Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02009R0663-20181224

    Consolidated text: Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear clár chun cabhrú leis an téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú ar thionscadail i réimse an fhuinnimh

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/663/2018-12-24

    02009R0663 — GA — 24.12.2018 — 002.002


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (CE) Uimh. 663/2009 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 13 Iúil 2009

    lena mbunaítear clár chun cabhrú leis an téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú ar thionscadail i réimse an fhuinnimh

    (IO L 200 31.7.2009, lch. 31)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    RIALACHÁN (AE) Uimh. 1233/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPAAGUS ÓN gCOMHAIRLE an 15 Nollaig 2010

      L 346

    5

    30.12.2010

    ►M2

    RIALACHÁN (AE) 2018/1999 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Nollaig 2018

      L 328

    1

    21.12.2018




    ▼B

    RIALACHÁN (CE) Uimh. 663/2009 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 13 Iúil 2009

    lena mbunaítear clár chun cabhrú leis an téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú ar thionscadail i réimse an fhuinnimh



    CAIBIDIL I

    RÉAMHFHORÁLACHA

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Rialachán seo bunaítear ionstraim maoinithe, dar teideal an Clár Fuinnimh Eorpach do Théarnamh (an CFET), chun tionscadail a fhorbairt sa Chomhphobal i réimse an fhuinnimh, ar tionscadail iad a rannchuideoidh, trí spreagadh airgeadais a sholáthar, leis an téarnamh eacnamaíoch, le cinnteacht an tsoláthair fuinnimh agus le laghdú na n-astaíochtaí gáis ceaptha teasa.

    Leis an Rialachán seo bunaítear fochláir chun na cuspóirí sin a chur chun cinn sna réimsí seo a leanas:

    (a) 

    bonneagair gáis agus leictreachais;

    (b) 

    fuinneamh gaoithe amach ón gcósta; agus

    (c) 

    gabháil agus stóráil carbóin.

    Leis an Rialachán seo sainaithnítear na tionscadail a bheidh le maoiniú faoi gach fochlár agus leagtar síos ann critéir chun na gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme na dtionscadal sin a shainaithint agus a chur chun feidhme.

    ▼M1

    Leis an Rialachán seo, déantar foráil maidir le cruthú saoráide airgeadais (an tsaoráid) chun tacú le tionscnaimh a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite.

    ▼B

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a) 

    ciallaíonn “ gabháil agus stóráil carbóin” dé-ocsaíd charbóin (CO2) a ghabháil ó shuiteálacha tionsclaíocha, í a iompar go láithreán stórála agus í a instealladh i bhfoirmíocht oiriúnach gheolaíoch faoi thalamh chun críocha buanstórála;

    (b) 

    tá an bhrí chéanna le “costais cháilithe” atá leis i Rialachán (CE, EURATOM) Uimh. 2342/2002;

    (c) 

    ciallaíonn “bonneagair gáis agus leictreachais”:

    (i) 

    na línte ardvoltais go léir, seachas na línte sin a bhaineann le gréasáin dáilte, agus naisc faoi thoinn, ar choinníoll go n-úsáidtear an bonneagar sin i ndáil le tarchur nó nasc idir-réigiúnach nó idirnáisiúnta;

    (ii) 

    píblínte gáis ardbhrú, seachas na cinn sin a bhaineann le gréasáin dáilte;

    (iii) 

    saoráidí stórála faoi thalamh atá nasctha leis na píblínte gáis ardbhrú dá dtagraítear i bpointe (ii);

    (iv) 

    saoráidí glactha, stórála agus athghásaithe le haghaidh gáis nádúrtha leachtaithe (GNL); agus

    (v) 

    aon trealamh nó aon suiteálacha atá riachtanach chun go n-oibreoidh an bonneagar dá dtagraítear i bpointí (i), (ii), (iii) nó (iv) i gceart, lena n-áirítear córais cosanta, faireacháin agus rialaithe;

    (d) 

    ciallaíonn ‘cuid de thionscadal’ aon ghníomhaíocht atá neamhspleách ó thaobh airgeadais nó ar bhonn teicniúil nó thar thréimhse ama agus a rannchuidíonn le cur i gcrích an tionscadail;

    (e) 

    ciallaíonn “céim na hinfheistíochta” an chéim sin de thionscadal ar lena linn a dhéantar an tógáil agus a thabhaítear costais chaipitiúla;

    (f) 

    ciallaíonn “fuinneamh gaoithe amach ón gcósta” an chumhacht leictreach a ghintear ó innill tuirbín a thiomáintear leis an ngaoth agus atá suite san fharraige, cibé acu gar don chósta nó i bhfad amach ón gcósta;

    (g) 

    ciallaíonn “céim na pleanála” an chéim sin de thionscadal a thagann roimh an gcéim infheistíochta agus ar lena linn a ullmhaítear cur chun feidhme an tionscadail lena n-áirítear, más iomchuí, measúnú féidearthachta, staidéir ullmhúcháin agus staidéir theicniúla agus ceadúnais agus údaruithe a fháil agus ar lena linn a thabhaítear costais chaipitiúla.

    Airteagal 3

    An Buiséad

    1.  Beidh EUR 3 980 000 000 san imchlúdach airgeadais le haghaidh chur chun feidhme CFET sa bhliain 2009 agus sa bhliain 2010, agus leithdháilfear mar a leanas é:

    (a) 

    tionscadail bhonneagair gáis agus leictreachais: EUR 2 365 000 000 ;

    (b) 

    tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta: EUR 565 000 000 ;

    (c) 

    tionscadail ghabhála agus stórála carbóin: EUR 1 050 000 000 .

    ▼M1

    2.  Maidir leis na gealltanais dhlíthiúla aonair faoi Chaibidil II lena ndéanfar na gealltanais bhuiséadacha arna ndéanamh sa bhliain 2009 agus sa bhliain 2010 a chur chun feidhme, déanfar faoin 31 Nollaig 2010 iad. Maidir leis na gealltanais dhlíthiúla aonair faoi Chaibidil IIa, déanfar faoin 31 Márta 2011 iad.

    ▼M1

    3.  Féachfaidh na hidirghabhálaithe airgeadais a thuairiscítear in Iarscríbhinn II leis an gcistiúchán uile a thagann ó ranníocaíocht an Aontais agus atá ar fáil sa tsaoráid do thionscadail infheistíochta agus do chúnamh teicniúil do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite a leithdháileadh faoin 31 Márta 2014. Ní leithdháilfear cistiúchán ar bith ó ranníocaíocht an Aontais i ndiaidh an dáta sin. Déanfar an cistiúchán uile ó ranníocaíocht an Aontais nach leithdháilfidh na hidirghabhálaithe airgeadais faoin 31 Márta 2014 a thabhairt ar ais do bhuiséad ginearálta an Aontais. Fanfaidh an cistiúchán ó ranníocaíocht an Aontais a leithdháilfear ar thionscadail infheistíochta arna infheistiú ar feadh tréimhse ama shonraithe nach rachaidh thar an 31 Márta 2034. Beidh an tAontas i dteideal fáltais a fháil ar a infheistíocht sa tsaoráid le linn shaolré na saoráide, i gcomhréir lena ranníocaíocht leis an tsaoráid agus i gcomhréir lena chearta scairshealbhóra.

    ▼B



    CAIBIDIL II

    FOCHLÁIR



    ROINN 1

    Tionscadail bhonneagair gáis agus leictreachais

    Airteagal 4

    Cuspóirí

    Déanfaidh an Comhphobal tionscadail bhonneagair gáis agus leictreachais is airde breisluach Comhphobail agus a rannchuideoidh leis na cuspóirí seo a leanas a chur chun cinn:

    (a) 

    cinnteacht agus éagsúlú foinsí fuinnimh, bealaí agus soláthairtí;

    (b) 

    an leas iomlán a bhaint as cumas an ghréasáin fuinnimh agus an margadh inmheánach fuinnimh a lánpháirtiú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcuid trasteorann;

    (c) 

    an gréasán a fhorbairt chun comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú trí iargúltacht na réigiún is mídheisiúla nó na n-oileán is mídheisiúla de chuid an Chomhphobail a laghdú;

    (d) 

    acmhainní fuinnimh in-athnuaite a nascadh agus a chomhtháthú; agus

    (e) 

    sábháilteacht, iontaofacht agus idir-inoibritheacht na ngréasán fuinnimh idirnasctha, lena n-áirítear sreabhaidh iltreocha gáis a úsáid, más gá.

    Airteagal 5

    Tosaíochtaí

    Fónfaidh CFET chun gréasáin fuinnimh a mbaineann tábhacht ar leith leo don Chomhphobal a oiriúnú agus a fhorbairt chun tacaíocht a thabhairt d’oibriú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh agus go háirithe chun cur leis an gcumas idirnaisc, le cinnteacht agus le héagsúlú an tsoláthair agus chun constaicí comhshaoil, teicniúla agus airgeadais a shárú. Tá tacaíocht speisialta Chomhphobail riachtanach chun gréasáin fuinnimh a fhorbairt ar dhóigh níos déine agus chun dlús a chur lena dtógáil, go háirithe i gcás leibhéal íseal éagsúlachta a bheith ann i dtaca le bealaí agus foinsí an tsoláthair.

    Airteagal 6

    Cúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú

    1.  Déanfar cúnamh airgeadais faoi CFET (cúnamh CFET) le haghaidh tionscadal bonneagair gáis agus leictreachais a dhámhadh ar ghníomhaíochtaí a dhéanfaidh na tionscadail, nó codanna de na tionscadail, i gCuid A den Iarscríbhinn a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí iad lena rannchuideofar leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 4.

    2.  Iarrfaidh an Coimisiún tograí chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint agus déanfaidh sé measúnú i dtaobh an gcomhlíonann na tograí sin na critéir cháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 7 agus na critéir roghnúcháin agus dámhachtana a leagtar síos in Airteagal 8.

    3.  Cuirfidh an Coimisiún na tairbhithe ar an eolas faoi aon chúnamh CFET atá le deonú.

    Airteagal 7

    Cáilitheacht

    1.  Ní bheidh tograí cáilithe chun cúnamh CFET a fháil ach amháin i gcás ina gcuireann siad na tionscadail a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn chun feidhme, nach rachaidh siad thar an méid uasta de chúnamh CFET a leagtar síos ansin, agus go gcomhallann siad na critéir roghnúcháin agus dámhachtana faoi Airteagal 8.

    2.  Maidir le tograí a thíolacadh:

    (a) 

    féadfaidh Ballstát amháin nó roinnt Ballstát, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, déanamh amhlaidh;

    (b) 

    le comhaontú na mBallstát go léir a mbeidh baint dhíreach ag an tionscadal i dtrácht leo:

    (i) 

    féadfaidh gnóthas poiblí nó príobháideach amháin nó roinnt gnóthas poiblí nó príobháideach, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, déanamh amhlaidh;

    (ii) 

    féadfaidh eagraíocht idirnáisiúnta amháin nó roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, déanamh amhlaidh; nó

    (iii) 

    féadfaidh gnóthas comhpháirteach déanamh amhlaidh.

    3.  Ní bheidh tograí cáilithe más daoine nádúrtha a thíolacann iad.

    Airteagal 8

    Critéir roghnúcháin agus dámhachtana

    1.  Le linn don Choimisiún na tograí a gheofar faoin iarraidh ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a mheasúnú, cuirfidh sé na critéir roghnúcháin seo a leanas i bhfeidhm:

    (a) 

    fóntacht agus leordhóthanacht theicniúil an chur chuige;

    (b) 

    fóntacht an phacáiste airgeadais do chéim iomlán infheistíochta na gníomhaíochta.

    2.  Le linn don Choimisiún na tograí a gheofar faoin iarraidh ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a mheasúnú, cuirfidh sé na critéir dámhachtana seo a leanas i bhfeidhm:

    (a) 

    aibíocht, arb é a sainmhíniú ná céim na hinfheistíochta a bheith bainte amach, agus caiteachas substaintiúil caipitiúil a thabhú faoi dheireadh 2010;

    (b) 

    a mhéid atá an easpa rochtana ar mhaoiniú ag moilliú chur chun feidhme na gníomhaíochta;

    (c) 

    a mhéid a spreagfaidh cúnamh CFET maoiniú poiblí agus maoiniú príobháideach;

    (d) 

    tionchair shocheacnamaíocha;

    (e) 

    tionchair chomhshaoil;

    (f) 

    an rannchuidiú i ndáil le leanúnachas agus le hidir-inoibritheacht an ghréasáin fuinnimh agus le leas iomlán a bhaint as acmhainn an ghréasáin;

    (g) 

    an rannchuidiú i ndáil le feabhsú cáilíochta, sábháilteachta agus cinnteachta;

    (h) 

    an rannchuidiú i ndáil le margadh fuinnimh a chruthú a bheidh comhtháite go maith.

    Airteagal 9

    Coinníollacha maidir le maoiniú

    1.  Rannchuideoidh cúnamh CFET le caiteachas ar chur chun feidhme an tionscadail, ar caiteachas é atá gaolmhar leis an tionscadal agus a thabhóidh na tairbhithe nó tríú páirtithe atá freagrach as an tionscadal a chur chun feidhme.

    2.  Ní rachaidh cúnamh CFET thar 50 % de na costais cháilithe.

    Airteagal 10

    Ionstraimí

    1.  Tar éis na hiarrata ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 6(2), déanfaidh an Coimisiúin, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 26(2), na tograí a roghnú a ndeonófar cúnamh CFET orthu agus an méid chúnamh CFET a dheonófar a chinneadh. Sonróidh an Coimisiún na coinníollacha agus na modhanna ar dá réir a chuirfear na tograí chun feidhme.

    2.  Deonófar cúnamh CFET ar bhonn chinntí an Choimisiúin.

    Airteagal 11

    Freagrachtaí airgeadais na mBallstát

    1.  Rachaidh na Ballstáit i mbun fhaireachán teicniúil agus rialú airgeadais na dtionscadal i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus deimhneoidh siad méid an chaiteachais arna thabhú i leith tionscadal nó codanna de thionscadail agus comhréireacht an chaiteachais sin leis an Rialachán seo. Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach i seiceálacha ar an láthair.

    2.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta arna nglacadh faoi mhír 1 agus, go háirithe, soláthróidh siad tuairisc ar na córais rialaithe, bainistithe agus faireacháin a bhunaítear chun a áirithiú go gcuirfear tionscadail i gcrích ar bhealach rathúil.



    ROINN 2

    Tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta

    Airteagal 12

    Cúnamh CFET a dheonú

    1.  Déanfar cúnamh CFET le haghaidh tionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a dhámhadh tar éis na hiarrata ar thograí a bheidh teoranta do na gníomhaíochtaí lena ndéanfar na tionscadail a liostaítear i gCuid B den Iarscríbhinn a chur chun feidhme.

    2.  Iarrfaidh an Coimisiún tograí chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint agus déanfaidh sé measúnú i dtaobh an gcomhlíonann na tograí sin na critéir cháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 13 agus na critéir roghnúcháin agus dámhachtana a leagtar síos in Airteagal 14.

    3.  Cuirfidh an Coimisiún na tairbhithe ar an eolas faoi aon chúnamh CFET a bheidh le deonú.

    Airteagal 13

    Cáilitheacht

    1.  Ní bheidh tograí cáilithe chun cúnamh CFET a fháil ach amháin i gcás ina gcuireann siad na tionscadail a liostaítear i gCuid B den Iarscríbhinn chun feidhme, nach rachaidh siad thar na méideanna uasta de chúnamh CFET a leagtar síos ansin, agus go gcomhallann siad na critéir roghnúcháin agus dámhachtana faoi Airteagal 14. Treoróidh gnóthas tráchtála na tionscadail sin.

    2.  Féadfaidh gnóthas amháin nó roinnt gnóthas, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, tograí a thíolacadh.

    3.  Ní bheidh tograí cáilithe más daoine nádúrtha a thíolacann iad.

    Airteagal 14

    Critéir roghnúcháin agus dámhachtana

    1.  Le linn don Choimisiún na tograí a gheofar faoin iarraidh ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) a mheasúnú, cuirfidh sé na critéir roghnúcháin seo a leanas i bhfeidhm:

    (a) 

    fóntacht agus leordhóthanacht theicniúil an chur chuige;

    (b) 

    fóntacht an phacáiste airgeadais do chéim iomlán infheistíochta an tionscadail.

    2.  Le linn don Choimisiún na tograí a gheofar faoin iarraidh ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) a mheasúnú, cuirfidh sé na critéir dámhachtana seo a leanas i bhfeidhm:

    (a) 

    aibíocht, arb é a sainmhíniú ná céim na hinfheistíochta a bheith bainte amach, agus caiteachas substaintiúil caipitiúil a thabhú faoi dheireadh 2010;

    (b) 

    a mhéid atá an easpa rochtana ar mhaoiniú ag moilliú chur chun feidhme na gníomhaíochta;

    (c) 

    a mhéid a fheabhsaíonn nó a mhéadaíonn an tionscadal scála na suiteálacha agus na mbonneagar atá á dtógáil cheana féin, nó atá ag céim na pleanála;

    (d) 

    a mhéid a áirítear sa tionscadal tógáil suiteálacha agus bonneagar lánmhéide ar scála tionsclaíoch, agus a mhéid a dhéileáiltear leis na nithe seo a leanas go háirithe:

    (i) 

    inathraitheacht leictreachais gaoithe a chothromú trí chórais comhtháthaithe;

    (ii) 

    córais stórála ar mhórscála a bheith ann;

    (iii) 

    feirmeacha gaoithe a bhainistiú mar ghléasraí fíorúla cumhachta (níos mó ná 1 GW)

    (iv) 

    tuirbíní á gcur níos faide amach ón gcósta nó in uisce níos doimhne (20 m go 50 m) ná mar a dhéantar de ghnáth faoi láthair;

    (v) 

    nuadhearadh le haghaidh fo-struchtúr; nó

    (vi) 

    na próisis a ghabhann le cóimeáil, suiteáil, oibriú agus díchoimisiúnú, agus tástáil na bpróiséas sin i dtionscadail a bheidh ar fhíorscála;

    (e) 

    gnéithe nuálacha an tionscadail agus a mhéid a léireoidh sé cur chun feidhme na ngnéithe sin;

    (f) 

    tionchar an tionscadail agus a mhéid a rannchuideoidh sé leis an gcóras eangaí gaoithe amach ón gcósta atá ag an gComhphobal, lena n-áirítear a chumas maidir le macasamhlú;

    (g) 

    an tiomantas a léiríonn na tairbhithe maidir le torthaí dul chun cinn teicneolaíochta an tionscadail a scaipeadh ar bhealach atá i gcomhréir le dlí an Chomhphobail agus go háirithe leis na cuspóirí agus na struchtúir arna leagan amach sa Phlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh.

    Airteagal 15

    Coinníollacha maidir le maoiniú

    1.  Rannchuideoidh cúnamh CFET le caiteachas ar chur chun feidhme an tionscadail, ar caiteachas é atá gaolmhar leis an tionscadal.

    2.  Ní rachaidh cúnamh CFET thar 50 % de na costais cháilithe.

    Airteagal 16

    Ionstraimí

    1.  Tar éis na hiarrata ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 12(1), déanfaidh an Coimisiúin, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 26(2), na tograí a gheobhaidh cúnamh CFET a roghnú agus méid an mhaoinithe a dheonófar a chinneadh. Sonróidh an Coimisiún na coinníollacha agus na modhanna ar dá réir a dhéanfar na tograí a chur chun feidhme.

    2.  Deonófar cúnamh CFET ar bhonn comhaontuithe maidir le deonú.



    ROINN 3

    Tionscadail ghabhála agus stórála carbóin

    Airteagal 17

    Cúnamh CFET a dheonú

    1.  Déanfar cúnamh CFET le haghaidh tionscadal gabhála agus stórála carbóin a dhámhadh ar ghníomhaíochtaí lena gcuirfear na tionscadail a liostaítear i gCuid C den Iarscríbhinn chun feidhme.

    2.  Iarrfaidh an Coimisiún tograí chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shainaithint agus déanfaidh sé measúnú i dtaobh an gcomhlíonann na tograí na critéir cháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 18 agus na critéir roghnúcháin agus dámhachtana a leagtar síos in Airteagal 19.

    3.  Má chomhlíonann roinnt tograí ó thionscadail atá suite sa Bhallstát céanna na critéir cháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 18 agus na critéir roghnúcháin a leagtar síos in Airteagal 19(1), déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na gcritéar dámhachtana a leagtar síos in Airteagal 19(2), líon nach mó ná togra amháin in aghaidh an Bhallstáit a roghnú as measc na dtograí sin le haghaidh chúnamh CFET.

    4.  Cuirfidh an Coimisiún na tairbhithe ar an eolas faoi aon chúnamh CFET a bheidh le deonú.

    Airteagal 18

    Cáilitheacht

    1.  Ní bheidh tograí cáilithe chun cúnamh CFET a fháil ach amháin i gcás ina gcuireann siad na tionscadail atá liostaithe i gCuid C den Iarscríbhinn chun feidhme agus go gcomhallann siad na critéir roghnúcháin agus dámhachtana faoi Airteagal 19 agus na coinníollacha seo a leanas:

    (a) 

    léiríonn na tionscadail go bhfuil ar a gcumas 80 % ar a laghad den CO2 i suiteálacha tionsclaíocha a ghabháil agus iompar an CO2 sin agus storáil gheolaíoch an CO2 sin faoin talamh a dhéanamh go sábháilte;

    (b) 

    i suiteálacha cumhachta, léirítear gabháil an CO2 ar shuiteáil ag a bhfuil aschur 250 MW ar a laghad nó a choibhéis;

    (c) 

    déanann tionscnóirí na dtionscadal dearbhú ceangailteach go ndéanfar an fhaisnéis chineálach a ghintear ón ngléasra taispeána a chur ar fáil don earnáil tionscail i gcoitinne agus don Choimisiún mar rannchuidiú leis an bPlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh.

    2.  Déanfaidh gnóthas amháin nó roinnt gnóthas, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, tograí a thíolacadh.

    3.  Ní bheidh tograí cáilithe más daoine nádúrtha a thíolacann iad.

    Airteagal 19

    Critéir roghnúcháin agus dámhachtana

    1.  Le linn don Choimisiún na tograí a gheofar faoin iarraidh ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 17(2) a mheasúnú, cuirfidh sé na critéir roghnúcháin seo a leanas i bhfeidhm:

    (a) 

    fóntacht agus leordhóthanacht theicniúil an chur chuige;

    (b) 

    aibíocht, arb é a sainmhíniú ná céim na hinfheistíochta a bheith bainte amach, lena n-áirítear na roghanna stórála a fhiosrú agus a fhorbairt, agus caiteachas substaintiúil atá gaolmhar le hinfheistíocht a thabhú ar an tionscadal faoi dheireadh 2010;

    (c) 

    fóntacht an phacáiste airgeadais do chéim iomlán infheistíochta an tionscadail;

    (d) 

    na ceadanna go léir is gá le haghaidh thógáil agus oibriú an tionscadail ag an láithreán beartaithe nó ag na láithreáin bheartaithe a shainaithint, agus straitéis a bheith ann chun na ceadanna sin a fháil.

    2.  Le linn don Choimisiún na tograí a gheofar faoin iarraidh ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 17(2) a mheasúnú, cuirfidh sé na critéir dámhachtana seo a leanas i bhfeidhm:

    (a) 

    a mhéid atá an easpa rochtana ar mhaoiniú ag moilliú chur chun feidhme na gníomhaíochta;

    (b) 

    an maoiniú in aghaidh gach tona CO2 a iarradh le laghdú le linn na gcéad chúig bliana den tionscadal;

    (c) 

    castacht an tionscadail agus an leibhéal nuálaíochta a bhaineann leis an tsuiteáil fhoriomlán lena n-áirítear gníomhaíochtaí taighde eile a ghabhann leis mar aon leis an tiomantas a léirigh na tairbhithe maidir le torthaí dul chun cinn teicneolaíochta an tionscadail a scaipeadh i gcomhréir le dlí an Chomhphobail agus go háirithe leis na cuspóirí agus na struchtúir arna leagan amach sa Phlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh;

    (d) 

    fóntacht agus leordhóthanacht an phlean bainistíochta lena n-áirítear, i dtaca leis an bhfaisnéis agus na sonraí eolaíochta, innealtóireachta agus teicniúlachta atá ann, tuairisc ar ullmhacht an choincheapa bheartaithe chun an tionscadal a chur i gcrích faoin 31 Nollaig 2015.

    Airteagal 20

    Coinníollacha maidir le maoiniú

    1.  Ní rannchuideoidh cúnamh CFET ach amháin leis an gcaiteachas ar chur chun feidhme an tionscadail ar caiteachas é atá gaolmhar leis an tionscadal agus atá inchurtha i leith ghabháil an charbóin, agus iompar agus stóráil, agus na tairbhí oibriúcháin a d’fhéadfadh bheith ann á gcur san áireamh.

    2.  Ní rachaidh cúnamh CFET thar 80 % de na costais iomlána cháilithe infheistíochta.

    Airteagal 21

    Ionstraimí

    1.  Tar éis na hiarrata ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 17(2), déanfaidh an Coimisiúin, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 26(2), na tograí a gheobhaidh cúnamh CFET orthu a roghnú agus an méid de chúnamh CFET a dheonófar a chinneadh. Sonróidh an Coimisiún na coinníollacha agus na modhanna ar dá réir a dhéanfar na tograí a chur chun feidhme.

    2.  Deonófar cúnamh CFET ar bhonn comhaontuithe maidir le deonú.

    ▼M1



    CAIBIDIL IIa

    SAORÁID AIRGEADAIS

    Airteagal 21a

    Cistí nach féidir gealltanas a dhéanamh ina leith faoi Chaibidil II

    1.  Déanfar an cistiúchán nach féidir, de réir Airteagal 3(2), a bheith faoi réir gealltanas dlíthiúil aonair faoi Chaibidil II, ar cistiúchán é le haghaidh shuim EUR 146 344 644,50 a chur ar fáil don tsaoráid dá dtagraítear sa cheathrú mír d’Airteagal 1, chun ionstraimí oiriúnacha cistiúcháin a fhorbairt i gcomhar le hinstitiúidí airgeadais, ionas go ndéanfar mórspreagadh a thabhairt do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus do thionscadail chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a shaothrú.

    2.  Cuirfear an tsaoráid chun feidhme de réir Iarscríbhinn II. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 23(1) maidir leis an tsaoráid.

    3.  Beidh an méid a bheidh an tAontas faoi lé na saoráide, lena n-áirítear táillí bainistíochta agus costais cháilithe eile, teoranta do mhéid ranníocaíocht an Aontais leis an tsaoráid sin, a shonraítear i mír 1, agus ní bheidh aon dliteanas eile ar bhuiséad ginearálta an Aontais.

    ▼B



    CAIBIDIL III

    FORÁLACHA COITEANNA

    ▼M1 —————

    ▼B

    Airteagal 23

    Socruithe cláraithe agus cur chun feidhme

    1.  Seolfar na hiarrataí ar thograí go díreach ón gCoimisiún ar bhonn na hinfhaighteachta buiséid dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus na gcritéar cáilitheachta, roghnúcháin agus dámhachtana a leagtar amach i gCaibidil II.

    ▼M1

    2.  Ní chlúdóidh cúnamh CFET ach an caiteachas sin a bhaineann le tionscadail agus a thabhaigh na tairbhithe agus freisin, maidir le tionscadail faoi Airteagal 9, a thabhaigh tríú páirtithe a bhí freagrach as tionscadal a chur chun feidhme. Féadfaidh caiteachas arna thabhú faoi Chaibidil II a bheith cáilithe amhail ón 13 Iúil 2009.

    ▼M1

    2a.  Clúdóidh cúnamh airgeadais arna thabhairt faoi Chaibidil II caiteachas a bhaineann le tionscadail infheistíochta agus le cúnamh teicniúil do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus do thionscadail fuinnimh in-athnuaite, ar caiteachas é arna thabhú ag na tairbhithe a thuairiscítear i bpointe 3 de Chuid A d’Iarscríbhinn II. Féadfaidh an caiteachas sin a bheith cáilithe amhail ón 1 Eanáir 2011.

    ▼B

    3.  Ní bheidh CBL, seachas CBL neamh-inaisíoctha, ina chostas cáilithe.

    4.  Déanfar na tionscadail agus na gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo a chur i gcrích i gcomhréir le dlí an Chomhphobail agus cuirfear aon bheartais ábhartha de chuid an Chomhphobail san áireamh iontu, go háirithe na beartais sin a bhaineann le hiomaíocht, lena n-áirítear na rialacha is infheidhme a bhaineann le státchabhair, agus le cosaint an chomhshaoil, le sláinte, le forbairt inbhuanaithe agus le soláthar poiblí.

    Airteagal 24

    Freagrachtaí ginearálta na mBallstát

    Laistigh de réimse a bhfreagrachta, déanfaidh na Ballstáit gach iarracht chun na tionscadail a fhaigheann cúnamh CFET a chur chun feidhme, go háirithe trí nósanna imeachta éifeachtúla a bheith ann maidir le riarachán, údarúchán, ceadúnúchán agus deimhniúchán.

    Airteagal 25

    Leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint

    1.  Nuair a dhéanfar gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo a chur chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún go gcosnófar leasanna airgeadais an Chomhphobail trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe, agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú, agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis éifeachtacha comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, agus le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999.

    2.  Maidir leis na bearta Comhphobail a mhaoineofar faoin Rialachán seo, ciallaíonn coincheap na neamhrialtachta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 aon sárú ar fhoráil den dlí Comhphobail nó aon sárú ar oibleagáid chonarthach arb é is cúis leis ná gníomh nó neamhghníomh de chuid oibreora eacnamaíoch, a bhfuil sé d’éifeacht leis nó a mbeadh sé d’éifeacht aige, de bharr ítime caiteachais gan údar, ná dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó do bhuiséid arna mbainistiú aige.

    3.  Maidir leis na bearta cur chun feidhme go léir a dhéanfar de thoradh an Rialacháin seo, forálfar leo, go háirithe, go ndéanfaidh an Coimisiún, nó aon ionadaí a údaróidh an Coimisiún, maoirseacht agus rialú airgeadais agus go ndéanfaidh an Chúirt Iniúchóirí Eorpach, lena n-áirítear iniúchtaí ar an láthair, más gá, ina leith.



    CAIBIDIL IV

    FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 26

    Coistí

    1.  Tabharfaidh na coistí seo a leanas cúnamh don Choimisiún:

    (a) 

    i gcás tionscadal bonneagair gáis agus leictreachais, an coiste arna bhunú le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) 680/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach iompair agus fuinnimh ( 1 );

    (b) 

    i gcás tionscadal gaoithe amach ón gcósta, an coiste arna bhunú le hAirteagal 8 de Chinneadh 2006/971/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2006 maidir leis an gComhar Cláir Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Seachtú Creat-Chlár an Chomhphobail ar thaighde, ar fhorbairt theicneolaíochta agus ar ghníomhaíochtaí taispeána (2007 go 2013) ( 2 );

    (c) 

    i gcás tionscadal gabhála agus stórála carbóin, an coiste arna bhunú le hAirteagal 8 de Cinneadh 2006/971/CE;

    2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

    Aon mhí amháin a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

    Airteagal 27

    Meastóireacht

    ▼M2 —————

    ▼M1

    1a.  Faoin 30 Meitheamh 2013, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta lárthéarma a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi na bearta arna nglacadh faoi Chaibidil IIa agus díreofar go háirithe ar na nithe seo a leanas:

    (a) 

    cost-éifeachtúlacht, éifeacht ghiarála agus an bhreisíocht arna léiriú ag an tsaoráid;

    (b) 

    fianaise ar bhainistíocht fhónta airgeadais;

    (c) 

    a mhéid atá na cuspóirí atá leagtha amach sa Rialachán seo bainte amach ag an tsaoráid;

    (d) 

    a mhéid atá gá le tacaíocht leanúnach faoin tsaoráid do thionscadail a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite.

    Beidh togra reachtúil chun go leanfaí den tsaoráid ag gabháil leis an tuarascáil mheastóireachta lárthéarma, más iomchuí sin, agus go háirithe más meastóireacht dhearfach ar na bearta arna nglacadh faoi Chaibidil IIa atá i meastóireacht an Choimisiúin.

    ▼B

    2.  Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Bhallstát ar tairbhí é meastóireacht shonrach a sholáthar ar thionscadail arna maoiniú faoi Roinn I de Chaibidil II, den Rialachán seo nó, más iomchuí, an fhaisnéis agus an cúnamh is gá a sholáthar dó le go ndéanfaidh sé meastóireacht ar na tionscadail sin.

    ▼M2 —————

    ▼B

    Airteagal 29

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




    ▼M1

    IARSCRÍBHINN I

    ▼B

    TIONSCADAIL CHÁILITHE

    A.    Tionscadail bhonneagair Gáis agus Leictreachais



    1.  Idirnascairí gáis

    Tionscadal

    Suíomh na dtionscadal lena dtacaítear

    An ranníocaíocht Chomhphobail atá beartaithe

    (EUR milliún)

    Conair Gáis an Deiscirt

    NABUCCO

    An Ostair, an Ungáir, an Bhulgáir, an Ghearmáin, an Rómáin.

    200

    ITGI–Poseidon

    an Iodáil, an Ghréig

    100

    An tIdirnasc Baltach

    Skanled/Píopa Baltach

    An Pholainn, an Danmhairg, an tSualainn

    150

    An Gréasán GNL

    Críochfort Gáis Nadúrtha Leachtaithe ar chósta na Polainne, i gcalafort Świnoujście

    An Pholainn

    80

    Lár agus Oirdheisceart na hEorpa

    An t-idirnascaire idir an tSlóvaic agus an Ungáir (Veľký Krtíš – Vecsés)

    An tSlóvaic, an Ungáir

    30

    Córas tarchurtha gáis sa tSlóivéin ó Theorainn na hOstaire go Ljubljana (seachas an chuid sin idir Rogatec agus Kidričevo)

    An tSlóivéin

    40

    An t-idirnasc idir an Bhulgáir agus an Ghréig (Stara Zagora - Dimitrovgrad-Komotini)

    An Bhulgáir, an Ghréig

    45

    An t-idirnascaire idir an Rómáin agus an Ungáir

    An Rómáin, an Ungáir

    30

    An Cumas Stórála Gáis sa mhol Seiceach a mhéadú

    Poblacht na Seice

    35

    Bonneagar agus trealamh chun ais-sreabhadh gáis a cheadú i gcás an soláthar a bheith briste ar feadh seala

    An Ostair, an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Ghréig, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic

    80

    An t-idirnasc idir an tSlóvaic agus an Pholainn

    An tSlóvaic, an Pholainn

    20

    An t-idirnasc idir an Ungáir agus an Chróit

    An Ungáir

    20

    An t-idirnasc idir an Bhulgáir agus an Rómáin

    An Bhulgáir, an Rómáin

    10

    An Mheánmhuir

    Gréasán gáis na Fraince a neartú ar ais na hAfraice–na Spáinne–na Fraince.

    An Fhrainc

    200

    GALSI (Gazoduc Algérie-Italie)

    An Iodáil

    120

    Brainse Larrau d'Idirnascaire Ais an Iarthair

    An Spáinn

    45

    Limistéar na Mara Thuaidh

    Píblíne idir an Ghearmáin, an Bheilg agus an Ríocht Aontaithe

    An Bheilg

    35

    An nasc idir an Fhrainc agus an Bheilg

    An Fhrainc, an Bheilg

    200

    IOMLÁN

     

    1 440



    2.  Idirnascairí leictreachais

    Tionscadal

    Suíomh na dtionscadal lena dtacaítear

    An ranníocaíocht Chomhphobail atá beartaithe

    (EUR milliún)

    An tIdirnasc Baltach

    Estlink-2

    An Eastóin, an Fhionlainn

    100

    An t-idirnasc idir an tSualainn agus na Stáit Bhaltacha agus an eangach sna Stáit Bhaltacha a neartú.

    An tSualainn, an Laitvia, an Liotuáin

    175

    Lár agus Oirdheisceart na hEorpa

    Halle/Saale-Schweinfurt

    An Ghearmáin

    100

    Wien-Győr

    An Ostair, an Ungáir

    20

    An Mheánmhuir

    An t-idirnasc idir an Phortaingéil agus an Spáinn a neartú

    An Phortaingéil

    50

    An t-idirnasc idir an Fhrainc agus an Spáinn (Baixas-Sta Llogaia)

    An Fhrainc, an Spáinn

    225

    Cábla nua fomhuirí srutha ailtéarnaigh 380 kV idir an tSicil agus mórthír na hIodáile (Sorgente-Rizziconi)

    An Iodáil

    110

    Limistéar na Mara Thuaidh

    Idirnascaire 500 MW idir Éire agus an Bhreatain Bheag (An Mhí-Deeside)

    Éire, an Ríocht Aontaithe

    110

    Idirnasc leictreachais idir Málta agus an Iodáil

    Málta/an Iodáil

    20

    IOMLÁN

     

    910



    3.  Tionscadail ar oileáin bheaga

    Tionscadail ar oileáin bheaga iargúlta

    An Chipir

    10

    Málta

    5

    IOMLÁN

     

    15

    B.    Tionscadail ghaoithe amach ón gcósta



    Tionscadal

    Cumas

    Suíomh na dtionscadal lena dtacaítear

    An ranníocaíocht Chomhphobail

    atá beartaithe (EUR milliún)

    1.  Comhtháthú eangaí fuinnimh gaoithe amach ón gcósta

    1.1.  Baltic - Kriegers Flak I, II, III

    Tionscadail atá idir lámha a fhorbairt. Maoiniú arb é is aidhm leis costas breise a áirithiú i ndáil le réiteach comh-idirnaisc a fháil.

    1,5 GW

    An Danmhairg, an tSualainn, an Ghearmáin, an Pholainn

    150

    1.2.  Eangach na Mara Thuaidh

    Eangach amach ón gcósta a fhorbairt ar bhonn modúlach; gléasra fíorúil cumhachta amach ón gcósta a thaispeáint agus comhtháthú sa chóras eangaí atá ann cheana féin ar tír mór.

    1 GW

    An Ríocht Aontaithe, an Ísiltír, an Ghearmáin, Éire, an Danmhairg, an Bheilg, an Fhrainc, Lucsamburg

    165

    2.  Tuirbíní nua, struchtúir nua agus comhpháirteanna nua, leas iomlán a bhaint as cumas monarúcháin

    2.1.  Borkum West II – Bard 1 -Nordsee Ost – Global Tech I

    Glúin nua tuirbíní de mhéid il-mheigeavata (5-7 MW) agus struchtúr nuálacha, agus iad suite i bhfad amach ón gcósta (suas go 100 km) in uiscí níos doimhne (suas go 40m).

    1,6 GW

    An Ghearmáin

    200

    2.2.  Feirm ghaoithe amach ón gcósta, Obar Dheathain (Ionad tástála Eorpach)

    Tionscadal atá idir lámha faoi láthair a fhorbairt; tuirbíní il-MW a thástáil. Struchtúir agus fo-struchtúir nuálacha a fhorbairt, lena n-áirítear leas iomlán a bhaint as cumas monarúcháin an trealaimh sin amach ón gcósta sin lena dtáirgtear fuinneamh gaoithe. Is féidir a bheith ag súil le méadú 100 MW.

    0,25 GW

    An Ríocht Aontaithe

    40

    2.3.  Thornton Bank

    Tionscadal atá idir lámha faoi láthair a fhorbairt. Ceacht a fhoghlaim as Tionscadal Downvind (arna chómhaoiniú FP 6). Scála thuirbíní shuiteálacha Downvind a mhéadú (5 MW) in uiscí doimhne (suas go 30 m) gan tionchar mór amhairc a bheith aige sin (suas go 30 km).

    90 MW

    An Bheilg

    10

    IOMLÁN

     

     

    565

    C.    Tionscadail ghabhála agus stórála carbóin



    Ainm an Tionscadail/Suímh

    An ranníocaíocht Chomhphobail atá beartaithe

    (EUR milliún)

    Breosla

    Cumas

    Teicníocht ghabhála

    Coincheap stórála

    Huerth

    An Ghearmáin

    180

    Gual

    450 MW

    Comh-thimthriall comhtháite gásúcháin

    Uiscíoch Salanda

    Jaenschwalde

     

     

    Gual

    500 MW

    Ocsaibhreosla

    Olacheantair/Gáscheantair

    Eemshaven

    An Ísiltír

    180

    Gual

    1 200 MW

    Comh-thimthriall comhtháite gásúcháin

    Olacheantair/Gáscheantair

    Rotterdam

    Gual

    1 080 MW

    Gual púdair

    Olacheantair/Gáscheantair

    Rotterdam

    Gual

    800 MW

    Gual púdair

    Olacheantair/Gáscheantair

    Bełchatów

    An Pholainn

    180

    Gual

    858 MW

    Gual púdair

    Uiscíoch Salanda

    Compostilla

    (León)

    An Spáinn

    180

    Gual

    500 MW

    Ocsaibhreosla

    Uiscíoch Salanda

    Kingsnorth

    An Ríocht Aontaithe

    180

    Gual

    800 MW

    Gual púdair

    Olacheantair/Gáscheantair

    Longannet

    Gual

    3 390 MW

    Gual púdair

    Uiscíoch Salanda

    Tilbury

    Gual

    1 600 MW

    Gual púdair

    Olacheantair/Gáscheantair

    Hatfield

    (Yorkshire)

    Gual

    900 MW

    Comh-thimthriall comhtháite gásúcháin

    Olacheantair/Gáscheantair

    Porto Tolle

    An Iodáil

    100

    Gual

    660 MW

    Gual púdair

     

    Tionscadal gábhála carbóin thionsclaíoch

    Florange

    An Fhrainc

    50

    CO2 a iompar ó shuiteáil thionsclaíoch (gléasra cruach) chuig stóráil faoi thalamh (uiscíoch salanda)

    IOMLÁN

    1 050

    ▼M1




    IARSCRÍBHINN II

    SAORÁID AIRGEADAIS

    A.    Cur chun feidhme na saoráide airgeadais le haghaidh tionscadal fuinnimh inbhuanaithe

    1.    Raon feidhme na saoráide

    Déanfar an tsaoráid airgeadais (“an tsaoráid”) a úsáid chun tionscadail spárála fuinnimh, éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt agus éascóidh sé maoiniú infheistíochtaí sna réimsí sin ag údaráis áitiúla, ag údaráis réigiúnacha agus, i gcásanna cuí-réasúnaithe, ag údaráis náisiúnta phoiblí. Cuirfear an tsaoráid chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha maidir le tarmligean na gcúraimí feidhmithe buiséid atá leagtha síos sa Rialachán Airgeadais agus sna rialacha cur chun feidhme a ghabhann leis.

    Úsáidfear an tsaoráid le haghaidh tionscadal fuinnimh inbhuanaithe go háirithe i suímh uirbeacha. I measc na dtionscadal sin, áireofar go háirithe tionscadail a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

    (a) 

    foirgnimh phoiblí agus foirgnimh phríobháideacha ina bhfuil réitigh éifeachtúlachta fuinnimh agus/nó fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe ar úsáid Theicneolaíochtaí na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC);

    (b) 

    infheistíochtaí le haghaidh comhsholáthair teasa agus cumhachta le hardéifeachtúlacht fuinnimh (CTC), lena n-áirítear micrea-chomhghiniúint agus gréasáin téite/fuaraithe ceantair, go háirithe ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite;

    (c) 

    foinsí fuinnimh in-athnuaite díláraithe atá lonnaithe i suímh áitiúla agus na foinsí sin a chomhtháthú in eangacha leictreachais;

    (d) 

    micreaghiniúint ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite;

    (e) 

    iompar uirbeach glan chun tacú le héifeachtúlacht fuinnimh agus le comhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite, agus béim á cur ar iompar poiblí, ar fheithiclí leictreacha agus ar fheithiclí hidrigin agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa laghdaithe;

    (f) 

    bonneagar áitiúil, lena n-áirítear soilsiú éifeachtach an bhonneagair phoiblí allamuigh, amhail soilsiú sráide, réitigh stórála leictreachais, méadrú cliste agus eangacha cliste ina mbaintear leas iomlán as TFC;

    (g) 

    teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite ag a bhfuil poitéinseal nuálaíochta agus eacnamaíoch agus úsáid á baint as na nósanna imeachta is fearr atá ar fáil.

    Féadfar an tsaoráid a úsáid freisin chun dreasachtaí agus cúnamh teicniúil a sholáthar chomh maith le feasacht na n-údarás áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta a mhéadú, lena áirithiú go mbaintear an leas is fearr as na Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe, go háirithe sna réimsí a bhaineann le feabhsúcháin ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar fhuinneamh in-athnuaite i dtithe agus i bhfoirgnimh de chineálacha eile. Cothóidh an tsaoráid tionscadail infheistíochta a léiríonn inmharthanacht eacnamaíoch agus airgeadais, chun na hinfheistíochtaí a leithdháilfidh an tsaoráid a aisíoc agus chun infheistíochtaí poiblí agus infheistíochtaí príobháideacha a mhealladh. Dá bhrí sin, féadfaidh an tsaoráid, inter alia, leithdháileadh soláthair agus caipitil i gcomhair iasachtaí, ráthaíochtaí, cothromais agus táirgí eile airgeadais a áireamh. Ina theannta sin, féadfar suas le 15 % den chistiúchán dá dtagraítear in Airteagal 21a a úsáid chun cúnamh teicniúil a sholáthar d’údaráis áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta maidir le tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite a chur ar bun agus maidir le céim tosaigh úsáide teicneolaíochta a bhaineann leis na tionscadail sin.

    2.    Sineirgí

    Nuair atá cúnamh airgeadais nó cúnamh teicniúil á dheonú, tabharfar aird freisin ar shineirgí le hacmhainní airgeadais eile atá ar fáil sna Ballstáit, amhail na Cistí Struchtúracha agus na Cistí Comhtháthaithe agus saoráid ELENA chun forluí le hionstraimí eile a sheachaint.

    3.    Tairbhithe

    Is iad na húdaráis phoiblí, ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach de rogha, agus eintitis phoiblí nó eintitis phríobháideacha atá ag gníomhú thar ceann na n-údarás poiblí sin a bheidh ina dtairbhithe de chuid na saoráide.

    B.    Comhar le hidirghabhálaithe airgeadais

    1.    Ceanglais i ndáil le roghnú agus ceanglais ghinearálta, lena n-áirítear costais

    Cuirfear an tsaoráid ar bun i gcomhar le hidirghabhálaí airgeadais amháin nó níos mó agus beidh infheisteoirí iomchuí in ann a bheith rannpháirteach inti. Déanfar roghnú na n-idirghabhálaithe airgeadais ar bhonn a gcumais chruthaithe an cistiúchán a úsáid ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí agus i gcomhréir leis na rialacha agus na critéir atá leagtha amach san Iarscríbhinn seo.

    Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú go bhfanfaidh méid iomlán na bhforchostas a bhainfidh le bunú agus cur chun feidhme na saoráide, lena n-áirítear táillí bainistíochta agus costais cháilithe eile, arna sonrascadh ag na hidirghabhálaithe airgeadais, chomh teoranta agus is féidir, i gcomhréir leis an gcleachtas is fearr le haghaidh ionstraimí comhchosúla agus cáilíocht riachtanach na saoráide á cosaint ag an am céanna.

    Déanfaidh an Coimisiún ranníocaíocht an Aontais leis an tsaoráid a chur chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach in Airteagal 53 agus in Airteagal 54 den Rialachán Airgeadais.

    Comhlíonfaidh na hidirghabhálaithe airgeadais na ceanglais ábhartha a bhaineann le tarmligean na gcúraimí feidhmithe buiséid atá leagtha amach sa Rialachán Airgeadais agus sna rialacha cur chun feidhme a ghabhann leis, go háirithe maidir le rialacha an tsoláthair, leis an rialú inmheánach, leis an gcuntasaíocht agus leis an iniúchadh seachtrach. Ní dhéanfar aon chistiúchán seachas táillí bainistíochta nó costais a bhaineann le bunú agus cur chun feidhme na saoráide a chur ar fáil do na hidirghabhálaithe airgeadais sin.

    Déanfar na téarmaí agus na coinníollacha mionsonraithe maidir le bunú agus creatchoinníollacha na saoráide, lena n-áirítear faireachán agus rialú, a leagan síos i gcomhaontú amháin nó níos mó idir an Coimisiún agus na hidirghabhálaithe airgeadais.

    2.    Faisnéis a bheith ar fáil

    Déanfaidh an tsaoráid an fhaisnéis uile maidir le bainistiú cláir, ar faisnéis í atá ábhartha do pháirtithe leasmhara, a chur ar fáil ar líne. Áireofar san fhaisnéis sin, go háirithe, nósanna imeachta maidir le hiarratais, faisnéis maidir leis na cleachtais is fearr agus forléargas ar thionscadail agus ar thuarascálacha.

    C.    Coinníollacha maidir le cistiúchán agus critéir maidir le cáilitheacht agus roghnú

    1.    Raon feidhme an mhaoinithe

    I gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, beidh an tsaoráid teoranta do mhaoiniú le haghaidh na nithe seo a leanas:

    (a) 

    tionscadal infheistíochta ag a mbeidh tionchar tapa, intomhaiste, substaintiúil ar an téarnamh eacnamaíoch laistigh den Aontas, ar shlándáil mhéadaithe fuinnimh agus ar laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa; agus

    (b) 

    cúnamh teicniúil do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite;

    2.    Fachtóirí a bheidh le cur san áireamh

    Maidir le roghnú na dtionscadal, tabharfar aird ar leith ar an gcothromaíocht gheoghrafach.

    Maidir le maoiniú tionscadal infheistíochta, tabharfar aird chuí ar fhachtóir suntasach giarála a bhaint amach idir an infheistíocht iomlán agus cistiúchán an Aontais chun infheistíochtaí suntasacha a chruinniú san Aontas. D’fhéadfadh, áfach, an fachtóir giarála do thionscadail infheistíochta aonair athrú, ag brath ar roinnt fachtóirí amhail méid iarbhír agus cineál iarbhír an tionscadail agus ar dhálaí áitiúla lena n-áirítear méid agus acmhainneacht airgeadais an tairbhí.

    3.    Coinníollacha a bhaineann le rochtain ag údaráis phoiblí ar mhaoiniú faoin tsaoráid

    Déanfaidh údaráis phoiblí a iarrfaidh maoiniú le haghaidh tionscadal infheistíochta nó cúnamh teicniúil le haghaidh tionscadal éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

    (a) 

    tá gealltanas polaitiúil déanta acu nó á dhéanamh acu chun athrú aeráide a mhaolú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cuspóirí coincréiteacha, mar shampla cuspóirí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus/nó le húsáid a bhaint as fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite;

    (b) 

    tá siad ag obair i dtreo straitéisí ilbhliantúla a fhorbairt chun athrú aeráide a mhaolú agus, i gcás inarb iomchuí, chun a gcuspóirí a bhaint amach nó tá siad rannpháirteach i straitéis ilbhliantúil ar leibhéal áitiúil, ar leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal náisiúnta chun athrú aeráide a mhaolú;

    (c) 

    comhaontaíonn siad a bheith cuntasach go poiblí as an dul chun cinn i ndáil lena straitéis fhoriomlán.

    4.    Critéir maidir le cáilitheacht agus roghnú le haghaidh tionscadal infheistíochta arna maoiniú faoin tsaoráid

    Comhlíonfaidh na tionscadail infheistíochta arna maoiniú faoin tsaoráid na critéir seo a leanas maidir le cáilitheacht agus roghnú:

    (a) 

    fóntacht agus dóthanacht theicniúil an chur chuige;

    (b) 

    fóntacht agus cost-éifeachtúlacht an mhaoinithe le haghaidh chéim infheistíochta iomlán na gníomhaíochta;

    (c) 

    cothromaíocht gheografach na dtionscadal uile atá clúdaithe leis an Rialachán seo;

    (d) 

    aibíocht, a shainmhínítear mar chéim na hinfheistíochta a bhaint amach, agus caiteachas suntasach caipitiúil a thabhú chomh luath agus is féidir;

    (e) 

    a mhéad atá easpa rochtana ar mhaoiniú ag cur moille ar chur chun feidhme na gníomhaíochta;

    (f) 

    a mhéad a spreagfaidh cistiúchán ón tsaoráid maoiniú poiblí agus maoiniú príobháideach;

    (g) 

    tionchair chainníochtaithe socheacnamaíocha;

    (h) 

    tionchair chainníochtaithe ar an gcomhshaol.

    5.    Critéir maidir le cáilitheacht agus roghnú le haghaidh tionscadal cúnaimh theicniúil arna maoiniú faoin tsaoráid.

    Comhlíonfaidh tionscadail chúnaimh theicniúil arna maoiniú faoin tsaoráid seo na critéir maidir le cáilitheacht agus roghnú dá dtagraítear i bpointe 4(a), (c), (e), (f) agus (g).

    ▼B




    DEARBHÚ ON gCOIMISIÚIN

    Cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir gur eochairthosaíochtaí iad an éifeachtúlacht fuinnimh agus foinsí inathnuaite fuinnimh i mbeartas fuinnimh an AE, ar chúiseanna a bhaineann leis an gcomhshaol agus ar chúiseanna a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair. Sa mhéid seo, rannchuideoidh an Rialachán leis na tosaíochtaí sin trí thacaíocht mhór a thabhairt do thionscadail gaoithe amach ón gcósta.

    Meabhraíonn an Coimisiún sa chomhthéacs seo na tionscnaimh éagsúla nua eile a thacaíonn leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus le foinsí inathnuaite fuinnimh a mholann an Coimisiún, agus ar thug sé moladh go háirithe dó sa Phlean Eorpach don Téarnamh, a d'fhormhuinigh Comhairle Eorpach Nollaig 2008. Áirítear leo sin:

    Modhnú ar an Rialachán CFRE chun infheistíochtaí suas go dtí EUR 8 billiún a cheadú in éifeacht fuinnimh agus i bhfuinnimh inathnuaite sa tithíocht sna Ballstáit uile.

    Comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí do thionscnamh Eorpach na bhfoirgneamh atá éifeachtúil ar fhuinnimh chun teicneolaíochtaí glasa agus forbairt córas agus ábhar a bheadh éifeachtúil ar fhuinnimh i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh athchóirithe a chur chun cinn. EUR 1 billiún an t-imchlúdach measta a bheidh ann don ghníomhaíocht seo: EUR 500 milliún ón mbuiséad EC FP7 atá ann cheana féin idir 2010 agus 2013 agus EUR 500 milliún ón tionscal.

    Tionscnamh CE-BEI ‘Tionscnamh Maoinithe an AE don Fhuinneamh Inbhuanaithe’. Is é an aidhm atá aige infheistíochtaí a chumasú do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus do thionscadail fuinnimh inathnuaite i suímh uirbeacha. Déanann an Coimisiún maoiniú ar shaoráid um chúnamh teicniúil ón gClár Eorpach um Stuamacht Fuinnimh (leithdháileadh bliantúil 15 M EUR do 2009). Leis an tsaoráid seo, a bheidh á bainistiú ag BEI, éascófar an rochtain ar iasachtaí ón BEI leis na héifeachtaí suntasacha giarála a bheidh aici.

    Cruthóidh infheisteoirí institiúideacha AE - faoi stiúir BEI - ciste cothromais margadh-dhírithe, dá ngairfear Marguerite: Ciste Eorpach 2020 don Fhuinneamh, don Athrú Aeráide agus don Bhonneagar. Dhéanfaí infheistiú ón gCiste seo i réimsí an fhuinnimh agus an athraithe aeráide (TEN-E, fuinneamh inbhuanaithe, fuinneamh inathnuaite, teicneolaíochtaí, infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh, cinnteacht an tsoláthair, chomh maith leis an mbonneagar comhshaoil). Tacaíonn an Coimisiún leis an tionscnamh seo.

    Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún i láthair roimh dheireadh mhí na Samhna 2009 an t-athbhreithniú ar an bplean gníomhaíochta um éifeachtúlacht fuinnimh a d'iarr an Chomhairle (Conclúidí Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta 2009) agus an Pharlaimint (Rún PE P6_TA (2009)0064) uirthi a dhéanamh.

    Aontaíonn na saineolaithe gurb í an éifeachtúlacht fuinnimh an rogha is saoire atá ar fáil le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú. Faoi mhí na Samhna 2009, cuirfidh an Coimisiún anailís mhionsonraithe ar fáil ar na constaicí atá roimh infheistíochtaí breise san éifeachtúlacht fuinnimh. Féachfaidh sé go háirithe an bhfuil gá le dreasachtaí breise airgeadais i bhfoirm iasachtaí ar ús íseal agus/nó le deontais, féachfaidh sé an chaoi a bhféadfaí an buiséad Eorpach a úsáid chuige seo, agus, más iomchuí, áireoidh an Coimisiún, inter alia, cistí breise do mhaoiniú na héifeachtúlachta fuinnimh san Ionstraim nua AE don Chinnteacht Fuinnimh agus don Bhonneagar Fuinnimh, atá le tíolacadh in 2010.

    Nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an bplean gníomhaíochta um éifeachtúlacht fuinnimh, tabharfaidh sé aird faoi leith ar ghné na comharsanachta den éifeachtúlacht fuinnimh. Déanfaidh sé anailís ar an gcaoi a bhféadfaidh sé dreasachtaí airgeadais agus rialúcháin a thabhairt do thíortha comharsanacha chun dlús a chur lena n-infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh.

    Má aimsíonn an Coimisiún, agus tuairisciú á dhéanamh aige sa bhliain 2010 maidir le cur chun feidhme an Rialacháin faoina Airteagal 28, nach bhféadfaí a chur in áirithe, faoi dheireadh 2010, cuid de na cistí dá bhforáiltear le haghaidh na dtionscadal a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán, molfaidh an Coimisiún, más iomchuí agus i slí a bheadh cothrom ó thaobh na tíreolaíochta de, leasú a dhéanamh ar an Rialachán lena gceadófar maoiniú na dtionscadal i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh agus na bhfoinsí fuinnimh inathnuaite, de bhreis ar na tionscnaimh thuas, lena n-áirítear critéir cáilitheachta a bheadh cosúil leis na critéir a bhaineann leis na tionscadail san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Ráiteas ón bPortaingéil

    Vótálfaidh an Phortaingéil ar son an togra, cé go measann sí gur cheart, in athbhreithniú ar an gclár faoi Airteagal 28, féachaint le tionscadail maidir le fuinneamh in-athnuaite agus maidir le héifeachtacht fuinnimh a áireamh, go háirithe i dtaca le greillí cliste agus le méadair chliste, d'fhonn cuidiú leis na cuspóirí atá in Airteagal 4(a) agus (b) den Rialachán a bhaint amach.



    ( 1 ) IO L 162, 22.6.2007, lch. 1.

    ( 2 ) IO L 400, 30.12.2006, lch. 86.

    Top