáit, agus i dtríú tíortha eile i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí;
staid an mhargaidh, lena n-áirítear faisnéis faoi phraghsanna, agus treochtaí i dtáirgeadh agus úsáid na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe san Aontas agus in aghaidh an Bhallstáit agus, a mhéid is féidir, sna tríú tíortha lena bhfuil comhaontú lena rialaítear soláthar aersheirbhísí tugtha i gcrích ag an Aontas, nó ag an Aontas agus a Bhallstáit, agus i dtríú tíortha eile, lena n-áirítear faisnéis maidir le héabhlóid na bearna praghsanna idir na breoslaí eitlíochta inbhuanaithe agus gnáthbhreoslaí eitlíochta;
an stádas comhlíontachta de chomhlacht bainistithe aerfoirt de chuid an Aontais de réir an aerfoirt, maidir le hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 6;
stádas comhlíontachta gach oibreora aerárthaí agus soláthróra breosla eitlíochta a bhfuil oibleagáid orthu faoin Rialachán seo sa tréimhse tuairiscithe;
bunadh agus saintréithe gach breosla eitlíochta inbhuanaithe agus saintréithe inbhuanaitheachta hidrigine le haghaidh eitlíochta arna gceannach ag oibreoirí aerárthaí lena n-úsáid ar eitiltí a chumhdaítear faoin Rialachán seo a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais;
meánchion iomlán na n-aramatach agus na naftailéine de réir céatadán de thoirt agus meánchion iomlán an tsulfair de réir céatadán de mhais i mbreosla eitlíochta arna sholáthar ag aerfort de chuid an Aontais agus ar leibhéal an Aontais;
staid dul chun cinn na dtionscadal ag aerfoirt de chuid an Aontais lena saothraítear tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 7(3).
Airteagal 14
Scéim Lipéadaithe Comhshaoil
Féadfaidh oibreoirí aerárthaí a iarraidh go n-eiseofar lipéid faoin Airteagal seo freisin le haghaidh a n-eitiltí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a thagann isteach in aerfoirt de chuid an Aontais. I gcás ina n-iarrfaidh oibreoir aerárthaí go n-eiseofar lipéad faoin bhfomhír seo, iarrfaidh an t-oibreoir lipéad mar sin le haghaidh a eitiltí nó a heitiltí go léir a thagann isteach in aerfoirt de chuid an Aontais.
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar lipéid a eiseofar de bhun an Airteagail seo:
an lorg carbóin a bhfuiltear ag dréim leis in aghaidh an phaisinéara, arna shloinneadh i méadrachta amhail i gcileagraim CO2 in aghaidh an phaisinéara, do thréimhse bhailíochta an lipéid;
an éifeachtúlacht CO2 a bhfuiltear ag dréim léi in aghaidh an chiliméadair, arna shloinneadh i méadrachta amhail i ngraim CO2 in aghaidh an phaisinéara in aghaidh an chiliméadair, do thréimhse bhailíochta an lipéid.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht an lorg carbóin a bhfuiltear ag dréim leis in aghaidh an phaisinéara agus an éifeachtúlacht CO2 a mheastar a bheidh ann in aghaidh an chiliméadair d’eitilt a chinneadh ar bhonn modheolaíocht chaighdeánaithe eolaíochtbhunaithe agus na faisnéise ó oibreoirí aerárthaí a bhaineann le gach ceann de na fachtóirí seo a leanas nó le cuid díobh:
na cineálacha aerárthaí, meánlíon na bpaisinéirí agus na n-ualaí lasta arna bhforlíonadh nuair is gá le meastacháin ar na fachtóirí sin, mar shampla meán-lódfhachtóirí an bhealaigh shonraithe ar feadh tréimhse áirithe ama; agus
feidhmíocht an bhreosla a úsáidtear ar na heitiltí a dhéanann an t-oibreoir aerárthaí bunaithe ar ghlacadh breosla agus ar úsáid méadrachta, amhail méid iomlán an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe arna chur ar bord, an céatadán thar ghlacadh iomlán an bhreosla, an cháilíocht agus an bunadh, comhdhéanamh agus astaíochtaí saolré a bhaineann le húsáid breosla arna ríomh le haghaidh na heitilte.
Féadfaidh an Ghníomhaireacht a cheangal ar an oibreoir aerárthaí an fhaisnéis bhreise is gá a sholáthar nó an lipéad a eisiúint.
I gcás nach gcuirfidh an t-oibreoir aerárthaí an fhaisnéis uile is gá isteach chun go n-eiseoidh an Ghníomhaireacht an lipéad a iarradh, diúltóidh an Ghníomhaireacht don iarraidh.
Féadfaidh an t-oibreoir aerárthaí achomharc a dhéanamh in aghaidh chinntí na Gníomhaireachta arna ndéanamh de bhun na míre seo agus mhír 7 den Airteagal seo. Déanfar achomharc den sórt sin a chomhdú leis an mBord Achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) laistigh de 10 lá tar éis an fógra faoin gcinneadh a fháil. Beidh feidhm ag Airteagail 106 agus 107, Airteagal 108(2) agus (3), agus Airteagail 111, 112, 113 agus 114 de Rialachán (AE) 2018/1139. Déanfar aon chinneadh a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht de bhun na míre seo gan moill mhíchuí.
Déanfaidh an t-oibreoir aerárthaí taispeáint an lipéid a choigeartú dá réir sin gan mhoill.
Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na rialacha a leagtar amach san Airteagal seo a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme faoin 1 Eanáir 2025 lena leagtar síos forálacha mionsonraithe maidir leis an méid a leanas:
an mhodheolaíocht chaighdeánaithe agus eolaíochtbhunaithe dá dtagraítear i mír 4, bunaithe ar na sonraí eolaíocha is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe na sonraí arna soláthar ag an nGníomhaireacht agus lena n-áirítear an mhodheolaíocht chun na meastacháin dá dtagraítear i mír 4, pointe (a), a úsáid;
an nós imeachta trína soláthróidh oibreoirí aerárthaí an fhaisnéis ábhartha don Ghníomhaireacht chun lipéad a eisiúint, agus an nós imeachta don Ghníomhaireacht chun an lipéad sin a eisiúint, lena n-áirítear an teorainn ama faoina bhfuil an Ghníomhaireacht le cinneadh a dhéanamh de bhun mhír 6;
fad bailíochta na lipéad arna n-eisiúint de bhun an Airteagail seo, nach faide ná bliain amháin;
na coinníollacha faoina bhfuil an Ghníomhaireacht leis an athbhreithniú dá dtagraítear i mír 7 a dhéanamh;
an nós imeachta a luaitear i mír 7 trína bhféadfaidh an Ghníomhaireacht lipéid atá ann cheana a chúlghairm nó lipéad nua a eisiúint;
na teimpléid chun lipéid a thaispeáint arna n-eisiúint de bhun an Airteagail seo;
rochtain éasca a áirithiú ar gach lipéad eisithe i bhformáid atá inléite ag meaisín;
an fhéidearthacht agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh oibreoirí aerárthaí, gan lipéad a úsáid faoin Airteagal seo, aon fhaisnéis faoi fheidhmíocht chomhshaoil atá comhchosúil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a thaispeáint i gcás eitiltí a imíonn ó aerfoirt de chuid an Aontais.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3).
Airteagal 15
Sásraí solúbthachta
D’fhéadfadh córas mar sin, lena n-ionchorpraítear eilimintí de scéim leabhar agus éilimh, a chur ar chumas oibreoirí aerárthaí nó soláthróirí breosla, nó iad araon, breosla eitlíochta inbhuanaithe a cheannach trí shocruithe conarthacha le soláthróirí breosla eitlíochta agus úsáid breosla eitlíochta inbhuanaithe a éileamh ag aerfoirt de chuid an Aontais.
Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina leagfar amach príomhthorthaí na meastóireachta a dhéanfar de bhun na míre seo agus, i gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil léi.
Airteagal 16
Nós imeachta coiste
Airteagal 17
Tuarascálacha agus athbhreithniú
A mhéid is féidir, áireofar sa tuarascáil faisnéis faoi fhorbairtí beartais i dtríú tíortha ábhartha, lena n-áirítear i gcomhthéacs a gcomhaontuithe iltaobhacha agus déthaobhacha leis an Aontas nó leis an Aontas agus lena Bhallstáit, mar aon le forbairt creata beartais a d’fhéadfadh a bheith ann chun breosla eitlíochta inbhuanaithe a sholáthar agus a chur ar bord ar leibhéal ICAO.
Déanfar measúnú sa tuarascáil ar iomaíochas aeriompróirí agus mhoil aerfoirt de chuid an Aontais i gcomparáid lena n-iomaitheoirí i dtríú tíortha ábhartha, mar aon le hathródú a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe trí aistriú tráchta i dtreo moil aerfoirt i dtríú tíortha, rud is cúis le sceitheadh carbóin. Go háirithe, in éagmais scéim éigeantach ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir le húsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe le haghaidh eitiltí idirnáisiúnta a bhfuil leibhéal uaillmhéine comhchosúil aici leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó in éagmais sásraí arna bhforbairt ar an leibhéal idirnáisiúnta ionas gur féidir an riosca maidir le sceitheadh carbóin agus saobhadh iomaíochta a sheachaint, breithneoidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2026, i gcás inarb iomchuí, sásraí spriocdhírithe lena ndíreofaí ar na héifeachtaí sin a chosc, lena n-áirítear, más iomchuí, an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) a leathnú go heitlíocht idirnáisiúnta, chomh maith le cineálacha eile beart lena gcuirfí san áireamh go bhfuil ceann scríbe deiridh na heitilte suite lasmuigh de chríoch an Aontais.
Mar chuid den chéad tuarascáil nó níos luaithe mar thuarascáil neamhspleách arna cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith ann chun cion an bhreosla i mbreoslaí eitlíochta a bharrfheabhsú.
Airteagal 18
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 4, 5, 6, 8 agus 10 ón 1 Eanáir 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Sciartha de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 4
Ón 1 Eanáir 2025, sciar íosta de 2 % breoslaí eitlíochta inbhuanaithe gach bliain;
Ón 1 Eanáir 2030, sciar íosta de 6 % breoslaí eitlíochta inbhuanaithe gach bliain;
don tréimhse ón 1 Eanáir 2030 go dtí an 31 Nollaig 2031, meánsciar de 1,2 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha thar an tréimhse, a bhfuil sciar íosta de 0,7 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha ann gach bliain;
don tréimhse ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2034, meánsciar de 2,0 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha thar an tréimhse, a bhfuil sciar íosta de 1,2 % ann gach bliain, ón 1 Eanáir 2032 go dtí an 31 Nollaig 2033, agus a bhfuil sciar íosta de 2,0 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha ann ón 1 Eanáir 2034 go dtí an 31 Nollaig 2034;
Ón 1 Eanáir 2035, sciar íosta de 20 % breoslaí eitlíochta inbhuanaithe gach bliain, ina bhfuil sciar íosta de 5 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha;
Ón 1 Eanáir 2040, sciar íosta de 34 % breoslaí eitlíochta inbhuanaithe gach bliain, ina bhfuil sciar íosta de 10 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha;
Ón 1 Eanáir 2045, sciar íosta de 42 % breoslaí eitlíochta inbhuanaithe gach bliain, ina bhfuil sciar íosta de 15 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha;
Ón 1 Eanáir 2050, sciar íosta de 70 % breoslaí eitlíochta inbhuanaithe gach bliain, ina bhfuil sciar íosta de 35 % breoslaí eitlíochta sintéiseacha.
IARSCRÍBHINN II
Teimpléad d’oibreoir aerárthaí maidir leis an tuairisciú
Teimpléad d’oibreoir aerárthaí a thuairiscíonn ar chur ar bord breoslaí eitlíochta inbhuanaithe
|
Aerfort de chuid an Aontais |
Sainitheoir ICAO an Aerfoirt sin de chuid an Aontais |
Breosla eitlíochta bliantúil atá de dhíth (tonaí) |
Breosla eitlíochta iarmhír a cuireadh ar bord (tonaí) |
Cainníocht bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord (tonaí) |
Cainníocht iomlán bhreosla bhliantúil nár tugadh ar bord (tonaí) |
Cainníocht bhliantúil na n-umar i dtaca le rialacha maidir le sábháilteacht breosla (tonaí) |
|
|
|
|
|
|
|
|
Teimpléad d’oibreoir aerárthaí a thuairiscíonn ar cheannacháin breoslaí eitlíochta inbhuanaithe
|
Líon iomlán na n-eitiltí arna n-oibriú |
Líon iomlán na n-uaireanta eitilte |
Soláthróir breosla |
An méid a ceannaíodh (tonaí) |
Próiseas tiontúcháin |
Saintréithe |
Bunús an bhunábhair |
Astaíochtaí saolré |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
( 1 ) Treoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le muirir aerfoirt (IO L 70, 14.3.2009, lch. 11).
( 2 ) Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar mhargadh na láimhseála ar an talamh in aerfoirt an Chomhphobail (IO L 272, 25.10.1996, lch. 36).
( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).
( 4 ) Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle an 18 Eanáir 1993 maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt Chomhphobail (IO L 14, 22.1.1993, lch. 1).
( 5 ) Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE (IO L 234, 22.9.2023, lch. 1).
( 6 ) Rialachán (CE) Uimh. 748/2009 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2009 maidir le liosta na n-oibreoirí aerárthaí a rinne gníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE an 1 Eanáir 2006 nó ina dhiaidh sin lena sonraítear an Ballstát riaracháin do gach oibreoir aerárthaí (IO L 219, 22.8.2009, lch. 1).
( 7 ) Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).
( 8 ) Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (IO L 130, 16.5.2023, lch. 52).