EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02017R2107-20190715

Consolidated text: Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2107/2019-07-15

02017R2107 — GA — 15.07.2019 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2017/2107 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Samhain 2017

lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle

(IO L 315 30.11.2017, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2019/1154 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019

  L 188

1

12.7.2019




▼B

RIALACHÁN (AE) 2017/2107 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Samhain 2017

lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle



TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe i dtaca le speicis éisc mhór-imirceacha arna mbainistiú ag an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT).

Airteagal 2

Raon Feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) soithí iascaireachta de chuid an Aontais, agus soithí de chuid an Aontais a bhíonn i mbun iascaigh áineasa agus a oibríonn i limistéar Choinbhinsiún ICCAT agus, i gcás trasloingsithe, lasmuigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT má thrasloingsíonn siad speicis a ghabhtar sa limistéar sin;

(b) soithí tríú tír a ndéantar cigireacht orthu i gcalafoirt na mBallstát agus a mbíonn speicis ICCAT á n-iompar acu nó táirgí iascaigh de thionscnamh na speiceas sin nár tugadh i dtír cheana ná nár trasloingsíodh cheana i gcalafoirt;

(c) soithí iascaireachta tríú tír agus soithí tríú tír atá ag gabháil d'iascaigh áineasa a oibríonn in uiscí an Aontais.

Airteagal 3

Gaol le gníomhartha eile de chuid an Aontais

Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do na forálacha seo a leagtar síos i Rialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhlaigh iascaireachta sheachtracha a bhainistiú go hinbhuanaithe ( 1 ) agus i Rialachán (AE) 2016/1627.

Beidh feidhm ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo sa bhreis orthu siúd dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn “speicis ICCAT” speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I;

(2) ciallaíonn “tuinnín trópaiceach” tuinnín mórshúileach, tuinnín buí agus boiníotó aigéanach;

(3) ciallaíonn “soitheach iascaireachta” aon soitheach atá feistithe chun saothrú tráchtála a dhéanamh ar acmhainní bitheolaíocha na mara nó atá feistithe le gaiste tuinnín ghoirm;

(4) ciallaíonn “soitheach gabhála” soitheach a úsáidtear chun acmhainní bitheolaíocha mara a ghabháil;

(5) ciallaíonn“soitheach iascaireachta de chuid an Aontais” soitheach iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain air agus atá cláraithe san Aontas;

(6) ciallaíonn “údarú iascaireachta” údarú arna eisiúint i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a thugann teidlíocht dó gníomhaíochtaí sonracha iascaireachta a dhéanamh le linn tréimhse shonraithe, i limistéar ar leith nó le haghaidh iascach ar leith ar choinníollacha sonracha;

(7) ciallaíonn “údarú iascaireachta speisialta” údarú arna eisiúint i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a thugann teidlíocht dó gníomhaíochtaí sonracha iascaireachta a dhéanamh le trealamh ar leith le linn tréimhse shonraithe, i limistéar ar leith nó le haghaidh iascach ar leith ar choinníollacha sonracha;

(8) ciallaíonn “trasloingsiú” na táirgí iascaigh go léir nó aon chuid díobh atá ar bord soitheach iascaireachta a dhíluchtú chuig soitheach eile;

(9) ciallaíonn “iascach áineasa” gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha mara chun críoch áineasa, turasóireachta nó spóirt;

(10) ciallaíonn “sonraí Thasc I” sonraí atá sainmhínithe ag ICCAT mar shonraí Thasc I sa “Lámhleabhar oibríochtúil don staidreamh agus do shampláil tuinníní an Atlantaigh agus éisc is comhchosúil le tuinníní”;

(11) ciallaíonn “sonraí Thasc II” sonraí atá sainmhínithe ag ICAAT mar shonraí Thasc II sa “Lámhleabhar oibríochtúil don staidreamh agus do shampláil tuinníní an Atlantaigh agus éisc is comhchosúil le tuinníní”;

(12) ciallaíonn “CPC” páirtithe conarthacha i gCoinbhinsiún ICCAT agus páirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha, eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha nó eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha iascaireachta;

(13) ciallaíonn “limistéar Choinbhinsiún ICCAT” uiscí uile an Aigéin Atlantaigh agus na farraigí máguaird;

(14) ciallaíonn “comhaontú comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe” comhaontú idirnáisiúnta mar a shainmhínítear i bpointe 37 d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(15) ciallaíonn “fad soithigh” an fad arna thomhas i líne dhíreach idir an pointe is mó chun tosaigh ar an gceann go dtí an pointe is mó chun deiridh ar an deireadh;

(16) ciallaíonn “soitheach spiléir peiligeach mórscála” soitheach spiléir peiligeach ar mó ná 24 mhéadar a fhad iomlán;

(17) ciallaíonn “soitheach iascaireachta mórscála” soitheach iascaireachta ar mó ná 20 méadar a fhad iomlán;

(18) ciallaíonn “soitheach gabhála mórscála” soitheach gabhála ar mó ná 20 méadar a fhad iomlán;

(19) ciallaíonn “taifead ICCAT ar shoithí iascaireachta mórscála” an liosta a choinníonn Rúnaíocht ICCAT de shoithí iascaireachta mórscála atá údaraithe díriú ar speicis ICCAT i limistéar Choinbhinsiún ICCAT;

(20) ciallaíonn “soitheach tacaíochta” soitheach seachas árthach atá ar bord nach bhfuil trealamh iascaireachta oibríochtúil feistithe air agus a éascaíonn gníomhaíochtaí iascaireachta, a chuidíonn leo nó a ullmhaíonn iad, lena n-áirítear trí sholáthairtí a chur ar fáil do shoitheach gabhála;

(21) ciallaíonn “soitheach iompair” soitheach tacaíochta atá i mbun trasloingsithe agus atá ag fáil speicis ICCAT ó shoitheach spiléir peiligeach mórscála;

(22) ciallaíonn “taifead ICCAT ar shoithí iompair” an liosta a choinníonn Rúnaíocht ICCAT de shoithí atá údaraithe trasloingsiú a fháil ar muir ó shoithí spiléir peiligeacha mórscála i limistéar Choinbhinsiún ICCAT;

(23) ciallaíonn “taifead ICCAT maidir le soithí atá údaraithe tuinníní trópaiceacha a iascach” an liosta a choinníonn Rúnaíocht ICATT de shoithí iascaigh mórscála atá údaraithe tuinníní trópaiceacha a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a phróiseáil nó a thabhairt i dtír i limistéar Choinbhinsiún ICCAT;

(24) ciallaíonn “feiste um chomhbhailiú éisc” (FAD) aon trealamh atá ar snámh ar dhromchla na farraige agus a imscartar chun éisc a mhealladh;

(25) ciallaíonn “iascaireacht NNN” gníomhaíochtaí iascaireachta a shainmhínítear i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(26) ciallaíonn “liosta NNN ICCAT” liosta de shoithí a mheasann ICCAT go raibh siad i mbun iascaireacht NNN;

(27) ciallaíonn “spiléir” trealamh iascaireachta atá déanta de phríomhdhorú ar a bhfuil cuid mhaith duán ar fhodhoruithe (snúdaí) a bhfuil a bhfad agus a spásáil ag brath ar an speiceas a bhfuiltear ag díriú air;

(28) ciallaíonn “peaslíonta saighne” líon ciorclaithe a bhfuil a bhun tarraingthe le chéile ag braighdín íochtair ag bun an lín, agus an braighdín sin ag dul trí shraith fáinní ar feadh na téide grinnill, i dtreo is gur féidir an líon a fháscadh agus a dhúnadh;

(29) ciallaíonn “duán” píosa de shreang cruach agus é lúbtha faobhraithe.



TEIDEAL II

BEARTA BAINISTÍOCHTA, CAOMHNAITHE AGUS RIALAITHE MAIDIR LE SPEICIS ÁIRITHE



CAIBIDIL I

Tuinníní trópaiceacha

Airteagal 5

Srianta ar líon na soithí gabhála mórscála de chuid an Aontais

a dhíríonn ar thuinníní mórshúileacha Maidir le líon agus acmhainn iomlán in olltonnáiste (GT) soithí gabhála mórscála de chuid an Aontais a dhíríonn ar an tuinnín mórshúileach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT:

(a) measfar gurb é a bheidh ann meánlíon agus meánacmhainn, in GT, na soithí gabhála de chuid an Aontais a bhí ag díriú ar an tuinnín mórshúileach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT le linn na tréimhse 1991 go 1992; agus

(b) ar bhonn an tsriain a bhí ar líon na soithí gabhála a bhí ag díriú ar an tuinnín mórshúileach in 2005 mar a cuireadh in iúl do ICCAT ar an 30 Meitheamh 2005.

Airteagal 6

Údaruithe sonracha do shoithí gabhála mórscála a bhíonn ag iascach tuinníní trópaiceacha agus do shoithí tacaíochta

1.  Déanfaidh na Ballstáit údaruithe a eisiúint, i gcomhréir leis na forálacha arna leagan síos i Rialachán maidir le cabhlaigh iascaireachta sheachtracha a bhainistiú go hinbhuanaithe ( 2 ), do shoithí gabhála mórscála a mbíonn a mbratach ar foluain orthu tuinníní trópaiceacha a iascach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.

2.  Eiseoidh na Ballstáit údaruithe do shoithí tacaíochta a mbíonn a mbratach ar foluain orthu agus a úsáidtear chun tacaíocht de chineál ar bith a thabhairt do shoithí dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 7

Taifead ICCAT ar shoithí údaraithe tuinníní trópaiceacha

1.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan mhoill agus laistigh de 30 lá tar éis na himeachta sin ar a dhéanaí, faoi imeacht ar bith a fhágann gur gá cur le taifead ICCAT ar údaraithe tuinníní trópaiceacha, scriosanna a dhéanamh ann nó leasuithe a dhéanamh air. Déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill agus ar a laghad laistigh de 45 lá tar éis na himeachta sin, an fhaisnéis sin a sheoladh chuig Rúnaíocht ICCAT.

2.  Ní cheadófar do shoithí iascaireachta mórscála nach bhfuil i dtaifead ICCAT de shoithí údaraithe tuinníní trópaiceacha, tuinníní trópaiceacha i limistéar Choinbhinsiún ICCAT a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a aistriú, a phróiseáil ná a thabhairt i dtír. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 sna cásanna sin.

Airteagal 8

Liosta de na soithí a bhíonn ag iascach tuinníní trópaiceacha aon bhliain ar leith

Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh gach bliain liosta de na soithí údaraithe, a mbíonn a mbratach ar foluain orthu, a rinne tuinníní trópaiceacha a iascach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT sa bhliain féilire roimhe sin. Faoin 31 Iúil gach bliain, tabharfaidh an Coimisiún fógra do ICCAT faoi na liostaí a fuarthas ó na Ballstáit.

Airteagal 9

Pleananna bainistíochta i ndáil le feistí um chomhbhailiú éisc

1.  Maidir le soithí peaslín saighne agus báid baoite ag iascach tuinníní trópaiceacha, i gcomhar le feistí um chomhbhailiú éisc (FADanna), cuirfidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig gach bliain, pleananna bainistíochta faoi bhráid an Choimisiúin i dtaobh úsáid FADanna ag soithí a mbíonn a mbratach ar foluain orthu. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Eanáir den bhliain dár gcionn.

2.  Beidh an méid seo d'aidhm ag pleananna bainistíochta dá dtagraítear i mír 1:

(a) feabhas a chur ar an eolas ar thréithe FAD, tréithe baoi, iascaireacht le FAD, lena n-áirítear iarracht iascaireachta, agus ar an tionchar gaolmhar a imrítear ar spriocspeicis agus speicis nach spriocspeicis iad;

(b) bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar imscaradh agus aisghabháil FADanna agus rabhchán agus ar an bhféidearthacht go gcaillfí iad;

(c) tionchar FADanna agus iascaireacht FAD ar an éiceachóras a laghdú agus a theorannú, agus sin a dhéanamh, nuair is iomchuí, trí bhearta a dhéanamh i leith gnéithe éagsúla den ráta báis san iascaireacht (e.g. an líon FADanna a imscartar, lena n-áirítear an líon cur FAD de réir líon soithí peas-saighne, acmhainn iascaireachta, líon soithí tacaíochta).

3.  Sna pleananna bainistíochta dá dtagraítear i mír 1 beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh níos mó ná 500 baoi uirlise in úsáid am ar bith do gach soitheach peas-saighne a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus atá ag iascach tuinníní trópaiceacha i gcomhar le FADanna.

Airteagal 10

Ceanglais ar FADanna

1.  Comhlíonfaidh FADanna na ceanglais seo a leanas:

(a) ní bheidh struchtúr dromchlach an FAD clúdaithe le hábhar ar bith nó déanfar é a chlúdach le hábhar is lú baol go rachadh speicis nach spriocspeicis i bhfostú ann agus leis an ábhar sin amháin; agus

(b) beidh na comhpháirteanna fodhromchlacha déanta d'ábhar nach rachaidh speicis nach spriocspeicis i bhfostú ann agus d'ábhar den chineál sin amháin.

2.  Agus FADanna á ndearadh, tabharfar tosaíocht, más féidir, d'ábhair in-bhithdhíghrádaithe d'fhonn deireadh a chur le FADanna neamh-bhithmhillte faoi 2018.

3.  Tuairisceoidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún, mar chuid den tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71, ar na céimeanna a dhéanfar chun comhlíonadh mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo a áirithiú. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.

Airteagal 11

Faisnéis faoi FADanna arna cur isteach ag soithí

1.  Gach uair a dhéanfar FAD a imscaradh, déanfaidh soithí peaslíon saighne agus soithí gabhála baoite de chuid an Aontais agus soithí tacaíochta de chuid an Aontais an fhaisnéis agus na sonraí seo a leanas a bhailiú agus a thuairisciú:

(a) suíomh FAD;

(b) dáta imscartha FAD;

(c) an cineál FAD (FAD ar ancaire, FAD saorga le sruth);

(d) aitheantóir FAD (i.e. marcáil FAD nó an t-aitheantas rabhcháin, an cineál baoi, e.g., baoi simplí, nó baoi a ghabhann le sondálaí fuaime), nó faisnéis ar bith lenar féidir an t-úinéir a aithint;

(e) tréithe dearaidh FAD (toisí agus ábhar na páirte a bhíonn ar snámh agus an strúchtúr a bhíonn ar crochadh faoi uisce, agus gné fostúcháin an strúchtúir a bhíonn ar crochadh faoi uisce).

2.  Gach uair a théann soithí peas saighne agus soithí gabhála baoite de chuid an Aontais agus soithí tacaíochta de chuid an Aontais chuig FAD, má dhéantar cur ina dhiaidh sin nó mura ndéantar, déanfaidh siad an fhaisnéis a leanas a bhailiú agus a thuairisciú:

(a) cineál cuairte (tarraingt, aisghabháil, obair ar threalamh leictreonach);

(b) suíomh an FAD;

(c) dáta cuairte;

(d) an cineál FAD (FAD ar ancaire, FAD nadúrtha le sruth, FAD saorga le sruth);

(e) aitheantóir FAD (i.e. marcáil FAD nó aitheantas rabhcháin) nó faisnéis ar bith lenar féidir an t-úinéir a shainaithint;

(f) má dhéantar cur tar éis dul chuig an FAD, torthaí an chuir i dtéarmaí gabhála agus foghabhála, is cuma cé acu ar coinníodh iad nó an ndearnadh iad a aischur, beo nó marbh, nó, mura ndéantar cur tar éis dul chuig an FAD, an chúis atá leis an gcinneadh sin (mura bhfuil a dhóthain iasc ann nó má tá na héisc róbheag, mar shampla).

3.  Gach uair a dhéanfar FAD a chailleadh, déanfaidh soithí peas saighne agus soithí gabhála baoite de chuid an Aontais agus soithí tacaíochta uile an Aontais, an fhaisnéis a leanas a bhailiú agus a thuairisciú:

(a) an suíomh deireanach a cláraíodh;

(b) an dáta ar cláraíodh an suíomh deireanach;

(c) aitheantóir FAD (i.e. marcáil FAD nó an t-aitheantas rabhcháin) nó faisnéis ar bith lenar féidir an t-úinéir a shainaithint.

4.  Déanfaidh soithí iascaigh de chuid an Aontais uasdhátú ar bhonn ráithiúil ar liosta na FADanna a imscartar, ina mbeidh an fhaisnéis atá leagtha amach in Iarscríbhinn-III ar a laghad.

Airteagal 12

Faisnéis faoi FADanna arna cur isteach ag na Ballstáit

Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain, 15 lá roimh an sprioc-am arna shocrú ag ICCAT don bhliain sin, i dtreo is go bhféadfar í a chur ar fáil do Rúnaíocht ICCAT:

(a) an líon FADanna a imscartar iarbhír, ar bhonn ráithiúil, de réir chineál FAD, agus é tugtha le fios arbh ann nó as do rabhchán/do bhaoi nó do shondálaí fuaime a ghabhann leis an FAD;

(b) an líon agus cineál rabhchán/baoithe (e.g. raidió, le sondálaí fuaime) a imscartar iarbhír, ar bhonn ráithiúil;

(c) an meánlíon de rabhcháin ghníomhacha/bhaoithe gníomhacha a lean gach soitheach ar bhonn ráithiúil;

(d) an meánlíon FADanna gníomhacha a cailleadh, ar bhonn ráithiúil;

(e) i ndáil le gach soitheach tacaíochta, an líon laethanta a caitheadh ar muir, in aghaidh gach limistéir greille 1o, in aghaidh na míosa agus de réir Ballstát brataí.

Airteagal 13

Logleabhair

Áiritheoidh na Ballstáit:

(a) go ndéanfar logleabhair iascaigh pháipéir agus leictreonacha, mar aon le logleabhair FAD, nuair is ann dá leithéid, a bhailiú gan mhoill agus a chur ar fáil d'eolaithe an Aontais;

(b) go gcuirfear an fhaisnéis arna bailiú ó logleabhair iascaigh nó logleabhair FAD, nuair is ann dá leithéid, san áireamh i sonraí Thasc II a tharchuirfear chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 50.

Airteagal 14

Iamh ama agus limistéir d'fhonn éisc óga a chosaint

1.  Beidh toirmeasc ar dhíriú ar thuinníní trópaiceacha, nó ar ghníomhaíochtaí a thacaíonn leis sin, i gcomhar le nithe, FADanna san áireamh, a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhbhailiú éisc:

(a) ón 1 Eanáir go dtí an 28 Feabhra gach bliain; agus

(b) sa limistéar atá iniata acu seo:

 An teorainn thuaisceartach — Líne 5° domhanleithead ó thuaidh;

 An teorainn dheisceartach — Líne 4° domhanleithead ó dheas;

 An teorainn iartharach — Fadlíne 20° domhanfhad siar;

 An teorainn oirthearach — cósta na hAfraice.

2.  Áireofar sa toirmeasc dá dtagraítear i mír 1:

(a) nithe snámha ar bith a sheoladh, bíodh baoithe leo nó ná bíodh;

(b) iascaireacht a dhéanamh thart ar, faoi bhun nó i gcomhar le nithe saorga, lena n-áirítear soithí;

(c) iascaireacht a dhéanamh thart ar, faoi bhun nó i gcomhar le nithe nádúrtha;

(d) nithe snámha atá laistigh den limistéar a tharraingt amach as an limistéar sin.

3.  Gach Ballstát a ndéantar iascaireacht lena shoithigh i limistéar geografach an iaimh ama agus limistéir, déanfaidh sé an méid seo:

(a) gníomhaíocht iomchuí le háirithiú go mbeidh breathnóir ar bord gach soithigh a bhfuil a bhratach ar foluain air, lena n-áirítear soithigh tacaíochta, fad is atá na soithí sin i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta le linn an iaimh ama agus limistéir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Leis an gclár breathnóirí comhlíonfar Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, gan dochar d'Airteagal 73 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(b) an fhaisnéis arna bailiú ag na breathnóirí dá dtagraítear i bpointe (a) a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh agus tabharfaidh an Coimisiún fógra do ICCAT faoin 31 Iúil;

(c) gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh in aghaidh soithí iascaireachta a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain orthu agus nach bhfuil ag cloí leis an iamh ama agus limistéir dá dtagraítear i mír 1;

(d) tuarascáil faoin méid a chloígh sé leis an iamh ama agus limistéir a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid dá thuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71.

Airteagal 15

Tuinníní trópaiceacha a iascach in uiscí áirithe de chuid na Portaingéile

Beidh toirmeasc ar aon chainníocht de thuinníní trópaiceacha arna ngabháil le peaslíonta saighne in uiscí atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na Portaingéile i bhfolimistéar ICES X atá suite ar an taobh ó thuaidh de líne domhanleithead 36°30′ ó thuaidh nó i limistéir CECAF ar an taobh ó thuaidh de líne domhanleithead 31° ó thuaidh agus lastoir den líne domhanfhad 17°30′ thiar, beidh toirmeasc ar aon chainníochtaí de na tuinníní trópaiceacha sin a choinneáil ar bord, agus ar dhíriú ar speicis den chineál sin sna limistéir sin leis an trealamh sin. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 1380/2013 sna cásanna sin.

Airteagal 16

Iascaireacht NNN a shainaithint

Má chuireann Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT an Coimisiún ar an eolas faoi shárú a d'fhéadfadh a bheith déanta ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar Airteagal 7(2) agus Airteagal 14 (1) agus (2), cuirfidh an Coimisiún an méid sin in iúl don Bhallstát brataí lena mbaineann gan mhoill. Déanfaidh an Ballstát sin an cás a imscrúdú gan mhoill agus, má bhíonn an soitheach ag iascaireacht i gcomhar le nithe a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhbhailiúcháin éisc, FADanna san áireamh, iarrfaidh sé ar an soitheach scor den iascaireacht agus, más gá, an limistéar a fhágáil gan mhoill. Tuairisceoidh an Ballstát brataí lena mbaineann don Choimisiún gan mhoill faoi thorthaí a chuid imscrúduithe agus na bearta a rinneadh mar thoradh orthu. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig an Stát cósta agus chuig Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT.



CAIBIDIL II

Tuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh

Airteagal 17

Srianta ar an líon soithí

Measfar gurb é a bheidh sa mheánlíon soithí gabhála de chuid an Aontais a bhí ag iascach tuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh mar spriocspeiceas le linn na tréimhse 1993 go 1995, gurb é a bheidh ann an t-uaslíon soithí gabhála de chuid an Aontais a dhíríonn ar thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.



CAIBIDIL III

Colgáin



Roinn 1

Colgáin san Atlantach

Airteagal 18

Pleananna bainistíochta le haghaidh cholgán an Atlantaigh Thuaidh

Na Ballstáit ar cionroinneadh cuóta orthu agus a ndéanann soithí dá gcuid iascaireacht ar cholgáin an Atlantaigh Thuaidh, cuirfidh siad a bplean bainistíochta faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Lúnasa gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Meán Fómhair gach bliain.

Airteagal 19

Íosmhéid le haghaidh colgán an Atlantaigh Thuaidh

1.  Beidh toirmeasc ar dhíriú ar cholgáin, iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a thaispeáint nó a chur ar díol, a dhíol nó a mhargú má tá níos lú ná 25 kg de bheomheáchan iontu, nó, de rogha air sin, má tá siad faoi bhun 125 cm ar fad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 1380/2013 sna cásanna sin.

2.  De mhaolú ar mhír 1, d'fhéadfaí gabhálacha de thaisme de cholgáin a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thraschur, a thabhairt i dtír, a iompar, a stórail a dhíol, a thaispeáint nó a chur ar díol más rud é gur níos lú ná 15 % an líon colgán a ghabhtar de thaisme agus nach bhfuil níos mó ná 25 kg beomheáchan iontu nó má tá siad faoi bhun 125 cm ar fad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill.

3.  Déanfar an lamháltas 15 % dá dtagraítear i mír 2 a ríomh ar bhonn an lín colgán mar chuid de líon iomlán gabhála colgán an tsoithigh in aghaidh gach tabhairt i dtír.



Roinn 2

Colgáin sa Mheánmhuir

▼M1 —————

▼B



CAIBIDIL IV

Mairlín gorm agus mairlín geal san Atlantach

Airteagal 27

Mairlín gorm agus mairlín geal a ghabhtar beo a scaoileadh saor

1.  De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a bheidh a gcuóta á ídiú acu, áiritheoidh na Ballstáit go scaoilfidh na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu gach mairlín gorm (Makaira nigricans) agus gach mairlín geal (Tetrapturus albidus) atá ina mbeatha go fóill tráth a thugtar ar bord iad.

2.  Déanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 na bearta is iomchuí chun a áirithiú go ndéantar na mairlíní gorma agus na mairlíní geala a scaoileadh saor ar bhealach le go dtiocfadh a oiread agus is féidir slán.

Airteagal 28

Mairlíní gorma agus mairlíní geala a thabhairt i dtír de bhreis ar na deiseanna iascaireachta

Nuair atá a chuóta ídithe ag Ballstát, áiritheoidh an Ballstát sin nach ndíolfar agus nach gcuirfear ar an margadh mairlíní gorma agus mairlíní geala arna dtabhairt i dtír, mairlíní gorma agus mairlíní geala a bhí marbh tráth a tugadh isteach go taobh an tsoithigh iad. Ní bhainfear tabhairt i dtír dá leithéid de theorainneacha gabhála an Bhallstáit mar a leagtar amach i mír 1 de Mholadh ICCAT 2015-05 iad, ar choinníoll go mínítear toirmeasc den sórt sin go soiléir sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán seo.

Airteagal 29

Iascaigh áineasa mairlíní gorma agus mairlíní geala

1.  Na Ballstáit a bhfuil a gcuid soithí ag gabháil d'iascach áineasa mairlíní gorma agus mairlíní geala, áiritheoidh siad go leanfaidh breathnóirí eolaíocha de 5 % de na gabhálacha de mhairlíní gorma agus de mhairlíní geala a thugtar i dtír a bhreathnú.

2.  In iascaigh áineasa mairlíní gorma, beidh feidhm ag íosmhéid caomhnaithe de 251 cm ar fad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill.

3.  In iascaigh áineasa mairlíní geala, beidh feidhm ag íosmhéid caomhnaithe de 168 cm ar fad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill.

4.  Maidir le mairlíní gorma nó mairlíní geala a ghabhtar in iascaigh áineasa, beidh toirmeasc ar a ndíol nó a gcur ar díol ina gconablacha iomlána nó ina gcodanna de chonablach.



CAIBIDIL V

Siorcanna

Airteagal 30

Forálacha ginearálta

1.  In iascaigh nach bhfuil ag díriú ar shiorcanna, na siorcanna beo a ghabhtar de thaisme agus nach n-úsáidtear le haghaidh bia nó cothaithe, scaoilfear saor iad.

2.  I gcás inar féidir, déanfaidh na Ballstáit taighde ar speicis de shiorcanna a ghabhtar i limistéar Chonbhinsiún ICCAT chun roghnaíocht trealaimh iascaireachta a fheabhsú, chun limistéir a d'fhéadfadh bheith ina n-iasclanna a shainaithint agus chun iamh ama agus limistéir agus bearta eile a mheas, de réir mar is iomchuí. Cuirfidh taighde dá shórt faisnéis ar fáil faoi pharaiméadair ríthábhachtacha bhitheolaíochta agus éiceolaíochta, faoi bheatha agus gnéithe iompair ainmhithe, chomh maith le limistéir a shainaithint a d'fhéadfadh bheith ina meánna le haghaidh cúplála, pór a bhreith agus iasclann.

Airteagal 31

Craosairí (Lamna nasus)

1.  Maidir le craosairí a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, beidh toirmeasc ar a gcoinneáil ar bord, a dtrasloingsiú nó a dtabhairt i dtír, bíodh siad ina gcodanna de chonablach nó ina gconablaigh iomlána.

2.  Maidir le craosairí a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, scaoilfidh soithí gabhála de chuid an Aontais leo gan mhoill agus gan ghortú tráth a thugtar isteach le taobh an tsoithigh iad.

Airteagal 32

Sionnaigh mhara mhórshúileacha (Alopias superciliosus)

1.  Maidir le sionnaigh mhara mhórshúileacha a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, beidh toirmeasc ar a gcoinneáil ar bord, a dtrasloingsiú nó a dtabhairt i dtír, bíodh siad ina gcodanna de chonablach nó ina gconablacha iomlána.

2.  Maidir le sionnaigh mhara mhórshúileacha a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, scaoilfidh soithí gabhála de chuid an Aontais leo gan mhoill agus gan ghortú tráth a thabharfar isteach le taobh an tsoithigh iad.

Airteagal 33

Siorcanna mácó biorshrónacha (Isurus oxyrinchus)

Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí leis an ráta báis a laghdú in iascaigh a dhíríonn ar shiorcanna mácó biorshrónacha agus tuairisceoidh siad an dul chun cinn ina leith sin don Choimisiún, mar chuid den tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71.

Airteagal 34

Siorc bán aigéanach (Carcharhinus longimanus)

1.  Maidir le siorcanna bána aigéanacha a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, beidh toirmeasc ar a gcoinneáil ar bord, a dtrasloingsiú nó a dtabhairt i dtír, bíodh siad ina gcodanna de chonablach nó ina gconablacha iomlána.

2.  Maidir le siorcanna bána aigéanacha a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, scaoilfidh soithí gabhála an Aontais leo gan mhoill agus gan ghortú tráth a thabharfar isteach le taobh an tsoithigh iad.

Airteagal 35

Siorcanna ceann casúir

1.  Maidir le siorcanna ceann casúir de phór Sphyrnidae (ach amháin Sphyrna tiburo) a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, beidh toirmeasc ar a gcoinneáil ar bord, a dtrasloingsiú nó a dtabhairt i dtír, bíodh siad ina gcodanna de chonablach nó ina gconablacha iomlána.

2.  Maidir le siorcanna ceann casúir a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, scaoilfidh soithí gabhála de chuid an Aontais leo gan mhoill agus gan ghortú tráth a thabharfar isteach le taobh an tsoithigh iad.

Airteagal 36

Síodsiorcanna (Carcharhinus falciformis)

1.  Maidir le síodsiorcanna a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, beidh toirmeasc ar a gcoinneáil ar bord, a dtrasloingsiú nó a dtabhairt i dtír, bíodh siad ina gcodanna de chonablach nó ina gconablacha iomlána.

2.  Maidir le síodsiorcanna a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, scaoilfidh soithí gabhála de chuid an Aontais leo gan mhoill agus gan ghortú, ar a dhéanaí sula gcuirtear an ghabháil isteach i mbolg an tsoithigh, agus aird chuí á tabhairt ar shlándáil bhaill an chriú.

3.  Na soithí peas-saighne de chuid an Aontais atá ag gabháil d'iascaigh ICCAT, déanfaidh siad bearta breise chun ráta marthanais na síodsiorcanna a ghabhtar de thaisme a mhéadú. Tuairisceoidh na Ballstáit an dul chun cinn ina leith sin don Choimisiún, mar chuid den tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71.

Airteagal 37

Sampláil speiceas siorcanna arna déanamh ag breathnóirí eolaíochta agus daoine aonair údaraithe eile

1.  De mhaolú ar an toirmeasc ar chraosairí, sionnaigh mhara mhórshúileacha, siorcanna bána aigéanacha, siorcanna ceann casúir (de phór Sphyrnidae, ach amháin Sphyrna tiburo) agus síodsiorcanna a choinneáil ar bord, mar a leagtar amach in Airteagail 31, 32, 34, 35 agus 36, beidh de chead ag breathnóirí eolaíochta, nó ag daoine aonair a mbeidh údarú faighte acu ó CPC, samplaí bitheolaíocha a bhailiú le linn oibríochtaí iascaireachta tráchtála ar na coinníollacha seo a leanas:

(a) nach mbailítear samplaí bitheolaíocha ach ó ainmhithe atá marbh tráth a thugtar ar bord iad;

(b) go nglactar na samplaí mar chuid de chreat tionscadail taighde a cuireadh in iúl do Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh agus a forbraíodh agus na tosaíochtaí taighde a mhol an Coiste sin á gcur san áireamh. Ba cheart doiciméad mionsonraithe a bheith san áireamh leis an tionscadal taighde ina dtugtar tuairisc ar chuspóir an tionscadail, na modheolaíochtaí atá le húsáid, líon agus cineál na samplaí atá le bailiú agus am agus limistéar na samplála;

(c) coinnítear na samplaí bitheolaíocha ar bord go dtí go dtugtar i dtír iad ag an gcalafort nó go dtí go dtrasloingsítear iad; agus

(d) ní mór údarú an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain air nó, i gcás soithí cairtfhostaithe, údarú ó CPC cairtfhostaithe agus údarú an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain air, dul in éineacht le gach sampla arna bhailiú i gcomhréir leis an Airteagal seo go dtí an calafort deiridh a dtugtar éisc i dtír ann. Ní chuirfear na samplaí sin nó codanna eile d'eiseamail na siorcanna a samplaíodh ar an margadh ná ní dhíolfar iad.

2.  Féadfaidh veirteabraí, fíochán, conair atáirgthe, goilí, samplaí craicinn, comhla corna, gialla, éisc iomlána nó cnámharlaigh a chur san áireamh sna samplaí bitheolaíocha dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh staidéar tacsanomaíoch agus fardail fána.

3.  Ní féidir tús a chur le feachtas samplála go dtí go n-eisíonn an Ballstát lena mbaineann an t-údarú.



CAIBIDIL VI

Éanlaith mhara

Airteagal 38

Bearta maolaithe le haghaidh éanlaith mharasa limistéar idir 20° ó Dheas agus 25° ó Dheas

1.  Gach soitheach a théann ag iascaireacht idir 20° agus 25° ó dheas, déanfaidh siad línte scanraithe éan agus cuaillí scanraithe éan, a chomhlíonann na ceanglais agus na treorlínte forlíontacha arna leagan amach in Iarscríbhinn V, a iompar agus a úsáid.

2.  Cuirfear línte scanraithe éan ag feidhmiú i gcónaí sula dtéann na spiléir amach san uisce.

3.  I gcás inarb indéanta, úsáidfear an dara cuaille scanraithe éan agus an dara líne scanraithe éan tráth a bhíonn cuid mhór éan ann nó cuid mhór gníomhaíocht éan ann.

4.  Beidh línte breise scanraithe éan ar bord gach soithigh agus iad réidh le húsáid ag am ar bith.

5.  Soithí spiléir atá ag díriú ar cholgáin trí úsáid a bhaint as trealamh spiléir aonfhiliméid, tá siad díolmhaithe ó cheanglais mhíreanna 1, 2 agus 3, faoi réir na coinníollacha seo a leanas:

(a) cuirtear amach spiléir san oíche, agus déantar an oíche a shainmhíniú mar an tréimhse idir coineascar muirí agus camhaoir mhuirí dá dtagraítear san almanag loingseoireachta le haghaidh an limistéir iascaireachta i gceist; agus

(b) úsáidtear íosmheáchan 60 g ar sclóin agus é suite laistigh de 3 mhéadar ón duán chun na rátaí suncála is fearr a bhaint amach.

Ballstáit brataí na soithí atá faoi réir an mhaolaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh siad na torthaí eolaíocha a fuarthas mar gheall ar an gclúdach breathnóra ar na soithí sin in iúl don Choimisiún.

Airteagal 39

Bearta maolaithe le haghaidh éanlaith mhara sa limistéar ar an taobh ó dheas de 25° ó dheas

Úsáidfidh soithí spiléir dhá cheann ar a laghad de na bearta maolaithe seo a leanas i gcomhréir leis na ceanglais agus leis na treorlínte forlíontacha a leagtar síos in Iarscríbhinn V:

(a) líonta a chur san oíche gan de shoilsiú deice ach a laghad is gá;

(b) línte scanraithe éan;

(c) meáchan a chur ar na línte.

Airteagal 40

Oibleagáidí tuairiscithe maidir le héanlaith mhara

1.  Déanfaidh soithí spiléir faisnéis a bhailiú agus a chur ar fáil dá mBallstát brataí maidir le hidirbhearta le héanlaith mhara, lena n-áirítear gabhálacha a tharlaíonn de thaisme. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.

2.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le cur chun feidhme na mbeart atá leagtha síos in Airteagal 38 agus in Airteagal 39 agus maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ó thaobh plean gníomhaíochta an Aontais a chur chun feidhme chun gabhálacha d'éanlaith mhara a tharlaíonn de thaisme i dtrealamh iascaireachta a laghdú.



CAIBIDIL VII

Turtair mhara

Airteagal 41

Forálacha ginearálta maidir le turtair mhara

1.  Déanfaidh soithí peas-saighne gan turtair mhara a chiorclú agus déanfaidh siad turtair mhara a chiorclaítear nó atá i bhfostú a scaoileadh saor, lena n-áirítear turtair atá i bhfostú ar FADanna. Déanfaidh siad idirbhearta idir peaslíonta saighne nó FADanna agus turtair mhara a thuairisciú dá mBallstát brataí.

2.  Déanfaidh soithí spiléir peiligeacha trealamh láimhseála sábháilte, trealamh fuascailte agus trealamh scaoilte saor a iompar agus a úsáid le gur féidir turtair mhara a scaoileadh saor ar bhealach le go dtiocfadh a oiread agus is féidir slán.

3.  Úsáidfidh iascairí ar shoithí spiléir pheiligeacha an trealamh dá dtagraítear i mír 2 i gcomhréir le hIarscríbhinn VI, ionas go dtiocfadh a oiread agus is féidir de na turtair mhara slán.

4.  Cuirfidh na Ballstáit oiliúint ar iascairí ar shoithí spiléir peiligeacha i dtaca le láimhseáil shábháilte agus teicnící scaoilte.

Airteagal 42

Oibleagáidí tuairiscithe maidir le turtair mhara

1.  Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis maidir le hidirbhearta a soitheach le turtair mhara in iascaigh ICCAT de réir an chineáil trealaimh a bhailiú agus a tharchur chuig an gCoimisiún, faoin 30 Meitheamh gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain. San fhaisnéis sin beidh an méid seo a leanas:

(a) rátaí gabhála, gnéithe trealaimh, amanna agus suíomhanna, spriocspeicis agus stádas aischuir (i.e. caite thar bord agus iad marbh nó scaoilte saor ina mbeatha);

(b) miondealú maidir le hidirbhearta le speicis turtair mhara; agus

(c) an dóigh ar gabhadh ar dhuán nó san eangach é (lena n-áirítear le FADanna), cineál baoite, méid agus cineál an duáin, agus méid an ainmhí.

2.  Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún mar chuid den tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71 maidir le cur chun feidhme Airteagal 41 agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha eile a dhéantar, i dtaca le hiascaigh ICCAT, chun Treorlínte maidir le ráta báis na dturtar mara a laghdú in oibríochtaí iascaireachta, a d'fhoilsigh an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (EBT) in 2010 a chur chun feidhme.



CAIBIDIL VIII

Deiseanna iascaireachta maidir le tuinníní gorma agus colgáin

Airteagal 43

Prionsabal ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a bheidh na deiseanna iascaireachta maidir le stoic an tuinnín ghoirm agus le stoic an cholgáin a bheidh ar fáil dóibh á leithdháileadh acu, úsáidfidh na Ballstáit critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla, lena n-áirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch, agus féachfaidh siad le cuótaí náisiúnta a dháileadh go cothrom ar chodanna éagsúla na gcabhlach agus aird speisialta á tabhairt ar iascaireacht thraidisiúnta agus ar iascaireacht ar mhionscála, agus le dreasachtaí a sholáthar do shoithí iascaireachta an Aontais a mbeidh trealamh roghnaitheach iascaireachta á úsáid acu nó a mbeidh teicnící iascaireachta á n-úsáid acu ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol.



TEIDEAL III

BEARTA RIALÁLA COITEANNA



CAIBIDIL I

Údaruithe

Airteagal 44

Taifead ICCAT ar shoithí iascaigh mórscála

1.  Déanfaidh na Ballstáit údaruithe a eisiúint, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhlaigh iascaireachta sheachtracha a bhainistiú go hinbhuanaithe ( 3 ), do shoithí iascaigh mórscála a bhfuil a mbratach ar foluain orthu, le díriú ar speicis ICCAT, iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.

2.  Cuirfidh na Ballstáit na liostaí de na soithí iascaireachta mórscála arna n-údarú de bhun mhír 1 faoi bhráid an Choimisiúin, tráth a n-údaraithe. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT gan mhoill ionas go gcuirfear san áireamh é ar an taifead atá ag ICCAT de na soithí iascaireachta mórscála.

3.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill agus laistigh de thréimhse 30 lá ar a laghad, faoi imeacht ar bith ar gá breis a chur ina thaobh le taifead ICCAT maidir le soithí iascaireachta mórscála nó ar gá ábhar a scriosadh den taifead sin nó é a mhodhnú dá bharr. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT, laistigh de 45 lá ar a dhéanaí tar éis dháta an imeachta.

4.  Soithí iascaireachta mórscála nach bhfuil cláraithe ar thaifead ICCAT de na soithí iascaireachta mórscála, ní bheidh cead acu díriú ar speicis ICCAT i limistéar Choinbhinsiún ICCAT, iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú ná a thabhairt i dtír. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 1380/2013 sna cásanna sin.



CAIBIDIL II

Cairtfhostú

Airteagal 45

Raon Feidhme

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le socruithe um chairtfhostú, nach mbaineann le cairtfhostú lom, idir soithí gabhála de chuid an Aontais agus soithí gabhála de chuid CPCanna, i gcás nach ndéanann na soithí gabhála de chuid an Aontais lena mbaineann a mbratach a athrú.

Airteagal 46

Forálacha ginearálta

1.  Ní bheidh de chead ag soithí gabhála de chuid an Aontais a bheith rannpháirteach i socrú um chairtfhostú arna chur i gcrích i gcomhar le CPCanna ach mar shoithí cairtfhostaithe, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) beidh údarú iascaireachta ag na soithí cairtfhostaithe arna eisiúint ag CPC cairtfhostaithe agus ní bheidh siad ar liosta NNN ICCAT;

(b) ní bheidh na soithí údaraithe iascaireacht a dhéanamh faoi níos mó ná aon socrú amháin maidir le cairtfhostú ag an am céanna;

(c) déanfar gabhálacha na soithí cairtfhostaithe a dhíluchtú go heisiach i gcalafoirt na CPCanna cairtfhostaithe, mura ndéantar fóráil ar bith eile ina leith sa socrú maidir le cairtfhostú; agus

(d) bunófar an chuideachta chairtfhostaithe go dleathach sa CPC cairtfhostaithe.

2.  Aon trasloingsiú a dhéanfar ar muir, údaróidh an CPC cairtfhostaithe roimh ré agus go hiomchuí é agus déanfar an trasloingsiú sin faoi réir na bhforálacha arna leagan síos i gCaibidil IV den Teideal seo.

Airteagal 47

Fógra a thabhairt

1.  Tráth a dhéanfar an socrú um chairtfhostú, tabharfaidh an Ballstát brataí fógra don Choimisiún faoina thoiliú uaidh maidir leis an socrú um chairtfhostú.

2.  Más amhlaidh, laistigh de 15 lá féilire ó cuireadh an fógra dá dtagraítear i mír 1 chuig an gCoimisiún, nár iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise, féadfaidh an soitheach tús a chur leis na gníomhaíochtaí iascaireachta lena mbaineann.

3.  Cuirfidh an Ballstát brataí an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi fhoirceannadh gach cairtfhostaithe.

4.  Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 a sheoladh ar aghaidh gan mhoill chuig Rúnaíocht ICCAT.



CAIBIDIL III

Gabhálacha a rialú

Airteagal 48

Cuótaí agus ceanglais maidir le híosmhéid a chomhlíonadh

1.  Faoin 20 Lúnasa gach bliain seolfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún faisnéis maidir le gabhálacha speicis ICCAT atá faoi réir cuótaí a rinneadh le linn na bliana roimhe sin agus maidir le comhlíonadh na gceanglas maidir le híosmhéid.

2.  Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Meán Fómhair gach bliain.

Airteagal 49

Gabhálacha a shampláil

1.  Déanfar gabhálacha a shampláil chun críocha faisnéis a fheabhsú maidir le bitheolaíocht na speiceas ábhartha ICCAT agus chun meastúchán a dhéanamh i dtaca leis na paraiméadair is gá chun meastóireacht a dhéanamh orthu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1251 ón gCoimisiún ( 5 ) agus leis an “Lámhleabhar oibríochtúil don staidreamh agus do shampláil tuinníní an Atlantaigh agus éisc is comhchosúil le tuinníní” a d'fhoilsigh ICCAT in 1990.

2.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le gabhálacha a shampláil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2).

Airteagal 50

Fógra a thabhairt maidir le gabháil agus iarracht iascaireachta

1.  Mura ndéanann an Coimisiún a mhalairt a bhunú chun spriocdhátaí bliantúla arna leagan síos ag ICCAT a chomhall, seolfaidh na Ballstáit, faoin 30 Meitheamh gach bliain, na sonraí seo a leanas (sonraí Thasc I) chuig an gCoimisiún:

(a) faisnéis faoi thréithe a gcabhlaigh don bhliain roimhe sin;

(b) meastacháin ar shonraí na gabhála bliantúla ainmniúla (lena n-áirítear de réir foghabhála agus sonraí faoi ábhar aischurtha) a bhaineann le speicis ICCAT don bhliain roimhe sin.

2.  Mura ndéanann an Coimisiún a mhalairt a bhunú chun spriocdhátaí bliantúla arna leagan síos ag ICCAT a chomhall, seolfaidh na Ballstáit, faoin 30 Meitheamh gach bliain, na sonraí seo a leanas (sonraí Thasc II) maidir le speicis ICCAT chuig an gCoimisiún:

(a) sonraí maidir le gabháil agus leis an iarracht iascaireachta don bhliain roimhe, ina dtugtar miondealú mionsonrach spásúil-ama; áireofar sna sonraí sin meastacháin ar ábhar aischurtha agus ábhar scaoilte agus stádas na n-iasc á léiriú orthu (marbh nó ina mbeatha);

(b) léireofar aon sonraí atá acu faoi ghabhálacha in iascaigh áinleasa don bhliain roimhe.

3.  Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.

4.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le ceanglais mhionsonraithe do shonraí Thasc I agus do shonraí Thasc II dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo faoi seach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2).



CAIBIDIL IV

Trasloingsiú

Airteagal 51

Raon feidhme

1.  Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na hoibríochtaí trasloingsithe seo a leanas:

(a) oibríochtaí trasloingsithe a dhéantar laistigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT i dtaca le speicis ICCAT agus le speicis eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin; agus

(b) oibríochtaí trasloingsithe a dhéantar lasmuigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT i dtaca le speicis ICCAT agus le speicis eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin, agus a gabhadh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.

2.  De mhaolú ar phointe (b) de mhír 1, ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le trasloingsithe ar muir lasmuigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT d'éisc a gabhadh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT, más amhlaidh go bhfuil trasloingsiú dá shórt faoi réir clár le haghaidh trasloingsithe a bhunaigh ERBI tuinnín eile.

3.  Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le soithí harpúin atá ag gabháil de thrasloingsiú colgán úr ar muir.

Airteagal 52

Trasloingsiú i gcalafort

1.  Déanfar gach oibríocht trasloingsithe i gcalafoirt ainmnithe, ach amháin i gcás soithí spiléir peiligeacha mórscála de bhun Airteagal 53 go hAirteagal 60.

2.  Comhlíonfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais na hoibleagáidí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII tráth a bhíonn siad ag déanamh trasloingsithe i gcalafort.

3.  Beidh an tAirteagal seo gan dochar d'Airteagal 17 go hAirteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus Airteagail 4, 6, 7, agus 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

Airteagal 53

Trasloingsiú ar muir

Trasloingsiú ar muir a dhéanann soithí spiléir peiligeacha mórscála, déanfar é i gcomhréir le hAirteagal 54 go hAirteagal 60.

Airteagal 54

Taifead ICCAT ar shoithí iompair

1.  Eiseoidh na Ballstáit údaruithe i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhlaigh iascaireachta sheachtracha a bhainistiú go hinbhuanaithe ( 6 ), do shoithí iompair trasloingsithe a thógáil ar muir ó shoithí spiléir peiligeacha mórscála i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.

2.  Cuirfidh na Ballstáit na liostaí de na soithí iompair atá údaraithe de bhun mhír 1 faoi bhráid an Choimisiúin, tráth a n-údaraithe. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT gan mhoill le go gcuirfear san áireamh é i dtaifead ICCAT ar na soithí iompair.

3.  Cuirfidh na Ballstáit brataí an Coimisiún ar an eolas go pras faoi aon ábhar breise a chuirtear lena liostaí de na soithí iompair nó aon ábhar a scriostar díobh nó a mhodhnaítear orthu. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.

4.  Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, ní mór dó teacht leis an bhformáid agus leis an leagan amach a bhunaigh Rúnaíocht ICCAT agus áireofar ann an fhaisnéis seo a leanas:

 ainm an tsoithigh, uimhir chláir;

 uimhir taifid ICCAT (más ann);

 uimhir IMO (más ann);

 an t-ainm a bhí ann roimhe (más ann);

 an bhratach roimhe seo (más ann);

 mionsonraí a scriosta ó chláir eile (más ann);

 comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió;

 cineál soithigh, fad, olltonnáiste cláraithe agus cumas iompair;

 ainm agus seoladh an úinéara (na n-úinéirí) agus an oibritheora (na n-oibritheoirí);

 tréimhse ama údaraithe le haghaidh trasloingsiú.

5.  Ní fhéadfaidh ach soithí iompair atá cláraithe ar thaifead ICCAT ar na soithí iompair trasloingsiú ar muir dá dtagraítear in Airteagal 53 a fháil.

Airteagal 55

Údarú do shoithí spiléir peiligeacha mórscála trasloingsiú a dhéanamh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT

1.  Déanfaidh na Ballstáit údaruithe a eisiúint, i gcomhréir le forálacha de chuid Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhlaigh iascaireachta sheachtracha a bhainistiú go hinbhuanaithe ( 7 ), do shoithí spiléir peiligeacha mórscála a mbíonn a mbratach ar foluain orthu trasloingsiú ar muir.

2.  Cuirfidh na Ballstáit na liostaí de na soithí spiléir peiligeacha mórscála atá údaraithe de bhun mhír 1 faoi bhráid an Choimisiúin, tráth a n-údaraithe. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.

3.  Cuirfidh na Ballstáit brataí an Coimisiún ar an eolas go pras faoi aon bhreisiúchán a chuirtear lena liostaí de shoithí spiléir peiligeacha mórscála atá údaraithe trasloingsiú a dhéanamh ar muir nó aon ábhar a scriostar díobh nó a mhodhnaítear orthu. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.

4.  Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, ní mór dó teacht leis an bhformáid agus leis an leagan amach a bhunaigh Rúnaíocht ICCAT agus áireofar ann an fhaisnéis seo a leanas:

 ainm an tsoithigh, uimhir chláir;

 uimhir taifid ICCAT;

 tréimhse ama údaraithe le haghaidh trasloingsiú ar muir;

 bratach (bratacha), ainm (ainmneacha) agus uimhir chláir (uimhreacha cláir) na soithí iompair údaraithe lena n-úsáid do shoitheach (shoithí) spiléir peiligeach (peiligeacha) mórscála.

Airteagal 56

Réamhúdarú le haghaidh trasloingsiú ar muir

1.  Na trasloingsithe a dhéanann soithí spiléir peiligeacha mórscála in uiscí faoi dhlínse CPC, tá siad faoi réir réamhúdaraithe an CPC chéanna. Ní mór an leagan bunaidh nó cóip den údarú sin a choinneáil ar an soitheach agus é a chur ar fáil do bhreathnóir réigiúnach ICCAT ar a iarraidh sin dó.

2.  Ní bheidh cead ag soithí spiléir peiligeacha mórscála trasloingsiú ar muir mura mbeidh réamhúdarú faighte acu óna mBallstát brataí. Ní mór an leagan bunaidh nó cóip de dhoiciméid an údaraithe sin a choinneáil ar an soitheach agus é a chur ar fáil do bhreathnóir réigiúnach ICCAT ar a iarraidh sin dó.

3.  Chun na réamhúdaruithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a fháil, ní mór do mháistir nó d'úinéir an tsoithigh spiléir pheiligigh mhórscála an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl d'údaráis a Bhallstáit bhrataí agus don CPC cósta, ar a laghad 24 uair an chloig roimh an trasloingsiú atá beartaithe:

(a) ainm an tsoithigh spiléir pheiligigh mhórscála agus an uimhir atá air i dtaifid ICCAT ar na soithí spiléir peiligeacha mórscála atá údaraithe trasloingsiú a dhéanamh ar muir;

(b) ainm an tsoithigh iompair agus an uimhir atá air i dtaifead ICCAT ar na soithí iompair;

(c) an táirge atá le trasloingsiú, de réir speicis, más eol sin, agus, más féidir, de réir stoic;

(d) cainníochtaí speiceas ICCAT atá le trasloingsiú, más féidir, de réir stoic;

(e) cainníochtaí speiceas eile a ghabhtar i gcomhar le speicis ICCAT atá le trasloingsiú speiceas ar speiceas, más eol sin;

(f) dáta agus suíomh an trasloingsithe;

(g) suíomh geografach na ngabhálacha de réir speicis agus, más iomchuí, de réir stoic, i gcomhréir le limistéir staidrimh ICCAT.

Airteagal 57

Dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú

1.  Déanfaidh máistir nó úinéir an tsoithigh spiléir pheiligigh mhórscála dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú a chomhlánú agus a chur chuig a Bhallstát brataí agus chuig an CPC cósta faoi cheann 15 lá ar a dhéanaí.

2.  Déanfaidh máistir an tsoithigh iompair glactha, faoi cheann 24 uair an chloig ó rinneadh an trasloingsiú, an dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú a chomhlánú agus a chur chuig Rúnaíocht ICCAT, chuig CPC brataí an tsoithigh spiléir pheiligigh mhórscála agus chuig a Bhallstát brataí, mar aon leis an uimhir atá air i dtaifead ICCAT na soithí iompair.

3.  Déanfaidh máistir an tsoithigh iompair ghlactha, ar a laghad 48 uair an chloig sula dtugann sé éisc i dtír, an méid seo a chur ar aghaidh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé beartaithe éisc a thabhairt i dtír, an dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú, mar aon leis an uimhir atá air sin i dtaifead ICCAT ar na soithí iompair.

4.  Na speicis ICCAT uile agus aon speicis eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin agus a thugtar i dtír nó a allmhairítear i limistéar nó i gcríoch CPC, speicis gan a bheith próiseáilte nó a ndearnadh iad a phróiseál ar bord, agus a thrasloingsítear ar muir, ní mór dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú a bheith in éineacht leo go dtí go ndéanfar an chéad díol.

Airteagal 58

Clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT maidir le trasloingsiú ar muir

1.  Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go mbeidh breathnóir réigiúnach ICCAT ar bord gach soitheach iompair i mbun trasloingsiú i gcomhréir le clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT maidir le trasloingsiú ar muir mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VIII.

2.  Gan dochar d'Airteagal 73 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, tabharfar de chúram do bhreathnóir réigiúnach ICCAT a fhíorú go ndéantar an Chaibidil seo a chomhlíonadh, agus go háirithe a fhíorú an bhfuil na cainníochtaí a trasloingsíodh i gcomhréir leis an ngabháil a tuairiscíodh i ndearbhú ICCAT ar thrasloingsiú agus leis na gabhálacha a taifeadadh i ndialann loinge an tsoithigh.

3.  Beidh toirmeasc ar shoithigh tús a chur le trasloingsiú nó leanúint de bheith ag trasloingsiú i limistéar Choinbhinsiún ICCAT gan breathnóir réigiúnach ICCAT a bheith ar bord, ach amháin i gcás force majeure arna chur in iúl go hiomchuí do Rúnaíocht ICCAT.

Airteagal 59

Oibleagáidí maidir le tuairisciú

1.  Ballstát brataí na soithí spiléir peiligeacha mórscála a bhfuil trasloingsiú déanta acu agus Ballstáit na soithí iompair a bhfuil trasloingsithe faighte acu le linn na bliana roimhe sin, cuirfidh siad an méid seo a leanas chuig an gCoimisiúin faoin 15 Lúnasa gach bliain:

(a) cainníochtaí ghabhálacha speicis ICCAT, de réir speicis agus, más féidir, de réir stoic, a trasloingsíodh le linn na bliana roimhe;

(b) cainníochtaí speiceas eile a gabhadh i gcomhar le speicis ICCAT, más eol sin, a trasloingsíodh le linn na bliana roimhe;

(c) liosta de na soithí spiléir peiligeacha mórscála a bhfuil trasloingsiú déanta acu le linn na bliana roimhe;

(d) tuarascáil chuimsitheach ina ndéantar measúnú ar inneachar agus ar chonclúidí thuarascálacha bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT ar sannadh soithí iompair dóibh, soithí a bhfuil trasloingsiú faighte acu ó shoithí spiléir peiligeacha mórscála.

2.  Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a gheofar ar aghaidh de bhun mhír 1 chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Meán Fómhair gach bliain.

Airteagal 60

Comhsheasmhacht sonraí tuairiscithe

Ballstát brataí an tsoithigh spiléir pheiligigh mhórscála atá ag gabháil do thrasloingsithe ar muir, déanfaidh sé an fhaisnéis arna fáil a athbhreithniú de bhun an Rialacháin seo chun an méid seo a leanas a mheas: an chomhsheasmhacht idir gabhálacha agus trasloingsithe tuairiscithe gach soithigh, agus an méid a thuairiscítear go dtugann gach soitheach i dtír, lena n-áirítear an méid a dhéantar i gcomhar leis an Stát ina dtugtar éisc i dtír más gá. Déanfar an fíorú sin ar dhóigh a áiritheoidh go mbeidh an oiread is lú den chur isteach nó den mhíchaoithiúlacht ann don soitheach agus go seachnófar díghrádú ar chaighdeán an éisc.



CAIBIDIL V

Cláir Breathnóirí Eolaíochta

Airteagal 61

Cláir breathnóirí eolaíochta intíre a bhunú

1.  Bunóidh na Ballstáit cláir breathnóirí eolaíochta intíre chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a) clúdach breathnóra de 5 % ar a laghad ar an iarracht iascaireachta a bheith i ngach ceann de na hiascaigh spiléir pheiligeacha, pheaslíonta saighne agus bháid baoite;

(b) maidir le soithí cairtfhostaithe, de mhaolú ar phointe (a), clúdach breathnóra de 10 % ar a laghad ar an iarracht iascaireachta a bheith i ngach ceann de na hiascaigh spiléir pheiligeacha, pheaslíonta saighne agus bháid baoite;

(c) maidir le hoibriú an chabhlaigh, go mbeidh clúdach ama agus spásúil ionadaíoch ann chun a áirithiú go ndéanfar sonraí leordhóthanacha iomchuí a bhailiú, agus tréithe na gcabhlach agus na n-iascach á gcur san áireamh;

(d) go mbaileofar sonraí faoi gach gné den oibríocht iascaireachta, lena n-áirítear an ghabháil, de réir mar a shonraítear in Airteagal 63(1).

2.  Déanfar an clúdach breathnóra dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 a ríomh mar seo a leanas:

(a) i líon cur nó turas i dtaca le hiascaigh pheaslíonta saighne;

(b) mar laethanta iascaireachta, líon cur nó turas i dtaca le hiascaigh spiléir pheiligeacha; nó

(c) mar laethanta iascaireachta i dtaca le hiascaigh bhád baoite.

3.  De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, maidir le soithí faoi bhun 15 mhéadar ar fad san iomlán, i gcás ina bhfuil imní sábháilteachta neamhghnách ann a fhágann nach féidir breathnóir a imscaradh ar bord, féadfaidh Ballstát cur chuige malartach le haghaidh faireachán eolaíoch a úsáid. Le cur chuige malartach den sórt sin áiritheofar clúdach a bheidh ar aon dul leis an gcur chuige a sonraíodh i bpointe (a) de mhír 1 mar aon le bailiú comhchosúil sonraí. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann mionsonraí an chur chuige mhalartaigh faoi bhráid an Choimisiúin.

4.  Cuirfidh an Coimisiún mionsonraí an chur chuige mhalartaigh dá dtagraítear i mír 3 faoi bhráid Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh le meastóireacht a dhéanamh orthu. Beidh aon chuir chuige mhalartacha faoi réir fhormheas Choimisiún ICCAT ag cruinniú bliantúil ICCAT sula gcuirfear chun feidhme iad.

Airteagal 62

Cáilíochtaí breathnóirí eolaíochta

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an oiliúint is gá curtha ar bhreathnóirí, go mbeidh na cáilíochtaí cuí acu agus go ndéanfar iad a fhormheas sula n-imscarfar iad. Beidh na cáilíochta seo a leanas ag breathnóirí:

(a) eolas agus taithí leordhóthanach le bheith in ann speicis a shainaithint agus faisnéis a bhailiú maidir le cumraíochtaí éagsúla de threalamh iascaireachta;

(b) eolas sásúil faoi bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT;

(c) bheith in ann breathnú agus taifead cruinn a dhéanamh ar shonraí atá le bailiú faoin gclár;

(d) bheith in ann samplaí bitheolaíocha a bhailiú;

(e) gan a bheith ina bhall de chriú an tsoithigh iascaireachta ar a mbeifear ag breathnú; agus

(f) gan a bheith ina fhostaí de chuideachta soithigh iascaireachta a bhfuil baint aige nó aici leis an iascach a bhfuiltear ag breathnú air.

Airteagal 63

Cúraimí breathnóirí eolaíochta

1.  Go háirithe, cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas, de cheangal ar bhreathnóirí:

(a) faisnéis faoin ngníomhaíocht iascaireachta a thaifeadadh agus a thuairisciú, lena n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(i) sonraí maidir le spriocghabháil iomlán, foghabháil agus ábhar aischurtha (lena n-áirítear siorcanna, turtair mhara, mamaigh mhara agus éanlaith mhara), comhdhéanamh na méideanna, stádas aischurtha (i.e. coinnithe ar bord, caite thar bord agus iad marbh nó scaoilte saor ina mbeatha), agus samplaí bitheolaíocha le haghaidh staidéar saolréime (e.g. gónaid, otailití, dealga, lanna);

(ii) faisnéis maidir le hoibríocht iascaireachta, lena n-áirítear limistéar na gabhála de réir domhanleithid agus domhanfhaid, faisnéis maidir le hiarracht iascaireachta (e.g. líon cur, líon duán, etc.), dáta gach oibríocht iascaireachta, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, am tosaithe agus am stad na gníomhaíochta iascaireachta;

(b) breathnú ar úsáid beart maolaithe foghabhálacha agus iad a thaifeadadh mar aon le faisnéis ábhartha eile;

(c) moltaí a sheoladh a mheasann siad is iomchuí chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na mbeart caomhnaithe agus an fhaireacháin eolaíoch.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidfear prótacail láidre maidir le bailiú sonraí, lena n-áiritear, más gá, úsáid grianghrafadóireachta nó ceamaraí.

3.  Déanfaidh máistrí na soithí rochtain iomchuí ar an soitheach agus ar a chuid oibríochtaí a áirithiú le go mbeidh na breathnóirí in ann a gcuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach.

Airteagal 64

Faisnéis arna bailiú a sheoladh

Seolfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a bailíodh faoina gclár breathnóra eolaíochta intíre chuig an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh gach bliain. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain.



CAIBIDIL VI

Soithí iascaireachta tríú tír a rialú i gcalafoirt na mBallstát

Airteagal 65

Oibleagáidí tuairiscithe maidir le calafoirt ainmnithe agus pointí teagmhála

1.  Na Ballstáit ar mian leo rochtain ar a gcuid calafort a thabhairt do shoithí tríú tír a bhfuil speicis ICCAT ar bord acu nó táirgí iascaigh de thionscnamh speiceas nár tugadh i dtír cheana ná nár trasloingsíodh cheana i gcalafort, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a) a gcuid calafort ar féidir le soithí tríú tír cead a iarraidh chun dul isteach iontu a ainmniú de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(b) pointe teagmhála a ainmniú chun críocha réamhfhógra a fháil de bhun Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(c) pointe teagmhála a ainmniú chun críocha tuarascálacha cigireachta de chuid na gcalafort a tharchur de bhun Airteagal 66 den Rialachán seo.

2.  Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar liosta na gcalafort ainmnithe agus na bpointí teagmhála a tharchur chuig an gCoimisiún 30 lá ar a laghad sula dtiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl do Rúnaíocht ICCAT 14 lá ar a laghad sula dtiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm.

Airteagal 66

Oibleagáidí tuairiscithe maidir le cigireachtaí calafoirt

1.  Déanfaidh an Ballstát is cigire cóip de thuarascáil cigireachta an chalafoirt dá dtagraítear in Airteagal 10(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a tharchur chuig an gCoimisiún 10 lá ar a dhéanaí tar éis an dáta ar tugadh an chigireacht i gcrích. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT 14 lá ar a dhéanaí tar éis an dáta ar tugadh an chigireacht i gcrích.

2.  Más rud é nach féidir an tuarascáil a tharchur laistigh den tréimhse 10 lá dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an Ballstát is cigire fógra don Choimisiún laistigh den thréimhse sin faoi na cúiseanna leis an moill agus faoin uair a chuirfear an tuarascáil faoina bhráid.

3.  Más rud é go dtugann an fhaisnéis a bailíodh le linn na cigireachta cúis le creidiúint go ndearna soitheach tríú tír sárú ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT, beidh feidhm ag Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.



CAIBIDIL VII

Forfheidhmiú

Airteagal 67

Sáruithe líomhnaithe arna dtuairisciú ag na Ballstáit

1.  Le cois na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 48(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, déanfaidh na Ballstáit aon fhaisnéis dhoiciméadaithe a d'fhéadfadh a léiriú nár chomhlíon CPCanna bearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT a chur faoi bhráid an Choimisiúin 140 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a scrúdú agus, más iomchuí, í a sheoladh ar aghaidh chuid Rúnaíocht ICCAT 120 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT.

2.  Déanfaidh na Ballstáit an liosta de na soithí gabhála a bhfuil fad iomlán 12 mhéadar iontu nó níos mó, soithí próiseála éisc, tugaí agus soithí tarraingthe, soithí atá ag gabháil don trasloingsiú, agus soithí tacaíochta ar cuireadh líomhaintí ina leith go raibh siad i mbun iascaireacht NNN i limistéar Choinbhinsiún ICCAT le linn na bliana sin agus na bliana roimhe, a chur faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon leis an bhfianaise tacaíochta a bhaineann leis an toimhde go raibh iascaireacht NNN ar bun acu. Seolfar an liosta sin 140 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis sin agus, más amhlaidh go luaitear an fhaisnéis go soiléir ann, seolfaidh sé ar aghaidh í chuig Rúnaíocht ICCAT 120 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT chun críche dréachtliosta NNN de chuid ICCAT a bhunú.

Airteagal 68

Dréachtliosta NNN ICCAT

Déanfaidh na Ballstáit monatóireacht ghéar ar na soithí a áirítear i ndréachtliosta NNN de chuid ICCAT arna scaipeadh ag Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT, chun gníomhaíochtaí agus athruithe féideartha ainmneacha, brataí nó úinéara cláraithe na soithí sin a chinneadh.

Airteagal 69

Neamhchomhlíontachtaí líomhnaithe arna dtuairisciú ag Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT

1.  Má fhaigheann an Coimisiún aon fhaisnéis ó Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT lena léirítear amhras maidir le neamhchomhlíontacht ag Ballstát, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a thraschur chuig an mBallstát lena mbaineann gan mhoill.

2.  Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann torthaí aon imscrúduithe arna dhéanamh ar fáil don Choimisiún, ar a laghad 45 lá roimh chruinniú bliantúil ICCAT, maidir le líomhaintí na neamhchomhlíontachta agus aon ghníomhaíochtaí a glacadh chun dul i ngleic le saincheisteanna maidir le comhlíontacht. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT 30 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT.

Airteagal 70

Sáruithe líomhnaithe arna dtuairisciú ag CPC

1.  Ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála chun críche tuarascálacha cigireachta calafort a fháil ó CPCanna.

2.  Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar an bpointe teagmhála dá dtagraítear i mír 1 a tharchur 30 lá ar a laghad sula dtiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT 14 lá ar a laghad sula dtiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm.

3.  Más rud é go bhfaigheann an pointe teagmhála, arna ainmniú ag Ballstát, tuarascáil cigireachta calafoirt ó CPC ina dtugtar fianaise go ndearna soitheach iascaireachta a raibh bratach an Bhallstáit sin ar foluain air sárú ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT, déanfaidh an Ballstát sin an sárú a imscrúdú go pras agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún, laistigh de 160 lá tar éis dó an tuarascáil cigireachta calafoirt sin a fháil, faoi stádas an imscrúdaithe agus faoi aon ghníomhaíocht fhorghníomhaithe a d'fhéadfadh a bheith glactha.

4.  I gcás nach féidir leis an mBallstát brataí an spriocdháta dá dtagraítear i mír 3 a chomhall, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi na cúiseanna leis an moill agus faoin uair a chuirfear an tuarascáil maidir le stádas an imscrúdaithe faoina bhráid.

5.  Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT laistigh de 180 lá ón am a fuair sé an tuarascáil cigireachta calafoirt agus, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71, áiritheoidh sé an fhaisnéis maidir le stádas na n-imscrúdaithe agus aon ghníomhaíochtaí forghníomhaithe arna ndéanamh ag an mBallstát brataí.



TEIDEAL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 71

Tuarascáil bhliantúil

1.  Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 20 Lúnasa gach bliain le haghaidh na bliana féilire roimhe sin, agus inti beidh faisnéis maidir le hiascaigh, taighde, staidreamh, bainistíocht, gníomhaíochtaí cigireachta agus gníomhaíochtaí maidir le hiascaireacht NNN a chosc agus aon fhaisnéis bhreise de réir mar is iomchuí.

2.  Áiritheofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis maidir leis na céimeanna a glacadh chun foghabhálacha a mhaolú agus ábhar aischurtha a laghdú, agus maidir le haon taighde ábhartha sa réimse sin.

3.  Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 agus de bhun mhír 2 a thiomsú agus a sheoladh ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.

4.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le ceanglais mhionsonraithe maidir le formáid na tuarascála bliantúla dá dtagraítear san Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2).

Airteagal 72

Rúndacht

Na sonraí a bhailítear agus a mhalartaítear laistigh de chreat an Rialacháin seo, caithfear leo i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht de bhun Airteagal 112 agus Airteagal 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 73

An nós imeachta i gcomhair leasuithe

1.  I gcás inar gá d'fhonn leasuithe ar mholtaí ICCAT atá ann cheana a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ar leasuithe iad a bheidh ceangailteach ar an Aontas, a mhéid nach dtéann leasuithe ar dhlí an Aontais thar mholtaí ICCAT, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 74 chun an méid seo a leanas a leasú:

(a) Iarscríbhinní II go VIII;

(b) na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 7(1), Airteagal 8, Airteagal 9(1) agus Airteagal 10(2), Airteagal 14(1) agus (3), Airteagal 18, Airteagal 20(2), (3), agus (4), Airteagal 22(2), Airteagal 23(1) agus (2), Airteagal 26(1) agus (3), Airteagal 40(1), Airteagal 42(1), Airteagal 44(3) agus Airteagal 47(2), Airteagal 48(1) agus (2), Airteagal 50(1) agus (2), Airteagal 56(3), Airteagal 57(1), (2) agus (3), Airteagal 59(1) agus (2), Airteagal 64, Airteagal 65(2), Airteagal 66(1) agus (2), Airteagal 67(1) agus (2), Airteagal 69(2), Airteagal 70(2), (3) agus (5), agus Airteagal 71(1);

(c) an limistéar a leagtar síos i bpointe (b) d'Airteagal 14(1);

(d) na híosmhéideanna a leagtar síos ina Airteagal 19(1) agus (2), Airteagal 24(2), agus Airteagal 29(2) agus (3);

(e) na lamháltais a leagtar síos in Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 21 agus Airteagal 24(3);

(f) na sonraíochtaí teicniúla maidir le duáin agus spiléir a leagtar síos in Airteagal 25 agus i bpointe (b) d'Airteagal 38(5);

(g) an clúdach breathnóirí eolaíochta a leagtar síos in Airteagal 29(1), agus i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 61(1);

(h) an cineál faisnéise agus sonraí a leagtar síos in Airteagail 11(1), (2) agus (3), Airteagal 12, Airteagal 20(2), Airteagal 26(1) agus Airteagal 42(1), Airteagal 50(1) agus (2) agus Airteagal 54(4), Airteagal 55(4), Airteagal 56(3) agus Airteagal 59(1);

(i) an líon uasta baoithe uirlise a leagtar síos in Airteagal 9(4).

2.  Leasuithe ar bith a ghlactar i gcomhréir le mír 1, beidh siad teoranta go docht do chur chun feidhme na leasuithe ar mholadh ICCAT lena mbaineann i ndlí an Aontais.

Airteagal 74

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 73 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 3 Nollaig 2017. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 73 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 73 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 75

Nós Imeachta Coiste

1.  Beidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 1380/2013 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 76

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001

I Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, scriostar Airteagail 4, 5, 6, 6a, 7, 8a, 8b, 8c, 9, 9a agus 10 go 19.

Airteagal 77

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 mar a leanas:

(a) in Airteagal 3, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(g)

soitheach iascaireachta mórscála : soitheach iascaireachta a bhfuil fad 20 méadar ann san iomlán nó níos mó;

(h)

soitheach spiléir peiligeach mórscála : soitheach spiléir peiligeach a bhfuil fad 24 mhéadar ann san iomlán nó níos mó.”;

(b) in Airteagal 4(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(c) más rud é gur soitheach iascaireachta mórscála a rinne an iascaireacht, ní ghlacfar leis sin ach i gcás ina bhfuil an soitheach sin cláraithe ar thaifead ICCAT na soithí.”;

(c) in Airteagal 5(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(c) más rud é gur soitheach iascaireachta mórscála a rinne an iascaireacht, ní bhailíochtófar sin ach i gcás ina bhfuil an soitheach sin cláraithe ar thaifead ICCAT na soithí.”;

(d) i gCaibidil 2, cuirtear an Roinn seo a leanas leis:

“Roinn 4

Ceanglais do na Ballstáit maidir le táirgí trasloingsithe i limistéar Choinbhinsiún ICCAT

Airteagal 7a

Doiciméid agus tuairisciú staidrimh

1.  Nuair a dhéantar doiciméid staidrimh a bhailíochtú, áiritheoidh Ballstát brataí na soithí spiléir peiligeacha mórscála go mbeidh trasloingsithe i gcomhréir le méid na gabhála arna thuairisciú ag gach soitheach den sórt sin.

2.  Ballstát brataí na soithí spiléir peiligeacha mórscála, déanfaidh sé doiciméid staidrimh a bhailíochtú maidir leis na héisc a trasloingsíodh, tar éis dó a dheimhniú go ndearnadh an trasloingsiú i gcomhréir le hAirteagail 51 go 58 de Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ). Bunófar an deimhniú ar an bhfaisnéis a gheofar trí chlár breathnóirí réigiúnacha ICCAT maidir le trasloingsiú ar muir.

3.  Na speicis arna gcumhdú ag na cláir doiciméad staidrimh agus arna ngabháil ag soithí spiléir peiligeacha mórscála i limistéar Choinbhinsiún ICCAT, éileoidh na Ballstáit go mbeidh doiciméid staidrimh bailíochtaithe i ndáil leis na soithí ar liosta ICCAT de na soithí spiléir peiligeacha mórscála atá údaraithe trasloingsiú a dhéanamh ar muir, mar aon le cóip den dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú, beidh na doiciméid sin ag gabháil leis na speicis sin, nuair a allmhairítear isteach iad ina limistéar nó ina gcríoch.

Airteagal 78

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 520/2007

I Rialachán (CE) Uimh. 520/2007, déantar Airteagal 4(1), Teideal II agus Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV a scriosadh.

Airteagal 79

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

SPEICIS ICCAT



Fine

An t-ainm Laidine

An t-ainm Gaeilge

Scombridae

Acanthocybium solandri

Wahoo

Allothunnus fallai

Tuinnín caol

Auxis rochei

Tuinnín piléir

Auxis thazard

Tuinnín frigéid

Euthynnus alletteratus

Tuinnín bán

Gasterochisma melampus

Rí-iasc féileacáin

Katsuwonus pelamis

Boiníotó aigéanach

Orcynopsis unicolor

Boiníotó aondathach

Sarda sarda

Boiníotó Atlantach

Scomberomorus brasiliensis

Ronnach buí Brasaíleach

Scomberomorus cavalla

Rí-ronnach

Scomberomorus maculatus

Ronnach buí Atlantach

Scomberomorus regalis

Ronnach rí-úil

Scomberomorus tritor

Ronnach buí Iar-Afracach

Thunnus alalunga

Tuinnín colgach

Thunnus albacares

Tuinnín buí

Thunnus atlanticus

Tuinnín dubheite

Thunnus maccoyii

Tuinnín gorm deisceartach

Thunnus obesus

Tuinnín mórshúileach

Thunnus thynnus

Tuinnín gorm Atlantach

Istiophoridae

Istiophorus albicans

Colgán na ndealg Atlantach

Makaira indica

Mairlín dubh

Makaira nigricans

Mairlín gorm Atlantach

Tetrapturus albidus

Mairlín geal Atlantach

Tetrapturus belone

Mairlín Meánmhuirí

Tetrapturus georgii

Mairlín cruinnghainneach

Tetrapturus pfluegeri

Mairlín gobfhada

Xiphiidae

Xiphias gladius

Colgáin

Alopiidae

Alopias superciliosus

Sionnach mara mórshúileach

Carcharhinidae

Carcharhinus falciformis

Síodsiorc

Carcharhinus longimanus

Siorc bán aigéanach

Prionace glauca

Siorc gorm

Lamnidae

Isurus oxyrinchus

Siorc mácó biorshrónach

Lamna nasus

Craosaire

Sphyrnidae

Sphyrna spp.

Siorcanna ceann casúir

Coryphaenidae

Coryphaena hippurus

Doráid




IARSCRÍBHINN II

TREOIRLÍNTE MAIDIR LE PLEANANNA BAINISTÍOCHTA I NDÁIL LE FEISTÍ UM CHOMHBHAILIÚ ÉISC (FAD) A ULLMHÚ

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith mar chuid den phlean bainistíochta FAD maidir le cabhlaigh pheaslíonta saighne CPC agus cabhlaigh bád baoite CPC:

(1) Tuairisc

(a) Cineálacha FAD: AFAD = ar ancaire; DFAD = a imíonn le sruth

(b) Cineálacha rabhcháin/baoi

(c) An líon uasta FAD a dhéanfar a imscaradh in aghaidh an pheaslín saighne agus in aghaidh an chineáil FAD

(d) An fad íosta idir AFADanna

(e) Beartas um fhoghabhálacha a laghdú agus a úsáid

(f) Idirghníomhaíocht le cineálacha eile trealaimh a chur san áireamh

(g) Ráiteas nó beartas maidir le “húinéireacht FAD”

(2) Socruithe institiúideacha

(a) Freagrachtaí institiúideacha maidir leis an bplean bainistíochta FAD

(b) Próisis iarratais maidir le formheas a iarraidh ar imscaradh FAD

(c) Oibleagáidí úinéirí agus máistrí soithí i dtaca le FAD a imscaradh agus a úsáid

(d) Beartas maidir le hathsholáthar FAD

(e) Oibleagáidí breise tuairiscithe thar an Rialachán seo

(f) Beartas maidir le réiteach coinbhleachtaí i dtaca le FADanna

(g) Mionsonraí maidir le limistéir nó tréimhsí atá iata, mar shampla uiscí teorann, lánaí loingseoireachta, gaireacht d'iascaigh ar mhionscála, etc.

(3) Sonraíochtaí agus ceanglais maidir le tógáil FAD

(a) Tréithe dearaidh FAD (tuairisc)

(b) Ceanglais soilsiúcháin

(c) Frithchaiteoirí radair

(d) Fad infheicthe

(e) Marcanna agus aitheantóir FAD

(f) Marcanna agus aitheantóir baoithe raidió (ceanglas i dtaca le sraithuimhreacha)

(g) Marcanna agus aitheantóir baoithe sondálaí fuaime (ceanglas i dtaca le sraithuimhreacha)

(h) Trasghlacadóirí satailíte

(i) Taighde a dhéantar ar FADanna in-bhithdhíghrádaithe

(j) Cailliúint nó tréigean FADanna a chosc

(k) Aisghabháil FADanna a bhainistiú.

(4). Tréimhse infheidhme an phlean bainistíochta FAD

(5). Modhanna chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean bainistíochta FAD




IARSCRÍBHINN III

LIOSTA DE FADANNA IMSCARTHA AR BHONN RÁITHIÚIL



Aitheantóir FAD

Cineálacha FAD agus trealaimh leictreonaigh

Tréithe dearaidh FAD

Breathnóireacht

Marcáil FAD

Rabhchán atá gaolmhar Aitheantas

Cineál FAD

Cineál an rabhcháin atá gaolmhar agus/nó gléasanna leictreonacha

Páirt den FAD a bhíonn ar snámh

Struchtúr den FAD a bhíonn ar crochadh faoi uisce

Toisí

Ábhair

Toisí

Ábhair

 (1)

 (1)

 (2)

 (3)

 (4)

 (5)

 (4)

 (6)

 (7)

(1)   Má tá an mharcáil FAD agus na sonraí aitheantais ón rabhchán atá gaolmhar leis in easnamh nó doléite, luaigh é sin agus soláthair an fhaisnéis ar fad atá ar fáil, faisnéis a bheadh ina cabhair chun úinéir an FAD a aithint.

(2)   FAD ar ancaire, FAD nadúrtha a imíonn le sruth nó FAD saorga a imíonn le sruth.

(3)   Mar shampla, GPS, sondálaí, etc. Mura bhfuil gléas leictreonach bainteach leis an FAD, déan nóta de go bhfuil an trealamh in easnamh.

(4)   Mar shampla, leithead, fad, airde, doimhneacht, mogallmhéideanna, etc.

(5)   Luaigh cén t-ábhar atá sa struchtúr agus sa chumhdach agus an bhfuil an t-ábhar in-bhithdhíghrádaithe.

(6)   Mar shampla, líonta, rópaí, duilleoga pailme, etc. agus luaigh freisin gnéithe fostúcháin agus/nó in-bhithdhíghrádaithe an ábhair.

(7)   Déanfar na sonraíochtaí soilsiúcháin, na frithchaiteoirí radair agus na faid infheicthe a thuairisciú sa roinn seo.




IARSCRÍBHINN IV

NA CEANGLAIS MAIDIR LE CLÁR BREATHNÓIRÍ I DTACA LE SOITHÍ ATÁ AG IASCAIREACHT LE HAGHAIDH TUINNÍNÍ TRÓPAICEACHA SNA LIMISTÉIR GHEOGRAFACHA LE LINN AN IAIMH AMA AGUS LIMISTÉIR

1. Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag na breathnóirí ionas go mbeidh siad in ann a ndualgais a chur i gcrích:

 taithí leordhóthanach le go mbeidh siad in ann speicis agus trealamh iascaireachta a shainaithint;

 eolas sásúil ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT a mheasúnaítear trí bhíthin deimhniú arna sholáthar ag an mBallstát ar bhonn threoirlínte traenála ICCAT;

 cumas breathnóireacht agus taifead beacht a dhéanamh;

 eolas sásúil ar theanga stát brataí an tsoithigh ar a bhfuil sé i mbun breathnóireachta.

2. Ní bheidh na breathnóirí ina mbaill de chriú an tsoithigh iascaireachta a bhfuil breathnóireacht á déanamh air agus:

(a) beidh siad ina náisiúnaigh de cheann amháin de na tíortha CPC;

(b) beidh siad in ann na dualgais a leagtar amach i bpointe 3 a dhéanamh;

(c) ní bheidh aon leas airgeadais ná tairbhiúil reatha acu in iascach an tuinnín ghoirm.

Dualgais bhreathnóra

3. Seo a leanas, go háirithe, na dualgais a bheidh le déanamh ag an mbreathnóir:

(a) déanfaidh sé faireachán ar a mhéid a chomhlíonann na soithí iascaireachta na bearta ábhartha caomhnaithe agus bainistithe arna nglacadh ag Coimisiún ICCAT.

Go háirithe, déanfaidh na breathnóirí an méid seo a leanas:

(i) taifeadadh agus tuairisciú ar na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéantar;

(ii) breathnóireacht agus meastachán ar ghabhálacha agus fíoróidh siad iontrálacha a dhéantar sa logleabhar;

(iii) soithí a aimsiú a d'fhéadfadh a bheith i mbun iascaireachta de shárú ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT agus taifead a choinneáil ar na soithí sin;

(iv) suíomh an tsoithigh agus é i mbun gníomhaíocht gabhála a fhíorú;

(v) obair eolaíochta amhail sonraí maidir le Tasc II a bhailiú, ar éileamh ó ICCAT, ar bhonn na dtreoracha ó Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh;

(b) agus aird chuí á tabhairt acu ar a sábháilteacht féin, déanfaidh siad tuairisciú gan mhoill ar aon ghníomhaíocht iascaireachta atá bainteach le FADanna a dhéanann soitheach sa limistéar agus le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 11;

(c) cuirfidh siad tuarascálacha ginearálta i dtoll a chéile ina dtiomsófar an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir leis an bpointe 3 seo agus deis a thabhairt don mháistir aon fhaisnéis iomchuí a chur sna tuarascálacha sin.

4. Déileálfaidh na breathnóirí leis an bhfaisnéis go léir maidir le hoibríochtaí iascaireachta agus trasloingsithe na soithí iascaireachta mar fhaisnéis rúnda agus glacfaidh siad leis an gceanglas seo i scríbhinn mar choinníoll lena gceapachán mar bhreathnóirí.

5. Comhlíonfaidh na breathnóirí ceanglais arna mbunú i ndlíthe agus rialacháin an Bhallstáit bhrataí a bhfuil dlínse aige ar an soitheach a bhfuil an breathnóir sannta dó.

6. Urramóidh na breathnóirí an grádlathas agus na rialacha iompraíochta ginearálta atá i bhfeidhm maidir le pearsanra uile an tsoithigh, mar aon leis na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointe 7, ar choinníoll nach gcuireann na rialacha sin isteach ar dhualgais an bhreathnóra faoin gclár seo.

Oibleagáidí na mBallstát brataí

7. I measc na bhfreagrachtaí maidir le breathnóirí na mBallstát brataí de na soithí iascaireachta agus a máistrí, áireofar, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a) beidh cead rochtana ag na breathnóirí ar phearsanra an tsoithigh agus ar an bhfearas agus an trealamh;

(b) tabharfar cead rochtana freisin do bhreathnóirí, arna iarraidh sin dóibh, ar an trealamh seo a leanas, má tá sé ar bord na soithí dá bhfuil siad sannta, d'fhonn comhlíonadh a ndualgas mar a leagtar amach i bpointe 3 a éascú:

(i) trealamh loingseoireachta satailíte;

(ii) scáileáin féachana taispeána radair nuair a bhítear á n-úsáid;

(iii) modhanna leictreonacha cumarsáide;

(c) cuirfear cóiríocht ar fáil do na breathnóirí, lena n-áirítear lóistín, bia agus áiseanna sláintíochta leordhóthanacha, atá ar chomhchaighdeán lena bhfuil ar fáil d'oifigigh;

(d) cuirfear spás leordhóthanach ar an droichead nó sa teach píolóta ar fáil do na breathnóirí le haghaidh obair chléireachais, chomh maith le spás ar an deic atá leordhóthanach chun dualgais bhreathnóireachta a chomhlíonadh; agus

(e) áiritheoidh an Ballstát brataí nach gcuirfidh máistrí, criúnna, ná úinéirí soithí bac ná imeagla ar na breathnóirí agus iad i mbun a ndualgas, agus nach gcuirfear isteach orthu ná nach n-imreofar tionchar orthu, agus nach dtabharfar breab dóibh ná nach ndéanfar iarracht breab a thabhairt dóibh.




IARSCRÍBHINN V

ÍOSCHAIGHDEÁIN THEICNIÚLA MAIDIR LE BEARTA MAOLAITHE



Beart maolaithe

Tuairisc

Sonraíochtaí

Doruithe a chur le linn na hoíche gan de shoilsiú deice ach a laghad is gá

Gan doruithe a chur idir camhaoir agus coineascar muirí. Gan ach a laghad is gá de shoilsiú deice a bheith ann

Déantar coineascar muirí agus camhaoir mhuirí a shainmhíniú faoi mar a leagtar amach iad i dtáblaí an Almanaig Loingseoireachta maidir leis an domhanleithead, am áitiúil agus dáta ábhartha. Níor cheart don soilsiú íosta deice na híoschaighdeáin sábháilteachta agus loingseoireachta a shárú.

Línte scanraithe éan

Déanfar línte scanraithe éan a imscaradh nuair atá trealamh spiléir in úsáid chun an ruaig a chur ar éin ó theacht i ngiorracht don snúda

I gcás soithí atá níos faide ná nó cothrom le 35 m:

— is ceart ar a laghad líne amháin scanraithe éan a imscaradh. Moltar do na soithí an dara cuaille agus an dara líne scanraithe éan a úsáid, más indéanta, tráth a bhíonn cuid mhór éan ann nó cuid mhór gníomhaíochta éan ann; is ceart an dá líne scanraithe éan a imscaradh an tráth céanna, ceann ar gach taobh den dorú atá á chur;

— caithfidh fairsinge aeir na línte scanraithe éan a bheith níos faide ná nó cothrom le 100 m;

— is ceart úsáid a bhaint as sraoilleáin fhada atá sách fada le go sínfeadh siad chomh fada le barr na farraige agus í ina calm;

— ní mór gan na sraoilleáin fhada a bheith níos faide ná 5 m óna chéile.

I gcás soithí atá níos giorra na 35 m:

— is ceart ar a laghad líne amháin scanraithe éan a imscaradh;

— caithfidh fairsinge aeir na línte scanraithe éan a bheith níos faide ná nó cothrom le 75 m;

— is gá sraoilleáin atá fada agus/nó gearr (ach níos faide ná 1 m ar fad) a úsáid agus iad a bheith ceangailte den líne mar seo a leanas:

— 

— Gearr: gan de bhearna níos faide ná 2 m a bheith eatarthu.

— Fada: gan de bhearna níos faide ná 5 m a bheith eatarthu den chéad 55 m de líne scanraithe éan.

Gheofar treoirlínte breise maidir le dearadh agus imscaradh línte scanraithe éan sna Treoirlínte Forlíontacha maidir le Dearadh agus Imscaradh línte scanraithe éan anseo thíos.

 

Meáchain líne a chur ar an snúda sula gcuirfear san uisce é

Níos mó ná 45 g ina iomláine ceangailte taobh istigh de 1 m ón duán; nó

Níos mó ná 60 g ina iomláine ceangailte taobh istigh de 3,5 m ón duán; nó

Níos mó ná 98 g ina iomláine ceangailte taobh istigh de 4 m ón duán.




TREOIRLÍNTE FORLÍONTACHA MAIDIR LE DEARADH AGUS IMSCARADH LÍNTE SCANRAITHE ÉAN

Brollach

Tá teacht ar íoschaighdeáin theicniúla maidir le himscaradh línte scanraithe éan sa Tábla thuas. Tá na treoirlínte forlíontacha seo ceaptha chun cuidiú le rialacháin maidir le línte scanraithe éan i gcás soithí spiléir a ullmhú agus a chur chun feidhme. D'ainneoin go bhfuil na treoirlínte seo sách soiléir, moltar éifeachtúlacht na línte scanraithe éan a fheabhsú trí thástáil a dhéanamh laistigh de cheanglais an Tábla thuas. Cuirtear san áireamh sna treoirlínte athróga comhshaoil agus oibríochtúla, ina measc dálaí aimsire mar aon leis an luas lena gcuirtear amach na línte iascaireachta agus méid na loinge, ar fachtóirí iad uile a mbíonn tionchar acu ar fheidhmíocht agus ar dhearadh na línte scanraithe le baoití a chosaint ar éin. D'fhonn na hathróga sin a chur san áireamh féadfaidh athrú teacht ar dhearadh na línte scanraithe éan agus ar an úsáid a bhaintear astu ar choinníoll nach ndéanfar dochar d'fheidhmíocht na líne. Tá sé beartaithe feabhas leanúnach a chur ar dhearadh na línte scanraithe éan agus, dá bhrí sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte seo amach anseo.

Dearadh na línte scanraithe éan

1. Gléas tarraingthe iomchuí ar an gcuid sin den líne scanraithe éan atá san uisce, féadfaidh gléas den chineál sin fairsinge aeir na líne a fheabhsú.

2. Ba cheart go mbeadh an chuid sin den líne atá os cionn an uisce sách éadrom chun nach bhféadfadh na héin a gluaiseachtaí a thuar nó nach rachadh siad i dtaithí uirthi agus ba cheart go mbeadh an líne sách trom chun nach gcuirfeadh an ghaoth dá treo í.

3. Is fearr an líne a cheangal den soitheach le sclóin láidir bhairille chun nach rachadh an líne i bhfostú inti féin.

4. Ba cheart go mbeadh na sraoilleáin déanta as ábhar atá feiceálach agus a bhogann go beoga ar bhealach nach féidir a thuar (mar shampla, líne fhíneálta láidir atá cumhdaithe le feadánra polúireatáin dearg) atá ar crochadh ó sclóin láidir trí bhealach (chun nach rachadh an líne i bhfostú inti féin) agus iad ceangailte den líne scanraithe éan.

5. Ba cheart dhá dhual nó níos mó a bheith i ngach sraoilleán.

6. Ba cheart go mbeifí in ann an sraoilleán a bhaint trí bhíthin fáiscín sa chaoi gur éifeachtúla stuáil na líne.

Línte scanraithe éan a imscaradh

1. Ba cheart an líne a bheith ar crochadh ó chuaille atá feistithe den soitheach. Ba cheart an cuaille scanraithe éan a shocrú chomh hard agus is féidir sa chaoi go ndéanfadh an líne baoití a bhfuil fad maith idir iad agus cúl an tsoithigh a chosaint agus nach rachadh sí i bhfostú sa trealamh iascaireachta. Dá airde an cuaille is fearr an chosaint baoití. Mar shampla, thabharfadh cuaille atá tuairim agus 7 méadar os cionn na huiscelíne thart ar 100 méadar de chosaint baoití.

2. Mura bhfuil ach líne amháin scanraithe éan in úsáid ag soithí, is ceart í a chur taobh na gaoithe de bhaoití báite. Má chuirtear amach duáin bhaoiteáilte taobh amuigh den mharbhshruth, is ceart pointe ceangail na líne scanraithe éan den soitheach a bheith suite roinnt méadar taobh amuigh de thaobh an tsoithigh ar a ndéantar na baoití a imscaradh. Má tá dhá líne scanraithe éan in úsáid ag soithí, ní mór na duáin bhaoiteáilte a imscaradh taobh istigh den limistéar idir an dá líne scanraithe éan.

3. Moltar go ndéanfar iliomad línte scanraithe éan a imscaradh chun cosaint bhreise ar éin a thabhairt do bhaoití.

4. Ar an ábhar go bhféadfaidh briseadh línte a bheith ann nó go bhféadfaidh na línte dul i bhfostú ina chéile, ba cheart línte breise scanraithe éan a bheith ar bord le cur in áit na gceann a ndéantar damáiste dóibh agus le cinntiú gur féidir leanúint d'oibríochtaí iascaireachta gan bhriseadh. Is féidir scaoilteán a bheith mar chuid den líne scanraithe éan chun fadhbanna sábháilteachta agus oibríochtúla a laghdú sa chás go dtéann snámhán spiléir in achrann nó i bhfostú i bhfairsinge uisce na líne scanraithe éan.

5. Nuair a bhíonn meaisín caite amach baoití (BCM) in úsáid ag iascairí, ní mór dóibh a áirithiú go ndéantar comhordú ar na línte scanraithe éan agus an meaisín trína áirithiú go mbíonn teilgean BCM go díreach faoin limistéar atá cosanta ag na línte scanraithe éan. Agus BCM (nó BCManna iomadúla) in úsáid a chaitheann amach baoití ar clébhord agus ar deasbhord, ba cheart dhá líne scanraithe éan a úsáid.

6. Nuair a bhíonn an snúda á chaitheamh amach de lámh, ní mór do na hiascairí a áirithiú go gcaitear amach na duáin bhaoiteáilte agus na codanna corntha den snúda faoin limistéar atá cosanta ag na línte scanraithe éan agus go seachnaítear an tsuaiteacht liáin a mhoilleodh an ráta suncála.

7. Moltar d'iascairí crainn tochrais láimhe, leictreacha nó hiodrálacha a shuiteáil chun imscaradh agus aisghabháil na línte scanraithe éan a éascú.




IARSCRÍBHINN VI

CEANGLAIS MHIONSONRAITHE MAIDIR LE SCAOILEADH SAOR TURTAR MARA

Maidir le cleachtais láimhseála sábháilte:

(i) Nuair atáthar chun turtar mara a bhaint as an uisce, bainfear úsáid as cliabhán ardaithe nó cochall chun na turtair mhara a bhfuil duán iontu nó atá i bhfostú sa trealamh a thabhairt ar bord. Ní úsáidfear dorú atá ceangailte de chorp turtair mhara, nó a bhfuil corp turtair mhara imithe i bhfostú ann, chun an turtar a tharraingt as an uisce. Mura féidir an turtar mara a thógáil as an uisce go sábháilte, is ceart don chriú an dorú a ghearradh chomh gar agus is féidir don duán, gan aon díobháil bhreise neamhriachtanach a dhéanamh don turtar mara.

(ii) I gcás ina dtógtar ar bord turtair mhara a ghabhtar nó atá imithe i bhfostú sa trealamh, déanfaidh oibreoirí soithigh nó criú riocht na dturtar mara a mheas sula scaoilfear saor iad. Coinneofar ar bord a mhéid is féidir na turtair mhara a bhfuil deacrachtaí acu bogadh nó atá marbhánta agus tiocfar i gcabhair orthu i gcaoi a thabharfaidh a oiread seans agus is féidir dóibh teacht slán sula scaoilfear saor iad. Tá tuilleadh eolais faoi na cleachtais sin i dTreoirlínte EBT maidir le ráta báis na dturtar mara a laghdú in oibríochtaí iascaireachta.

(iii) Déanfar na turtair mhara a láimhseáiltear le linn oibríochtaí iascaireachta nó mar chuid de chláir breathnóirí náisiúnta (mar shampla, gníomhaíochtaí clibeála), déanfar iad a láimhseáil, a mhéid is féidir, i gcomhréir le Treoirlínte EBT maidir le ráta báis na dturtar mara a laghdú in oibríochtaí iascaireachta.

Maidir le húsáid gearrthóirí dorú:

(i) Iomprófar gearrthóirí dorú ar bord soithí spiléir agus úsáidfear iad nuair nach féidir an duán a bhaint as na turtair mhara gan díobháil a dhéanamh dóibh, agus iad á scaoileadh saor.

(ii) Iomprófar gearrthóirí dorú ar bord soithí de chineálacha eile a mbíonn trealamh in úsáid acu ina bhféadfadh turtair mhara dul i bhfostú ann agus úsáidfear na huirlisí sin chun an trealamh a bhaint go sábháilte agus na turtair mhara a scaoileadh saor.

Maidir le húsáid uirlisí bainte duáin:

(i) Iomprófar uirlisí bainte duáin ar bord soithí spiléir chun duáin a bhaint go héifeachtach as turtair mhara.

(ii) Má shlogann an turtar duán siar, ní dhéanfar aon iarracht an duán a bhaint. Ina ionad sin, ní mór an dorú a ghearradh chomh gar agus is féidir don duán gan aon díobháil bhreise neamhriachtanach a dhéanamh don turtar mara.




IARSCRÍBHINN VII

TRASLOINGSIÚ I GCALAFORT

1.

Nuair a dhéantar trasloingsiú i gcalafort ar shoithí ón Aontas nó i gcalafoirt an Aontais ar thuinnín nó ar speicis atá cosúil le tuinnín agus ar aon speiceas eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin laistigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT, leanfar na nósanna imeachta seo a leanas:

Oibleagáidí i dtaobh fógra a thabhairt

2.   Soitheach iascaireachta

2.1

Ní mór do chaptaen an tsoithigh iascaireachta fógra a thabhairt d'údaráis Stát an chalafoirt, ar a laghad 48 n-uaire roimh oibríochtaí trasloingsithe, faoi ainm an tsoithigh iompair agus dáta/am an trasloingsithe.

2.2

Tráth an trasloingsithe, cuirfidh captaen an tsoithigh iascaireachta in iúl dá Bhallstát brataí na nithe seo a leanas:

 na cainníochtaí tuinnín agus speiceas atá cosúil le tuinnín, más féidir, de réir stoic, atá le trasloingsiú;

 na cainníochtaí de speicis eile arna ngabhail in éineacht le tuinnín nó speicis atá cosúil le tuinnín de réir speicis, más eol sin, atá le trasloingsiú;

 dáta agus áit an trasloingsithe;

 ainm, uimhir chláraithe agus bratach an tsoithigh iompair ghlactha; agus

 suíomh geografach na ngabhálacha de réir speicis agus, más iomchuí, de réir stoic, i gcomhréir le limistéir staidrimh ICCAT.

2.3

Déanfaidh captaen an tsoithigh iascaireachta ábhartha dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú a chomhlánú agus cuirfidh sé é, mar aon leis an uimhir atá luaite leis an soitheach i dtaifead ICCAT ar shoithí iascaireachta, más iomchuí, chuig a Bhallstát brataí, tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis an trasloingsithe.

3.   Soitheach glactha

3.1

Cuirfidh máistir an tsoithigh iompair ghlactha in iúl d'údaráis Stát an chalafoirt, tráth nach déanaí ná 24 huaire roimh thús an trasloingsithe agus ag a dheireadh, na cainníochtaí de ghabhálacha tuinnín agus de speicis atá cosúil le tuinnín a trasloingsíodh ar a shoitheach siúd, agus comhlánóidh sé dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú agus cuirfidh sé é chuig na húdaráis inniúla laistigh de 24 huaire.

3.2

Comhlánóidh máistir an tsoithigh iompair ghlactha dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú, ar a laghad 48 n-uaire roimh theacht i dtír dó, agus cuirfidh sé é chuig údaráis inniúla an Stáit tabhartha i dtír.

Comhar idir an calafort agus an Stát tabhartha i dtír

4.

Déanfaidh Stát an chalafoirt agus an Stát tabhartha i dtír dá dtagraítear sna pointí thuas athbhreithniú ar an bhfaisnéis a fhaightear de bhun fhorálacha na hIarscríbhinne seo, agus i gcomhar le CPC brataí an tsoithigh iascaireachta de réir mar is gá, chun comhsheasmhacht idir gabhálacha tuairiscithe, trasloingsiú agus tabhairt i dtír gach soithigh a mheas. Déanfar an fíorú sin sa dóigh go mbeidh an oiread is lú de chur isteach nó de mhíchaoithiúlacht ann don soitheach agus go seachnófar aon díghrádú ar an iasc.

Tuairisciú

5.

Déanfaidh gach Ballstát brataí den soitheach iascaireachta na mionsonraí maidir leis na trasloingsithe a dhéanann a chuid soithí a áireamh ina thuarascáil bhliantúil a chuirfear faoi bhráid ICCAT.




IARSCRÍBHINN VIII

CLÁR BREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT MAIDIR LE TRASLOINGSIÚ AR MUIR

1. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na soithí iompair a áirítear i dtaifead ICCAT ar shoithí atá údaraithe trasloingsithe a thógáil i limistéar Choinbhinsiún ICCAT agus a thrasloingsíonn ar muir, breathnóir réigiúnach ICCAT a thabhairt leo tráth gach oibríochta trasloingsithe i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.

2. Déanfaidh ICCAT breathnóirí a cheapadh agus cuirfear iad ar bord na soithí iompair atá údaraithe trasloingsithe a thógáil i limistéar Choinbhinsiún ICCAT ó shoithí spiléir peiligeacha mórscála (LSPLVanna) a mbíonn bratach CPCanna ina gcuirtear clár breathnóirí réigiúnach ICCAT chun feidhme ar foluain orthu.

Breathnóirí a ainmniú

3. Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag na breathnóirí ainmnithe ionas go mbeidh siad in ann a ndualgais a chur i gcrích:

 cumas léirithe maidir le speicis ICCAT agus trealamh iascaireachta a shainaithint agus tabharfar tús áite do na daoine a bhfuil taithí acu mar bhreathnóirí ar shoithí spiléir peiligeacha;

 eolas sásúil ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT;

 cumas breathnóireacht agus taifead beacht a dhéanamh;

 eolas sásúil ar theanga bhratach an tsoithigh ar a bhfuil sé i mbun breathnóireachta.

Oibleagáidí an bhreathnóra

4. Ní mór do bhreathnóirí:

(a) an traenáil theicniúil mar a cheanglaítear faoi na treoirlínte atá bunaithe ag ICCAT a bheith déanta acu;

(b) gan a bheith ina náisiúnaigh ná ina saoránaigh de Stát brataí an tsoithigh iompair ghlactha;

(c) a bheith in ann na dualgais a leagtar amach i bpointe 5 den Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh;

(d) a bheith ar an liosta de bhreathnóirí arna choimeád ag ICCAT;

(e) gan a bheith ina mball de chriú ar an LSPLV ná ar an soitheach iompair ná ina bhfostaí den chuideachta ar léi an LSPLV nó an soitheach iompair.

5. Déanfaidh an breathnóir faireachán féachaint an gcloíonn an LSPLV agus an soitheach iompair leis na bearta caomhnaithe agus bainistithe atá glactha ag ICCAT. Seo a leanas go háirithe na dualgais a bheidh le comhlíonadh ag na breathnóirí:

5.1 I gcás LSPLV a bhfuil sé beartaithe trasloingsiú a dhéanamh uaidh chuig soitheach iompair, agus na hábhair imní a léirítear i bpointe 9 á gcur san áireamh, rachaidh an breathnóir ar bord sula ndéanfar an trasloingsiú, chun:

(a) seiceáil a dhéanamh ar bhailíocht údarú nó ceadúnas an tsoithigh tuinnín agus speicis atá cosúil le tuinnín a ghabháil agus aon speiceas eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin i limistéar Choinbhinsiún ICCAT;

(b) cigireacht a dhéanamh ar údaruithe an tsoithigh iascaireachta roimhe seo trasloingsiú ar muir a dhéanamh, údarú arna eisiúint ag an CPC brataí agus, más iomchuí, an Stát cósta;

(c) seiceáil agus taifead a dhéanamh ar chainníocht iomlán na gabhála ar bord de réir speicis agus, más féidir, de réir stoic, agus ar na cainníochtaí atá le trasloingsiú chuig an soitheach iompair;

(d) seiceáil a dhéanamh go bhfuil an córas um fhaireachán soithí (VMS) ag feidhmiú agus an logleabhar a iniúchadh agus iontrálacha a fhíorú, más féidir;

(e) fíorú an é gur aistríodh ó shoithí eile aon chuid den ghabháil ar bord, agus seiceáil a dhéanamh ar na doiciméid a bhaineann le haistrithe den chineál sin;

(f) i gcás ina léirítear go ndearnadh sárú a bhaineann leis an soitheach iascaireachta, déanfaidh an breathnóir an sárú (na sáruithe) a thuairisciú do mháistir an tsoithigh iompair (agus aird chuí á tabhairt ar chúrsaí sábháilteachta) agus do chomhlacht cur chun feidhme an chláir breathnóirí, agus déanfaidh an comhlacht an tuairisc a chur ar aghaidh chuig údaráis CPC brataí an tsoithigh iascaireachta; agus

(g) taifead a dhéanamh ar thorthaí na ndualgas sin ar an soitheach iascaireachta i dtuarascáil an bhreathnóra.

5.2 Breathnóidh sé ar ghníomhaíochtaí an tsoithigh iompair agus déanfaidh sé:

(a) taifeadadh agus tuairisciú ar na gníomhaíochtaí trasloingsithe a dhéantar;

(b) suíomh an tsoithigh agus é i mbun trasloingsithe a fhíorú;

(c) breathnóireacht agus meastachán ar na cainníochtaí den tuinnín agus de na speicis atá cosúil le tuinnín a dhéantar a thrasloingsiú de réir speicis, más eol, agus, más féidir, de réir stoic;

(d) breathnóireacht agus meastachán ar na cainníochtaí de speicis eile a ghabhtar in éineacht le tuinnín nó speicis atá cosúil le tuinnín de réir speicis, más eol sin;

(e) fíorú agus taifeadadh ar ainm agus uimhir ICCAT an LSPLV lena mbaineann;

(f) na sonraí atá sa dearbhú ar thrasloingsiú a fhíorú, lena n-áirítear trí chomparáid a dhéanamh le logleabhar an LSPLV, i gcás inar féidir;

(g) na sonraí sa dearbhú ar thrasloingsiú a dheimhniú;

(h) an dearbhú ar thrasloingsiú a chomhshíniú; agus

(i) breathnóireacht agus meastachán ar na cainníochtaí den táirge de réir speicis tráth a dhíluchtaithe sa chalafort ina gcuirtear an breathnóir i dtír chun fíorú an bhfuil siad ag teacht leis na cainníochtaí a fuarthas le linn trasloingsiú ar muir.

5.3 Ina theannta sin, déanfaidh an breathnóir:

(a) tuarascáil laethúil a eisiúint maidir le gníomhaíochtaí trasloingsithe an tsoithigh iompair;

(b) tuarascálacha ginearálta a chur i dtoll a chéile ina dtiomsófar an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir le dualgais an bhreathnóra agus deis a thabhairt don chaptaen aon fhaisnéis iomchuí a chur sna tuarascálacha sin;

(c) na tuarascálacha ginearálta dá dtagraítear i bpointe (b) a chur faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT laistigh de 20 lá tar éis dheireadh na tréimhse breathnóireachta;

(d) aon fheidhm eile arna sainiú ag ICCAT a fheidhmiú.

6. Déileálfaidh na breathnóirí leis an bhfaisnéis go léir maidir le hoibríochtaí iascaireachta na LSPLVanna agus úinéirí na LSPLVanna mar fhaisnéis rúnda agus glacfaidh sé leis an gceanglas seo i scríbhinn mar choinníoll lena cheapachán mar bhreathnóir.

7. Comhlíonfaidh na breathnóirí ceanglais arna mbunú i ndlíthe agus rialacháin an Bhallstáit bhrataí agus, más ábhartha, an Stáit chósta, a bhfuil dlínse aige ar an soitheach a bhfuil an breathnóir sannta dó.

8. Urramóidh na breathnóirí an grádlathas agus na rialacha iompraíochta ginearálta atá i bhfeidhm maidir le pearsanra uile an tsoithigh, mar aon lena gcuid oibleagáidí mar a leagtar amach i bpointe 9, ar choinníoll nach gcuireann na rialacha sin isteach ar dhualgais an bhreathnóra faoin gclár seo.

Freagrachtaí Stáit bhrataí na soithí iompair

9. Ar na coinníollacha a bhaineann le cur chun feidhme an chláir breathnóirí réigiúnacha i dtaca le Stáit bhrataí na soithí iompair agus a gcaptaein, beidh an méid seo a leanas, go háirithe:

(a) Beidh cead rochtana ag breathnóirí ar phearsanra an tsoithigh, ar dhoiciméid ábhartha agus ar an bhfearas agus an trealamh;

(b) Tabharfar cead rochtana do bhreathnóirí, arna iarraidh sin dóibh, ar an trealamh seo a leanas, má tá sé ar bord na soithí dá bhfuil siad sannta, d'fhonn comhlíonadh a ndualgas mar a leagtar amach i bpointe 5 a éascú:

(i) trealamh loingseoireachta satailíte;

(ii) scáileáin féachana taispeána radair nuair a bhítear á n-úsáid;

(iii) modhanna leictreonacha cumarsáide; agus

(iv) scála a úsáidtear chun táirge trasloingsithe a mheá.

(c) Cuirfear cóiríocht ar fáil don bhreathnóir, lena n-áirítear lóistín, bia agus áiseanna sláintíochta leordhóthanacha, atá ar chomhchaighdeán lena bhfuil ar fáil d'oifigigh.

(d) Cuirfear spás leordhóthanach ar an droichead nó sa teach píolóta ar fáil do bhreathnóirí le haghaidh obair chléireachais, chomh maith le spás ar an deic atá leordhóthanach chun dualgais bhreathnóireachta a chomhlíonadh.

(e) Beidh sé de chead ag an mbreathnóir cinneadh a dhéanamh maidir leis an ionad agus an modh is buntáistí chun breathnú ar na hoibríochtaí trasloingsithe agus meastachán a dhéanamh ar na speicis/stoic agus na cainníochtaí a thrasloingsítear. I ndáil leis sin, déanfaidh máistir an tsoithigh iompair, ag féachaint go hiomchuí do chúiseanna imní sábháilteachta agus praiticiúla, freastal ar riachtanais bhreathnóirí, lena n-áirítear, arna iarraidh sin dó, táirge a chur amach go sealadach ar dheic an tsoithigh iompair chun go ndéanfaidh breathnóirí cigireacht air agus am leordhóthanach a thabhairt do na breathnóirí a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Déanfar an bhreathnóireacht i gcaoi a gcuirfear isteach a laghad is féidir ar oibríochtaí an tsoithigh agus a seachnófar cáilíocht na dtáirgí arna dtrasloingsiú a chur i mbaol.

(f) I bhfianaise fhorálacha phointe 10, áiritheoidh máistir an tsoithigh iompair go dtugtar an cúnamh go léir is gá don bhreathnóir d'fhonn iompar sábháilte idir an soitheach iompair agus na soithí iascaireachta a áirithiú má bhíonn an aimsir nó toscaí eile in araíocht dó. agus

(g) Áiritheoidh na Stáit bhrataí nach gcuirfidh captaein, criúnna, ná úinéirí soithí bac ná imeagla ar na breathnóirí agus iad i mbun a ndualgas, agus nach gcuirfear isteach orthu ná nach n-imreofar tionchar orthu, agus nach dtabharfar breab dóibh ná nach ndéanfar iarracht breab a thabhairt dóibh.

Freagrachtaí na LSPLVanna le linn trasloingsithe

10. Beidh sé de chead ag breathnóirí dul ar bord an tsoithigh iascaireachta, má bhíonn an aimsir nó toscaí eile in araíocht dó, agus beidh cead rochtana acu ar phearsanra an tsoithigh, ar dhoiciméid ábhartha uile, agus ar limistéir an tsoithigh ar gá rochtain a bheith acu orthu má tá siad lena ndualgais a leagtar amach i bpointe 5 a chomhlíonadh. Áiritheoidh máistir an tsoithigh iascaireachta go dtabharfar an cúnamh go léir is gá don bhreathnóir d'fhonn iompar sábháilte a áirithiú dó idir an soitheach iompair agus na soithí iascaireachta. Mura féidir leis an mbreathnóir dul ar bord an LSPLV roimh thús na n-oibríochtaí trasloingsithe de bharr tosca a bheadh ina riosca do-ghlactha dá shábháilteacht, féadfar na hoibríochtaí sin a dhéanamh mar sin féin.

Táillí breathnóra

11. Déanfaidh CPCanna brataí na LSPLVanna ar mian leo gabháil d'oibríochtaí trasloingsithe maoiniú ar na costais a bhaineann le cur chun feidhme an chláir. Déanfar an táille a ríomh ar bhonn chostais iomlána an chláir. Íocfar an táille sin isteach i gcuntas speisialta de chuid Rúnaíocht ICCAT agus déanfaidh Rúnaíocht ICCAT an cuntas a bhainistiú chun an clár a chur chun feidhme.

12. Ní fhéadfaidh LSPLV páirt a ghlacadh sa chlár trasloingsithe ar muir mura n-íocfar na táillí mar a cheanglaítear faoi phointe 11.



( 1 ) Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.

( 2 ) Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.

( 3 ) Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.

( 4 ) Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (IO L 157, 20.6.2017, lch. 1).

( 5 ) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1251 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2016 lena nglactar clár ilbhliantúil de chuid an Aontais maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus san earnáil dhobharshaothraithe don tréimhse 2017-2019 (IO L 207, 1.8.2016, lch. 113).

( 6 ) Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.

( 7 ) Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.

( *1 ) Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 1).”.

Top