Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02020R1998-20230908

    Consolidated text: Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1998/2023-09-08

    02020R1998 — GA — 08.09.2023 — 011.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (AE) 2020/1998 ÓN gCOMHAIRLE

    an 7 Nollaig 2020

    maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

    (IO L 410I 7.12.2020, lch. 1)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/371 ÓN gCOMHAIRLE  an 2 Márta 2021

      L 71I

    1

    2.3.2021

    ►M2

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/478 ÓN gCOMHAIRLE  an 22 Márta 2021

      L 99I

    1

    22.3.2021

    ►M3

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2151 ÓN gCOMHAIRLE  an 6 Nollaig 2021

      L 436

    1

    7.12.2021

    ►M4

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2195 ÓN gCOMHAIRLE  an 13 Nollaig 2021

      L 445I

    10

    13.12.2021

    ►M5

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/595 ÓN gCOIMISIÚN  an 11 Aibreán 2022

      L 114

    60

    12.4.2022

    ►M6

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2374 ÓN gCOMHAIRLE  an 5 Nollaig 2022

      L 314

    81

    6.12.2022

    ►M7

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/430 ÓN gCOMHAIRLE  an 25 Feabhra 2023

      L 59I

    423

    25.2.2023

    ►M8

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/500 ÓN gCOMHAIRLE  an 7 Márta 2023

      L 69I

    1

    7.3.2023

    ►M9

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1098 ÓN gCOMHAIRLE  an 5 Meitheamh 2023

      L 145

    1

    5.6.2023

    ►M10

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1495 ÓN gCOMHAIRLE  an 20 Iúil 2023

      L 183I

    1

    20.7.2023

    ►M11

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1499 ÓN gCOMHAIRLE  an 20 Iúil 2023

      L 183I

    30

    20.7.2023

    ►M12

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1715 ÓN gCOMHAIRLE  an 8 Meán Fómhair 2023

      L 221I

    1

    8.9.2023


    Arna cheartú le:

     C1

    Ceartúchán, IO L 146, 29.4.2021, lch.  78 (2021/478)

     C2

    Ceartúchán, IO L 035, 17.2.2022, lch.  22 (2021/2151)

     C3

    Ceartúchán, IO L 108, 7.4.2022, lch.  69 (2021/2195)




    ▼B

    RIALACHÁN (AE) 2020/1998 ÓN gCOMHAIRLE

    an 7 Nollaig 2020

    maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine



    Airteagal 1

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a) 

    ciallaíonn “éileamh” aon éileamh, bíodh sé dearbhaithe le himeachtaí dlíthiúla nó ná bíodh, arna dhéanamh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó dá éis, faoi chonradh nó idirbheart, nó i ndáil le conradh nó idirbheart, agus go háirithe:

    (i) 

    éileamh ar chomhlíonadh aon oibleagáide a thiocfadh chun cinn faoi chonradh nó idirbheart nó i ndáil le conradh nó idirbheart;

    (ii) 

    éileamh ar shíneadh a chur le banna, le ráthaíocht airgeadais nó le slánaíocht, i cibé foirm, nó éileamh ar iad a íoc;

    (iii) 

    éileamh ar chúiteamh i leith conartha nó idirbhirt;

    (iv) 

    frithéileamh;

    (v) 

    éileamh ar bhreithiúnas, dámhachtain eadrána nó cinneadh coibhéiseach, gan beann ar an áit ina ndéantar nó ina dtugtar iad, a aithint nó a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trí bhíthin an nós imeachta exequatur;

    (b) 

    ciallaíonn “conradh nó idirbheart” aon idirbheart gan beann ar an bhfoirm agus gan beann ar an dlí is infheidhme, bíodh sé comhdhéanta de chonradh amháin nó níos mó nó oibleagáidí comhchosúla a rinneadh idir na páirtithe céanna nó idir páirtithe éagsúla; chun na críche sin áirítear le “conradh” banna, ráthaíocht nó slánaíocht, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, agus creidmheas, bíodh sé neamhspleách go dlíthiúil nó ná bíodh, chomh maith le haon fhoráil ábhartha a eascraíonn as an idirbheart nó a mbeadh baint aici leis an idirbheart;

    (c) 

    le “húdaráis inniúla” tagraítear d’údaráis inniúla na mBallstát faoi mar a shainaithnítear iad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II;

    (d) 

    ciallaíonn “acmhainní eacnamaíocha” sócmhainní de gach cineál, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, sochorraithe nó dochorraithe, arb acmhainní nach cistí iad, ach a fhéadfar a úsáid chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil;

    (e) 

    ciallaíonn “reo acmhainní eacnamaíocha” cosc a chur le húsáid acmhainní eacnamaíocha chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil ar aon bhealach, lena n-áirítear iad a dhíol, a chur ar cíos nó a mhorgáistiú, ach gan bheith teoranta don mhéid sin;

    (f) 

    ciallaíonn “reo cistí” cosc a chur le haon bhogadh, aistriú, athrú, úsáid, nó láimhseáil cistí nó le haon rochtain ar chistí ar aon bhealach a bheadh faoi deara aon athrú ar a dtoirt, a méid, a suíomh, a n-úinéireacht, a seilbh, a dtréith, a gceann scríbe, nó aon athrú eile a d’fhágfadh go bhféadfaí na cistí a úsáid, lena n-áirítear bainistiú punainne;

    (g) 

    ciallaíonn “cistí” sócmhainní airgeadais agus leasanna de gach cineál, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta don mhéid seo a leanas:

    (i) 

    airgead tirim, seiceanna, éilimh ar airgead, dréachtaí, orduithe airgid agus ionstraimí íocaíochta eile;

    (ii) 

    taiscí le hinstitiúidí airgeadais nó le heintitis eile, iarmhéideanna ar chuntais, fiachais agus oibleagáidí fiachais;

    (iii) 

    urrúis agus ionstraimí fiachais a thrádáiltear go poiblí nó príobháideach, lena n-áirítear stoic agus scaireanna, deimhnithe in ionannas urrús, bannaí, nótaí, barántais, bintiúir agus conarthaí díorthach;

    (iv) 

    ús, díbhinní nó ioncam eile ar shócmhainní nó luach a fhabhraíonn uathu nó arna nginiúint astu;

    (v) 

    creidmheas, ceart fritháirimh, ráthaíochtaí, bannaí feidhmíochta nó ceangaltais airgeadais eile;

    (vi) 

    litreacha creidmheasa, billí luchta, billí díola;

    (vii) 

    doiciméid atá ina bhfuil cruthúnas ar leas i gcistí nó in acmhainní airgeadais;

    (h) 

    ciallaíonn “críoch an Aontais” críocha na mBallstát a bhfuil an Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE) infheidhme maidir leo, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa CAE, lena n-áirítear a n-aerspás.

    Airteagal 2

    1.  

    Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

    (a) 

    cinedhíothú;

    (b) 

    coireanna in aghaidh an chine dhaonna;

    (c) 

    Na sáruithe nó na mí-úsáidí tromchúiseacha seo a leanas:

    (i) 

    céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach,

    (ii) 

    sclábhaíocht,

    (iii) 

    básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha,

    (iv) 

    daoine a fhuadaítear,

    (v) 

    gabháil agus coinneáil threallach,

    (d) 

    sáruithe nó mí-úsáidí eile chearta an duine, lena n-áirítear iad seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh, a mhéid a bhíonn na sáruithe nó na mí-úsáidí sin forleathan, córasach nó ina gcúis imní thromchúiseach ar bhealach eile maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 CAE:

    (i) 

    gáinneáil ar dhaoine, chomh maith le sáruithe chearta an duine a dhéanann smuigléirí imirceach dá dtagraítear san Airteagal seo,

    (ii) 

    foréigean gnéis agus inscnebhunaithe,

    (iii) 

    sáruithe nó mí-úsáidí saoirse comhthionóil shíochánta agus comhlachais,

    (iv) 

    sáruithe nó mí-úsáidí saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh,

    (v) 

    sáruithe nó mí-úsáidí saoirse reiligiúin nó creidimh.

    2.  

    Chun críocha mhír 1 a chur i bhfeidhm, ba cheart aird a thabhairt ar dhlí idirnáisiúnta an ghnáis agus ar ionstraimí dlí idirnáisiúnta a bhfuil glacadh leo go forleathan, amhail:

    (a) 

    an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;

    (b) 

    an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;

    (c) 

    an Coinbhinsiún maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú,

    (d) 

    an Coinbhinsiún in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach;

    (e) 

    an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú;

    (f) 

    an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh Ban a Dhíothú;

    (g) 

    an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh;

    (h) 

    an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir leis an Uile Dhuine a Chosaint ón bhFuadach;

    (i) 

    an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas;

    (j) 

    Prótacal chun Gáinneáil ar Dhaoine, go háirithe ar Mhná agus ar Leanaí, a Chosc, a Chur faoi chois agus Pionós a ghearradh ina leith, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta;

    (k) 

    Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta;

    (l) 

    an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

    3.  

    Chun críocha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh na páirtithe seo a leanas a áireamh mar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí:

    (a) 

    Gníomhaithe stáit;

    (b) 

    gníomhaithe eile a bhfuil rialú nó údarás éifeachtach á fheidhmiú ar chríoch acu;

    (c) 

    gníomhaithe neamhstáit eile faoi réir Airteagal 1(4) de Chinneadh (CFSP) 2020/1999.

    Airteagal 3

    1.  
    Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha go léir ar le duine nádúrtha nó dlítheanach iad, nó le heintiteas, comhlacht nó grúpa a liostaítear in Iarscríbhinn I agus atá ina seilbh, faoina gcoimeád nó á rialú acu, déanfar iad a reo.
    2.  
    Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis, nó do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, ná ní chuirfear chun sochair dóibh iad.
    3.  

    Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh in Iarscríbhinn I, faoi mar a shainaithníonn an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1999:

    (a) 

    daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, atá freagrach as gníomhartha a leagtar amach in Airteagal 2(1);

    (b) 

    daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais, theicniúil, nó ábhartha nó a bhfuil baint acu ar bhealach eile leis na gníomhartha a dtugtar tuairisc a leagtar amach in Airteagal 2(1), lena n-áirítear trí na gníomhartha sin a phleanáil, a threorú, a ullmhú, a éascú, a spreagadh nó cúnamh a thabhairt ina leith;

    (c) 

    daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, a bhaineann leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a chumhdaítear le pointí (a) agus (b);

    Airteagal 4

    1.  

    De mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur mar a leanas atá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

    (a) 

    go bhfuil gá leo chun bunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

    (b) 

    go bhfuil siad ceaptha chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

    (c) 

    go bhfuil siad ceaptha chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

    (d) 

    gur riachtanach iad i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé ar ar cheart údarú sonrach a dheonú, dhá sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó

    (e) 

    go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

    2.  
    Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de dhá sheachtain ón údarú.

    Airteagal 5

    1.  
    De mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun críoch daonnúil, amhail seachadadh an chúnaimh a chur ar fáil nó a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó aistriú na n-oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar nó le haghaidh aslonnuithe.
    2.  
    Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de cheithre seachtaine ón údarú.

    Airteagal 6

    1.  

    De mhaolú ar Airteagal 3(1), féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a) 

    go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 3 a liostú in Iarscríbhinn I, nó go bhfuil sé faoi réir cinneadh dlí nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

    (b) 

    ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

    (c) 

    ní chun leas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I é an cinneadh; agus

    (d) 

    níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

    2.  
    Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de dhá sheachtain ón údarú.

    Airteagal 7

    1.  

    De mhaolú ar Airteagal 3(1), agus ar choinníoll gurb íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I í atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a thug an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann i gcrích nó arb oibleagáid í a tháinig chun cinn dóibh, roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin a áireamh in Iarscríbhinn I, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, ar choinníoll gur chinn an t-údarás inniúil mar a leanas:

    (a) 

    go mbainfear leas as na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha le haghaidh íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I; agus

    (b) 

    nach sárú ar Airteagal 3(2) í an íocaíocht sin.

    2.  
    Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de dhá sheachtain ón údarú.

    Airteagal 8

    1.  
    Le hAirteagal 3(2) ní chuirfear cosc ar chreidiúnú cuntas reoite ag institiúidí airgeadais nó creidmheasa a fhaigheann cistí arna n-aistriú ag tríú páirtithe ar chuntas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintiteas nó comhlacht liostaithe, ar choinníoll go reofar aon bhreis a chuirfear leis na cuntais freisin. Cuirfidh an institiúid airgeadais nó creidmheasa an t-údarás inniúil iomchuí ar an eolas faoi aon idirbheart den sórt sin gan mhoill.
    2.  

    Ní bheidh Airteagal 3(2) infheidhme maidir le breiseanna mar a leanas a chuirtear le cuntais reoite:

    (a) 

    ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;

    (b) 

    íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 3 a áireamh in Iarscríbhinn I; nó

    (c) 

    íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh sa Bhallstát nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann,

    ar choinníoll gur faoi réir na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) fós atá aon ús den sórt sin, agus tuillimh agus íocaíochtaí eile.

    Airteagal 9

    1.  

    Gan dochar do na rialacha infheidhme a bhaineann le tuairisciú, rúndacht agus sicréideacht ghairmiúil, déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí an méid seo a leanas:

    (a) 

    soláthróidh siad láithreach aon fhaisnéis a d’éascódh comhlíonadh an Rialacháin seo, amhail faisnéis faoi chuntais agus méideanna arna reo i gcomhréir le hAirteagal 3(1), d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad ina gcónaí nó lonnaithe, agus an fhaisnéis sin a tharchur, go díreach nó trí bhíthin an Bhallstáit, chuig an gCoimisiún; agus

    (b) 

    rachaidh siad i gcomhar leis an údarás inniúil chun an faisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú.

    2.  
    Aon fhaisnéis bhreise a gheobhaidh an Coimisiún go díreach cuirfear ar fáil do na Ballstáit í.
    3.  
    Ní bhainfear úsáid as aon fhaisnéis a sholáthrófar nó a gheofar i gcomhréir leis an Airteagal seo ach amháin chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas an fhaisnéis sin.

    Airteagal 10

    Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon turas, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta sin dá dtagraítear in Airteagal 3.

    Airteagal 11

    1.  
    Má dhéantar cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo nó má dhiúltaítear cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, agus é sin a dhéanamh de mheon macánta ar an mbonn go bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní bheidh de thoradh ar an mbeart sin go mbeidh dliteanas d’aon sórt ar an duine nádúrtha nó dlítheanach, ná ar an eintiteas nó comhlacht a chuireann an Rialachán chun feidhme, nó ar a stiúrthóirí nó a fhostaithe, mura gcruthaítear go ndearnadh na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha a reo nó a choinneáil siar de dheasca faillí.
    2.  
    Ní bheidh aon dliteanas d’aon sórt ar dhaoine nádúrtha ná dlítheanacha, ar eintitis ná comhlachtaí de thoradh gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad mura raibh a fhios acu, nó nach raibh cúis réasúnach acu amhras a bheith orthu go sáródh a ngníomhaíochtaí na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.

    Airteagal 12

    1.  

    Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh dochar dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna nó ar ráthaíocht nó ar shlánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:

    (a) 

    daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I;

    (b) 

    aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann amháin de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

    2.  
    In aon imeacht chun éileamh a fhorfheidhmiú, is faoin duine nádúrtha nó dlítheanach, faoin eintiteas nó faoin gcomhlacht atá ag iarraidh an t-éileamh sin a fhorfheidhmiú, a bheidh sé a chruthú nach dtoirmeasctar an t-éileamh a shásamh le mír 1.
    3.  
    Tá an tAirteagal seo gan dochar don cheart atá ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 chun athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    Airteagal 13

    1.  

    Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi na bearta a dhéantar faoin Rialachán seo agus roinnfidh siad aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo, go háirithe faisnéis faoin méid seo a leanas:

    (a) 

    cistí arna reo faoi Airteagal 3 agus údaruithe arna ndeonú faoi Airteagail 4, 5, 6 agus 7;

    (b) 

    sárú agus fadhbanna forfheidhmiúcháin agus breithiúnais arna dtabhairt ag cúirteanna náisiúnta.

    2.  
    Cuirfidh na Ballstáit a chéile agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo.

    Airteagal 14

    1.  
    I gcás ina gcinnfidh an Chomhairle duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a chur faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 3, leasóidh sí Iarscríbhinn I dá réir sin.
    2.  
    Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear na forais leis an liostú, a chur in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann más eol an seoladh, nó murab eol an seoladh, trí fhógra a fhoilsiú, rud a thabharfaidh deis don duine nádúrtha nó dlítheanach sin, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a chur isteach.
    3.  
    I gcás ina gcuirfear barúlacha isteach nó ina gcuirfear fianaise nua shubstaintiúil isteach, athbhreithneoidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, agus cuirfidh sé an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht ar an eolas dá réir sin.
    4.  
    Athbhreithneofar an liosta in Iarscríbhinn I go tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad.
    5.  
    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn II a leasú ar bhonn faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit.

    Airteagal 15

    1.  
    Beidh in Iarscríbhinn I na forais atá le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann a liostú.
    2.  
    Beidh in Iarscríbhinn I, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha; áit agus dáta clárúcháin; uimhir chlárúcháin agus áit ghnó.

    Airteagal 16

    1.  
    Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
    2.  
    Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún faoi na rialacha sin dá dtagraítear i mír 1 tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin.

    Airteagal 17

    1.  

    Déanfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a thabhairt i gcrích. Airítear ar na cúraimí sin:

    (a) 

    maidir leis an gComhairle, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú agus a dhéanamh;

    (b) 

    maidir leis an Ardionadaí, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú;

    (c) 

    maidir leis an gCoimisiún:

    (i) 

    inneachar Iarscríbhinn I a chur leis an liosta comhdhlúite leictreonach de dhaoine, grúpaí agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais an Aontais agus a chur leis an léarscáil smachtbhannaí idirghníomhach, iad ar fáil go poiblí;

    (ii) 

    próiseáil faisnéise faoi thionchar na mbearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo amhail fiúntas na gcistí reoite agus próiseáil faisnéise faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.

    2.  
    Ní fhéadfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus an tArdionadaí sonraí ábhartha a phróiseáil, nuair is infheidhme, ar sonraí iad a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe, le ciontuithe coiriúla na ndaoine nó le bearta slándála i ndáil leis na daoine sin, ach a mhéid is gá an phróiseáil sin a dhéanamh chun Iarscríbhinn I a ullmhú.
    3.  
    Chun críocha an Rialacháin seo, déantar an Chomhairle, an tseirbhís de chuid an Choimisiúin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus an tArdionadaí a shannadh mar “rialaitheoir” de réir bhrí phointe (8) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1725, chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

    Airteagal 18

    1.  
    Sannfaidh na Ballstáit na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa Rialachán seo agus sonróidh siad ar na suíomhanna gréasáin in Iarscríbhinn II iad. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon athrú ar sheoltaí a suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II.
    2.  
    Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún faoina n-údaráis inniúla, lena n-áirítear sonraí teagmhála na n-údarás inniúil sin, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin.
    3.  
    I gcás ina leagtar amach leis an Rialachán seo ceanglas maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún, an Coimisiún a chur ar an eolas nó cumarsáid a dhéanamh leis ar shlí eile, is iad an seoladh agus na sonraí teagmhála eile a shonraítear in Iarscríbhinn II an seoladh agus na sonraí teagmhála atá le húsáid le haghaidh na cumarsáide sin.

    Airteagal 19

    Beidh feidhm ag an Rialachán seo:

    (a) 

    laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear a aerspás;

    (b) 

    ar bord aon aerárthaigh nó soithigh faoi dhlínse Bhallstáit;

    (c) 

    maidir le haon duine nádúrtha, laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh di, ar náisiúnach Ballstáit é;

    (d) 

    maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh di, atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit;

    (e) 

    maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht i leith aon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach laistigh den Aontas.

    Airteagal 20

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




    IARSCRÍBHINN I

    Liosta de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3

    A. 

    Daoine nádúrtha

    ▼M1



     

    ►M2  Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine) ◄

    ►M2  Ainmneacha (litriú Rúisise) ◄

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna lena liostú

    Dáta an liostaithe

    ▼M6

    1.

    Alexander (Alexandr) Petrovich KALASHNIKOV

    Aлександр Петрович КАЛАШНИКОВ (Litriú Rúisise)

    Post/Poist: Iar-stiúrthóir ar Russian Federal Penitentiary Service (FSIN)

    Dáta breithe: 27.1.1964

    Áit bhreithe: Tatarsk, Novosibirsk Region/Oblast, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)

    Bhí Alexander Petrovich Kalashnikov ina stiúrthóir ar Russian Federal Penitentiary Service (FSIN) ón 8 Deireadh Fómhair 2019 go dtí an 25 Samhain 2021. Sa cháil sin, rinne sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile FSIN. Ina cháil mar stiúrthóir ar FSIN, bhí sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha.

    2.3.2021

     

     

     

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    I gcás Alexei Navalny, agus an Navalny ag teacht chuige féin sa Ghearmáin (Meán Fómhair 2020-Eanáir 2021) tar éis gur nimhíodh é le néar-oibreán tocsaineach de ghrúpa Novichok, d'éiligh FSIN, an 28 Nollaig 2020, go gcuirfeadh sé é féin i láthair oifigeach promhaidh láithreach nó go mbeadh pianbhreith príosúnachta os a chomhair amach mar gheall ar phianbhreith ar fionraí mar gheall ar chiontú i gcalaois a shárú. In 2018, bhí an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine tar éis a chinneadh go raibh an ciontú sin treallach agus éagórach. An 17 Eanáir 2021, agus iad ag gníomhú ar ordú Alexander Kalashnikov, chuir oifigigh de chuid FSIN Alexei Navalny faoi choinneáil ar theacht isteach in aerfort Mhoscó dó.

     

     

     

     

     

    Tá gabháil Alexei Navalny bunaithe ar chinneadh ó chúirt chathair Khimki, ar cinneadh é a eisíodh ar a uain ar iarraidh ó FSIN. Déanach i mí na Nollag 2020, bhí FSIN tar éis a iarraidh cheana féin go gcuirfeadh cúirt téarma príosúnachta in ionad phianbhreith ar fionraí Alexei Navalny. An 17 Feabhra 2021, d'ordaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine do Rialtas na Rúise Alexei Navalny a scaoileadh saor.

     

    ▼M1

    2.

    Alexander (Alexandr) Ivanovich BASTRYKIN

    Алексaндр Ивaнович БАСТРЫКИН

    Post (Poist): Cathaoirleach ar Investigative Committee of the Russian Federation

    Dáta breithe: 27.8.1953

    Áit bhreithe: Pskov, Russian SFSR (dá ngairtear Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Tá Alexander Ivanovich Bastrykin ina chathaoirleach ar the Investigative Committee of the Russian Federation (an 'Coiste') ó mhí Eanáir 2011 i leith (agus bhí sé ina chathaoirleach gníomhach ó mhí Dheireadh Fómhair 2010 go mí na Nollag 2010). Sa cháil sin, déanann sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile an Choiste. Go hoifigiúil, is é Uachtarán na Rúise a dhéanann cathaoirleacht ar an gCoiste. Ina cháil mar chathaoirleach an Choiste, tá Alexander Bastrykin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha.

    Tá Alexander Bastrykin freagrach as feachtais diansmachta fhorleathana chórasacha an Choiste in aghaidh fhreasúra na Rúise, feachtais atá dírithe ar chomhaltaí an fhreasúra agus a dhéanann imscrúdú ina leith. An 29 Nollaig 2020, sheol an Coiste imscrúdú maidir le ceannaire an fhreasúra Alexei Navalny, agus cúisíodh é i gcalaois forleathan. D'fhoilsigh Alexei Navalny agus daoine eile ailt maidir le húinéireacht Alexander Bastrykin ar ghnólacht réadmhaoine Seiceach LAW Bohemia sna blianta 2000.

    2 Márta 2021

    3.

    Igor Viktorovich KRASNOV

    Игорь Викторович КРАСНОВ

    Post (Poist): Príomh-Ionchúisitheoir Russian Federation (Cónaidhm na Rúise)

    Dáta breithe: 24.12.1975

    Áit bhreithe: Arkhangelsk, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Is é Igor Viktorovich Krasnov ina Phríomh-Ionchúisitheoir Chónaidhm na Rúise ón 22 Eanáir 2020 leith agus is é iar Leas-Chathaoirleach the Investigative Committee of the Russian Federation. Ina cháil mar an Príomh-Ionchúisitheoir, déanann sé formhaoirseacht ar Oifigí an Ionchúisitheora i gCónaidhm na Rúise, ar Oifigí an Ionchúisitheora Speisialta agus ar Oifig an Ionchúisitheora Mhíleata. Ina cháil mar an Príomh-Ionchúisitheoir, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear coinneál acha treallacha agóideoirí, agus as cos ar bolg forleathan córasach na saoirse comhthionóil síochánta agus comhlachais, agus na saoirse tuairimíochta agus chun tuairimí a nochtadh.

    Roimh na hagóidí an 23 Eanáir 2021, thug Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora rabhadh go leagfaí freagracht ar na rannpháirtithe. Ina theannta sin, d'éiligh Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora go gcuirfeadh Federal Service for Supervision in the Sphere of Communications, Information Technology and Mass Communications (Roskomnadzor) srian ar rochtain ar shuíomhanna gréasáin an fhreasúra agus ar chuntais ar líonraí sóisialta a raibh faisnéis maidir le cruinnithe beartaithe lucht tacaíochta Alexei Navalny orthu. An 29 Eanáir 2021, d'éiligh Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora an athuair go gcuirfeadh Roskomnadzor srian ar rochtain ar shuíomhanna gréasáin agus cuntais líonraí sóisialta an fhreasúra, roimh agóidí ar son Navalny an 30 agus an 31 Eanáir 2021 an uair seo. Seoladh rabhaidh chuig comhlachtaí idirlín (Facebook, TikTok, Twitter, Google, Mail.ru Group). Ina theannta sin, d'fhógair Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora go ndéanfaí iad siúd a ghlacfadh páirt sna hagóidí a ionchúiseamh.

    Thacaigh Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta le hiarraidh FSIN chun pianbhreith fionraithe Alexei Navalny i gcás calaoise líomhnaithe a choigeartú ina pianbreith príosúnachta. In ainneoin an fhíric go raibh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine tar éis a chinneadh in 2018 go raibh sé treallach agus éagórach gur ciontaíodh é sa chás sin, Gabhadh Alexei Navalny ar theacht chuig aerfort Moscó dó an 17 Eanáir 2021.

    2 Márta 2021

    ▼M3

    4.

    Viktor Vasilievich (Vasilyevich) ZOLOTOV

    Виктор Васильевич ЗОЛОТОВ

    Post/Poist: Stiúrthóir ar Federal Service of National Guard Troops of the Russian Federation (Rosgvardia)

    Dáta breithe: 27.1.1954

    Áit bhreithe: Sasovo, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Tá Viktor Vasilievich Zolotov ina Stiúrthóir ar Federal Service of National Guard Troops of the Russian Federation (Rosgvardia) ón 5 Aibreán 2016 i leith agus, dá bhrí sin, ina Ardcheannasaí ar National Guard Troops of the Russian Federation, agus ina Cheannasaí ar OMON, aonad soghluaiste sainchuspóireach arna chomhtháthú in Rosgvardia. Sa cháil seo, déanann sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile thrúpaí Rosgvardia agus OMON. Ina cháil mar stiúrthóir Rosgvardia, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha, agus sáruithe forleathana córasacha ar shaoirse comhthionóil shíochánta agus comhlachais, go háirithe trí chur faoi chois foréigneach agóidí agus léirsithe.

    2.3.2021

     

     

     

     

    Fostaíodh Rosgvardia chun deireadh a chur leis na léirsithe ar son Navalny a reáchtáladh an 23 Eanáir agus an 21 Aibreán 2021, agus tuairiscíodh gur úsáid roinnt mhaith oifigigh de chuid OMON agus an Gharda Náisiúnta brúidiúlacht agus foréigean in aghaidh na n-agóideoirí. D’ionsaigh na fórsaí slándála na scórtha iriseoirí, lena n-áirítear comhfhreagraí Meduza, Kristina Safronova, ar bhuail oifigeach OMON í agus iriseoir ó Novaya Gazeta, Yelizaveta Kirpanova, a bhí ag cur fola i ndiaidh buille a fháil sa cheann le smachtín. Le linn na léirsithe an 23 Eanáir 2021, chuir na fórsaí slándála níos mó ná 300 mionaoiseach faoi choinneáil go treallach.

     

    5.

    ZHU Hailun

    朱海仑 (Litriú Síneach)

    Post/Poist: Comhalta den 13th National People’s Congress of the People’s Republic of China (ina suí ó 2018 go 2023) agus ionadaíocht á déanamh aige ar Xinjiang Uyghur Autonomous Region (XUAR); Ball den National People’s Congress Supervisory and Judicial Affairs Committee (ón 19 Márta 2018 i leith)

    IarRúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the Xinjiang Uyghur Autonomous Region (XUAR) agus iarLeas-Rúnaí an Party Committee of the XUAR (2016 go 2019). IarLeas-Cheann ar Standing Committee of the13th People’s Congress of the XUAR, comhlacht reachtach réigiúnach (2019 go dtí an 5 Feabhra 2021, ach gníomhach i gcónaí go dtí Márta 2021, ar a laghad). Comhalta den 13th National People’s Congress of the People’s Republic of China (ar seisiún ó 2018 go 2023) agus ionadaíocht á déanamh aige ar XUAR. Comhalta den National People’s Congress Supervisory and Judicial Affairs Committee ón 19 Márta 2018 i leith.

    22.3.2021

     

     

     

    Dáta breithe: Eanáir 1958

    Áit bhreithe: Lianshui, Jiangsu (China)

    Náisiúntacht: Síneach

    Inscne: fireann

    Ina cháil mar Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the XUAR (2016 go 2019), is é Zhu Hailun a bhí freagrach as an tslándáil inmheánach agus forfheidhmiú an dlí in XUAR. Mar sin, bhí príomhról polaitiúil aige agus maoirseacht ar chlár faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar mórscála, agus cur chun feidhme an chláir sin, faoina chúram aige ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Tá trácht déanta ar Zhu Hailun mar “ailtire” an chláir sin. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneálacha treallacha ar mórscála a rinneadh ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile.

    Mar Leas-Cheann an Standing Committee of the 13th People’s Congress of the XUAR (2019 go dtí an 5 Feabhra 2021), lean Zhu Hailun de thionchar cinntitheach a imirt in XUAR mar a bhfuil an clár faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar mórscála ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile ag dul ar aghaidh.

     

    ▼M6

    6.

    WANG Junzheng

    王君正 (Litriú Sínise)

    Post/Poist: Rúnaí Páirtí Chinese Communist Party (CCP) i Réigiún Féinrialaitheach na Tibéide (TAR); iar-Rúnaí Páirtí an Xinjiang Production and Construction Corps (XPCC) agus Leas-Rúnaí an Party Committee Réigiún Féinrialaitheach Xinjiang Uyghur na Síne; Coimeasár polaitiúil XPCC agus POF an China Xinjian Group

    Dáta breithe: Bealtaine 1963

    Áit bhreithe: Linyi, Shandong (an tSín)

    Náisiúntacht: Síneach

    Inscne: fireann

    Rúnaí Páirtí Chinese Communist Party (CCP) i Réigiún Féinrialaitheach na Tibéide (TAR). Iar-Rúnaí Páirtí ar Xinjiang Production and Construction Corps (XPCC) agus Leas-Rúnaí Party Committee Réigiún Féinrialaitheach Xinjiang Uyghur (XUAR) na Síne ó mhí Aibreáin 2020 go mí Dheireadh Fómhair 2021, agus coimeasár polaitiúil XPCC ó mhí na Bealtaine 2020 go mí Dheireadh Fómhair 2021. Iar-Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee XUAR ó Feabhra 2019 go dtí Meán Fómhair 2020. Bhí poist shinsireacha eile ag Wang Junzheng in XPCC.

    22.3.2021

     

     

     

     

    Is eagraíocht eacnamaíoch pharamíleateach faoi úinéireacht an stáit in XUAR é XPCC, a bhfuil an t-údarás riaracháin á fheidhmiú aige agus na gníomhaíochtaí eacnamaíocha á rialú aige in Xinjiang.

    Ina cháil mar Rúnaí Páirtí agus coimeasár polaitiúil ar XPCC, bhí páirt ag Wang Junzheng sna beartais go léir a chuir XPCC chun feidhme a mhaoirsiú. Sa phost sin, bhí sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach ar mórscála agus táiríde ar Uigiúraigh agus ar dhaoine de chuid mionlach eitneach Moslamach eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh, mar chuid, inter alia, den chur chun feidhme a rinne an XPCC ar chlár mórscála faireachais, coinneála agus síolteagaisc a bhí spriocdhírithe ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile.

     

     

     

     

     

    Bhí sé freagrach freisin as an úsáid chórasach a bhaineann XPCC as Uigiúraigh agus daoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile mar lucht saothair éignithe, go háirithe i ngoirt chadáis.

    Ina cháil mar Leas-Rúnaí ar Party Committee XUAR ó 2020 i leith, bhí páirt ag Wang Junzheng i maoirsiú na mbeartas slándála atá á gcur chun feidhme in Xinjiang, lena n-áirítear an clár réamhluaite lena spriocdhírítear ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Ina cháil mar Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the XUAR ó Feabhra 2019 go dtí Meán Fómhair 2020, bhí Wang Junzheng freagrach as an tslándáil inmheánach a choimeád agus forfheidhmiú an dlí in XUAR. Mar sin, bhí príomhphost polaitiúil aige i gceannas ar mhaoirsiú agus ar chur chun feidhme an chláir réamhluaite.

     

    ▼M2

    7.

    WANG Mingshan

    王明山 (Litriú Síneach)

    Post/Poist: Comhalta de Standing Committee of the Party Committee of the Xinjiang Uyghur Autonomous Region (XUAR) agus Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the XUAR

    Dáta breithe: Eanáir 1964

    Áit bhreithe: Wuwei, Gansu (China)

    Náisiúntacht: Síneach

    Inscne: fireann

    Comhalta de Standing Committee of the Party Committee of the Xinjiang Uyghur Autonomous Region (XUAR) agus Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the XUAR ó Mheán Fómhair 2020. Iar-Stiúrthóir agus Leas-Rúnaí an Pháirtí ar Xinjiang Public Security Bureau (XPSB) idir 2017 agus Eanáir 2021.

    22.3.2021

     

     

     

     

    Ina cháil mar Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the XUAR ó Mheán Fómhair 2020, is é Wang Mingshan atá freagrach as an slándáil inmheánach agus forfheidhmiú an dlí a chothabháil in XUAR. Mar sin, tá príomhról polaitiúil aige agus maoirseacht ar chlár faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar an mórscála faoina chúram aige ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile.

     

     

     

     

     

    Ina cháil mar Iar-Stiúrthóir agus Leas-Rúnaí an Pháirtí ar XPSB (2017 go Eanáir 2021), bhí príomhról aige i bhfearas slándála Xinjiang agus bhí sé freagrach go díreach as an gclár thuasluaite a chur chun feidhme. Go háirithe, rinne XPSB Integrated Joint Operations Platform (IJOP) [Ardán d’oibríochtaí comhpháirteacha comhtháite] a imscaradh, clár mórshonraí a úsáidtear chun na milliúin Uigiúrach a lorg agus aird a tharraingt orthu siúd a mheastar “baol bagartha” a bheith ag baint leo lena gcur go campa coinneála.

    Mar gheall ar an bpost atá aige faoi láthair agus na feidhmeanna a bhí aige roimhe sin, tá Wang Mingshan freagrach as mí-úsáidí tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach ar mhórscála agus íde tháireach ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh.

     

    8.

    CHEN Mingguo

    陈明国

    (Litriú Síneach)

    Post/Poist: Stiúrthóir ar Xinjiang Public Security Bureau (XPSB) agus Leaschathaoirleach ar Xinjiang Uygur Autonomous Region (XUAR) People’s Government

    Dáta breithe: Deireadh Fómhair 1966

    Áit bhreithe: Yilong, Sichuan (China)

    Náisiúntacht: Síneach

    Inscne: fireann

    Stiúrthóir ar Xinjiang Public Security Bureau (XPSB) ó mhí Eanáir 2021 agus Leaschathaoirleach ar Xinjiang Uygur Autonomous Region (XUAR) People’s Government.

    22.3.2021

     

     

     

     

    Ina cháil mar Stiúrthóir ar XPSB, tá príomhról ag Chen Mingguo i bhfearas slándála Xinjiang agus baint dhíreach aige le cur chun feidhme cláir faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar an mórscála ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Go háirithe, rinne XPSB Integrated Joint Operations Platform (IJOP) [Ardán d’oibríochtaí comhpháirteacha comhtháite]a imscaradh, clár mórshonraí a úsáidtear chun na milliúin Uigiúrach a lorg agus aird a tharraingt orthu siúd a mheastar “baol bagartha” a bheith ag baint leo lena gcur go campa coinneála. Dá bhrí sin, tá Chen Mingguo freagrach as mí-úsáidí tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach agus íde tháireach ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh.

     

    ▼M6

    9.

    JONG Kyong-thaek (ar a dtugtar freisin CHO’NG Kyo’ng-t’aek)

    정경택 (Litriú Cóiréise)

    Post/Poist: Stiúrthóir ar an General Political Department of the Korean’s People’s Army; Aire Slándála Stáit an Democratic People’s Republic of Korea (DPRK)

    Dáta breithe: idir 1.1.1961 agus 31.12. 1963

    Náisiúntacht: Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK)

    Inscne: fireann

    Stiúrthóir ar an General Political Department of the Korean’s People’s Army. Is é a bhí ina Aire Slándála Stáit Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK) ó 2017 go dtí 2022. Tá Aireacht Slándála Stáit DPRK ar cheann de na hinstitiúidí ceannródaíocha a bhfuil de chúram orthu beartais slándála choisctheacha DPRK a chur chun feidhme, lena ndírítear ar easaontas polaitiúil, teacht isteach faisnéise “treascraí” ó thar lear agus aon iompar eile a mheastar a bheith ina bhagairt thromchúiseach ar an gcóras polaitiúil agus ar a cheannaireacht a shainaithint agus a chur faoi chois.

    22.3.2021

     

     

     

     

    Ina cháil mar iar-Cheann ar an Aireacht Slándála Stáit, tá Jong Kyong-thaek freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, go háirithe céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha, fuadach, agus gabháil agus coinneáil threallach, mar aon le saothar éignithe forleathan agus foréigean gnéasach i gcoinne na mban.

     

    10.

    RI Yong Gil (ar a dtugtar freisin RI Yong Gi, RI Yo’ng-kil, YI Yo’ng-kil)

    리영길 (Litriú Cóiréise)

    Post/Poist: Aire Cosanta Náisiúnta an Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK)

    Grád: Leas-Mharascal

    Dáta breithe: 1955

    Náisiúntacht: Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK)

    Inscne: fireann

    Is é Ri Yong Gil Aire Cosanta Náisiúnta Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK). Ba é an tAire Slándála Sóisialta é ó Eanáir 2021 go dtí Meitheamh nó Iúil 2021. Ba é Ceannasaí ar Fhoireann Ghinearálta an Korean People’s Army (KPA) é idir 2018 agus Eanáir 2021. Tugadh ardú céime dó go Leas-Mharascal KPA an 14 Aibreán 2022.

    Ina cháil mar Aire Cosanta Náisiúnta, tá Ri Yong Gil freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear na sáruithe sin a rinne comhaltaí den Military Security Command agus d’aonaid eile de KPA.

    22.3.2021

     

     

     

     

    Is iad Aireacht Slándála Stáit DPRK (ar a dtugtaí Aireacht Slándála na nDaoine nó Aireacht Slándála Poiblí tráth) agus an Military Security Command na príomhinstitiúidí a bhfuil de chúram orthu beartais slándála choisctheacha DPRK a chur chun feidhme, lena n áirítear ceastóireacht agus pionós a chur ar dhaoine a bhí ag teitheadh “go neamhdhleathach” ó DPRK. Tá an Aireacht Slándála Sóisialta i bhfeighil na gcampaí príosúin agus na n-ionad coinneála oibre trína Biúró Príosúin, mar a mbíonn príosúnaigh agus cimí faoi réir ocras d’aon ghnó agus íde mhídhaonna eile.

     

     

     

     

     

    Ina cháil mar iarCheann ar an Aireacht Slándála Sóisialta, tá Ri Yong Gil freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine in DPRK, go háirithe céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha, fuadach, agus gabháil agus coinneáil threallach, mar aon le saothar éignithe forleathan agus foréigean gnéasach i gcoinne na mban.

    Ina cháil mar iarCheannaire ar Fhoireann Ghinearálta KPA, tá Ri Yong Gil freagrach chomh maith as sáruithe tromchúiseacha forleathana ar chearta an duine arna ndéanamh ag KPA.

     

    ▼M3 —————

    ▼M6

    12.

    Abderrahim AL-KANI (ar a dtugtar freisin Abdul-Rahim AL-KANI, Abd-al-Rahim AL-KANI, Abdel Rahim KHALIFA Abdel Rahim AL-SHAQAQI)

    عبد الرحيم الكاني(Litriú Araibise)

    Post/Poist: comhalta den Kaniyat Militia

    Dáta breithe: 7.9.1997.

    Náisiúntacht: Libiach

    Uimhir an phas: PH3854LY

    Uimhir aitheantais: 119970331820

    Inscne: fireann

    Tá Abderrahim Al-Kani ina chomhalta lárnach den Kaniyat Militia agus is deartháir le Ceann an Kaniyat Militia, Mohammed Khalifa Al-Khani é (a d’éag i mí Iúil 2021). Bhí smacht ag an Kaniyat Militia ar bhaile Tarhuna sa Libia idir 2015 agus Meitheamh 2020.

    Tá Abderrahim Al-Kani i gceannas ar an tslándáil inmheánach thar ceann an Kaniyat Militia. Sa cháil sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Libia, go háirithe daoine a mharú go seachbhreithiúnach agus a fhuadach le forneart idir 2015 agus Meitheamh 2020 in Tarhuna.

    22.3.2021

     

     

     

     

    Theith Abderrahim Al-Kani agus an Kaniyat Militia ó Tarhuna go luath i mí an Mheithimh 2020 chuig oirthear na Libia. Ina dhiaidh sin, aimsíodh roinnt olluaigheanna in Tarhuna agus meastar gurb é an Kaniyat Militia is cúis leo.

     

    ▼M3

    13.

    Aiub Vakhaevich KATAEV (ar a dtugtar freisin: Ayubkhan Vakhaevich KATAEV)

    Аюб Вахаевич КАТАЕВ (ar a dtugtar freisin: Аюбхан Вахаевич КАТАЕВ) (litriú Rúisise)

    Post/Poist: IarCheann an Department of Ministry of Internal Affairs de chuid Chónaidhm na Rúise i gcathair Argun sa Chechen Republic

    Dáta breithe: 1.12.1980 nó 1.12. 1984

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Ceann an Department of Ministry of Internal Affairs de chuid Chónaidhm na Rúise i gcathair Argun i bPoblacht na Seisnia go dtí 2018.

    Ina cháil mar Cheann an Department of Ministry of Internal Affairs de chuid Chónaidhm na Rúise in Argun, rinne Aiub Kataev maoirseacht ar ghníomhaíochtaí a dhéanann gníomhaireachtaí áitiúla um shlándáil an stáit agus gníomhaireachtaí áitiúla póilíneachta. Ina cháil sin, rinne sé féin maoirseacht ar an ngéarleanúint fhorleathan chórasach sa tSeisnia a thosaigh in 2017. Dírítear an chos ar bolg ar dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LGBTI), ar dhaoine a mheastar gur de ghrúpaí LGBTI iad, agus ar dhaoine eile a bhfuil amhras ina dtaobh go gcuireann siad i gcoinne Cheann Phoblacht na Seisnia. Tá Aiub Kataev agus fórsaí a bhí faoina cheannas tráth freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach chomh maith leis an ngabháil agus an choinneáil threallach agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha nó treallacha.

    Dar le go leor finnéithe, ghlac Aiub Kataev féin, páirt i gcéasadh coinnéalaithe agus rinne sé maoirseacht ar an gcéasadh sin.

    22.3.2021

    14.

    Abuzaid (Abuzayed) Dzhandarovich VISMURADOV

    Абузайд Джандарович ВИСМУРАДОВ (litriú Rúisise)

    Post/Poist: IarCheannasaí ar fhoireann “Terek” de chuid an Special Rapid-Response Unit (SOBR), Leas-Phríomh-Aire an Chechen Republic, garda cosanta neamhoifigiúil Cheann an Chechen Republic, Ramzan Kadyrov

    Dáta breithe: 24.12.1975

    IarCheannasaí ar Fhoireann “Terek” de chuid an Special Rapid-Response Unit (SOBR). Leas-Phríomh-Aire Phoblacht na Seisnia ón 23 Márta 2020. Garda cosanta neamhoifigiúil Cheann Phoblacht na Seisnia, Ramzan Kadyrov.

    Ba é Abuzaid Vismuradov ceannasaí fhoireann “Terek” de chuid an SOBR ó Mhárta 2012 go dtí Márta 2020. Ina cháil sin, rinne sé féin maoirseacht ar an ngéarleanúint fhorleathan chórasach sa tSeisnia a thosaigh in 2017. Dírítear an chos ar bolg ar dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LGBTI), ar dhaoine a mheastar gur de ghrúpaí LGBTI iad agus ar dhaoine eile a bhfuil amhras ina dtaobh go gcuireann siad i gcoinne Ceann Phoblacht na Seisnia Ramzan Kadyrov.

    22.3.2021

     

     

     

    Áit bhreithe: Akhmat-Yurt/Khosi-Yurt, Checheno-Ingush Autonomous Soviet Socialist Republic (ASSR) mar a thugtaí air, Chechen Republic mar a thugtar anois uirthi (Cónaidhm na Rúise)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Tá Abuzaid Vismuradov agus an t-aonad “Terek” a bhí faoina cheannas roimhe seo freagrach as sárú tromchúiseach a dhéanamh ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach chomh maith leis an ngabháil agus an choinneáil threallach agus maruithe agus básuithe seachbhreithiúnacha agus treallacha.

    Dar le go leor finnéithe, ghlac Abuzaid Vismuradov féin, páirt i gcéasadh coinnéalaithe agus rinne sé maoirseacht ar an gcéasadh sin. Is dlúthchomhlach le Ramzan Kadyrov, Ceann Phoblacht na Seisnia, é, atá i mbun feachtas cos ar bolg i gcoinne a fhreasúra pholaitiúil le roinnt mhaith blianta.

     

    ▼M2

    15.

    Gabriel Moses LOKUJO

    -

    Post/Poist: Maorghinearál sa South Sudan People’s Defense Forces (SSPDF)

    Náisiúntacht: ón tSúdáin Theas

    Inscne: fireann

    Maorghinearálsa South Sudan People’s Defense Forces (SSPDF).

    Tá Gabriel Moses Lokujo freagrach as sárú tromchúiseach a dhéanamh ar chearta an duine sa tSúdáin Theas, go háirithe básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha.

    I mí na Bealtaine 2020, fuadaíodh agus básaíodh triúr oifigeach den Sudan People's Liberation Army in Opposition (SPLA-IO) ar ordú ó Mhaorghinearál Lokujo.

    22.3.2021

     

     

     

     

    I mí Mheán Fómhair 2020, thug Maorghinearál Lokujo cúl leis an SPLA-IO agus chuaigh leis an SSPDF agus tá sé freagrach as na caismirtí a tharla ina dhiaidh sin sa Moroto Training Center agus an ceantar máguaird i ndeisceart Central Equatoria. De thoradh air sin, tuairiscíodh roinnt básanna agus gortuithe ar an dá thaobh i ráithe dheiridh 2020, agus rinneadh sibhialtaigh a easáitiú freisin, go háirithe i gceantar Kajo-Keji den Central Equatoria State. D'fhan fórsaí Mhaorghinearál Lokujo sa cheantar, mar ar tuairiscíodh roinnt caismirtí eile agus mar ar leanann sábháilteacht agus slándáil na gcomhphobal sibhialtach de bheith i mbaol.

     

    ▼M6

    16.

    Dimitriy (Dimitry, Dmitri, Dmitry) Valerievich UTKIN

    Дмитрий Валерьевич Уткин

    (Litriú Rúisise)

    Post/Poist: Bunaitheoir agus ceannasaí an Wagner Group

    Grád: Leifteanantchoirnéal (cúltaca)

    Ar a dtugtar freisin: Vagner, Wagner, The Nineth

    Sonraí aitheantais an Wagner Group: M-0209

    Dáta breithe: 1.6.1970 nó 11.6.1970

    Áit bhreithe: Asbest, Sverdlovsk Oblast, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Seoladh: Pskov, Russian Federation

    Inscne: fireann

    Is é Dimitriy Utkin, iaroifigeach faisnéise míleata Rúiseach (GRU), bunaitheoir Ghrúpa Wagner agus tá sé freagrach as oibríochtaí a chomhordú agus a phleanáil chun amhais de Ghrúpa Wagner a imscaradh i dtíortha éagsúla.

    Agus ról ceannaireachta aige laistigh de Ghrúpa Wagner, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne an grúpa, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha.

    Áirítear leis seo an céasadh chun báis a rinne ceathrar comhalta de Ghrúpa Wagner ar thréigtheoir Siriach i mí an Mheithimh 2017 maidir le bás tréigtheoir Siriach i ngobharnóireacht Homs na Siria. De réir iarchomhalta de Ghrúpa Wagner, d’ordaigh Dimitriy Utkin féin céasadh chun báis an tréigtheora chomh maith le scannánú ar an ngníomh.

    13.12.2021

    ▼M4

    17.

    Stanislav Evgenievitch DYCHKO

    Станислав Евгеньевич Дычко

    (Litriú Rúisise)

    Post/Poist: Amhas Ghrúpa Wagner

    Dáta breithe: 1990

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Is amhas de Ghrúpa Wagner é Stanislav Dychko, iarfhostaí de phóilíní Stavropol.

    In éineacht le triúr amhas eile de Ghrúpa Wagner, ghlac sé páirt i gcéasadh chun báis tréigtheora Shiriaigh i mí an Mheithimh 2017 i ngobharnóireacht Homs na Siria.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSiria.

    13.12.2021

    18.

    Valery (Valeriy) Nikolaevich ZAKHAROV

    Валерий Николаевич Захаров

    (Litriú Rúisise)

    Post/Poist: Comhairleoir slándála d’Uachtarán Phoblacht na hAfraice Láir (PAL)

    Uimhir aitheantais Ghrúpa Wagner: M-5658

    Dáta breithe: 12.1.1970

    Áit bhreithe: Leningrad, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Is é Valery Zakharov, iarchomhalta de shlándáil stáit na Rúise (FSB), comhairleoir slándála Uachtarán Phoblacht na hAfraice Láir (PAL). Is duine ríthábhachtach é i struchtúr ceannais Ghrúpa Wagner agus coinníonn sé dlúthnaisc ar bun le húdaráis na Rúise.

    Mar gheall ar an tionchar atá aige ar PAL agus ar a ról ceannasach i nGrúpa Wagner, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag Grúpa Wagner in PAL, lena n-áirítear básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha.

    Áirítear leis seo dúnmharú triúr iriseoirí Rúiseacha in 2018, a raibh a slándáil faoi fhreagracht Valery Zakharov.

    13.12.2021

    ▼M7

    19.

    Maxim SHUGALEY

    ar a dtugtar freisin

    Maksim SHUGALEI

    Максим ШУГАЛЕЙ

    (Litriú Rúisise)

    Post/Poist: Uachtarán an Foundation for the Defence of National Values (FDNV)

    Dáta breithe: 24.2.1966

    Áit bhreithe: Leningrad, iarUSSR (St. Petersburg, Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Uimhir pas/uimhir aitheantais:

    710508436 (Pas Rúiseach)

    Is é Maxim Shugaley ceann an Foundation for the Defence of National Values (FDNV) agus oibríonn sé go díreach faoi mhaoirseacht Yevgeny Prigozhin, atá ina cheann ar an nGrúpa Wagner. Feidhmíonn FDNV mar ghéag caidrimh phoiblí an Ghrúpa Wagner agus baineann ról Shugaley in FDNV le feachtais bholscaireachta agus bhréagaisnéise a stiúradh ar son an Ghrúpa Wagner, lena n-áirítear chun clú an Ghrúpa Wagner a fheabhsú agus tacú lena imscaradh, chomh maith le cur isteach ceilte a dhéanamh ar son an Ghrúpa Wagner sna tíortha éagsúla ina bhfuil sé gníomhach.

    Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear an Libia, Mailí, agus Poblacht na hAfraice Láir.

    Tá baint ag Shugaley leis an nGrúpa Wagner agus tá sé freagrach as tacú le gníomhartha an Ghrúpa Wagner agus é a spreagadh trí bholscaireacht agus bréagaisnéis atá ar son an Ghrúpa Wagner.

    25.2.2023

    20.

    Aleksandr Grigorievitch MALOLETKO

    Александр Григорьевич МАЛОЛЕТКО

    (Litriú Rúisise)

     

    Comhoibríonn Aleksandr Grigorievitch Maloletko go dlúth le Yevgeny Prigozhin. Mhol Yevgeny Prigozhin go poiblí a ghníomh mar “cosantóir na Máthairthíre” agus mar Cheann an “Veteran’s Interests Defenders League”. Tá sé ag obair mar theagascóir don Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL). Tá baint aige leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL agus tá sé freagrach as tacú le gníomhartha an Ghrúpa Wagner.

    25.2.2023

    21.

    Konstantin Alexsandrovich PIKALOV

    Константин Александрович ПИКАЛОВ

    (Litriú Rúisise)

    Post/Poist: Duine de Cheannasaithe Ghrúpa Wagner PMC san Afraic

    Dáta breithe: 23.7. 1968

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Tá Konstantin Alexsandrovich Pikalov, códainm “Mazaï” (Mazay), ar dhuine de cheannairí an Ghrúpa Wagner agus tá sé freagrach as gníomhaíochtaí oibríochtúla an Ghrúpa Wagner san Afraic, go háirithe i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL). Cuirtear ina leith gurb eisean a thionscain dúnmharú triúr iriseoirí Rúiseacha i mí Iúil 2018.

    Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL.

    Agus ról ceannaireachta aige laistigh den Ghrúpa Wagner, tá Pikalov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag an nGrúpa Wagner in PAL.

    25.2.2023

    22.

    Dimitri SYTII

    ar a dtugtar freisin

    Dimitri SYTYI

    Дмитрий СЫТИЙ

    (Litriú Rúisise)

    Post/Poist:Stiúrthóir an Russian house of Bangui

    Dáta breithe: 23.3.1989

    Áit bhreithe: Minsk (Belarus)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Seoladh: NA-SYTAIA/A1-TANKISTAZ KHRUSTITSKOGO 62 APT25/ZP-198217/CI St Petersburg, Cónaidhm na Rúise

    Tá ról ceannaireachta ag Dimitri Sytii laistigh den Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), agus tá dlúthnaisc aige le Yevgeny Prigozhin. Tá sé i gceannas ar bheartas tionchair an Ghrúpa Wagner a stiúradh in PAL. Tá sé ina cheann ar chraobh áitiúil an Russian House, géag chultúrtha aireacht eachtrach na Rúise.

    Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL.

    Mar gheall ar a ról a bhfuil tionchar aige in PAL agus ar a ról ceannaireachta i nGrúpa Wagner, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag an nGrúpa Wagner in PAL.

    25.2.2023

    23.

    Mikhail Sergeyevich POTEPKIN

    Михаил Сергеевич ПОТЕПКИН

    (Litriú Rúisise)

    Post(poist): Stiúrthóir ar Meroe Gold

    Dáta breithe: 19.9.1981 nó 29.9.1981

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Uimhir an phas: 651697952 (pas Rúiseach)

    Seoladh: An tSúdáin

    Cuideachtaí comhlachaithe:

    Megaline; Concord; IT-Debugger

    Tá Mikhail Potepkin ina stiúrthóir ar Meroe Gold, eintiteas cumhdaigh do ghníomhaíochtaí an Ghrúpa Wagner sa tSúdáin, agus tá baint aige freisin le M-Invest, máthairchuideachta Meroe. Tá ról ceannasach aige laistigh den Ghrúpa Wagner sa tSúdáin, agus dlúthnaisc aige le Yevgeny Prigozhin. Trína bheith cleamhnaithe le míleata na Súdáine, d’éirigh leis an nGrúpa Wagner ór na Súdáine a dhúshaothrú agus a onnmhairiú chuig an Rúis. Tá baint ag Potepkin leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear an tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn freisin sé leis na sáruithe sin a dhéantar sa tSúdáin.

    25.2.2023

    24.

    Alexander Alexandrovich IVANOV

    Александр Александрович ИВАНОВ

    (Litriú Rúisise)

    Post/Poist: Ionadaí theagascóirí de chuid Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Láir

    Dáta breithe: 14.6.1960

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Seoladh: Bangui, Poblacht na hAfraice Láir

    Is é Alexander Ivanov urlabhraí an Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL). Tá sé ina cheann ar “Officers Union for International Security” de chuid na Rúise freisin, a chuir teagascóirí míleata na Rúise chuig PAL. Is amhais Ghrúpa Wagner iad na teagascóirí sin.

    Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL.

    Ina phost mar ionadaí oifigiúil ar theagascóirí míleata na Rúise, tá baint aige leis na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag an nGrúpa Wagner in PAL.

    25.2.2023

    25.

    Vitalii Viktorovitch PERFILEV

    Виталий Викторович ПЕРФИЛЬЕВ

    (Litriú Rúisise)

    Dáta breithe: 11.9.1983

    Áit bhreithe: Novossibirsk USSR (Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Seoladh: Bangui (Poblacht na hAfraice Láir)

    Inscne: fireann

    Uimhir an phas: NR 75 2987491

    An dáta seachadta; 30.3.2016

    Dáta éaga: 30.3.2026

    Comhairleoir slándála d’Uachtarán Phoblacht na hAfraice Láir (PAL) é Perfilev. Tá sé ina phearsa lárnach i nGrúpa Wagner in PAL.

    Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL.

    Mar gheall ar a ról a bhfuil tionchar aige in PAL agus ar a ról ceannasach i nGrúpa Wagner, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag an nGrúpa Wagner in PAL.

    25.2.2023

    26.

    Andrei Sergeevich MANDEL

    Андрей Сергеевич МАНДЕЛЬ

    (Litriú Rúisise)

    Dáta breithe: 2.3.1990

    Áit bhreithe: an Ghearmáin

    Inscne: fireann

    Uimhir an phas: 753615660

    Tá Andrei Mandel ina cheann ar M-Invest, eintiteas cumhdaigh d’oibríochtaí an Ghrúpa Wagner sa tSúdáin, agus tá baint aige freisin lena fhochuideachta, Meroe Gold. Tá ról ceannasach aige laistigh den Ghrúpa Wagner sa tSúdáin, agus tá dlúthnaisc aige le Yevgeny Prigozhin. Trína bheith cleamhnaithe go dlúth le lucht míleata na Súdáine, d’éirigh leis an nGrúpa Wagner ór na Súdáine a dhúshaothrú agus a onnmhairiú chuig an Rúis. Tá baint ag Mandel leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear an tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn sé freisin leis na sáruithe sin arna ndéanamh sa tSúdáin.

    25.2.2023

    ▼M8

    27.

    Neda Mohammad NADEEM

    نداء محمد ندیم

    (Litriú Paistise)

    Post/poist: Aire Ardoideachais gníomhach an Taliban

    Náisiúntacht: Afganastánach

    Inscne: fireann

    Is é Neda Mohammed Nadeem Aire Ardoideachais gníomhach an Taliban ón 22 Deireadh Fómhair 2022 i leith.

    Ó chuaigh sé i mbun a phoist, tá foraitheanta foilsithe ag an Taliban lena gcuirtear cosc ar mhná ón ardoideachas ar fud na tíre. Leis na foraitheanta sin baintear de mhná a gceart chun oideachais chomh maith lena rochtain chomhionann ar oideachas, rud a sháraíonn prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná.

    Dá bhrí sin, ina cháil mar Aire Ardoideachais gníomhach an Taliban, tá Neda Mohammed Nadeem freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe an sárú forleathan ar cheart na mban chun oideachais agus an ceart chun cóir chomhionann idir fir agus mná i réimse an oideachais.

    7.3.2023

    28.

    Sheikh Muhammad Khalid HANAFI

    شیخ محمد خالد

    (Litriú Paistise)

    Post/poist: Aire gníomhach an Taliban um fhorleathadh na suáilce agus cosc na duáilce

    Dáta breithe: thart ar 1970

    Áit bhreithe: Sráidbhaile Kolam Shaheed, ceantar Doabi, Nurestan province, Afghanistan

    Náisiúntacht: Afganastánach

    Inscne: fireann

    Is é Sheikh Muhammad Khalid Hanafi Aire gníomhach an Taliban um fhorleathadh na suáilce agus cosc na duáilce a thagann in ionad an Aire um Ghnóthaí na mBan.

    Ó chuaigh sé i mbun a phoist, tá foraitheanta foilsithe ag an Taliban lena gcuirtear srian ar shaoirse agus ar dhínit na mban agus na gcailíní ar fud na tíre, ag cur srian ar a saoirse cainte agus ar a saoirse chun tuairimí a nochtadh, agus ag gearradh pionóis ghéara agus foréigean orthu siúd nach n-urramaíonn forógra an Taliban.

    Go háirithe, le linn a chuid ama in oifig, glacadh foraitheanta maidir leis an hijab chomh maith le hamchláir atá deighilte ó thaobh inscne de chun spásanna poiblí a úsáid.

    Ina cháil mar Aire gníomhach an Taliban um fhorleathadh na suáilce agus cosc na duáilce, tá Sheikh Muhammad Khalid Hanafi freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe an sárú forleathan ar chearta na mban, amhail a saoirse chun tuairimí a nochtadh, chomh maith leis an gceart chun cóir chomhionann idir fir agus mná.

    7.3.2023

    29.

    Alexander Georgievich FEDORINOV

    Александр Георгиевич ФЕДОРИНОВ

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: oifigeach ceannais Moscow Police Station

    Grád: Leifteanantchoirnéal

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Is é an Leifteanantchoirnéal Alexander Georgievich Fedorinov oifigeach ceannais Moscow Police Station.

    Ina cháil mar cheann gníomhach ar an stáisiún póilíneachta i mí an Mhárta 2022, d’údaraigh sé gabháil agus coinneáil threallach, chomh maith le céasadh ar bhanagóideoirí frithchogaidh ina dhiaidh sin.

    Dá bhrí sin, tá Alexander Georgievich Fedorinov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach chomh maith le foréigean córasach gnéasach agus inscnebhunaithe.

    7.3.2023

    30.

    Ivan RYABOV

    Иван РЯБОВ

    (Litriú Rúisise)

    Post/poist: póilín i Moscow Police Station

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Is póilín é Ivan Ryabov i Moscow Police Station.

    Rinne sé banagóideoirí frithchogaidh a choinneáil agus a chéasadh go treallach i mí an Mhárta 2022, agus é sin ordaithe ag an Leifteanantchoirnéal Alexander Georgievich Fedorinov. Tuairiscíonn íospartaigh go ndearna sé iad a bhualadh, gur phlúch sé le málaí plaisteacha iad agus go ndearna siad mí-úsáid orthu go fisiciúil agus ó bhéal ar feadh sé uair an chloig.

    Dá bhrí sin, tá Ivan Ryabov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, agus gabháil nó coinneáil threallach.

    7.3.2023

    31.

    Nikolay Anatolevich KUZNETSOV

    ar a dtugtar freisin Nikolaj Anatolevich Kuznetsov, Nikolaj Kuznetsov, Nikolay Kuznetsov

    Николай Анатольевич Кузнецов

    (Litriú Rúisise)

    Post/poist: Comhalta d’fhórsaí armtha an Russian Federation, ceannasaí aonad fórsaí speisialta roinn Dzerzhinsky de Rosgvardia (Federal Service of National Guard Troops of the Russian Federation)

    Grád: Maor-Ghinearál

    Dáta breithe: 13.4.1978

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Uimhir Aitheantais Cánach: 645407737871

    Tá an Maor-Ghinearál Nikolay Anatolevich Kuznetsov ina chomhalta d’fhórsaí armtha an Russian Federation agus ina cheannasaí ar aonad fórsaí speisialta roinn Dzerzhinsky de Rosgvardia (Federal Service of National Guard Troops of the Russian Federation).

    Bhí aonad Kuznetsov mar chuid d’ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin agus ghlac comhaltaí dá aonad páirt chórasach i ngníomhartha foréigin ghnéasaigh agus éignithe san Úcráin i mí an Mhárta/mí Aibreáin 2022.

    Léiríonn scála agus déine na ngníomhartha foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe atá ag tarlú i limistéir san Úcráin atá faoi fhorghabháil na Rúise “pleanáil ar leibhéal níos córasaí” agus go bhfuil ceannasaithe na Rúise ar an eolas faoin bhforéigean gnéis atá á dhéanamh ag pearsanra míleata san Úcráin agus, i gcásanna áirithe, go raibh sé “á spreagadh nó á ordú acu, fiú”.

    Ina cháil mar cheannasaí ar an aonad, tá Kuznetsov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Úcráin, lena n-áirítear foréigean córasach gnéis agus inscnebhunaithe.

    7.3.2023

    32.

    Ramil Rakhmatulovich IBATULLIN

    Рамиль Рахматуллович Ибатуллин

    (Litriú Rúisise)

    Post/poist: Comhalta d’fhórsaí armtha an Russian Federation, iarcheannasaí ar an 90th guards tank division

    Grád: Coirnéal

    Dáta breithe: 22.10.1976

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Uimhir Aitheantais Cánach: 631409144707

    Uimhir phearsanra fhórsaí armtha na Rúise: U-927425

    Rinne an Coirnéal Ramil Rakhmatulovich Ibatullin seirbhís i dtrúpaí forghabhála na Rúise i réigiún Donbas (2014-2017) agus ghlac sé páirt in ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin mar cheannasaí ar 90th Guards Tank Division.

    I mí an Mhárta 2022, ghlac an roinn faoina cheannas páirt san ionsaí i dtreo Chernihiv agus Chív. Le linn an ionsaithe, rinne comhaltaí a rannáin gníomhartha foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe i gcoinne phobal sibhialta na hÚcráine.

    Tar éis do na fíricí seo a bheith curtha ar fáil don phobal, thug an Russian Ministry of Defense ardú céime do Ibatullin go dtí céim coilíneach.

    Chuir údaráis na hÚcráine líomhaintí i leith roinnt ball den 90th Guards Tank Division maidir le foréigean gnéis agus inscnebhunaithe, lena n-áirítear éigniú mná torraí gar do Chív, maidir le sibhialtach a dúnmharaíodh tar éis dá bhean chéile a bheith éignithe arís agus arís eile i láthair leanbh óg, chomh maith le rannpháirtíocht chomhaltaí an rannáin sin in éigniú droinge.

    Léiríonn scála agus déine na ngníomhartha foréigin gnéis agus inscnebhunaithe atá ag tarlú i limistéir san Úcráin atá faoi fhorghabháil na Rúise “pleanáil ar leibhéal níos córasaí” agus go bhfuil ceannasaithe na Rúise ar an eolas faoin bhforéigean gnéis atá á dhéanamh ag pearsanra míleata san Úcráin agus, i gcásanna áirithe, go raibh sé “á spreagadh nó á ordú acu fiú”.

    Dá bhrí sin, tá Ibatullin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Úcráin, lena n-áirítear foréigean córasach gnéis agus inscnebhunaithe.

    7.3.2023

    33.

    Gatluak Nyang HOTH

     

    Post/poist: Coimisinéir Contae ar chontae Mayiandit

    Náisiúntacht: ón tSúdáin Theas

    Inscne: fireann

    Is é Gatluak Nyang Hoth an coimisinéir contae ar chontae Mayiandit (Unity State, South Soudan) ó mhí Feabhra 2021 i leith.

    Sa phost sin, d’ordaigh sé mílístí a bhí ailínithe leis an rialtas chun ionsaithe a dhéanamh i ndeisceart Unity State, idir Feabhra agus Bealtaine 2022. Le linn na tréimhse sin, bhain trúpaí faoina cheannas úsáid fhorleathan chórasach as foréigean gnéis mar oirbheart cogaidh agus is mar luach saothair agus mar theidlíocht íocaíochta d’fhir a bhí páirteach sa choimhlint a cuireadh i bhfearas é.

    Dá bhrí sin, ina cháil mar choimisinéir contae, tá Hoth freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSúdáin Theas, lena n-áirítear foréigean córasach forleathan gnéis agus inscnebhunaithe.

    7.3.2023

    34.

    Gordon Koang BIEL

    ar a dtugtar freisin Gordon Koang Char BIEL, Koang Biel CHAR, Koang NYALUALGO

     

    Post/poist: Coimisinéir Contae ar chontae Koch

    Áit bhreithe: South Sudan

    Náisiúntacht: ón tSúdáin Theas

    Inscne: fireann

    Is é Gordon Koang Biel an coimisinéir contae ar chontae Koch (Unity State, South Soudan) ó mhí Feabhra 2021 i leith.

    Sa phost sin, d’ordaigh sé mílístí a bhí ailínithe leis an rialtas chun ionsaithe a dhéanamh i ndeisceart Unity State, idir Feabhra agus Bealtaine 2022. Le linn na tréimhse sin, bhain trúpaí faoina cheannas úsáid fhorleathan chórasach as foréigean gnéis mar oirbheart cogaidh agus is mar luach saothair agus mar theidlíocht íocaíochta d’fhir a bhí páirteach sa choimhlint a cuireadh i bhfearas é.

    Dá bhrí sin, ina cháil mar choimisinéir contae, tá Biel freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSúdáin Theas, lena n-áirítear foréigean córasach forleathan gnéis agus inscnebhunaithe.

    7.3.2023

    35.

    Toe UI

     

    Post/poist: Leas-Aire Gnóthaí Baile

    Grád: Maorghinearál

    Náisiúntacht: Maenmar/Burma

    Inscne: fireann

    Ceapadh Maorghinearál Toe Ui mar Leas-Aire Gnóthaí Baile an 3 Feabhra 2023. Is é an iar-leas-ardcheannsaí ar Office of the Chief of Military Security Affairs (OCMSA). Tá OCMSA freagrach as na hionaid choinneála agus cheistiúcháin i Maenmar/Burma a bhainistiú agus tá sé de chúram uirthi faisnéis a bhailiú.

    Baineann foireann OCMSA faoi údarás Ui úsáid as nochtacht éignithe, éigniú, turraingí leictreacha, baill ghiniúna a dhó agus foréigean iomarcach le linn coinneáil agus ceistiúchán treallach fear, ban agus ball den phobal LGBTIQ.

    Ina cháil mar leas-ardcheannasaí, tá an Maor-Ghinearál Toe Ui freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma, lena n-áirítear coinneáil agus ceastóireacht threallach, agus as foréigean córasach forleathan gnéis agus inscnebhunaithe.

    7.3.2023

    ▼M9

    36.

    Oleg Mikhailovich SVIRIDENKO

    Олег Михайлович СВИРИДЕНКО

    (Litriú Rúisise)

    Post/poist: Leas-Aire Dlí agus Cirt Chónaidhm na Rúise

    Dáta breithe: 29.7.1962

    Áit bhreithe: Potapovka, Buda-Koshelyovsky district, réigiún Gomel, an Bhealarúis

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Uimhir Chánach Aonair: 772704610955

    Ina cháil mar Leas-Aire Dlí agus Cirt Chónaidhm na Rúise, déanann Oleg Sviridenko maoirseacht dhíreach ar an Roinn Reachtaíochta agus Forfheidhmithe Dlí i réimse na nEagraíochtaí Neamhthráchtála chomh maith leis an Roinn Leasa Náisiúnta um Chosaint ar Thionchar Seachtrach, atá freagrach as an reachtaíocht “gníomhairí eachtracha” a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear údarás chun cinneadh a dhéanamh maidir le hainmniúcháin sa “Liosta de Ghníomhairí Coigríche”.

    Tá an reachtaíocht maidir le gníomhairí eachtracha i gcroílár rabharta dlíthe diansmachta lena ndéantar cniogbheartaíocht ar an tsochaí shibhialta neamhspleách, ar na meáin agus ar dhaoine easaontacha, rud a sháraíonn a saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh. Mar thoradh air sin, cuireadh na céadta eagraíochtaí neamhrialtasacha agus daoine aonair, go leor daoine mór le rá de chuid shochaí shibhialta na Rúise agus de lucht freasúra polaitiúil na Creimile, Vladimir Kara-Murza san áireamh, ar an liosta de ghníomhairí eachtracha, rud athagann go díreach faoi fhreagracht Sviridenko in Aireacht Dlí agus Cirt Chónaidhm na Rúise.

    Dá bhrí sin, tá Sviridenko freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh

    5.6.2023

    37.

    Andrei Andreevich ZADACHIN

    Андрей Андреевич ЗАДАЧИН

    (Litriú Rúisise)

    Post/poist: Imscrúdaitheoir i MórAonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise; Maor

    Dáta breithe: 22.8.1990

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Uimhir Chánach Aonair: 771577190559

    Ina phost mar Imscrúdaitheoir i MórAonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise, d’eisigh Zadachin, ar chúiseanna polaitiúla, cúiseamh coiriúil in aghaidh Vladimir Kara-Murza. Ba é Zadachin, freisin, a d’iarr ar an gcúirt go gcoinneofaí Kara Murza agus chuir sé fianaise tacaíochta ar fáil sa chúirt.

    Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú.

    Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

    5.6.2023

    38.

    Danila Yurievich MIKHEEV

    Данила Юрьевич МИХЕЕВ

    (Litriú Rúisise)

    Post/poist: Stiúrthóir na heagraíochta neamhbhrabúis “Saineolaí neamhspleách”

    Dáta breithe: 1.3.1999

    Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Uimhir Chánach Aonair: 771577190559

    Feidhmíonn Mikheev mar “fhinné shaineolach” do rialtas na Rúise i gcásanna cúirte a ritear ar chúiseanna polaitiúla. D’fheidhmigh sé mar shaineolaí sna himeachtaí cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza.

    Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú.

    Dá bhrí sin, tá sé freagrach, trí na gníomhaíochtaí a rinne sé, as tacú le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

    5.6.2023

    39.

    Denis Vladimirovich KOLESNIKOV

    Денис Владимирович

    КОЛЕСНИКОВ

    (Litriú Rúisise)

    Post/poist: Ceannaire ar MhórAonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise. Céim an Leifteanant-Ghinearál

    Dáta breithe: 29.6.1976

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Ina phost mar Cheannaire ar Mhór-Aonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise, d’údaraigh Kolesnikov eisiúint an chúisimh choiriúil, ar chúiseanna polaitiúla, in aghaidh Vladimir Kara-Murza.

    Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú.

    Dá bhrí sin, ina phost, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus tuairimí a nochtadh.

    5.6.2023

    40.

    Diana Igorevna MISHCHENKO

    (Sloinne roimh phósadh: GARIPOVA)

    Диана Игоревнa МИЩЕНКО

    (Litriú Rúisise)

    Post/poist: Breitheamh sa Chúirt Dúiche in Khamovniki, Moscó

    Dáta breithe: 12.5.1977

    Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: Baineann

    Ina post mar Bhreitheamh sa Chúirt Dúiche in Khamovniki, Moscó, tá baint ag Mishchenko leis an gcás cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. D’eisigh sí pianbhreith chun gabháil riaracháin Kara-Murza a fhormheas ar feadh 15 lá.

    Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú.

    Dá bhrí sin, tá sí freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

    5.6.2023

    41.

    Elena Anatolievna LENSKAYA

    Елена Анатольевна ЛЕНСКАЯ

    (Litriú Rúisise)

    Post/poist: Breitheamh sa Chúirt Dúiche in Basmaniy, Moscó

    Dáta breithe: 22.1.1979

    Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: Baineann

    Uimhir Chánach Aonair: 770905658030

    Ina post mar Bhreitheamh sa Chúirt Dúiche in Basmaniy, Moscó, tá baint ag Lenskaya leis an gcás cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. D’eisigh sí an rialú chun gabháil Kara-Murza a fhormheas ar feadh 2 mhí.

    Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú.

    Dá bhrí sin, tá sí freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

    5.6.2023

    42.

    Ilya Pavlovich KOZLOV

    Илья Павлович КОЗЛОВ

    (Litriú Rúisise)

    Feidhm: Breitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó

    Dáta breithe: 17.10.1973

    Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Ina phost mar Bhreitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó, tá baint ag Kozlov leis an gcás cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. Shéan sé iarratas ar achomharc Kara-Murza ar a ghabháil riaracháin.

    Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú.

    Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh

    5.6.2023

    43.

    Sergei Gennadievich PODOPRIGOROV

    Сергей Геннадьевич ПОДОПРИГОРОВ

    (Litriú Rúisise)

    Feidhm: Breitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó

    Dáta breithe: 8.1.1974

    Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Seoladh

    Shmitovskiy Proyezd, 16c2, Moscó, an Rúis, 123100. Árasán 52.

    (Шмитовский пр-д, 16с2, Москва, Россия, 123100. Квартира 52)

    Ina phost mar Bhreitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó, tá baint ag Podoprigorov leis an gcás cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. Bhí sé ina chathaoirleach ar collegium na mBreithiúna i gCúirt Chathair Mhoscó, agus an 17 Aibreán 2023 gearradh 25 bliana ar ghníomhaí freasúra, Kara-Murza, i bpríosún/campa saothair ardslándála.

    Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú.

    Roimhe seo, thug Podoprigorov, mar Bhreitheamh sa chúirt dúiche in Tverskoi, Moscó, dhá rialú i ndáil le Sergei Magnitsky, a nocht éilliú agus mí-iompar a rinne oifigigh rialtais na Rúise, agus rinneadh géarleanúint air ina dhiaidh sin agus fuair sé bás i bpríosún Rúiseach.

    Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

    5.6.2023

    44.

    Dmitriy Viktorovich KOMNOV

    Дмитрий Викторович КОМНОВ

    (Litriú Rúisise)

    Feidhm: Leifteanant-Choirnéal, Ceann ionad coinneála réamhthrialach Mhoscó, SIZO-5 “Vodnik”.

    Dáta breithe: 17.5.1977

    Áit bhreithe: Réigiún Kashira, Moscó, Cónaidhm na Rúise

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Is oifigeach sinsearach é Komnov i gcóras peannaideach na Rúise. Tá sé ina Cheann ar ionad coinneála réamhthrialach Mhoscó SIZO-5 “Vodnik,” áit a bhfuil Vladimir Kara-Murza á choinneáil.

    Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú.

    Tá meath suntasach tagtha ar riocht sláinte Kara-Murza ó cuireadh tús lena choinneáil i mí Aibreáin 2022. Tá Komnov freagrach as cóireáil tháireach Kara-Murza mar gur cuireadh chuig cill phionóis é in ainneoin neamhord néaróg tromchúiseach de bharr dhá nimhiú níos luaithe.

    Deimhníonn drochíde Kara-Murza san ionad coinneála réamhthrialach arna bhainistiú ag Komnov patrún an chleachtais sheanbhunaithe maidir le cóir mhídhaonna a chur ar lucht freasúra atá faoi choinneáil sa réimeas. Bhí sé ina mhaor ar ionad coinneála réamhthrialach “Butyrka” ag am nuair a bhásaigh an gníomhaí frith-éillithe Sergei Magnitsky mar thoradh ar choinníollacha dofhulaingthe.

    Dá bhrí sin, tá Komnov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm sa Rúis, lena n-áirítear íde tháireach agus sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

    5.6.2023

    ▼M10

    45.

    Oleg Anatolyevich BARANOV

    Олег Анатольевич БАРАНОВ

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Ceann Main Directorate of Internal Affairs of the City of Moscow (Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó); Leifteanant-Ghinearál na bPóilíní

    Dáta breithe: 16.3.1969

    Áit bhreithe: Potsdam, an Ghearmáin

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Eintitis chomhlachaithe:

    Main Directorate of Internal Affairs of the City of Moscow (Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó)

    Center for Combating Extremism (An tIonad um an Antoisceachas a Chomhrac);

    Department of Information Technologies of the City of Moscow (Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó);

    NTechLab;

    Tevian

    Is é Oleg Baranov Ceann Phríomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó. Sa cháil sin, déanann sé maoirseacht ar fhórsaí póilíneachta, ar imscrúdaitheoirí coiriúla, ar shaoráidí coinneála, ar an Ionad um an Antoisceachas a Chomhrac agus ar aonaid forfheidhmithe dlí eile i Moscó.

    Faoina cheannas, rinne Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó faireachán ar iriseoirí neamhspleácha agus ar ghníomhaithe freasúra a ghlac páirt in agóidí síochánta chun tacú le Alexei Navalny, i gcoinne éilliú rialtas na Rúise agus i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus choinnigh sí go treallach iad. Chomh maith leis sin, d’aimsigh agus choinnigh sí coinscríofaigh a bhí ag iarraidh éalú ón slógadh le haghaidh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Chun na gcríoch sin, bhain sí úsáid as córas aitheantais aghaidhe i Moscó mar uirlis chun cos ar bolg a dhéanamh.

    Dá bhrí sin, tá Oleg Baranov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha nó coinneáil threallach, agus as sáruithe nó mí-úsáid na saoirse comhthionóil síochánta agus na saoirse comhlachais.

    20.7.2023

    46.

    Eduard Anatolyevich LYSENKO

    Эдуард Анатольевич ЛЫСЕНКО

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Aire i Rialtas Mhoscó; Ceann Department of Information Technologies of the City of Moscow (Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó)

    Dáta breithe: 22.1.1975

    Áit bhreithe: Yaroslavl, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Daoine aonair comhlachaithe:

    Natalia Sergunina

    Eintitis chomhlachaithe:

    Department of Information Technologies of the City of Moscow (Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó);

    The Main Directorate of Internal Affairs of the City of Moscow (Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó)

    Aire i Rialtas Mhoscó é Eduard Lysenko agus is é Ceann Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó é.

    Is í Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó a fhorbraíonn agus a úsáideann an córas aitheantais aghaidhe i Moscó. Déanann sí sonraí ón gcóras aitheantais aghaidhe a tharchur chuig aonaid forfheidhmithe dlí Príomh Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó.

    Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó úsáid as an gcóras aitheantais aghaidhe i Moscó mar uirlis chun cos ar bolg a dhéanamh, go háirithe chun faireachán a dhéanamh ar iriseoirí neamhspleácha agus ar ghníomhaithe freasúra a ghlac páirt in agóidí síochánta chun tacú le Alexei Navalny i gcoinne éilliú rialtas na Rúise agus i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus chun iad a choinneáil go treallach. Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó úsáid as an gcóras aitheantais aghaidhe freisin chun coinscríofaigh a bhí ag iarraidh éalú ón slógadh le haghaidh chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a aimsiú agus a choinneáil.

    Dá bhrí sin, tá Eduard Lysenko freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha nó coinneáil threallach, agus as sáruithe nó mí-úsáid na saoirse comhthionóil síochánta agus na saoirse comhlachais.

    20.7.2023

    47.

    Natalia Alekseevna SERGUNINA

    Наталья Алексеевна СЕРГУНИНА

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Leas-Mhéara i Rialtas Mhoscó; Ceann Fhearas Mhéara agus Rialtas Mhoscó

    Dáta breithe: 22.8.1978

    Áit bhreithe: Moscow, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: baineann

    Seoladh: (Oifig) Voznesensky pereulok, 22, 125009 Moscow, Russian Federation

    Daoine aonair comhlachaithe:

    Eduard Lysenko

    Eintitis chomhlachaithe:

    Department of Information Technologies of the City of Moscow (Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó);

    Main Directorate of Internal Affairs of the City of Moscow (Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó);

    Faisnéis aitheantais eile: Teil.: +74956298447 (oifig)

    Leas-Mhéara ar Mhoscó í Natalia Sergunina. Is í Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó, a thagann faoina hinniúlacht, a fhorbraíonn agus a úsáideann an córas aitheantais aghaidhe i Moscó. Déanann sí sonraí ón gcóras aitheantais aghaidhe a tharchur chuig aonaid forfheidhmithe dlí Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó.

    Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó úsáid as an gcóras aitheantais aghaidhe i Moscó mar uirlis chun cos ar bolg a dhéanamh, go háirithe chun faireachán a dhéanamh ar iriseoirí neamhspleácha agus ar ghníomhaithe freasúra a ghlac páirt in agóidí síochánta chun tacú le Alexei Navalny i gcoinne éilliú rialtas na Rúise agus i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus chun iad a choinneáil go treallach. Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó úsáid as an gcóras aitheantais aghaidhe freisin chun coinscríofaigh a bhí ag iarraidh éalú ón slógadh le haghaidh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a aimsiú agus a choinneáil.

    Dá bhrí sin, tá Natalia Sergunina freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha nó coinneáil threallach, agus as sáruithe nó mí-úsáid na saoirse comhthionóil síochánta agus na saoirse comhlachais.

    20.7.2023

    48.

    Dmitry Yurievich NOZHKIN

    Дмитрий Юрьевич НОЖКИН

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Ceann phríosúin IK-6 i réigiún Vladimir

    Dáta breithe: 3.7.1981

    Seoladh: Suzdalskaya St., 2, 118, Vladimir, Vladimir region, Russia, 600009

    Uimhir Chánach Aonair: 583520944622

    Is é Dmitry Nozhkin ceann choilíneacht phionósach IK-6 in Melekhovo i réigiún Vladimir, mar a bhfuil Alexei Navalny, ceannaire an fhreasúra pholaitiúil Rúisigh, á choinneáil ó cuireadh pianbhreith air i mí an Mhárta 2022.

    Rinneadh gaibhniú aonair ar Navalny roinnt uaireanta i gcill phionóis ar feadh níos mó ná 100 lá ó mhí Lúnasa 2022 i leith, rud a chuir leis an meath géar ar a shláinte. Pionós cruálach mídhaonna táireach atá sna modhanna a úsáideann lucht bainistíochta choilíneacht phionósach IK-6 (inter alia úsáid a bhaint as soilse LED sár-gheala), agus tá freagracht láithreach ar Dmitry Nozhkin as an méid sin ina cháil mar cheann na saoráide.

    Dá bhrí sin, tá Dmitry Nozhkin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach, agus sárú nó mí-úsáid na saoirse tuairimíochta agus na saoirse chun tuairimí a nochtadh.

    20.7.2023

    49.

    Yuri Alexandrovich FOMIN

    Юрий Александрович

    ФОМИН

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Leas-Cheann phríosúin IK-6 i réigiún Vladimir

    Dáta breithe: 28.8.1986

    Seoladh: Komsomolskaya St., 95/2, 13, Kovrov, Vladimir region, Russia, 601914

    Is Leas-Cheann choilíneacht phionósach IK-6 é Yuri Fomin in Melekhovo i réigiún Vladimir, mar a bhfuil Alexei Navalny, ceannaire an fhreasúra pholaitiúil Rúisigh, á choinneáil ó cuireadh pianbhreith air i mí an Mhárta 2022.

    Rinneadh gaibhniú aonair ar Alexei Navalny roinnt uaireanta i gcill phionóis ar feadh níos mó ná 100 lá ó mhí Lúnasa 2022 i leith, rud a chuir leis an meath géar ar a shláinte. Pionós cruálach mídhaonna táireach atá sna modhanna a úsáideann lucht bainistíochta choilíneacht phionósach IK-6 (inter alia úsáid a bhaint as soilse LED sár-gheala), agus tá freagracht láithreach ar Yuri Fomin as an méid sin ina cháil mar leas-cheann na saoráide.

    Dá bhrí sin, tá Yuri Fomin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach, agus sárú nó mí-úsáid na saoirse tuairimíochta agus na saoirse chun tuairimí a nochtadh.

    20.7.2023

    50.

    Danila Andreevich SINYUKHIN

    Данила Андреевич СИНЮХИН

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Leas-Cheann phríosúin IK-6 i réigiún Vladimir

    Dáta breithe: 8.8.1990

    Seoladh: Narodnaya St., 8, 91, Vladimir, Vladimir region, Russia, 600026

    Is Leas-Cheann choilíneacht phionósach IK-6 é Danila Sinyukhin in Melekhovo i réigiún Vladimir, mar a bhfuil Alexei Navalny, ceannaire an fhreasúra pholaitiúil Rúisigh, á choinneáil ó cuireadh pianbhreith air i mí an Mhárta 2022.

    Rinneadh gaibhniú aonair ar Alexei Navalny roinnt uaireanta i gcill phionóis ar feadh níos mó ná 100 lá ó mhí Lúnasa 2022 i leith, rud a chuir leis an meath géar ar a shláinte. Pionós cruálach mídhaonna táireach atá sna modhanna a úsáideann lucht bainistíochta choilíneacht phionósach IK-6 (inter alia úsáid a bhaint as soilse LED sár-gheala), agus tá freagracht láithreach ar Danila Sinyukhin as an méid sin ina cháil mar leas-cheann na saoráide.

    Dá bhrí sin, tá Danila Sinyukhin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach, agus sárú nó mí-úsáid na saoirse tuairimíochta agus na saoirse chun tuairimí a nochtadh.

    20.7.2023

    51.

    Anatoly Alekseevich GORSHKOV

    Анатолий Алексеевич ГОРШКОВ

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Leas-Cheann phríosúin IK-6 i réigiún Vladimir

    Dáta breithe: 6.5.1984

    Seoladh: Sergey Lazo St., 4/1, 75, Kovrov, Vladimir region, Russia, 601911

    Is Leas-Cheann choilíneacht phionósach IK-6 é Anatoly Gorshkov in Melekhovo i réigiún Vladimir, mar a bhfuil Alexei Navalny, ceannaire an fhreasúra pholaitiúil Rúisigh, á choinneáil ó cuireadh pianbhreith air i mí an Mhárta 2022.

    Rinneadh gaibhniú aonair ar Alexei Navalny roinnt uaireanta i gcill phionóis ar feadh níos mó ná 100 lá ó mhí Lúnasa 2022 i leith, rud a chuir leis an meath géar ar a shláinte. Pionós cruálach mídhaonna táireach atá sna modhanna a úsáideann lucht bainistíochta choilíneacht phionósach IK-6 (inter alia úsáid a bhaint as soilse LED sár-gheala), agus tá freagracht láithreach ar Anatoly Gorshkov as an méid sin ina cháil mar leas-cheann na saoráide.

    Dá bhrí sin, tá Anatoly Gorshkov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach, agus sárú nó mí-úsáid na saoirse tuairimíochta agus na saoirse chun tuairimí a nochtadh.

    20.7.2023

    52.

    Dmitry Ivanovich MAKORIN

    Дмитрий Иванович

    МАКОРИН

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Leascheann phríosúin IK-6 i réigiún Vladimir

    Dáta breithe: 23.6.1984

    Seoladh: Dachny proezd, 3, apt. 3, Melehovo, réigiún Vladimir, an Rúis

    Is Leas-Cheann choilíneacht phionósach IK-6 é Dmitry Makorin in Melekhovo i réigiún Vladimir, mar a bhfuil Alexei Navalny, ceannaire an fhreasúra pholaitiúil Rúisigh, á choinneáil ó cuireadh pianbhreith air i mí an Mhárta 2022.

    Rinneadh gaibhniú aonair ar Alexei Navalny roinnt uaireanta i gcill phionóis ar feadh níos mó ná 100 lá ó mhí Lúnasa 2022 i leith, rud a chuir leis an meath géar ar a shláinte. Pionós cruálach mídhaonna táireach atá sna modhanna a úsáideann lucht bainistíochta choilíneacht phionósach IK-6 (inter alia úsáid a bhaint as soilse LED sár-gheala), agus tá freagracht láithreach ar Dmitry Makorin as an méid sin ina cháil mar leas-cheann na saoráide sin.

    Dá bhrí sin, tá Dmitry Makorin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach, agus sárú nó mí-úsáid na saoirse tuairimíochta agus na saoirse chun tuairimí a nochtadh.

    20.7.2023

    53.

    Mikhail Alekseevich NEIMOVICH

    Михаил Алексеевич НEИМОВИЧ

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Leifteanant i bpríosúin IK-6 i réigiún Vladimir

    Dáta breithe: 25.11.1997

    Seoladh: Muromskaya St., 9, 22, Kovrov, réigiún Vladimir, an Rúis, 601909

    Is Leifteanant é Mikhail Neimovich i Seirbhís Pheannaideach Cónaidhme na Rúise ag coilíneacht phionósach IK-6 in Melekhovo i réigiún Vladimir, mar a bhfuil Alexei Navalny, ceannaire an fhreasúra pholaitiúil Rúisigh, á choinneáil ó cuireadh pianbhreith air i mí an Mhárta 2022.

    Rinneadh gaibhniú aonair ar Alexei Navalny roinnt uaireanta i gcill phionóis ar feadh níos mó ná 100 lá ó mhí Lúnasa 2022 i leith, rud a chuir leis an meath géar ar a shláinte. Pionós cruálach mídhaonna táireach atá sna modhanna a úsáideann lucht bainistíochta choilíneacht phionósach IK-6 (inter alia úsáid a bhaint as soilse LED sár gheala), agus tá freagracht láithreach ar Mikhail Neimovich as an méid sin ina cháil.

    Dá bhrí sin, tá Mikhail Neimovich freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach, agus sárú nó mí-úsáid na saoirse tuairimíochta agus na saoirse chun tuairimí a nochtadh.

    20.7.2023

    54.

    Alexey Ivanovich GIRICHEV

    Алексей Иванович ГИРИЧЕВ

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: (Iar) Ceann réigiúnach FSIN i réigiún Vladimir (Seirbhís Pheannaideach Cónaidhme) go dtí mí an Mhárta 2023;

    leascheann reatha FSIN

    Dáta breithe: 3.8.1975

    Áit bhreithe: Kalach, Dúiche Kalacheyevsky, Voronezh Oblast, Poblacht Shóisialach Chónaidhme (SFSR) na Rúise (Cónaidhm na Rúise anois)

    Seoladh: (roimhe seo) Zoe Kosmodemyanskaya St., 5 Corps 1, 95, Kovrov, Réigiún Vladimir, an Rúis, 601911

    Uimhir Chánach Aonair: 382101379684

    Is Leas-Cheann ar Sheirbhís Pheannaideach Cónaidhme na Rúise (FSIN) é Alexey Girichev, áit a bhfuil ceannaire an fhreasúra pholaitiúil Rúisigh, Alexei Navalny, á choinneáil ina phríosúnach aici ó cuireadh pianbhreith air i mí an Mhárta 2022.

    Rinneadh gaibhniú aonair ar Navalny roinnt uaireanta i gcill phionóis ar feadh níos mó ná 100 lá ó mhí Lúnasa 2022 i leith, rud a chuir leis an meath géar ar a shláinte. Pionós cruálach mídhaonna táireach atá sna modhanna a úsáideann lucht bainistíochta choilíneacht phionósach IK-6 (inter alia úsáid a bhaint as soilse LED sár gheala), agus tá freagracht dhíreach ar Alexey Girichev as an méid sin ina cháil mar leas-cheann FSIN.

    Dá bhrí sin, tá Alexey Girichev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, agus gabháil nó coinneáil threallach.

    20.7.2023

    55.

    Arkady Alexandrovich GOSTEV

    Аркадий Александрович

    ГОСТЕВ

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Stiúrthóir FSIN (iar-Leas-Aire Gnóthaí Baile, go dtí 2021)

    Dáta breithe: 11.2.1961

    Áit bhreithe: Dúiche Shatsky, Réigiún Ryazan, Poblacht Shóisialach Chónaidhme (SFSR) na Rúise (Cónaidhm na Rúise anois)

    Seoladh: lobachevskogo, 92-12, Moscó, 117453

    Uimhir phas: 620120675

    Is é Arkady Gostev an Stiúrthóir ar Sheirbhís Pheannaideach Cónaidhme na Rúise (FSIN), a bhfuil ceannaire an fhreasúra pholaitiúil Rúisigh, Alexei Navalny, á choinneáil ina phríosúnach aici ó cuireadh pianbhreith air i mí an Mhárta 2022.

    Rinneadh gaibhniú aonair ar Navalny roinnt uaireanta i gcill phionóis ar feadh níos mó ná 100 lá ó mhí Lúnasa 2022 i leith, rud a chuir leis an meath géar ar a shláinte. Pionós cruálach mídhaonna táireach atá sna modhanna a úsáideann lucht bainistíochta choilíneacht phionósach IK-6 (inter alia úsáid a bhaint as soilse LED sár gheala), agus tá freagracht dhíreach ar Arkady Gostev as an méid sin ina cháil mar Stiúrthóir ar FSIN.

    Dá bhrí sin, tá Arkady Gostev freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, agus gabháil nó coinneáil threallach.

    20.7.2023

    56.

    Alexander Alexandrovich

    SAMOFAL

    Александр Александрович

    САМОФАЛ

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Gníomhaire de Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise

    Dáta breithe: 23.8.1981

    Áit bhreithe: Moscó, Poblacht Shóisialach Chónaidhme (SFSR) na Rúise (Cónaidhm na Rúise anois)

    Seoladh: (roimhe seo) Aonad Míleata 2568, FSB Border Service Academy (Acadamh na Seirbhíse Teorann FSB), Golitsyno, Cónaidhm na Rúise

    Is oifigeach de Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) é Alexander Samofal. Sa cháil sin, bhí baint phearsanta aige le hoibríocht FSB chun príomhcheannaire an fhreasúra Rúisigh Wladimir Kara-Murza a fheallmharú trí neurotoxin a úsáid. Dóbair do Kara-Murza bás a fháil mar thoradh ar an nimhniú agus bhí tionchar diúltach aige sin ar a riocht fisiciúil fadtéarmach.

    Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus tar éis dó fogha na Rúise a cháineadh go poiblí. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh i gcoinne na hÚcráine.

    Dá bhrí sin, tá Alexander Samofal freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

    20.7.2023

    ▼M11

    57.

    Habibullah AGHA

    ar a dtugtar freisin.

    Mawlawi, Maulvi, Hadith, Sheikh

    حبیب الله اغا

    (Litriú Paistise)

    Post/poist: Aire gníomhach Oideachais Talabanach

    Dáta breithe: 1954 nó 1955

    Áit bhreithe: Vach Bakhto, Shah Wali Kot, Kandahar province, an Afganastáin

    Náisiúntacht: Afganastánach

    Inscne: fireann

    Ceapadh Habibullah Agha ina hAire gníomhach Oideachais i mí Mheán Fómhair 2022. Sa cháil sin, chuir Habibullah Agha beartas an Talaban i bhfeidhm maidir le rochtain a dhiúltú do chailíní ar an meánoideachas trí shíneadh a chur leis an toirmeasc ar mhic léinn baineanna páirt a ghlacadh i scolaíocht mheánoideachais os cionn an 6ú grád.

    Thairis sin, rinne Habibullah Agha géarú go pearsanta ar pholasaithe inscne-idirdhealaitheacha an Talaban trí ordú a thabhairt go ndúnfaí ionaid oideachais phríobháideacha agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhí ina n-ionad oideachais do chailíní roimhe sin. Dá bhrí sin, tá freagracht phearsanta air as sáruithe ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe cur faoi chois córasach inscne-bhunaithe in earnáil an oideachais. Tá sé freagrach go pearsanta as sárú ar an gceart bunúsach atá ag cailíní Afganastánacha chun meánoideachais agus an ceart chun na córa comhionainne idir buachaillí agus cailíní i réimse an mheánoideachais, ar an gcaoi sin, cailíní a eisiamh ón tsochaí a thuilleadh.

    Dá bhrí sin, ina cháil mar Aire gníomhach Oideachais an Talaban, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe an sárú ar cheart na gcailíní agus na mban chun oideachais agus an ceart chun córa comhionainne idir fir agus mná.

    20.7.2023

    58.

    Abdul Hakim HAQQANI

    ar a dtugtar freisin

    Mawlawi Sheikh Abdul Hakim Haqqani Ishaqzai;

    “Shaikhul Hadis” Maulvi Abdul Hakim “Haqqani”

    شیخ الحدیث مولوي عبدالحکیم حقاني

    لقضات شیخ عبدالحکیم حقاني

    (Litriú Paistise)

    Post/poist: Príomh-Bhreitheamh gníomhach Talabanach de Chúirt Uachtarach na hAfganastáine

    Qazi al-Quzzat (Breitheamh Uachtarach)

    Dáta breithe: 1967

    Áit bhreithe: Panjwayi, Kandahar province, an Afganastáin

    Náisiúntacht: Afganastánach

    Inscne: fireann

    Is é Abdul Hakim Haqqani Príomh-Bhreitheamh gníomhach Talabanach de Chúirt Uachtarach na hAfganastáine, a cheap ceannaireacht an Talaban in 2021. Sa cháil sin, bhain sé úsáid éifeachtach as an gcóras dlí chun cur faoi chois inscnebhunaithe a chur chun feidhme ar mhná trína n-eisiamh ó chóras cúirte na hAfganastáine agus trí rochtain na mban ar cheartas a shrianadh go córasach, rud a sháraíonn prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná.

    Taobh amuigh dá ról mar Phríomh-Bhreitheamh Talabanach, feidhmíonn Abdul Hakim Haqqani mar cheannaire idé-eolaíoch laistigh den Talaban. Trína rochtain phearsanta ar cheannaire an Talaban Haibatullah Akhundzada, d’fheidhmigh sé tionchar polaitiúil chun hidé-eolaíocht an Talaban maidir le cur faoi chois inscnebhunaithe a mhúnlú, go háirithe trí threoir a eisiúint chun mná agus cailíní a eisiamh go córasach ón saol poiblí san Afganastáin.

    Dá bhrí sin, ina cháil mar Príomh-Bhreitheamh gníomhach Talabanach de Chúirt Uachtarach na hAfganastáine, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe an sárú ar cheart na mban rochtain a bheith acu ar an gceartas agus ar an gceart chun córa comhionainne idir fir agus mná.

    20.7.2023

    59.

    Abdul-Hakim SHAREI

    ar a dtugtar freisin

    Sharae; Sharie; Shara’i

    عبدالحکیم شریری

    (Litriú Paistise)

    Post/poist: Aire gníomhach Dlí agus Cirt Talabanach

    Teideal: Shaikh-al-Hadith Mawlawi

    Dáta breithe: 1961

    Áit bhreithe: Ayub Khil, Khost province, an Afganastáin

    Náisiúntacht: Afganastánach

    Inscne: fireann

    Tar éis don Talaban cumhacht a urghabháil san Afganastáin, thionscain Abdul-Hakim Sharei, ina cháil mar Aire Dlí agus Cirt Talabanach, iarracht chomhbheartaithe an córas ceartais náisiúnta a chasadh i gcoinne mhná na hAfganastáine. Chuir sé bac, go héifeachtach, ar cheadúnú dlíodóirí mná agus ar chumas na mban ionadaíocht dhlíthiúil a fháil agus chuir sé mná as poist sa chóras ceartais. Leis an treoir a thug sé creat dlíthiúil iomlán na hAfganastáine a athbhreithniú, cuireadh deireadh freisin le cur i bhfeidhm an Dlí maidir le Foréigean in aghaidh na mBan a Dhíothú.

    Is iarracht chomhbheartaithe na beartais sin chun séanadh ceartais a úsáid mar uirlis éifeachtach chun córas cur faoi chois inscnebhunaithe a chothú trí mhná agus cailíní a dhéanamh neamhchosanta ar staid neamhdhlíthiúil agus saoirse ó phionós, agus tá an fhreagracht dhíreach phearsanta as sin ar Abdul-Hakim Sharei.

    Dá bhrí sin, ina cháil mar Aire Dlí agus Cirt Talabanach, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe an sárú ar chearta na mban rochtain a bheith acu ar an gceartas agus ar an gceart chun córa comhionainne idir fir agus mná.

    20.7.2023

    60.

    James Mark NANDO

     

    Post/poist: Maorghinearál, Fórsaí Cosanta Phobal na Súdáine Theas (SSPDF);

    Áit bhreithe: Ezo, Ezo County, Western Equatoria [Meánchiorcal Thiar], an tSúdáin Theas

    Seoladh: Juba, an tSúdáin Theas

    Náisiúntacht: ón tSúdáin Theas

    Inscne: fireann

    Tá James Nando ina oifigeach sinsearach i bhFórsaí Cosanta Phobal na Súdáine Theas (SSPDF) ag a bhfuil an chéim Maorghinearál. Tá sé i gceannas ar fhórsaí i stát na Meánchiorcal Thiar sa tSúdáin Theas a rinne ionsaithe forleathana i gcoinne an phobail shibhialta. D’úsáid a chuid fórsaí foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe go córasach mar mhodh chun sceimhle a chur ar an bpobal.

    Dá bhrí sin, ina cháil mar Mhaorghinearál, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSúdáin Theas, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe.

    20.7.2023

    61.

    Mahamat SALLEH Adoum Kette

    ar a dtugtar freisin

    Mahamet Salleh

     

    Post/poist: Ginearál den Fronta Pobail le haghaidh Athbhreithe Phoblacht na hAfraice Láir (FPRC)

    Náisiúntacht: Poblacht na hAfraice Láir

    Áit bhreithe: Haute-Kotto Prefecture, Poblacht na hAfraice Láir

    Inscne: fireann

    Ina cháil mar phríomhphearsa den Fhronta Pobail le haghaidh Athbhreithe Phoblacht na hAfraice Láir (FPRC), bhí Mahamat Salleh i gceannas ar fhórsaí i bPoblacht na hAfraice Láir a rinne ionsaithe forleathana i gcoinne an phobail shibhialta. Ar feadh na mblianta, rinne Salleh féin agus fórsaí faoina cheannas coireanna a bhaineann le foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe arís agus arís eile ar scála ollmhór chun sceimhle a chur ar an bpobal sibhialtach.

    Dá bhrí sin, ina cháil mar Ghinearál den FPRC, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i bPoblacht na hAfraice Láir, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe.

    20.7.2023

    62.

    Igor Leonidovich KOLEDA

    Iгор Леонiдович КОЛЕДА

    (Litriú Úcráinise)

    Игорь Леонидович

    КОЛЕДА

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Ceannasaí an an 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe

    Céim: Coirnéal

    Dáta breithe: 11.12.1973

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Uimhir aitheantais na bhfórsaí armtha: 540530367155

    Tá Igor Leonidovich Koleda ina cheannasaí ar 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe de Fhórsaí Armtha na Rúise agus tá an chéim Coirnéal aige. Ghlac an bhriogáid faoina cheannas páirt in ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin go luath in 2022.

    Go luath in 2022, bhí gníomhartha foréigin ghnéasaigh agus foréigin inscnebhunaithe in úsáid ag baill den 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe i gcoinne phobal sibhialta na hÚcráine, lena n-áirítear i gcoinne mionaoiseach amháin ar a laghad. Tá comhalta amháin den 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe aitheanta ag údaráis na hÚcráine mar dhuine a bhfuil amhras ann faoi fhoréigean gnéasach a úsáid in aghaidh na mban.

    Léiríonn scála agus déine na ngníomhartha foréigin gnéis atá ag tarlú i limistéir san Úcráin atá faoi fhorghabháil na Rúise pleanáil ar leibhéal níos córasaí agus go bhfuil ceannasaithe na Rúise ar an eolas faoin bhforéigean gnéis atá á dhéanamh ag pearsanra míleata san Úcráin agus i gcásanna áirithe go bhfuil sé á spreagadh nó á ordú acu fiú.

    Ina cháil mar cheannasaí ar an 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe, tá Igor Koleda freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe ar chearta an duine san Úcráin, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe.

    20.7.2023

    ▼M12

    63.

    Elena Victorovna PODOLNAYA

    Елена Викторовна ПОДОЛЬНАЯ

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Ionchúisitheoir Rúiseach; Leas-Ionchúisitheoir ag “Cúirt Dúiche Simferopol i bPoblacht na Crimé”

    Dáta breithe: 5.9.1978

    Inscne: baineann

    Uimhir aitheantais chánach: 261803847664

    Is Leas-Ionchúisitheoir í Elena Podolnaya ag “Cúirt Dúiche Simferopol i bPoblacht na Crimé” arna bunú ag fórsa forghabhála na Rúise sa Chrimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Sa phost sin, ghlac Elena Podolnaya páirt sna himeachtaí cúirte arb í an pholaitíocht ba shiocair leo i gcoinne Vladyslav Yesypenko, iriseoir, agus mhol sí pianbhreith príosúnachta 11 bhliain dó. Gearradh téarma príosúnachta 6 bliana ar Vladyslav Yesypenko.

    Dhírigh na himeachtaí cúirte i gcoinne Vladyslav Yesypenko ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh faoin Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú.

    Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

    8.9.2023

    64.

    Denis Vladimirovich KOROVIN

    Денис Владимирович КОРОВИН

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Oifigeach de Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB)

    Inscne: fireann

    Is oifigeach de Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) é Denis Korovin. Ina phost, ghlac sé páirt i gcéasadh Vladyslav Yesypenko, iriseoir, ar gearradh téarma príosúnachta 6 bliana air.

    Dhírigh na himeachtaí cúirte i gcoinne Denis Korovin ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh faoin Úcráine. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n áirítear céasadh, íde mhídhaonna agus tháireach, agus sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

    8.9.2023

    65

    Dliaver Memetovich BERBEROV

    Длявер Меметович БЕРБЕРОВ

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Breitheamh ag “Cúirt Dúiche Simferopol i bPoblacht na Crimé”

    Dáta breithe: 17.8.1978

    Áit bhreithe: an Úisbéiceastáin

    Inscne: fireann

    Is breitheamh é Dliaver Berberov ag “Cúirt Dúiche Simferopol i bPoblacht na Crimé” arna bunú ag fórsa forghabhála na Rúise sa Chrimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Sa phost sin, ghlac sé páirt sna himeachtaí arb í an pholaitíocht ba shiocair leo i gcoinne Vladyslav Yesypenko, iriseoir.

    An 16 Feabhra 2021, d’fhógair Dliaver Berberov fíorasc chás Vladyslav Yesypenko agus ghearr sé téarma príosúnachta 6 bliana air.

    8.9.2023

     

     

     

    Seoladh: 6 Turkenicha St., Simferopol, an Chríme, An Úcráin

    АР Крим, г. Симферополь, ул. Туркенича 6

    Cód DRFO: 2871801456

    Dhírigh na himeachtaí cúirte i gcoinne Vladyslav Yesypenko ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh faoin Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh

     

    66.

    Vitaliy Olegovich VLASOV

    Виталий Олегович ВЛАСОВ

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Imscrúdaitheoir ag Seirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB)

    Dáta breithe: 7.5.1986

    Áit bhreithe: Shimanovsk/Amur Oblast/Cónaidhm na Rúise

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Is imscrúdaitheoir ag Seirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) é Vitaliy Vlasov. Sa phost sin, bhí sé i mbun na n-imscrúduithe i gcásanna an iriseora Vladyslav Yesypenko, i gcásanna bhaill de phobal Tatarach na Crimé sa Chrimé, lena n-áirítear Nariman Dzhelyalov, agus i gcásanna bhaill d’Fhinnéithe Iehova, lena n-áirítear Aleksandr Dubovenko agus Aleksandr Litvinyuk.

    Sa chomhthéacs sin, bhí baint ag Vlasov leis na feachtais ghéarleanúna chórasacha lena ndírítear ar phobal Tatarach na Crimé agus ar bhaill d’Fhinnéithe Iehova as a gcreideamh reiligiúnach.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n-áirítear céasadh, íde mhídhaonna agus tháireach, gabháil agus coinneáil threallach, sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

    8.9.2023

    67.

    Viktor Viktorovich KRAPKO

    Виктор Викторович КРАПКО

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Breitheamh de “Chúirt Uachtarach Phoblacht na Crimé”; Iar-Bhreitheamh i gCúirt Dúiche Chív Simferopol

    Dáta breithe: 22.1.1989

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Is breitheamh é Viktor Krapko ag “Cúirt Uachtarach Phoblacht na Crimé” arna bunú fórsa forghabhála na Rúise sa Chrimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Sa phost sin, ghlac sé páirt sna himeachtaí cúirte arb í an pholaitíocht ba shiocair leo i gcoinne Vladyslav Yesypenko, iriseoir, agus Nariman Dzhelyalov, Tatarach na Crimé.

    Tá Krapko freagrach freisin as cuardaigh a údarú i dtithe bhaill d’Fhinnéithe Iehova in 2021 sa Chrimé atá faoi fhorghabháil ag an Rúis.

    Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú.

    Sa chomhthéacs sin, bhí baint ag Krapko leis na feachtais ghéarleanúna chórasacha lena ndírítear ar phobal Tatarach agus ar bhaill d’Fhinnéithe Iehova na Crimé as a gcreideamh reiligiúnach.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

    8.9.2023

    68.

    Anastasia Ivanovna SUPRYAGA

    Анастасия Ивановна СУПРЯГА

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Ionchúisitheoir in “Oifig an Ionchúisitheora na Crimé”

    Dáta breithe: 15.3.1983

    Áit bhreithe: Vinohradove, ceantar Saksky, Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé, an Úcráin

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: baineann

    Is ionchúisitheoir í Anastasia Supryaga in “Oifig Ionchúisitheora na Crimé” a bhunaigh fórsa forghabhála na Rúise sa Chrimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Sa phost sin, ghlac sí páirt in imeachtaí cúirte arb í an pholaitíocht ba shiocair leo agus in ionchúiseamh Akhtem Chiygoz, leas-Chathaoirleach Mejlis de chuid phobal Thatarach na Crimé, agus baill de phobal Tatarach na Crimé, lena n-áirítear Nariman Dzhelyalov.

    Sa chomhthéacs sin, bhí baint ag Supryaga leis na feachtais ghéarleanúna chórasacha lenar díríodh ar phobal Tatarach na Crimé agus ar bhaill d’Fhinnéithe Iehova as a gcreideamh reiligiúnach.

    Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus sna críocha atá faoi fhorghabháil aici, lena n-áirítear gabháil nó coinneáil threallach.

    8.9.2023

    ▼B

    B. 

    Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí

    ▼M2



     

    Ainm (Traslitriú isteach i script na Laidine)

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna lena liostiú

    Dáta an liostaithe

    1.

    Xinjiang Production and Construction Corps Public Security Bureau

    新疆生产建设兵团公安局

    (Litriú Síneach)

    Seoladh: 106 Guangming Road, Urumqi, Xinjiang Uyghur Autonomous Region (XUAR), an tSín

    Teileafón: +86 991 598 8114

    Tá an Xinjiang Production and Construction Corps (XPCC) Public Security Bureau i gceannas ar bheartais uile XPCC i ndáil le gnóthaí slándála a chur chun feidhme, lena n-áirítear bainistiú ionad coinneála. Is eagraíocht eacnamaíoch pharamíleateach faoi úinéireacht an stáit in Xinjiang Uyghur Autonomous Region na Síne é XPCC, a bhfuil an t-údarás riaracháin á fheidhmiú aige agus na gníomhaíochtaí eacnamaíocha á rialú aige in Xinjiang.

    22.3.2021

     

     

     

     

    Mar an eagraíocht atá i gceannas beartais slándála laistigh de XPCC, tá an XPCC Public Security Bureau freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach ar mórscála agus táiríde ar Uigiúraigh agus ar dhaoine de chuid mionlach eitneach Moslamach eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh, mar chuid, inter alia, den chur chun feidhme a rinne an XPCC ar chlár mórscála faireachais, coinneála agus síolteagaisc a bhí dírithe ar mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha.

    Mar chuid den chlár sin, úsáideann XPCC Uigiúraigh agus daoine eile ar de chuid mionlach eitneach Moslamach iad mar lucht saothair éignithe, go háirithe i ngoirt chadáis. Mar an eagraíocht atá i gceannas ar bheartais slándála laistigh de XPCC, tá an XPCC Public Security Bureau freagrach as úsáid chórasach a bhaint as saothar éignithe.

     

    2.

    Central Public Prosecutor’s Office (dá ngairtear Office of the Prosecutor of the Democratic People’s Republic of Korea (DPRK) freisin)

    조선민주주의인민공화국 중앙검찰소(Litriú Cóiréach)

     

    Is institiúid í an Central Public Prosecutor’s Office a dhéanann maoirseacht ar na himeachtaí coiriúla uile sa Democratic People’s Republic of Korea (DPRK), lena n-áirítear imscrúdú, ceistiú, coinneáil réamhthrialach agus trialacha.

    22.3.2021

     

     

     

     

    Úsáidtear an Central Public Prosecutor’s Office chun daoine a ionchúiseamh agus a phionósú as mí-iompar polaitiúil i dtrialacha atá go héagórach ón mbonn aníos. Tá freagracht institiúideach uirthias sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine i ngnáthphríosúin agus i ngnáthionaid choinneála cheistiúcháin freisin ós rud é nach ndéanann sé cearta na gcimí réamhthrialacha nó na bpríosúnach ciontaithe a fhorfheidhmiú. I ndlúthchomhar leis na hAireachtaí Slándála Stáit agus Slándála Sóisialta, tá freagracht uirthi as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine, agus is í a thugann dlisteanacht dóibh, ar sáruithe iad a dhéanann fearas slándála DPRK, go háirithe céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, fuadach, agus gabháil agus coinneáil threallach.

     

    ▼M6

    3.

    Kaniyat Militia (ar a dtugtaí 7th Brigade, Tarhuna 7th Brigade, Tarhuna Brigade tráth) (ar a dtugtar freisin 9th Brigade, Al-Kani Militia, Al-Kaniyat, Kani Brigade, Kaniat, Kaniyat, Kanyat)

    مليشيا كانيات(Litriú Araibise)

     

    Is mílíste arna armáil ag an Libia í an Kaniyat Militia a raibh smacht aige ar bhaile Tarhuna sa Libia idir 2015 agus Meitheamh 2020. Tar éis don mhílíste sin teitheadh chuig Oirthear Libia ó mhí an Mheithimh 2020, aimsíodh olluaigheanna in Tarhuna, arb é an Kaniyat Militia ba chúis leo, ceaptar. Tá an Kaniyat Militia freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine, go háirithe maruithe seachbhreithiúnacha agus fuadach.

    22.3.2021

    ▼M2

    4.

    National Security Office (dá ngairtear National Security Agency freisin) of the Government of Eritrea

    -

    Faoi cheannas Maorghinearál Abraha Kassa

    Tá National Security Office (dá ngairtear National Security Agency freisin) of the Government of Eritrea faoi cheannas Maorghinearál Abraha Kassa agus faoi mhaoirseacht Oifig an Uachtaráin. Tá an National Security Office eagraithe ina sé cinn d'oifigí, agus gach ceann díobh siúd roinnte ina trí roinn a bhfuil freagracht orthu faoi seach as faisnéis, gabhálacha agus ceistiúchán. Tá an National Security Office freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Eiritré, go háirithe gabhálacha treallacha, maruithe seachbhreithiúnacha, fuadach agus céasadh arna dhéanamh ag a cuid gníomhaithe.

    22.3.2021

    ▼M6

    5.

    Wagner Group (ar a dtugtar freisin Vagner Group, PMC Wagner, Liga, League)

    Группа Вагнера (Litriú Rúisise)

     

    Is eintiteas neamhchorpraithe míleata príobháideach atá bunaithe sa Rúis é Grúpa Wagner, a bunaíodh in 2014 mar eagraíocht a tháinig i gcomharbacht ar Chór Slavach. Tá sé faoi stiúir Dimitriy Utkin agus maoinithe ag Yevgeny Prigozhin. Trí eintitis áitiúla a bhunú, agus le tacaíocht ó rialtais áitiúla, maoiníonn agus déanann Grúpa Wagner a chuid oibríochtaí.

    Tá Grúpa Wagner freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Úcráin, sa tSiria, sa Libia, i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), sa tSúdáin, i Mailí agus i Mósaimbíc, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha.

    13.12.2021

    ▼M7

    6.

    Lobaye Invest SARLU

     

    Áit chláraithe: Bangui (Central African Republic)

    Dáta clárúcháin: 24.10.2017

    Cláruimhir: M 354838 D 0001 (Uimhir “NIF”, Uimhir aitheantais chánach)

    Príomhionad gnó: Poblacht na hAfraice Láir

    Faisnéis eile: Branch of M-Finans

    Is cuideachta phríobháideach é Lobaye Invest SARLU atá cláraithe i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), fochuideachta de chuid na cuideachta Rúisigh M-Finans, arna rialú ag Yevgeny Prigozhin. Tá sé á bhainistiú ag Dimitri Sytii, feidhmeannach sinsearach i nGrúpa Wagner agus ag Yevgeny Khodotov, a bhfuil baint aige le Yevgeny Prigozhin. Oibríonn Lobaye Invest mianaigh óir agus diamant in PAL. Tá sé bainteach le hoibríochtaí an Ghrúpa Wagner in PAL. Maoiníonn sé chomh maith eagraíochtaí éagsúla meán, amhail an stáisiún raidió Lengo Songo, stáisiún raidió a dhéanann feachtais bhréagaisnéise agus a chuireann láithreacht an Ghrúpa Wagner in PAL chun cinn.

    Tá baint ag Lobaye Invest leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn Lobaye Invest freisin leis na sáruithe sin arna ndéanamh in PAL.

    25.2.2023

    7.

    DIAMVILLE

     

    Dáta clárúcháin: 28.3.2019

    Cláruimhir: cá/BG2019B519

    Príomhionad gnó: Poblacht na hAfraice Láir

    Faisnéis eile: daoine agus eintitis chomhlachaithe Yevgeny Prigozhin, Grúpa Wagner, Dimitri Sytii, Valery Zakharov, Perfilev, Svetlana Troitskaya, Lobaye Invest

    Is cuideachta scáileáin é Diamville a úsáideann an Grúpa Wagner atá i láthair i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL) chun diamaint a thrádáil go neamhdhleathach. Tá dlúthbhaint aige le príomhghníomhaithe uile an Ghrúpa Wagner in PAL, amhail Yevgeny Prigozhin, agus Dimitri Sytii. Tá bhaint ag Diamsville leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn sé leis na sáruithe sin arna ndéanamh in PAL.

    25.2.2023

    8.

    Foundation for the Defence of National Values (FDNV)

    Fund for the Defence of National Values (FDNV)

    Foundation/organization for the Protection of National Values (FPNV)/(FZNC)

    Foundation for National Values Protection

     

    Áit chláraithe: Moscow (64 Zemlyanoy Val str., building 2, office 201, Moscow, Cónaidhm na Rúise)

    Suíomh gréasáin: https://en.fznc.ru/

    Tá baint ag The Foundation for the Defence of National Values (FDNV) leis an gceann ar an nGhrúpa Wagner Group, Yevgeny Prigozhin. Feidhmíonn FDNV mar ghéag caidrimh phoiblí an Ghrúpa Wagner. Stiúrann sé feachtais bholscaireachta agus bhréagaisnéise ar son an Ghrúpa Wagner, lena n-áirítear chun clú Wagner a fheabhsú agus chun tacú lena imscaradh, agus bíonn sé rannpháirteach i gcur isteach ceilte thar ceann an Ghrúpa Wagner sna tíortha éagsúla ina bhfuil sé gníomhach.

    Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear an Libia, Mailí, agus Poblacht na hAfraice Láir.

    Tá baint ag FDNV leis an nGrúpa Wagner agus tá sé freagrach as tacú le gníomhartha an Ghrúpa Wagner agus é a spreagadh trí bholscaireacht ar son an Ghrúpa Wagner, trí chur isteach polaitiúil agus tríd an mbréagaisnéis.

    25.2.2023

    9.

    Radio Centrafricaine Lengo Sengo

     

    Áit chláraithe: Bangui, Poblacht na hAfraice Láir

    Dáta clárúcháin: Mí na Samhna 2018

    Príomhionad gnó: Galabadja

    Bangui, Commune de Bangui

    Galabadja, 8eme Arr.

    [GPS]-> 4.4070, 18.5465

    Is stáisiún raidió de chuid na hAfraice Láir é Radio Lengo Sengo a bhíonn ag gabháil d’oibríochtaí tionchair ar líne thar ceann an Ghrúpa Wagner. Is é an cuspóir deiridh atá aige ná tuairimí an phobail a ionramháil. Reáchtálann an chuideachta feachtais bhréagaisnéise agus cuireann sí láithreacht an Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Lair (PAL) chun cinn. Déanann Lobaye Invest, cuideachta phríobháideach a bhfuil baint aici le Yevgeny Prigozhin agus atá ceangailte leis an nGrúpa Wagner, a fheidhmíonn mar chlúdach dá ghníomhaíochtaí i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), Radio Lengo Sengo a mhaoiniú.

    Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL.

    Tá Radio Lengo Sengo freagrach as tacú le gníomhartha an Ghrúpa Wagner in PAL agus as é a spreagadh.

    25.2.2023

    10.

    Meroe Gold Co. Ltd.

     

    Áit chláraithe: Al-jref Gharb Plot 134 Blok 1h, Khartoum, Sudan

    Faisnéis eile: Mianadóireacht mianta miotail neamhfheiriúla eile

    Bainteach le:

    Al Sawlaj for Mining Ltd

    الصولج

    Aswar Multi Activities Co., Ltd

    Is eintiteas cumhdaigh é Meroe Gold d’oibríochtaí an Ghrúpa Wagner sa tSúdáin. Tá dlúthbhaint aige le Yevgeny Prigozhin. Trína bheith cleamhnaithe go dlúth le míleata na Súdáine, d’éirigh le leis an nGrúpa Wagner ór na Súdáine a dhúshaothrú agus a onnmhairiú chuig an Rúis.

    Tá baint ag Meroe Gold leis an nGrúpa Wagner, atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear sa tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn Meroe Gold freisin leis na sáruithe sin arna ndéanamh sa tSúdáin.

    25.2.2023

    11.

    M-Invest

     

    Áit chlárúcháin: d. 76 korp. 4 litera A ofis N620, prospekt Obukhovskoi Oborony St. Petersburg, Cónaidhm na Rúise

    Cláruimhir: 1177847044066

    Príomhionad gnó: Khartoum, an tSúdáin

    Faisnéis eile: Uimhir Aitheantais Chánach: 7811636632, Uimhir na hIrise Rialtais: 06513574

    Is eintiteas cumhdaigh é M-Invest do ghníomhaíochtaí Ghrúpa Wagner sa tSúdáin. Tá dlúthbhaint aige le Yevgeny Prigozhin. Trína bheith cleamhnaithe go dlúth le lucht míleata na Súdáine, d’éirigh leis an nGrúpa Wagner ór na Súdáine a dhúshaothrú agus a onnmhairiú chuig an Rúis. Tá baint ag M-Invest leis an nGrúpa Wagner atá liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear sa tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn Sewa Security Services freisin leis na sáruithe sin a dhéantar sa tSúdáin.

    25.2.2023

    12.

    Sewa Security Services

     

    Áit chláraithe: Bangui (Poblacht na hAfraice Láir)

    Príomhionad gnó: Poblacht na hAfraice Láir

    Faisnéis eile: fochuideachta Lobaye Invest

    Is cuideachta phríobháideach atá lonnaithe i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL) í Sewa Security Services a chuireann cosaint ar fáil d’oifigigh shinsearacha rialtais PAL. Is clúdach é do ghníomhaíochtaí an Ghrúpa Wagner in PAL. Is fochuideachta Lobaye Invest é, á bhainistiú ag Dimitri Sytii, feidhmeannach sinsearach i nGrúpa Wagner agus ag Yevgeny Khodotov, a bhfuil baint aige le Yevgeny Prigozhin. Bhí baint ag SEWA Security in éineacht leis an nGrúpa Wagner i sraith ionsaithe foréigneacha a tharla in PAL ó bhí toghcháin uachtaránachta mhí na Nollag 2020 ann. Tá baint ag Sewa Security leis an nGrúpa Wagner atá liostaithe do sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear sa tSúdáin. Trína ghníomhaíochtaí, tacaíonn Meroe Gold leis na sáruithe sin arna ndéanamh sa tSúdáin.

    25.2.2023

    ▼M8

    13.

    Qarchak Prison

    Ar a dtugtarfreisin Gharchak Prison, Zendân-e-Qarchak, Qarchak Women’s Prison, Shahr-e Rey Prison

    زندان قرچک

    (Litriú Fairsise)

    Áit chlárúcháin: Varamin County, Tehran province, Iran

    Dáta clárúcháin: 2010

    Tá Qarchak Prison ar cheann de shaoráidí coinneála réimeas na hIaráine do mhná in Varamin County (Teheran province).

    I measc na ndaoine atá á gcoinneáil tá príosúnaigh pholaitiúla agus rannpháirtithe in agóidí síochánta ar son an daonlathais chomh maith le mná torracha agus máithreacha a bhfuil leanaí acu. Is déistineach mídhaonna na dálaí maireachtála in Qarchak Prison.

    Na mná atá á gcoinneáil in Qarchak Prison, tá siad faoi réir céastóireachta, éignithe agus foirmeacha eile den fhoréigean gnéis. Is i gcillíní róphlódaithe atá siad á gcoinneáil, gan rochtain ar uisce óil glan, bia ná cúnamh leighis, agus is cruálach mídhaonna táireach an íde í. Tá sé á thuarascáil ag príosúnaigh a scaoileadh saor go bhfuil cásanna ann ina bhfuil mí-úsáid ghnéasach á déanamh ag gardaí príosúin agus pearsanra slándála. Is minic a bhagraítear éigniú ar bhanagóideoirí a chuirtear in Qarchak Prison chun admhálacha a bhaint astu.

    Dá bhrí sin, tá Qarchak Prison freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin, lena n-áirítear céasadh agus íde atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach chomh maith le foréigean córasach gnéis agus inscnebhunaithe.

    7.3.2023

    14.

    Syrian Republican Guard

     

    Áit chlárúcháin: Syria

    Daoine aonair comhlachaithe: An Maor-Ghinearál Shoaeb Suleiman (ceannasaí),

    An Briogáidire-Ghinearál Mohamed Qasem (leascheannasaí),

    An Ginearál Malik Aliaa (ceannasaí uachtaraigh),

    An Maor-Ghinearál Issam Zahreddine, Mohammad Nayouf, Rukin Mohamed Kaddor (ceannasaithe),

    An tUachtarán Bashar Al-Assad

    Is eintiteas é an Syrian Republican Guard atá freagrach as slándáil na n-oifigeach agus as cuid d’fhórsaí slándála na Siria.

    Ina rannáin, tá foréigean gnéis agus inscnebhunaithe á dhéanamh go forleathan i gcoinne na mban, go háirithe le linn na coinbhleachta sa tSiria atá ar siúl faoi láthair. Tá tuairiscí tugtha ag íospartaigh faoi éignithe foréigneacha agus céasadh tar éis dóibh a bheith faoi réir gabháil threallach agus le linn coinneáil threallach.

    Tá an Syrian Republican Guard mar chuid de chur chuige córasach de chuid réimeas na Siria chun foréigean gnéis agus inscnebhunaithe a úsáid chun muintir na Siria, go háirithe mná agus cailíní, a chur faoi chois agus a imeaglú.

    Dá bhrí sin, tá an Syrian Republican Guard freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSiria, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, gabháil nó coinneáil threallach chomh maith le foréigean forleathan gnéis agus inscnebhunaithe.

    7.3.2023

    15.

    Office of the Chief of Military Security Affairs (OCMSA)

     

    Áit chlárúcháin: Naypyitaw, Maenmar/Burma

    Tá Office of the Chief of Military Security Affairs (OCMSA) freagrach as na hionaid choinneála agus cheistiúcháin i Maenmar/Burma a bhainistiú agus tá sé de chúram uirthi faisnéis a bhailiú.

    Baineann foireann OCMSA úsáid as nochtacht éignithe, éigniú, turraingí leictreacha, baill ghiniúna a dhó agus foréigean iomarcach le linn coinneáil agus ceistiúchán treallach fear, ban agus ball den phobal LGBTIQ.

    Dá bhrí sin, tá OCMSA freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma, lena n-áirítear coinneáil agus céastóireacht threallach, agus as foréigean córasach forleathan gnéis agus inscnebhunaithe.

    7.3.2023

    ▼M10

    16.

    Main Directorate of Internal Affairs of the City of Moscow (Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó)

    Главное Управление Внутренних дел по городу Москве

    (litriú Rúisise)

    Seoladh: 127994, Moscó, 38 Petrovka St., an Rúis

    Teileafón: +8 (495) 694-92-29

    Suíomh gréasáin: https://77.xn--b1aew.xn--p1ai/

    Is é Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó fórsaí póilíneachta, imscrúdaitheoirí coiriúla, saoráidí coinneála, an Ionad um an Antoisceachas a Chomhrac agus aonaid forfheidhmithe dlí eile i Moscó. Is é Oleg Baranov atá mar cheann uirthi.

    Rinne an Phríomh-Stiúrthóireacht faireachán ar iriseoirí neamhspleácha agus ar ghníomhaithe freasúra a ghlac páirt in agóidí síochánta chun tacú le Alexei Navalny i gcoinne éilliú rialtas na Rúise agus i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus choinnigh sí go treallach iad. Chomh maith leis sin, d’aimsigh agus choinnigh sí coinscríofaigh a bhí ag iarraidh éalú ón slógadh le haghaidh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Chun na gcríoch sin, bhain sí úsáid as córas aitheantais aghaidhe i Moscó mar uirlis chun cos ar bolg a dhéanamh.

    Dá bhrí sin, tá sí freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha nó coinneáil threallach, agus as sáruithe nó mí-úsáid na saoirse comhthionóil síochánta agus na saoirse comhlachais.

    20.7.2023

    17.

    Department of Information Technologies of the City of Moscow (Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó)

    Департамент Информационных Технологий города Москвы

    (litriú Rúisise)

    Seoladh: (dlíthiúil) Russia, 123100 Moscow, 1-Y Krasnogvardeyskiy Proyezd, 21, bld 1; (Fíor) Russia, 105064 Moscow Yakovoapostol'skiy Pereulok, 12с1

    Teileafón: +7 (495) 957-01-31

    Facs: +7 (495) 957-75-42

    Rphost: dit@mos.ru

    Suíomh gréasáin: https://www.mos.ru/dit/

    Is í Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó a fhorbraíonn agus a úsáideann an córas aitheantais aghaidhe i Moscó. Déanann sí sonraí ón gcóras aitheantais aghaidhe a tharchur chuig aonaid forfheidhmithe dlí Phríomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó.

    Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó leas as an gcóras aitheantais aghaidhe i Moscó mar uirlis cos ar bolg. Bhain sí leas as chun faireachán a dhéanamh ar iriseoirí neamhspleácha agus ar ghníomhaithe freasúra a ghlac páirt in agóidí síochánta chun tacú le Alexei Navalny i gcoinne éilliú rialtas na Rúise agus i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus chun iad a choinneáil go treallach. Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó úsáid as an gcóras aitheantais aghaidhe freisin chun coinscríofaigh a bhí ag iarraidh éalú ón slógadh le haghaidh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a aimsiú agus a choinneáil.

    Dá bhrí sin, tá Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha nó coinneáil threallach, agus as sáruithe nó mí-úsáid na saoirse comhthionóil síochánta agus na saoirse comhlachais.

    20.7.2023

    18.

    Ntechlab

    Нтехлаб

    (litriú Rúisise)

    Seoladh: 127055, Russia, Moscow, Novolesnaya St., 2, prem. 1/3 (BC “Brigantina Hall”)

    Teileafón: +7 (499) 110-22-54

    Rphost: info@ntechlab.ru

    Suíomh gréasáin: https://ntechlab.ru/

    Is cuideachta teicneolaíochta aitheantais aghaidhe Rúiseach é NtechLab. Chomhoibrigh sí le Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó maidir le forbairt an chórais aitheantais aghaidhe i Moscó. Déantar na sonraí ón gcóras aitheantais aghaidhe a tharchur chuig aonaid forfheidhmithe dlí Phríomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó.

    Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó leas as an gcóras aitheantais aghaidhe i Moscó mar uirlis cos ar bolg. Bhain sí leas as chun faireachán a dhéanamh ar iriseoirí neamhspleácha agus ar ghníomhaithe freasúra a ghlac páirt in agóidí síochánta chun tacú le Alexei Navalny i gcoinne éilliú rialtas na Rúise agus i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus chun iad a choinneáil go treallach. Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó úsáid as an gcóras aitheantais aghaidhe freisin chun coinscríofaigh a bhí ag iarraidh éalú ón slógadh le haghaidh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a aimsiú agus a choinneáil.

    Dá bhrí sin, tá Ntechlab freagrach as tacaíocht theicniúil nó ábhartha a thabhairt chun sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha nó coinneáil threallach, agus as sáruithe nó mí-úsáid na saoirse comhthionóil síochánta agus na saoirse comhlachais.

    20.7.2023

    19.

    Tevian

    dá ngairtear freisin Tekhnologii Videoanaliza LLC

    ООО Технологии видеоанализа

    (litriú Rúisise)

    Seoladh: (dlíthiúil) 119634 Moscow, Skulptora Mukhina St. 7, 1st floor, II, room 2B, Russia; (oifig) 119048, Moscow, Efremova St., 10, building 2, Office 11, Russia

    Teileafón: +7 (917) 531-86-41

    Suíomh gréasáin: https://tevian.ai

    Rphost: info@tevian.ru;

    support@tevian.ai

    Is cuideachta teicneolaíochta aitheantais aghaidhe é Tevian. Chomhoibrigh sí le Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó maidir le forbairt an chórais aitheantais aghaidhe i Moscó. Déantar na sonraí ón gcóras aitheantais aghaidhe a tharchur chuig aonaid forfheidhmithe dlí Phríomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó.

    Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó leas as an gcóras aitheantais aghaidhe i Moscó mar uirlis cos ar bolg. Bhain sí leas as chun faireachán a dhéanamh ar iriseoirí neamhspleácha agus ar ghníomhaithe freasúra a ghlac páirt in agóidí síochánta chun tacú le Alexei Navalny i gcoinne éilliú rialtas na Rúise agus i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus chun iad a choinneáil go treallach. Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó úsáid as an gcóras aitheantais aghaidhe freisin chun coinscríofaigh a bhí ag iarraidh éalú ón slógadh le haghaidh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a aimsiú agus a choinneáil.

    Dá bhrí sin, tá Tevian freagrach as tacaíocht theicniúil nó ábhartha a thabhairt chun sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha nó coinneáil threallach, agus as sáruithe nó mí-úsáid na saoirse comhthionóil síochánta agus na saoirse comhlachais.

    20.7.2023

    20.

    JSC Elektronnaya Moskva

    AO “Электронная Москва”

    (litriú Rúisise)

    Seoladh:

    (Fíor) 105064, Moscow, Nizhny Susalny pereulok, building 5, building 19, floor a1, room X, room 1

    (Dlíthiúil) 105064, Moscow, Nizhny Susalny lane, 5, building 19, floor a1, room X, room 1

    (Poist) 107078, Moscó, Bosca PO 185

    Teileafón: +7 (495) 988-2270

    Rphost: e-moskva@e-moskva.ru

    Suíomh gréasáin: https://www.e-moskva.ru/

    Uimh. INN 7707314029

    Is cuideachta TFC é Elektronnaya Moskva a bhunaigh Rialtas Mhoscó. D’eagraigh sé tairiscintí chun bogearraí aitheantais aghaidhe a sholáthar, a úsáideadh níos déanaí i gcur chun feidhme an chórais aitheantais aghaidhe i Moscó.

    D’fhorbair agus d’úsáid Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Moscó an córas aitheantais aghaidhe i Moscó. Rinneadh na sonraí ón gcóras a tharchur chuig aonaid forfheidhmithe dlí Phríomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó.

    Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó leas as an gcóras aitheantais aghaidhe i Moscó mar uirlis cos ar bolg. Bhain sí leas as chun faireachán a dhéanamh ar iriseoirí neamhspleácha agus ar ghníomhaithe freasúra a ghlac páirt in agóidí síochánta chun tacú le Alexei Navalny i gcoinne éilliú rialtas na Rúise agus i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus chun iad a choinneáil go treallach. Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó úsáid as an gcóras aitheantais aghaidhe freisin chun coinscríofaigh a bhí ag iarraidh éalú ón slógadh le haghaidh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a aimsiú agus a choinneáil.

    Dá bhrí sin, tá Elektronnaya Moskva freagrach as tacaíocht theicniúil nó ábhartha a thabhairt chun sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha nó coinneáil threallach, agus as sáruithe nó mí-úsáid na saoirse comhthionóil síochánta agus na saoirse comhlachais.

    20.7.2023

    ▼B




    IARSCRÍBHINN II

    Suíomhanna gréasáin le haghaidh faisnéis maidir leis na húdaráis inniúla agus an seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún

    ▼M5

    AN BHEILG

    https://diplomatie.belgium.be/en/policy/policy_areas/peace_and_security/sanctions

    AN BHULGÁIR

    https://www.mfa.bg/en/EU-sanctions

    AN tSEICIA

    www.financnianalytickyurad.cz/mezinarodni-sankce.html

    AN DANMHAIRG

    http://um.dk/da/Udenrigspolitik/folkeretten/sanktioner/

    AN GHEARMÁIN

    https://www.bmwi.de/Redaktion/DE/Artikel/Aussenwirtschaft/embargos-aussenwirtschaftsrecht.html

    AN EASTÓIN

    https://vm.ee/et/rahvusvahelised-sanktsioonid

    ÉIRE

    https://www.dfa.ie/our-role-policies/ireland-in-the-eu/eu-restrictive-measures/

    AN GHRÉIG

    http://www.mfa.gr/en/foreign-policy/global-issues/international-sanctions.html

    AN SPÁINN

    https://www.exteriores.gob.es/es/PoliticaExterior/Paginas/SancionesInternacionales.aspx

    AN FHRAINC

    http://www.diplomatie.gouv.fr/fr/autorites-sanctions/

    AN CHRÓIT

    https://mvep.gov.hr/vanjska-politika/medjunarodne-mjere-ogranicavanja/22955

    AN IODÁIL

    https://www.esteri.it/it/politica-estera-e-cooperazione-allo-sviluppo/politica_europea/misure_deroghe/

    AN CHIPIR

    https://mfa.gov.cy/themes/

    AN LAITVIA

    http://www.mfa.gov.lv/en/security/4539

    AN LIOTUÁIN

    http://www.urm.lt/sanctions

    LUCSAMBURG

    https://maee.gouvernement.lu/fr/directions-du-ministere/affaires-europeennes/organisations-economiques-int/mesures-restrictives.html

    AN UNGÁIR

    https://kormany.hu/kulgazdasagi-es-kulugyminiszterium/ensz-eu-szankcios-tajekoztato

    MÁLTA

    https://foreignandeu.gov.mt/en/Government/SMB/Pages/SMB-Home.aspx

    AN ÍSILTÍR

    https://www.rijksoverheid.nl/onderwerpen/internationale-sancties

    AN OSTAIR

    https://www.bmeia.gv.at/themen/aussenpolitik/europa/eu-sanktionen-nationale-behoerden/

    AN PHOLAINN

    https://www.gov.pl/web/dyplomacja/sankcje-miedzynarodowe

    https://www.gov.pl/web/diplomacy/international-sanctions

    AN PHORTAINGÉIL

    https://www.portaldiplomatico.mne.gov.pt/politica-externa/medidas-restritivas

    AN RÓMÁIN

    http://www.mae.ro/node/1548

    AN tSLÓIVÉIN

    http://www.mzz.gov.si/si/omejevalni_ukrepi

    AN tSLÓVAIC

    https://www.mzv.sk/europske_zalezitosti/europske_politiky-sankcie_eu

    AN FHIONLAINN

    https://um.fi/pakotteet

    AN tSUALAINN

    https://www.regeringen.se/sanktioner

    Seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún Eorpach:

    An Coimisiún Eorpach

    An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA)

    Rue de Spa/Spastraat 2

    1049 Bruxelles/Brussel, BELGIQUE/BELGIË

    R-phost: relex-sanctions@ec.europa.eu

    Top