Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02015R0758-20180331

    Consolidated text: Rialachán (AE) 2015/758 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le ceanglais chineálcheadaithe chun an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar an tseirbhís 112 a chur in úsáid agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/758/2018-03-31

    02015R0758 — GA — 31.03.2018 — 001.002


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (AE) 2015/758 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 29 Aibreán 2015

    maidir le ceanglais chineálcheadaithe chun an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar an tseirbhís 112 a chur in úsáid agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE

    (IO L 123 19.5.2015, lch. 77)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2017/79 of 12 September 2016 (*)

      L 12

    44

    17.1.2017



    (*)

    Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




    ▼B

    RIALACHÁN (AE) 2015/758 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 29 Aibreán 2015

    maidir le ceanglais chineálcheadaithe chun an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar an tseirbhís 112 a chur in úsáid agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE



    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Rialachán seo, bunaítear na ceanglais ghinearálta maidir le cineálcheadú CE feithiclí i ndáil leis na córais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, agus le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh eCall infheithicle atá bunaithe ar 112.

    Airteagal 2

    Raon feidhme

    1.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí de chatagóir M1 agus de chatagóir N1 mar atá sainithe i bpointe 1.1.1 agus i bpointe 1.2.1 de Chuid A d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE agus maidir le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a cheaptar agus a thógtar le haghaidh feithiclí den sórt sin.

    Ní bheidh feidhm aige maidir leis na feithiclí seo a leanas:

    (a) 

    feithiclí a tháirgtear i sraitheanna teoranta arna gceadú de bhun Airteagal 22 agus Airteagal 23 de Threoir 2007/46/CE;

    (b) 

    feithiclí arna gceadú de bhun Airteagal 24 de Threoir 2007/46/CE;

    (c) 

    feithiclí nach bhféadfar, ar chúiseanna teicniúla, a fheistiú le sásra truicéaraithe iomchuí eCall, mar a chinntear i gcomhréir le mír 2.

    2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 chun aicmí feithiclí de chatagóir M1 agus de chatagóir N1 a shainaithint, ar feithiclí iad nach féidir a fheistiú le sásra truicéaraithe iomchuí eCall ar chúiseanna teicniúla, ar bhonn staidéar lena ndéantar na costais agus na tairbhí a mheasúnú, ar staidéar é a dhéanann an Coimisiún nó a shainordaíonn an Coimisiún, agus aird á tabhairt ar na gnéithe ábhartha sábháilteachta agus teicniúla uile.

    Déanfar na chéad ghníomhartha tarmligthe den sórt sin a ghlacadh faoin 9 Meitheamh 2016.

    Airteagal 3

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo agus sa bhreis ar na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 3 de Threoir 2007/46/CE, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1) 

    ciallaíonn “córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112” córas éigeandála, lena gcuimsítear trealamh infheithicle agus an bealach chun an tarchur eCall a thruicearú, a bhainistiú agus a chur i ngníomh, a chuirtear i ngníomh go huathoibríoch le braiteoirí infheithicle nó de láimh, a iompraíonn, trí bhíthin líonraí cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang, tacar íosta sonraí caighdeánaithe agus a bhunaíonn cainéal fuaime bunaithe ar an gcóras 112 idir áititheoirí na feithicle agus PFSP eCall;

    (2) 

    ciallaíonn “eCall” glao éigeandála infheithicle chuig 112, a dhéantar go huathoibríoch trí bhíthin braiteoirí infheithicle a chur i ngníomh nó de láimh, a iompraíonn tacar íosta sonraí agus a bhunaíonn cainéal fuaime idir an fheithicil agus PFSP eCall trí líonraí cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang;

    (3) 

    ciallaíonn “pointe freagartha sábháilteachta poiblí” nó “PFSP” láthair fhisiciúil ina bhfaightear glaonna éigeandála ar dtús faoi fhreagracht údaráis phoiblí nó eagraíochta poiblí a aithníonn an Ballstát;

    (4) 

    ciallaíonn “PFSP is iomchuí” PFSP arna chinneadh roimh ré ag na húdaráis fhreagracha chun glaonna éigeandála ó limistéar áirithe nó glaonna éigeandála de chineál áirithe a chumhdach;

    (5) 

    ciallaíonn “PFSP eCall” an PFSP is iomchuí arna chinneadh roimh ré ag na húdaráis a fuair agus a láimhseáil eCalls den chéad uair;

    (6) 

    ciallaíonn “tacar íosta sonraí” nó “TÍS” an fhaisnéis a shainítear leis na “Córais chliste iompair — eSafety — tacar íosta sonraí (TÍS) eCall” (EN 15722:2011) a sheoltar chuig PFSP eCall;

    (7) 

    ciallaíonn “trealamh infheithicle” trealamh atá buansuiteáilte laistigh den fheithicil sin lena dtugtar rochtain ar na sonraí infheithicle atá riachtanach chun an t-idirbeart eCall a dhéanamh trí líonra cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang nó a bhfuil rochtain aige ar na sonraí sin;

    (8) 

    ciallaíonn “idirbheart eCall” seisiún cumarsáide soghluaiste gan sreang a bhunú trasna líonra cumarsáide poiblí gan sreang agus TÍS a tharchur ó fheithicil go PFSP eCall agus cainéal fuaime a bhunú idir an fheithicil agus PFSP eCall céanna;

    (9) 

    ciallaíonn “líonra cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang” líonra cumarsáide soghluaiste gan sreang atá ar fáil don phobal i gcomhréir le Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) agus le Treoir 2002/22/CE ( 2 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

    (10) 

    ciallaíonn “eCall lena dtacaíonn seirbhísí tríú páirtí” nó “eCall STP” glao éigeandála infheithicle chuig soláthróir seirbhíse tríú páirtí, a dhéantar go huathoibríoch trí bhraiteoirí infheithicle a chur i ngníomh nó de láimh, a iompraíonn, trí bhíthin líonraí cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang, TÍS agus a bhunaíonn cainéal fuaime idir an fheithicil agus an soláthróir seirbhíse tríú páirtí;

    (11) 

    ciallaíonn “soláthróir seirbhíse tríú páirtí” eagraíocht a aithníonn na húdaráis náisiúnta mar eagraíocht atá ceadaithe eCall STP a fháil agus TÍS a sheoladh chuig PFSP eCall;

    (12) 

    ciallaíonn “córas eCall infheithicle seirbhísí tríú páirtí” nó “córas eCall infheithicle STP” córas arna chur i ngníomh go huathoibríoch trí bhraiteoirí infheithicle nó de láimh, a iompraíonn, trí bhíthin líonraí cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang, TÍS agus a bhunaíonn cainéal fuaime idir an fheithicil agus an soláthróir seirbhíse tríú páirtí.

    Airteagal 4

    Oibleagáidí ginearálta na monaróirí

    Léireoidh monaróirí go bhfuil gach cineál nua feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 2 feistithe le córas buansuiteáilte eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.

    Airteagal 5

    Oibleagáidí sonracha na monaróirí

    1.  Áiritheoidh monaróirí go ndéantar a gcuid cineálacha nua feithicle uile, agus a gcuid córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a cheaptar agus a thógtar le haghaidh feithiclí den sórt sin a mhonarú agus a cheadú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.

    2.  Léireoidh monaróirí go dtógtar gach cineál nua feithiclí ar bhealach lena n-áiritheofar go ndéantar eCall ar an uimhir éigeandála Eorpach aonair 112 a thruicearú go huathoibríoch i gcás timpiste tromchúiseach a thiteann amach ar chríoch an Aontais agus a bhraitear trí cheann amháin nó níos mó de bhraiteoirí nó de phróiseálaithe laistigh den fheithicil a chur i ngníomh.

    Léireoidh monaróirí go dtógtar cineálacha nua feithiclí ar bhealach lena n-áiritheofar gur féidir eCall ar an uimhir éigeandála Eorpach aonair 112 a thruicearú de láimh freisin.

    Áiritheoidh monaróirí go ndéantar an rialtán truicir de láimh don chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a cheapadh ar bhealach ina ndéanfar míláimhseáil a sheachaint.

    3.  Tá mír 2 gan dochar don cheart atá ag úinéir na feithicle leas a bhaint as córas eCall infheithicle STP a chuireann seirbhís chomhchosúil ar fáil, le cois chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

    (a) 

    comhlíonfaidh an córas eCall infheithicle STP caighdeán EN 16102:2011 “Córais chliste iompair — eCall — Ceanglais oibriúcháin do thacaíocht ó thríú páirtí”;

    (b) 

    áiritheoidh monaróirí nach bhfuil ach córas amháin sa turas i ngníomh agus go ndéantar truicearú go huathoibríoch ar an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 i gcás nach bhfeidhmíonn an córas eCall infheithicle STP;

    (c) 

    beidh an ceart ag úinéir na feithicle i gcónaí chun an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a roghnú in ionad chóras eCall infheithicle STP;

    (d) 

    déanfaidh monaróirí faisnéis faoin gceart dá dtagraítear i bpointe (c) a chur i lámhleabhar an úinéara.

    4.  Áiritheoidh monaróirí go bhfuil na glacadóirí sna córais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 comhoiriúnach leis na seirbhísí suite a sholáthraíonn córais Galileo agus EGNOS. Féadfaidh monaróirí comhoiriúnacht le córais eile um loingseoireacht satailíte a roghnú freisin, de bhreis air sin.

    5.  Na córais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, agus iad sin amháin, ar córais iad atá buansuiteáilte laistigh den fheithicil nó cineálcheadaithe go leithleach, ar córais iad a fhéadfar a thástáil, glacfar leo chun críocha chineálcheadú CE.

    6.  Léireoidh monaróirí go dtabharfar rabhadh d'áititheoirí na feithicle i gcás cliseadh criticiúil ar an gcóras a mbeadh mar thoradh air nach bhféadfaí eCall atá bunaithe ar 112 a chur.

    7.  Beidh an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 inrochtana do gach oibreoir neamhspleách ar tháille réasúnach nach mó ná méid ainmniúil agus gan idirdhealú chun críocha deisithe agus cothabhála i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.

    8.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 lena mbunaítear na ceanglais theicniúla mhionsonraithe agus na tástálacha i gcomhair chineálcheadú CE feithiclí i dtaca lena gcórais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus i gcomhair chineálcheadú CE córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh eCall infheithicle atá bunaithe ar 112.

    ▼M1

    The technical requirements and tests referred to in the first subparagraph shall be based on the requirements set out in paragraphs 2 to 7 and on the available standards relating to eCall, where applicable, including:

    (a) 

    EN 16072:2015 ‘Intelligent transport systems — eSafety — Pan-European eCall operating requirements’;

    (b) 

    EN 16062:2015 ‘Intelligent transport systems — eSafety — eCall high level application requirements (HLAR)’;

    (c) 

    EN 16454:2015 ‘Intelligent transport systems — ESafety — Ecall end to end conformance testing’;

    (d) 

    EN 15722:2015 ‘Intelligent transport systems — eSafety — eCall minimum set of data (MSD)’;

    (e) 

    EN 16102:2011 ‘Intelligent transport systems — eCall — Operating requirements for third party support’;

    (f) 

    any additional European standards relating to the eCall system adopted in conformity with the procedures laid down in Regulation (EU) No 1025/2012 of the European Parliament and of the Council ( 3 ), or Regulations of the United Nations Economic Commission for Europe (UNECE Regulations) relating to eCall systems to which the Union has acceded.

    ▼B

    Déanfar na chéad ghníomhartha tarmligthe den sórt sin a ghlacadh faoin 9 Meitheamh 2016.

    9.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 chun na leaganacha de na caighdeáin dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo a nuashonrú tráth a nglactar leagan nua.

    Airteagal 6

    Rialacha maidir le príobháideacht agus cosaint sonraí

    1.  Tá an Rialachán seo gan dochar do Threoir 95/46/CE agus do Threoir 2002/58/CE. Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta tríd an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, comhlíonfaidh sí na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta dá bhforáiltear sna Treoracha sin.

    2.  Ní bhainfear úsáid as na sonraí pearsanta a phróiseáltar de bhun an Rialacháin seo ach amháin chun na staideanna éigeandála dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 5(2) a láimhseáil.

    3.  Ní choimeádfar na sonraí pearsanta a phróiseáiltear de bhun an Rialacháin seo ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na staideanna éigeandála dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 5(2) a láimhseáil. Déanfar na sonraí sin a scriosadh go hiomlán a luaithe nach mbeidh gá a thuilleadh leo chun na críche sin.

    4.  Áiritheoidh monaróirí nach bhfuil an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 inrianaithe agus nach bhfuil sé faoi réir aon bhuanrianaithe.

    5.  Áiritheoidh monaróirí go mbaintear sonraí go huathoibríoch agus go leanúnach ó chuimhne inmheánach chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112. Beidh cead an t-eolas faoi na trí áit dheireanacha ina raibh an fheithicil, agus an t-eolas sin amháin, a choimeád a mhéid a bheidh fíorghá leis chun an áit reatha agus an treo taistil a shonrú tráth an teagmhais.

    6.  Ní bheidh na sonraí sin ar fáil lasmuigh den chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 d'eintitis ar bith sula ndéantar an eCall a thruicearú.

    7.  Beidh teicneolaíochtaí um fheabhsú príobháideachta leabaithe sa chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 d'fhonn an leibhéal iomchuí cosanta príobháideachta a sholáthar d'úsáideoirí eCall, chomh maith leis na cosaintí is gá chun faireachas agus mí-úsáid a chosc.

    8.  Ní bheidh san áireamh in TÍS arna sheoladh ag an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 ach an íosfhaisnéis dá dtagraítear i gcaighdeán EN 15722:2011 “Córais chliste iompair — eSafety — Tacar íosta sonraí (TÍS) eCall”. Ní tharchuirfear aon sonraí breise tríd an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112. Déanfar TÍS sin a stóráil ar bhealach ina bhféadfar é a scriosadh go hiomlán agus go buan.

    9.  Cuirfidh monaróirí faisnéis shoiléir agus chuimsitheach ar fáil i lámhleabhar an úinéara maidir le próiseáil na sonraí a dhéantar tríd an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112. Is éard a bheidh san fhaisnéis sin:

    (a) 

    an tagairt don bhunús dlí don phróiseáil;

    (b) 

    an fhíric go ndéantar an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a chur i ngníomh mar réamhshocrú;

    (c) 

    na socruithe don phróiseáil sonraí a dhéanann an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112;

    (d) 

    cuspóir sonrach phróiseáil eCall a bheidh teoranta do na staideanna éigeandála dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 5(2);

    (e) 

    na cineálacha sonraí a bhailítear agus a phróiseáltar agus faighteoirí na sonraí sin;

    (f) 

    an teorainn ama maidir le sonraí a choinneáil sa chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112;

    (g) 

    an fhíric nach ndéantar aon bhuanrianú ar an bhfeithicil;

    (h) 

    na socruithe maidir le cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí a fheidhmiú mar aon leis an tseirbhís teagmhála atá freagrach as iarrataí ar rochtain a láimhseáil;

    (i) 

    aon fhaisnéis bhreise is gá maidir le hinrianaitheacht, rianú agus próiseáil sonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí eCall STP agus/nó seirbhísí eile breisluacha a sholáthar, ar faisnéis í a bheidh faoi réir toiliú sainráite a fháil ón úinéir agus i gcomhréir le Treoir 95/46/CE. Féadfaidh difríochtaí a bheith ann idir an phróiseáil sonraí a dhéantar tríd an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus córais eCall infheithicle STP nó seirbhísí breisluacha eile agus tabharfar aird ar leith ar an bhfíric sin.

    10.  D'fhonn mearbhall a sheachaint i dtaobh na gcuspóirí atá á saothrú agus i dtaobh bhreisluach na próiseála, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 9 a chur ar fáil ar leithligh i lámhleabhar an úinéara don chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus do chórais eCall STP sula n-úsáidfear an córas.

    11.  Áiritheoidh monaróirí go ndéantar an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus aon chóras breise lena soláthraítear eCall STP nó seirbhís bhreisluach a cheapadh ar bhealach nach bhféadfar sonraí pearsanta a mhalartú eatarthu. Mura n-úsáidtear córas lena soláthraítear eCall STP nó seirbhís bhreisluach nó má dhiúltaíonn an duine is ábhar do na sonraí a thoiliú nó a toiliú a thabhairt lena shonraí pearsanta nó lena sonraí pearsanta a phróiseáil le haghaidh sheirbhís eCall STP nó le haghaidh seirbhís bhreisluach, ní bheidh aon éifeachtaí díobhálacha ag an méid sin ar úsáid an chórais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112.

    12.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 chun an méid seo a leanas a bhunú:

    (a) 

    na ceanglais theicniúla mhionsonraithe agus na nósanna imeachta tástála chun na rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, a chur i bhfeidhm;

    (b) 

    na ceanglais theicniúla mhionsonraithe agus na nósanna imeachta tástála chun a áirithiú nach ndéantar sonraí pearsanta a mhalartú idir an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus córais tríú páirtí dá dtagraítear i mír 11.

    Déanfar na chéad ghníomhartha tarmligthe den sórt sin a ghlacadh faoin 9 Meitheamh 2016.

    13.  Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a leagan síos:

    (a) 

    na socruithe praiticiúla chun measúnú a dhéanamh ar an easpa inrianaitheachta agus rianaithe dá dtagraítear i mír 4, i mír 5 agus i mír 6;

    (b) 

    an teimpléad don fhaisnéis úsáideora dá dtagraítear i mír 9.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

    Déanfar na chéad ghníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh faoin 9 Meitheamh 2016.

    Airteagal 7

    Oibleagáidí na mBallstát

    Le héifeacht ón 31 Márta 2018, ní dheonóidh údaráis náisiúnta cineálcheadú CE i ndáil leis an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 ach amháin do chineálacha nua feithiclí agus do chineálacha nua córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a cheaptar agus a thógtar le haghaidh feithiclí den sórt sin, ar nithe iad a chomhlíonann an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlactar de bhun an Rialacháin seo.

    Airteagal 8

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(2), in Airteagal 5(8) agus (9) agus in Airteagal 6(12) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 8 Meitheamh 2015 Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), in Airteagal 5(8) agus (9) agus in Airteagal 6(12) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

    5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(2), Airteagal 5(8) agus (9) agus Airteagal 6(12) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 9

    Gníomhartha cur chun feidhme

    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na forálacha riaracháin do chineálcheadú CE feithiclí maidir leis an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus do chineálcheadú CE córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a cheaptar agus a thógtar le haghaidh feithiclí den sórt sin faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(1) maidir leis an méid seo a leanas:

    (a) 

    na teimpléid do na doiciméid faisnéise atá le cur ar fáil ag monaróirí chun críocha an chineálcheadaithe;

    (b) 

    na teimpléid do na deimhnithe ar chineálcheadú CE;

    (c) 

    an tsamhail (na samhlacha) do mharc chineálcheadú CE.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

    Déanfar na chéad ghníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh faoin 9 Meitheamh 2016.

    Airteagal 10

    Nós imeachta coiste

    1.  Déanfaidh “an Coiste Teicniúil — Mótarfheithiclí” (CTMF), arna bhunú le hAirteagal 40(1) de Threoir 2007/46/CE, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Nuair nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 11

    Pionóis

    1.  Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás nach gcomhlíonann monaróirí forálacha an Rialacháin seo ná na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlactar de bhun an Rialacháin seo. Glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go ndéantar na pionóis a chur chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na forálacha sin, agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

    2.  Ar an gcineál neamh-chomhlíonta atá le bheith faoi réir pionóis, beidh an méid seo a leanas ar a laghad:

    (a) 

    dearbhú bréige a dhéanamh le linn nós imeachta ceadaithe nó le linn nós imeachta a mbeidh aisghairm mar thoradh air;

    (b) 

    torthaí tástála le haghaidh cineálcheadú a fhalsú;

    (c) 

    sonraí nó sonraíochtaí teicniúla a choinneáil siar a bhféadfadh cineálcheadú a aisghairm, a dhiúltú nó a tharraingt siar a bheith mar thoradh air;

    (d) 

    forálacha a leagtar síos in Airteagal 6 a shárú;

    (e) 

    gníomhú de shárú ar fhorálacha Airteagal 5(7).

    Airteagal 12

    Tuairisciú agus athbhreithniú

    1.  Faoin 31 Márta 2021, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta a bheidh le tabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an méid ar baineadh amach leis an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, lena n-áirítear ráta dhul i bhfód an chórais. Féachfaidh an Coimisiún ar cheart raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú go catagóirí eile feithiclí, amhail feithiclí earraí troma, busanna agus cóistí, dé-rothaigh chumhachtaithe, agus tarracóirí talmhaíochta. Más iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach ar fáil chuige sin.

    2.  Tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile agus tar éis staidéar lena ndéantar na costais agus na tairbhí a mheasúnú, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na ceanglais a mbeidh gá leo d'ardán idir-inoibritheach, caighdeánaithe, slán ar a mbeidh rochtain oscailte. Más iomchuí, agus tráth nach déanaí ná an 9 Meitheamh 2017, glacfaidh an Coimisiún tionscnamh reachtach a bheidh bunaithe ar na ceanglais sin.

    Airteagal 13

    Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE

    Leasaítear leis seo Iarscríbhinní I, III, IV agus XI a ghabhann le Treoir 2007/46/CE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 14

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag Airteagal 2(2), Airteagal 5(8) agus (9), Airteagal 6(12) agus (13) agus Airteagail 8, 9, 10 agus 12 amhail ón 8 Meitheamh 2015.

    Beidh feidhm ag Airteagail eile seachas na hAirteagail dá dtagraítear sa dara mír den Airteagal seo ón 31 Márta 2018.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




    IARSCRÍBHINN

    Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE

    Leasaítear Treoir 2007/46/CE mar a leanas:

    (1) 

    in Iarscríbhinn I, cuirtear na pointí seo a leanas léi:

    “12.8. Córas eCall

    12.8.1. I láthair: tá/níl (1)

    12.8. 2. cur síos teicniúil nó líníocht den fheiste: …”

    ;

    (2) 

    in Iarscríbhinn III, Cuid I, roinn A, cuirtear na pointí seo a leanas léi:

    “12.8. Córas eCall

    12.8.1. I láthair: tá/níl (1)”

    ;

    (3) 

    in Iarscríbhinn IV, leasaítear Cuid I mar a leanas:

    (a) 

    cuirtear an mhír seo a leanas leis an tábla:



    Mír

    Ábhar

    Gníomh rialúcháin

    Infheidhmeacht

    M1

    M2

    M3

    N1

    N2

    N3

    O1

    O2

    O3

    O4

    “72

    Córas eCall

    Rialachán (AE) 2015/758

    X

     

     

    X”

     

     

     

     

     

     

    (b) 

    leasaítear Aguisín 1 mar a leanas:

    (i) 

    cuirtear an mhír seo a leanas le Tábla 1:



    Mír

    Ábhar

    Gníomh rialúcháin

    Saincheisteanna sonracha

    Infheidhmeacht agus ceanglais shonracha

    “72

    Córas eCall

    Rialachán (AE) 2015/758

     

    N/B”

    (ii) 

    cuirtear an mhír seo a leanas le Tábla 2:



    Mír

    Ábhar

    Gníomh rialúcháin

    Saincheisteanna sonracha

    Infheidhmeacht agus ceanglais shonracha

    “72

    Córas eCall

    Rialachán (AE) 2015/758

     

    N/B”

    (c) 

    in Aguisín 2, leasaítear roinn “4. Ceanglais Theicniúla” mar a leanas:

    (i) 

    cuirtear an mhír seo a leanas le Cuid I: Feithiclí ar cuid de chatagóir M1 iad:



    Mír

    Tagairt don ghníomh rialúcháin

    Ceanglais mhalartacha

    “72

    Rialachán (AE) 2015/758 (Córais eCall)

    Ní bheidh feidhm ag ceanglais an Rialacháin sin.”

    (ii) 

    cuirtear an mhír seo a leanas le Cuid II: Feithiclí ar cuid de chatagóir N1 iad



    Mír

    Tagairt don ghníomh rialúcháin

    Ceanglais mhalartacha

    “72

    Rialachán (AE) 2015/758 (Córais eCall)

    Ní bheidh feidhm ag ceanglais an Rialacháin sin.”

    (4) 

    leasaítear Iarscríbhinn XI mar a leanas:

    (a) 

    in Aguisín 1, cuirtear an mhír seo a leanas leis an tábla:



    Mír

    Ábhar

    Tagairt don ghníomh rialúcháin

    M1 ≤ 2 500 (*) kg

    M1 > 2 500 (*) kg

    M2

    M3

    “72

    Córas eCall

    Rialachán (AE) 2015/758

    G

    G

    N/B

    N/B”

    (b) 

    in Aguisín 2, cuirtear an mhír seo a leanas leis an tábla:



    Mír

    Ábhar

    Tagairt don ghníomh rialúcháin

    M1

    M2

    M3

    N1

    N2

    N3

    O1

    O2

    O3

    O4

    “72

    Córas eCall

    Rialachán (AE) 2015/758

    G

    N/B

    N/B

    G

    N/B

    N/B

    N/B

    N/B

    N/B

    N/B”

    (c) 

    in Aguisín 3, cuirtear an mhír seo a leanas leis an tábla:



    Mír

    Ábhar

    Tagairt don ghníomh rialúcháin

    M1

    “72

    Córas eCall

    Rialachán (AE) 2015/758

    G”

    (d) 

    in Aguisín 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis an tábla:



    Mír

    Ábhar

    Tagairt don ghníomh rialúcháin

    M2

    M3

    N1

    N2

    N3

    O1

    O2

    O3

    O4

    “72

    Córas eCall

    Rialachán (AE) 2015/758

    N/B

    N/B

    G

    N/B

    N/B

    N/B

    N/B

    N/B

    N/B”



    ( 1 ) Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialúcháin i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Creat — Treoir) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 33).

    ( 2 ) Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí leictreonacha cumarsáide (an Treoir um Sheirbhís Uilíoch) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 51).

    ( 3 ) Regulation (EU) No 1025/2012 of the European Parliament and of the Council of 25 October 2012 on European standardisation, amending Council Directives 89/686/EEC and 93/15/EEC and Directives 94/9/EC, 94/25/EC, 95/16/EC, 97/23/EC, 98/34/EC, 2004/22/EC, 2007/23/EC, 2009/23/EC and 2009/105/EC of the European Parliament and of the Council and repealing Council Decision 87/95/EEC and Decision No 1673/2006/EC of the European Parliament and of the Council (OJ L 316, 14.11.2012, p. 12).

    Top