Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02010R1092-20191230

    Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1092/2019-12-30

    02010R1092 — GA — 30.12.2019 — 001.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (AE) Uimh. 1092/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 24 Samhain 2010

    maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach

    (IO L 331 15.12.2010, lch. 1)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    RIALACHÁN (AE) 2019/2176 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 18 Nollaig 2019

      L 334

    146

    27.12.2019




    ▼B

    RIALACHÁN (AE) Uimh. 1092/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 24 Samhain 2010

    maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach



    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Bunú

    1.  Bunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS). Is in Frankfurt am Main a bheidh a shuíomh.

    2.  Beidh an BERS ina chuid den Chóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais (CEMA), arb é an cuspóir atá leis an gcóras sin ná maoirseacht ar chóras airgeadais an Aontais a áirithiú.

    3.  Beidh an CEMA comhdhéanta díobh seo a leanas:

    (a) 

    an BERS;

    (b) 

    an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;

    (c) 

    an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;

    (d) 

    an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

    (e) 

    Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (Comhchoiste) dá bhforáiltear le hAirteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

    (f) 

    na húdaráis inniúla nó maoirseachta sna Ballstáit mar a shonraítear i ngníomhartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    4.  De bhun phrionsabal an chomhair dhílis i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, rachaidh páirtithe sa CEMA i gcomhar lena chéile go hiontaobhach agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, chun a áirithiú, go háirithe, go bhfuil sreabh faisnéise iomchuí agus iontaofa ann eatarthu.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a) 

    ciallaíonn “institiúid airgeadais” aon ghnóthas a thagann faoi réim raon feidhme na reachataíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, mar aon le haon ghnóthas nó eintiteas eile san Aontas ar de chineál comhchosúil a phríomhghnó;

    (b) 

    ciallaíonn “córas airgeadais” na hinstitiúidí airgeadais go léir, na margaí airgeadais go léir, na táirgí airgeadais go léir agus na bonneagair mhargaidh airgeadais go léir;

    ▼M1

    (c) 

    ciallaíonn “riosca sistéamach” riosca go mbeidh suaitheadh ann sa chóras airgeadais, ar suaitheadh é a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith aige d’fhíorgheilleagar an Aontais nó d’fhíorgheilleagar Ballstáit amháin nó níos mó agus d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Is maith a d’fhéadfadh, go pointe áirithe, gach cineál idirghabhálaí airgeadais, margaidh airgeadais agus bonneagair airgeadais a bheith suntasach go sistéamach.

    ▼B

    Airteagal 3

    Misean, cuspóirí agus cúraimí

    1.  Beidh an BERS freagrach as formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal a dhéanamh ar an gcóras airgeadais laistigh den Aontas chun rannchuidiú le rioscaí sistéamacha don chobhsaíocht airgeadais san Aontas a éiríonn as forbairtí laistigh den chóras airgeadais a chosc nó a mhaolú, agus forbairtí maicreacnamaíocha á gcur san áireamh ionas go ndéanfar tréimhsí ina dtarlaíonn cruachás forleathan airgeadais a sheachaint. Rannchuideoidh sé le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus, ar an mbealach sin, áiritheoidh sé rannchuidiú inbhuanaithe ón earnáil airgeadais i leith an fhoráis eacnamaíoch.

    2.  Chun críocha mhír 1, déanfaidh an BERS na cúraimí seo a leanas a chomhall:

    (a) 

    chun na cuspóirí a thuairiscítear i mír 1 a bhaint amach, an fhaisnéis go léir atá ábhartha agus riachtanach a chinneadh agus/nó a bhailiú agus a anailísiú;

    (b) 

    rioscaí sistéamacha a shainaithint agus a chur in ord tosaíochta;

    (c) 

    rabhaidh a eisiúint i gcás ina measfar rioscaí sistéamacha den sórt sin a bheith suntasach agus, i gcás inarb iomchuí, na rabhaidh sin a phoibliú;

    (d) 

    moltaí le haghaidh gníomhaíochta feabhais a eisiúint mar fhreagairt ar na rioscaí a shainaithnítear agus, i gcás inarb iomchuí, na moltaí sin a phoibliú;

    (e) 

    nuair a chinneann an BERS go bhféadfadh staid éigeandála teacht chun cinn de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, moladh rúnda, agus é dírithe chuig an gComhairle, a eisiúnt agus measúnú a sholáthar don Chomhairle ar an staid, ionas go gcuirfear ar chumas na Comhairle measúnú a dhéanamh i dtaobh an gá cinneadh arna dhíriú chuig na ÚMEanna a ghlacadh, lena gcinnfear go bhfuil staid éigeandála ann;

    (f) 

    faireachán a dhéanamh ar bhearta a dhéantar mar thoradh ar rabhaidh agus ar mholtaí;

    (g) 

    comhoibriú go dlúth leis na páirtithe go léir eile sa CEMA; nuair is iomchuí, an fhaisnéis faoi rioscaí sistéamacha a sholáthar do na ÚMEanna arb í an fhaisnéis í is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh; agus, go háirithe, i gcomhar leis na ÚMEanna, sraith chomhchoiteann de tháscairí cainníochtúla agus de tháscairí cáilíochtúla (clár rioscaí) a fhorbairt chun riosca sistéamach a shainaithint agus a thomhas;

    (h) 

    páirt a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, sa Chomhchoiste;

    (i) 

    a ghníomhaíochtaí a chomhordú le gníomhaíochtaí eagraíochtaí airgeadais idirnáisiúnta, go háirithe leis an CAI agus leis an BCA, chomh maith le comhlachtaí ábhartha i dtríú tíortha i dtaca le nithe a bhaineann le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal;

    (j) 

    cúraimí gaolmhara eile a chomhlíonadh de réir mar a shonraítear i reachtaíocht an Aontais.



    CAIBIDIL II

    EAGRÚCHÁN

    Airteagal 4

    Struchtúr

    1.  Beidh Bord Ginearálta, Coiste Stiúrtha, Rúnaíocht, Coiste Comhairleach Eolaíoch agus Coiste Comhairleach Teicniúil ag an BERS.

    2.  Déanfaidh an Bord Ginearálta na cinntí is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na cúraimí a chuirfear ar an BERS de bhun Airteagal 3(2).

    ▼M1

    2a.  Nuair a rachfar i gcomhairle leis faoi cheapadh cheann na Rúnaíochta i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010 ón gComhairle ( 1 ), déanfaidh an Bord Ginearálta measúnú, tar éis nós imeachta oscailte trédhearcach, i dtaobh an bhfuil na cáilíochtaí, an neamhchlaontacht agus an taithí is gá chun an Rúnaíocht a bhainistiú ag na hiarrthóirí ar an ngearrliosta le haghaidh phost cheann na Rúnaíochta. Cuirfidh an Bord Ginearálta Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas le mionsonraí leordhóthanacha faoin nós imeachta measúnaithe agus comhairliúcháin.

    ▼B

    3.  Tabharfaidh an Coiste Stiúrtha cúnamh maidir le próiseas cinnteoireachta an BERS trí chruinnithe an Bhoird Ghinearálta a ullmhú, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na doiciméid a bheidh le plé agus trí fhaireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn obair leanúnach an BERS.

    ▼M1

    3a.  Agus treoracha á dtabhairt do cheann na Rúnaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010 ón gComhairle, féadfaidh an Cathaoirleach agus an Coiste Stiúrtha aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas:

    (a) 

    bainistiú na Rúnaíochta ó lá go lá;

    (b) 

    aon saincheisteanna riaracháin agus buiséadacha a bhaineann leis an Rúnaíocht;

    (c) 

    comhordú agus ullmhú obair agus chinnteoireacht an Bhoird Ghinearálta;

    (d) 

    ullmhú thogra chlár bhliantúil BERS agus a chur chun feidhme;

    (e) 

    ullmhú na tuarascála bliantúla faoi ghníomhaíochtaí BERS agus an tuairiscithe chuig an mBord Ginearálta maidir le cur chun feidhme an chláir bhliantúil.

    ▼B

    4.  Beidh an Rúnaíocht freagrach as gnó an BERS ó lá go lá. Tabharfaidh sí tacaíocht ard-cháilíochta anailíseach, staidrimh, riaracháin agus loighistiúil don BERS faoi stiúir an Chathaoirligh agus an Choiste Stiúrtha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010 ón gComhairle ( 2 ). Bainfidh sí leas freisin as comhairle theicniúil ó na ÚMEanna, ó na bainc cheannais náisiúnta agus ó na maoirseoirí náisiúnta.

    5.  Tabharfaidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch agus an Coiste Comhairleach Teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 12 agus in Airteagal 13 comhairle agus cúnamh maidir le saincheisteanna is ábhartha d’obair an BERS.

    Airteagal 5

    Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirligh an BERS

    ▼M1

    1.  Déanfaidh Uachtarán BCE cathaoirleacht ar BERS.

    2.  Is iad comhaltaí náisiúnta an Bhoird Ghinearálta ag a bhfuil cearta vótála a thoghfaidh an chéad Leas-Chathaoirleach as a gcomhaltaí féin le haghaidh téarma cúig bliana, ag féachaint don ghá le hionadaíocht chothromúil ar na Ballstáit idir na Ballstáit ar Ballstáit rannpháirteacha iad mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle ( 3 ) agus iad siúd nach Ballstáit rannpháirteacha iad. Féadfar an chéad Leas-Chathaoirleach a atoghadh uair amháin.

    ▼B

    3.  Is é a bheidh sa dara Leas-Chathaoirleach ná Cathaoirleach an Chomhchoiste, arna cheapadh de bhun Airteagal 55(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    4.  Cuirfidh an Cathaoirleach agus na Leas-Chathaoirligh in iúl do Pharlaimint na hEorpa, le linn éisteachta poiblí, conas a bheartaíonn siad a gcuid dualgas a chomhall faoin Rialachán seo.

    5.  Beidh an Cathaoirleach i gceannas ag cruinnithe an Bhoird Ghinearálta agus an Choiste Stiúrtha.

    6.  Beidh na Leas-Chathaoirligh, in ord tosaíochta, i gceannas ag cruinnithe an Bhoird Ghinearálta agus/nó an Choiste Stiúrtha nuair nach bhfuil an Cathaoirleach in ann páirt a ghlacadh iontu.

    7.  Má chríochnaíonn téarma oifige comhalta de Bhord Ginearálta an BCE a toghadh mar Chéad Leas-Chathaoirleach roimh dheireadh an téarma cúig bliana, nó más rud é, ar aon chúis, nach féidir leis an gCéad Leas-Chathaoirleach a dhualgais a chomhall, toghfar Chéad Leas-Chathaoirleach nua i gcomhréir le mír 2.

    ▼M1

    8.  Déanfaidh an Cathaoirleach ionadaíocht sheachtrach ar BERS. Féadfaidh an Cathaoirleach cúraimí a tharmligean, amhail cúraimí a bhaineann le hionadaíocht sheachtrach ar BERS, lena n-áirítear an clár oibre a chur i láthair, don chéad Leas-Chathaoirleach, nó mura bhfuil an chéad Leas-Chathaoirleach ar fáil agus i gcás inarb iomchuí, don dara Leas-Chathaoirleach nó do cheann na Rúnaíochta. Ní fhéadfar cúraimí a bhaineann le cuntasacht BERS agus oibleagáidí BERS maidir le tuairisciú, a leagtar amach in Airteagal 19(1), (4) agus (5) a tharmligean.

    ▼B

    Airteagal 6

    An Bord Ginearálta

    1.  Beidh siad seo a leanas ina gcomhaltaí den Bhord Ginearálta agus beidh cearta vótála acu:

    (a) 

    Uachtarán agus Leas-Uachtarán an BCE;

    ▼M1

    (b) 

    Gobharnóirí na mbanc ceannais náisiúnta. Ballstáit nach bhfuil an banc ceannais náisiúnta ina údarás ainmnithe iontu de bhun Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) nó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) agus ina bhfuil an ról ceannasach ag an údarás ainmnithe sin i ndáil le cobhsaíocht airgeadais ina réimse inniúlachta, féadfaidh siad, de rogha air sin, ionadaí ardleibhéil ó údarás ainmnithe de bhun Threoir 2013/36/AE nó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a roghnú;

    (c) 

    ionadaí ón gCoimisiún;

    ▼B

    (d) 

    Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach);

    (e) 

    Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde);

    (f) 

    Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí);

    (g) 

    Cathaoirleach agus beirt Leas-Chathaoirleach an Choiste Chomhairligh Eolaíoch;

    (h) 

    Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Theicniúil.

    2.  Beidh siad seo a leanas ina gcomhaltaí den Bhord Ginearálta gan cearta vótála acu:

    ▼M1

    (a) 

    faoi réir cinneadh gach Ballstáit i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1 agus i gcomhréir le mír 3, ionadaí ardleibhéil amháin in aghaidh an Bhallstáit ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, ó údarás náisiúnta a bhfuil sé de chúram air an beartas macrastuamachta a stiúradh, nó ón mbanc ceannais náisiúnta, mura rud é nach é Gobharnóir an bhainc ceannais náisiúnta comhalta an Bhoird Ghinearálta ag a bhfuil cearta vótála dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, agus sa chás sin comhalta an Bhoird Ghinearálta gan cearta vótála a bheidh san ionadaí ardleibhéil ó bhanc ceannais náisiúnta;

    ▼B

    (b) 

    Uachtarán an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (CEA);

    ▼M1

    (c) 

    Cathaoirleach Bhord Maoirseachta BCE;

    (d) 

    Cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ).

    ▼M1

    3.  Déanfaidh na hionadaithe ardleibhéil faoi seach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 uainíocht ag brath ar an ítim a bheidh á plé, mura rud é gur chomhaontaigh údaráis náisiúnta Ballstáit áirithe ar ionadaí comhchoiteann.

    ▼B

    4.  Bunóidh an Bord Ginearálta na rialacha nós imeachta le haghaidh an BERS.

    Airteagal 7

    Neamhchlaontacht

    ▼M1

    1.  Agus iad rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Bhoird Ghinearálta agus an Choiste Stiúrtha, nó nuair a bheidh siad i mbun aon ghníomhaíocht eile a bhaineann le BERS, comhlíonfaidh comhaltaí BERS a ndualgais go neamhchlaonta agus d’aon toisc ar mhaithe le leas an Aontais ina iomláine. Ní dhéanfaidh siad treoracha a lorg ná a ghlacadh ó aon rialtas, ó institiúidí an Aontais ná ó aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile.

    ▼B

    2.  Ní bheidh feidhm sa tionscal airgeadais ag aon chomhalta den Bhord Ginearálta (cibé acu atá, nó nach bhfuil, cearta vótála aige).

    3.  Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí an Aontais ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar chomhaltaí an BERS le linn dóibh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 3(2) a chomhlíonadh.

    ▼M1

    4.  Ní bheidh feidhm i rialtas lárnach Ballstáit ag comhalta ar bith den Bhord Ginearálta (bíodh vóta ag an gcomhalta sin nó ná bíodh).

    ▼B

    Airteagal 8

    Sicréideacht ghairmiúil

    1.  Ní dhéanfaidh aon chomhaltaí den Bhord Ginearálta ná duine ar bith eile a oibríonn nó a d’oibrigh don BERS nó a dhéanann nó a rinne obair a bhaineann leis an BERS (lena n-áirítear foireann ábhartha na mbanc ceannais, an Choiste Chomhairligh Eolaíoch, an Choiste Chomhairligh Theicniúil, na ÚMEanna agus údaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla na mBallstát) faisnéis atá faoi réir na sicréideachta gairmiúla a nochtadh, fiú amháin tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.

    ▼M1

    Ní dochar an mhír seo do na pléití rúnda ó bhéal a tionóladh i gcomhréir le hAirteagal 19(5).

    ▼B

    2.  Ní fhéadfar faisnéis a gheobhaidh comhaltaí den BERS a úsáid ach amháin i gcúrsa a ndualgas agus le linn na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 3(2) a chomhlíonadh.

    ▼M1

    2a.  Féadfaidh comhaltaí BERS ó bhainc ceannais náisiúnta, údaráis mhaoirseachta náisiúnta agus údaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu an beartas macrastuamachta a stiúradh, ina gcáil mar chomhaltaí BERS, faisnéis a thabhairt d’údaráis náisiúnta nó do chomhlachtaí atá freagrach as cobhsaíocht an chórais airgeadais i gcomhréir le dlí an Aontais nó le socruithe náisiúnta, ar faisnéis í a bhaineann le déanamh na gcúraimí atá de chúram ar BERS agus atá riachtanach chun cúraimí reachtúla na n-údarás nó na gcomhlachtaí sin a fheidhmiú, ar choinníoll go mbunófar a dhóthain cosaintí chun lán-urraim ar dhlí ábhartha an Aontais agus ar shocruithe náisiúnta a áirithiú.

    2b.  I gcás ina dtagann faisnéis ó údaráis eile seachas na húdaráis dá dtagraítear i mír 2a, ní dhéanfaidh comhaltaí BERS ó bhainc ceannais náisiúnta, údaráis mhaoirseachta náisiúnta agus údaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu an beartas macrastuamachta a stiúradh an fhaisnéis sin a úsáid chun a gcúraimí reachtúla a fheidhmiú ach amháin le comhaontú follasach na n-údarás sin.

    ▼B

    3.  Gan dochar d’Airteagal 16 agus do chur i bhfeidhm an dlí choiriúil, ní dhéanfar aon fhaisnéis rúnda a fhaigheann na daoine dá dtagraítear i mír 1 le linn a ndualgais a chomhlíonadh a nochtadh d’aon duine nó d’aon údarás, ach amháin i bhfoirm achomair nó chomhiomlán de chineál a fhágann nach féidir institiúidí airgeadais aonair a aithint.

    4.  Déanfaidh an BERS, in éineacht leis na ÚMEanna, nósanna imeachta sonracha rúndachta a chomhaontú agus a bhunú chun coimirciú a dhéanamh ar fhaisnéis faoi institiúidí airgeadais aonair agus ar fhaisnéis inar féidir institiúidí airgeadais aonair a aithint, agus bunóidh sé na nósanna imeachta sin.

    Airteagal 9

    Cruinnithe an Bhoird Ghinearálta

    1.  Comórfaidh Cathaoirleach an BERS gnáthchruinnithe iomlánacha an Bhoird Ghinearálta agus beidh na cruinnithe sin ann ceithre huaire sa bhliain ar a laghad. Féadfar cruinnithe urghnácha a chomóradh ar thionscnamh Chathaoirleach an BERS nó arna iarraidh sin do thrian, ar a laghad, de chomhaltaí an Bhoird Ghinearálta a bhfuil cearta vótála acu.

    2.  Beidh gach comhalta i láthair go pearsanta ag cruinnithe an Bhoird Ghinearálta agus ní dhéanfar ionadaíocht ar aon chomhalta.

    3.  De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh comhalta nach féidir leis freastal ar na cruinnithe ar feadh tréimhse trí mhí ar a laghad malartach a cheapadh. Féadfaidh duine a cheapfar go foirmiúil faoi na rialacha lena rialaítear an institiúid lena mbaineann maidir le hionadaíocht a dhéanamh thar ceann ionadaithe ar bhonn sealadach ionad an chomhalta sin a ghlacadh freisin.

    ▼M1

    4.  I gcás inarb iomchuí, féadfar a iarraidh ar ionadaithe ardleibhéil ó eagraíochtaí airgeadais idirnáisiúnta a sheolann gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le cúraimí BERS a leagtar amach in Airteagal 3(2), nó ar uachtarán Pharlaimint na hEorpa nó ar a hionadaithe ar ábhair a bhaineann le dlí an Aontais i réimse an bheartais macrastuamachta freastal ar chruinnithe an Bhoird Ghinearálta.

    5.  Féadfar rannpháirtíocht in obair BERS a bheith oscailte d’ionadaithe ardleibhéil ó na húdaráis ábhartha ó thríú tíortha nuair is ábhartha sin don Aontas. Féadfaidh BERS socruithe a dhéanamh lena sonrófar, go háirithe, cineál, raon feidhme agus gnéithe nós imeachta rannpháirtíocht na dtríú tíortha sin in obair BERS. Féadfar foráil a dhéanamh le socruithe den sórt sin maidir le hionadaíocht, ar bhonn ad hoc, mar bhreathnadóir, ar an mBord Ginearálta agus níor cheart baint a bheith ag na socruithe sin ach amháin le nithe atá ábhartha don Aontas, gan aon chás a áireamh ina bhféadfar plé a bheith ann faoi staid institiúidí airgeadais aonair nó staid Bhallstáit aonair.

    6.  Beidh imeachtaí na gcruinnithe rúnda. Féadfaidh an Bord Ginearálta a chinneadh tuairisc phoiblí a thabhairt ar an bplé, faoi réir ceanglais ábhartha rúndachta agus ar bhealach nach mbeifear in ann comhaltaí aonair an Bhoird Ghinearálta nó institiúidí aonair a aithint uaithi. Féadfaidh an Bord Ginearálta a chinneadh preasagallaimh a reáchtáil i ndiaidh a chruinnithe.

    ▼B

    Airteagal 10

    Modúlachtaí vótála an Bhoird Ghinearálta

    1.  Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Ginearálta a bhfuil cearta vótála aige.

    2.  Gan dochar do na nósanna imeachta vótála a leagtar amach in Airteagal 18(1), gníomhóidh an Bord Ginearálta trí thromlach simplí na gcomhaltaí atá i láthair agus a bhfuil cearta vótála acu. I gcás comhionannais vótaí, beidh an vóta réitigh ag Cathaoirleach an BERS.

    3.  De mhaolú ar mhír 2, beidh tromlach dhá thrian de na vótaí a chaitear ag teastáil chun moladh a ghlacadh nó chun rabhadh nó moladh a phoibliú.

    4.  Córam dhá thrian na gcomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu a bheidh ag teastáil i gcomhair aon vótála a bheidh le déanamh ag an mBord Ginearálta. Más rud é nach bhfuil an córam ann, féadfaidh Cathaoirleach an BERS cruinniú urghnách a chomóradh agus féadfar cinntí a ghlacadh ag an gcruinniú sin ar bhonn chóram aon triain. Beidh foráil sna rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(4) maidir le fógra leordhóthanach chun cruinniú urghnách a chomóradh.

    Airteagal 11

    An Coiste Stiúrtha

    1.  Beidh an Coiste Stiúrtha comhdhéanta díobh seo a leanas:

    (a) 

    Cathaoirleach agus chéad Leas-Cathaoirleach an BERS;

    ▼M1

    (b) 

    an comhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE atá freagrach as an gcobhsaíocht airgeadais agus as an mbeartas macrastuamachta;

    (c) 

    ceithre chomhalta náisiúnta den Bhord Ginearálta ag a bhfuil cearta vótála, ag féachaint don ghá le hionadaíocht chothromúil ar na Ballstáit idir na Ballstáit ar Ballstáit rannpháirteacha iad mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, agus iad siúd nach Ballstáit rannpháirteacha iad. Is iad comhaltaí náisiúnta an Bhoird Ghinearálta ag a bhfuil cearta vótala a thoghfaidh na comhaltaí sin as a gcomhaltaí féin, le haghaidh tréimhse trí bliana;

    (d) 

    ionadaí ón gCoimisiún;

    ▼B

    (e) 

    Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach);

    (f) 

    Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde);

    (g) 

    Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí);

    (h) 

    Uachtarán an CEA;

    (i) 

    Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Eolaíoch; agus

    (j) 

    Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Theicniúil.

    Líonfar aon fholúntas le haghaidh comhalta tofa den Choiste Stiúrtha trí thoghadh comhalta nua ag an mBord Ginearálta.

    ▼M1

    2.  Roimh gach cruinniú den Bhord Ginearálta, agus uair sa ráithe ar a laghad, eagróidh an Cathaoirleach agus an chéad Leas-Chathaoirleach go comhpháirteach na cruinnithe den Choiste Stiúrtha. Féadfaidh an Cathaoirleach agus an chéad Leas-Chathaoirleach cruinnithe ad hoc a eagrú chomh maith.

    ▼B

    Airteagal 12

    Coiste Comhairleach Eolaíoch

    ▼M1

    1.  Beidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch comhdhéanta de Chathaoirleach an Choiste Chomhairligh Theicniúil agus de 15 saineolaí a bheidh ionadaíoch do raon leathan scileanna, taithí agus eolais a bhaineann le hearnálacha ábhartha uile na margaí airgeadais, arna moladh ag an gCoiste Stiúrtha agus arna bhformheas ag an mBord Ginearálta le haghaidh tréimhse oifige inathnuaite ceithre bliana. Ní bheidh na hainmnithigh ina gcomhaltaí de na ÚMEnna agus roghnófar iad ar bhonn a n-inniúlachta ginearálta mar aon lena dtaithí ilchineálach i réimsí acadúla nó in earnálacha eile, go háirithe i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide nó i gceardchumainn, nó mar sholáthraithe nó tomhaltóirí seirbhísí airgeadais.

    2.  Is é an Bord Ginearálta a cheapfaidh an Cathaoirleach agus an bheirt Leas-Chathaoirleach den Choiste Chomhairleach Eolaíoch tar éis do Chathaoirleach BERS iad a mholadh agus beidh ardleibhéal saineolais agus eolais ábhartha acu faoi seach, mar shampla de bhua a gcúlra ábhartha acadúil agus gairmiúil in earnáil na baincéireachta, in earnáil na margaí urrúis, nó in earnáil an árachais agus na bpinsean ceirde. Socrófar ról Chathaoirleach an Choiste Chomhairligh Eolaíochta ar bhonn uainíochta idir an triúr sin.

    3.  Déanfaidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch comhairle agus cúnamh a sholáthar do BERS i gcomhréir le hAirteagal 4(5), arna iarraidh sin do Chathaoirleach BERS nó an don Bhord Ginearálta.

    ▼B

    4.  Tacóidh Rúnaíocht an BERS le hobair an Choiste Chomhairligh Eolaíoch agus glacfaidh ceann na Rúnaíochta páirt ina chruinnithe.

    ▼M1

    5.  I gcás inarb iomchuí, eagróidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch comhairliúcháin le geallsealbhóirí, amhail rannpháirtithe sa mhargadh, comhlachtaí tomhaltóra agus saineolaithe acadúla, go luath agus ar shlí oscailte thrédhearcach agus aird á tabhairt ar cheanglas na rúndachta. Déanfar comhairliúcháin den sórt sin a fhorleithne agus is féidir chun cur chuige cuimsitheach i leith gach páirtí leasmhar agus gach earnáil ábhartha airgeadais a áirithiú agus sa tslí sin tabharfar tréimhse réasúnta do na geallsealbhóirí freagairt a thabhairt.

    ▼B

    6.  Soláthrófar gach rud is gá don Choiste Comhairleach Eolaíoch lena chur ar a chumas a chuid cúraimí a thabhairt chun críche go rathúil.

    Airteagal 13

    Coiste Comhairleach Teicniúil

    1.  Beidh an Coiste Comhairleach Teicniúil comhdhéanta díobh seo a leanas:

    (a) 

    ionadaí ó gach banc ceannais náisiúnta agus ionadaí ón BCE;

    (b) 

    ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla, i gcomhréir leis an dara fomhír;

    (c) 

    ionadaí ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach);

    (d) 

    ionadaí ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde);

    (e) 

    ionadaí ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí);

    ▼M1

    (f) 

    ionadaí ón gCoimisiún;

    ▼M1

    (fa) 

    ionadaí ó Bhord Maoirseachta BCE;

    (fb) 

    ionadaí ón mBord Réitigh Aonair;

    ▼B

    (g) 

    ionadaí ón CEA; agus

    (h) 

    ionadaí ón gCoiste Comhairleach Eolaíoch.

    Roghnóidh údaráis mhaoirseachta gach Ballstáit ionadaí amháin ar an gCoiste Comhairleach Teicniúil. I dtaca le hionadaíocht na n-údarás maoirseachta náisiúnta faoi phointe (b) den chéad fhomhír, déanfaidh na hionadaithe faoi seach uainíocht ag brath ar an ítim a bheidh á plé, mura rud é go mbeidh údaráis mhaoirseachta náisiúnta de chuid Ballstáit áirithe tar éis comhaontú ar ionadaí comhchoiteann.

    2.  Is é an Bord Ginearálta a cheapfaidh Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Theicniúil tar éis do Chathaoirleach an BERS é a mholadh.

    ▼M1

    3.  Déanfaidh an Coiste Comhairleach Teicniúil comhairle agus cúnamh a sholáthar do BERS i gcomhréir le hAirteagal 4(5) arna iarraidh sin do Chathaoirleach BERS nó don Bhord Ginearálta.

    ▼B

    4.  Tacóidh Rúnaíocht an BERS le hobair an Choiste Chomhairligh Theicniúil agus glacfaidh ceann na Rúnaíochta páirt ina chruinnithe.

    ▼M1

    4a.  I gcás inarb iomchuí, eagróidh an Coiste Comhairleach Teicniúil comhairliúcháin le geallsealbhóirí, amhail rannpháirtithe sa mhargadh, comhlachtaí tomhaltóra agus saineolaithe acadúla, go luath agus ar shlí oscailte thrédhearcach agus aird á tabhairt ar cheanglas na rúndachta. Déanfar comhairliúcháin den sórt sin a fhorleithne agus is féidir chun cur chuige cuimsitheach i leith gach páirtí leasmhar agus gach earnáil ábhartha airgeadais a áirithiú agus sa tslí sin tabharfar tréimhse réasúnta do na geallsealbhóirí freagairt a thabhairt.

    ▼B

    5.  Soláthrófar gach rud is gá don Choiste Comhairleach Teicniúil lena chur ar a chumas a chuid cúraimí a thabhairt chun críche go rathúil.

    ▼M1

    Airteagal 14

    Foinsí eile comhairle

    Le linn na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 3(2) a dhéanamh, rachaidh BERS, i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha san earnáil phríobháideach. Déanfar comhairliúcháin den sórt sin a fhorleithne agus is féidir chun cur chuige cuimsitheach i leith gach páirtí leasmhar agus gach earnáil ábhartha airgeadais a áirithiú agus sa tslí sin tabharfar tréimhse réasúnta do na geallsealbhóirí freagairt a thabhairt.

    ▼B



    CAIBIDIL III

    CÚRAIMÍ

    Airteagal 15

    Faisnéis a bhailiú agus a mhalartú

    1.  Déanfaidh an BERS an fhaisnéis faoi rioscaí a sholáthar do na ÚMEanna de réir mar is gá ionas gur féidir leis na ÚMEanna a gcúraimí a chomhlíonadh.

    2.  Comhoibreoidh na ÚMEanna, an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC), an Coimisiún, na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus na húdaráis staidrimh náisiúnta go dlúth leis an BERS agus soláthróidh siad an fhaisnéis uile dó atá riachtanach chun go gcomhallfaidh an BERS a chúraimí i gcomhréir le gníomhartha reachtacha an Aontais.

    3.  Faoi réir Airteagal 36(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, féadfaidh an BERS faisnéis a iarraidh ar na ÚMEanna i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán, de ghnáth, ar foirm í a fhágfaidh nach féidir institiúidí airgeadais aonair a shainaithint.

    4.  Sula n-iarrfaidh an BERS faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo, cuirfidh sé san áireamh ar dtús an staidreamh arna tháirgeadh, arna scaipeadh agus arna fhorbairt cheana ag an gCóras Staidrimh Eorpach agus ag an CEBC.

    5.  Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ar fáil, nó más rud é nach gcuirtear ar fáil í ar shlí thráthúil, féadfaidh an BERS an fhaisnéis a iarraidh ar an CEBC, ar na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta nó ar na húdaráis staidrimh náisiúnta. Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis sin fós ar fáil, féadfaidh an BERS í a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann, ach sin gan dochar do na sainchumais a thugtar, faoi seach, don Chomhairle, don Choimisiún (Eurostat), don BCE, don Eurochóras agus don CEBC i réimse an staidrimh agus an bhailithe sonraí.

    6.  Más rud é go n-iarrann an BERS faisnéis nach bhfuil i bhfoirm achomair ná i bhfoirm chomhiomlán, míneofar san iarraidh réasúnaithe cén fáth a meastar go bhfuil na sonraí maidir leis an institiúid airgeadais aonair faoi seach ábhartha go sistéimeach, agus riachtanach, ag féachaint do staid an mhargaidh atá i réim.

    ▼M1

    7.  Sula ndéanfar gach iarraidh ar fhaisnéis de chineál maoirseachta nach bhfuil i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán, rachaidh BERS i gcomhairle go cuí leis an Údarás Maoirseachta Eorpach ábhartha chun a áirithiú go bhfuil údar maith leis an iarraidh agus go bhfuil sí comhréireach. Má mheasann an tÚdarás Maoirseachta Eorpach ábhartha nach bhfuil údar maith leis an iarraidh agus nach bhfuil sí comhréireach, cuirfidh sé an iarraidh ar ais, gan mhoill, chuig BERS agus iarrfaidh sé údar breise. Tar éis do BERS an t-údar sin a thabhairt don Údarás Maoirseachta Eorpach ábhartha, déanfaidh na seolaithe ar díríodh an iarraidh chucu an fhaisnéis a iarrtar a tharchur chuig BERS, ar choinníoll go mbeidh rochtain dhlíthiúil acu ar an bhfaisnéis ábhartha.

    ▼B

    Airteagal 16

    Rabhaidh agus moltaí

    1.  Nuair a shainaithnítear rioscaí suntasacha maidir le baint amach an chuspóra in Airteagal 3(1), tabharfaidh an BERS rabhaidh agus, i gcás inarb iomchuí, eiseoidh sé moltaí le haghaidh gníomhaíochta feabhais, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, moltaí le haghaidh tionscnamh reachtach.

    ▼M1

    2.  Maidir le rabhaidh nó moltaí arna n-eisiúint ag BERS i gcomhréir le pointí (c) agus (d) d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo, féadfaidh siad a bheith de chineál ginearálta nó de chineál sonrach agus díreofar iad, go háirithe, chuig an Aontas nó chuig Ballstát amháin nó níos mó, nó chuig ÚME amháin nó níos mó, nó chuig údarás maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó, nó chuig údarás náisiúnta amháin nó níos mó atá ainmnithe chun bearta a chur chun feidhme a bhfuil sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar riosca sistéamach nó riosca ar an macraileibhéal, nó chuig BCE i gcás na gcúraimí a tugadh do BCE i gcomhréir le hAirteagail 4(1), 4(2) agus 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, chuig údaráis náisiúnta réitigh atá ainmnithe ag Ballstáit de bhun Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) nó chuig an mBord Réitigh Aonair. Más rud é go mbeidh rabhadh nó moladh dírithe chuig ceann amháin nó níos mó de na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, cuirfear an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas maidir leis freisin. Áireofar sna moltaí amlíne shonraithe le haghaidh na freagartha beartais. Féadfar moltaí a dhíriú freisin chuig an gCoimisiún i ndáil le reachtaíocht ábhartha an Aontais.

    3.  An tráth chéanna a dhéanfar na rabhaidh agus na moltaí a tharchur chuig na seolaithe i gcomhréir le mír 2, déanfar iad a tharchur freisin, i gcomhréir le rialacha dochta rúndachta, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na ÚMEnna. Nuair a bheidh rabhaidh nó moltaí rúnda nó neamhphoiblí á dtarchur, ceanglóidh an Bord Ginearálta, i gcás inarb iomchuí, go dtabharfar comhaontú i gcrích chun rúndacht a áirithiú.

    ▼B

    4.  Chun feabhas a chur ar an bhfeasacht faoi rioscaí i ngeilleagar an Aontais agus chun na rioscaí sin a chur in ord tosaíochta, déanfaidh an BERS, i ndlúthchomhar leis na páirtithe eile sa CEMA, córas dathchódaithe a leagan amach a comhfhreagróidh do staideanna ina bhfuil leibhéil éagsúla riosca ann.

    Nuair a bheidh critéir an aicmiúcháin sin leagtha amach, léireoidh rabhaidh an BERS agus a mholtaí, ar bhonn gach cáis ar leith, agus i gcás inarb iomchuí, cén chatagóir a mbaineann an riosca léi.

    Airteagal 17

    Bearta a leanann as moltaí ón BERS

    ▼M1

    1.  Má dhírítear moladh dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 3(2) chuig ceann de na seolaithe a liostaítear in Airteagal 16(2), cuirfidh an seolaí in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do BERS na gníomhaíochtaí arna ndéanamh mar fhreagairt ar an moladh agus tabharfaidh sé bunús le haon easpa gníomhaíochta uaidh. I gcás inarb ábhartha, déanfaidh BERS, faoi réir rialacha dochta rúndachta, na freagraí a fuair sé a chur in iúl do na ÚMEnna gan mhoill.

    2.  Má chinneann BERS nár gníomhaíodh de réir a mholta nó gur mhainnigh an seolaí nó na seolaithe údar leordhóthanach a thabhairt i leith na neamhghníomhaíochta, déanfaidh BERS, faoi réir rialacha dochta rúndachta, an méid sin a chur in iúl do na seolaithe, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do na ÚMEnna lena mbaineann.

    ▼B

    3.  I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an BERS faoi mhír 2 maidir le moladh a poiblíodh de réir an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 18(1), féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar Chathaoirleach an BERS an cinneadh sin a thíolacadh agus féadfaidh na seolaithe iarraidh a dhéanamh chun bheith rannpháirteach i malartú tuairimí.

    Airteagal 18

    Rabhaidh phoiblí agus moltaí poiblí

    1.  Déanfaidh an Bord Ginearálta, ar bhonn gach cáis ar leith, agus tar éis dó an Chomhairle a chur ar an eolas sách luath roimh ré le go bhféadfaidh sí freagairt, a chinneadh ar cheart rabhadh nó moladh a phoibliú nó nár cheart. D’ainneoin Airteagal 10(3), beidh feidhm i gcónaí ag córam dhá thrian maidir le cinntí arna ndéanamh ag an mBord Ginearálta faoin mír seo.

    2.  Más rud é go gcinnfidh an Bord Ginearálta rabhadh nó moladh a phoibliú, cuirfidh sé na seolaithe ar an eolas roimh ré.

    3.  Maidir le seolaithe rabhadh agus moltaí arna bpoibliú ag an BERS, beidh an ceart acu a gcuid tuairimí féin agus an réasúnú atá acu a phoibliú mar fhreagra ar na rabhaidh agus ar na moltaí.

    ▼M1

    4.  I gcás ina gcinneann an Bord Ginearálta gan rabhadh ná moladh a phoibliú, déanfaidh na seolaithe agus, i gcás inarb iomchuí, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus na ÚMEnna na bearta go léir is gá chun rúndacht an rabhaidh nó an mholta sin a chosaint.

    ▼B



    CAIBIDIL IV

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 19

    Cuntasacht agus oibleagáidí maidir le tuairisciú

    ▼M1

    1.  Uair sa bhliain ar a laghad, agus níos minice ná sin i gcás cruachás forleathan airgeadais, tabharfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa cuireadh do Chathaoirleach BERS a bheith i láthair ag éisteacht i bParlaimint na hEorpa ag an tráth a fhoilsítear tuarascáil bhliantúil BERS do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Déanfar an éisteacht sin a sheoladh ar leithligh ón idirphlé airgeadaíochta idir Parlaimint na hEorpa agus Uachtarán BCE.

    2.  Beidh sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an fhaisnéis a chinnfidh an Bord Ginearálta a phoibliú i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil ar fáil don phobal agus áireofar inti cuntas ar na hacmhainní a chuirtear ar fáil do BERS i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010.

    ▼B

    3.  Scrúdóidh an BERS saincheisteanna sonracha freisin arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún.

    4.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar Chathaoirleach an BERS freastal ar éisteacht de chuid na gCoistí inniúla de Pharlaimint na hEorpa.

    5.  Déanfaidh Cathaoirleach an BERS, dhá uair sa bhliain ar a laghad agus níos minice ná sin má mheastar gurb iomchuí sin, pléití rúnda ó bhéal faoi ghníomhaíocht leanúnach an BERS a sheoladh i seomra iata le Cathaoirleach agus le Leas-Chathaoirligh Choiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta. Déanfar comhaontú idir Parlaimint na hEorpa agus an BERS maidir leis na modúlachtaí mionsonraithe chun na cruinnithe sin a eagrú, d’fhonn lán-rúndacht i gcomhréir le hAirteagal 8 a áirithiú. Tabharfaidh an BERS cóip den chomhaontú sin don Chomhairle.

    ▼M1

    6.  Tabharfaidh BERS freagra ó bhéal nó i scríbhinn ar cheisteanna a chuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle air. Tabharfaidh sé freagra ar na ceisteanna sin gan moill mhíchuí. Nuair a tharchuirfear faisnéis rúnda, áiritheoidh Parlaimint na hEorpa rúndacht iomlán na faisnéise sin i gcomhréir le hAirteagal 8 agus le mír 5 den Airteagal seo.

    ▼M1

    Airteagal 20

    Athbhreithniú

    Faoin 31 Nollaig 2024, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí BERS, faoinar gá athbhreithniú a dhéanamh ar mhisean nó eagrú BERS, ag féachaint do mhúnlaí eile a d’fhéadfadh a bheith air seachas a bhfuil ann faoi láthair.

    ▼B

    Airteagal 21

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



    ( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010 ón gComhairle an 17 Samhain 2010 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le feidhmiú an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 162).

    ( 2 ) Féach ar leathanach 162 den leagan Béarla den Iris Oifigiúil seo.

    ( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

    ( 4 ) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

    ( 5 ) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

    ( 6 ) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).

    ( 7 ) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

    Top