Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02008L0096-20191216

    Consolidated text: Directive 2008/96/EC of the European Parliament and of the Council of 19 November 2008 on road infrastructure safety management

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/96/2019-12-16

    02008L0096 — GA — 16.12.2019 — 001.002


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    DIRECTIVE 2008/96/EC OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL

    of 19 November 2008

    on road infrastructure safety management

    (IO L 319 29.11.2008, lch. 59)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    TREOIR (AE) 2019/1936 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 23 Deireadh Fómhair 2019

      L 305

    1

    26.11.2019




    ▼B

    DIRECTIVE 2008/96/EC OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL

    of 19 November 2008

    on road infrastructure safety management



    ▼M1

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.  
    Leis an Treoir seo, cuirtear de cheangal ar na Ballstáit nósanna imeachta a bhunú agus a chur chun feidhme maidir le measúnuithe tionchair i leith na sábháilteachta ar bhóithre, iniúchtaí ar an tsábháilteacht ar bhóithre, cigireachtaí sábháilteachta bóithre agus measúnuithe sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin.
    2.  
    Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le bóithre atá mar chuid den ghréasán bóithre tras-Eorpach, maidir le mótarbhealaí agus maidir le príomhbhóithre eile, bíodh siad á ndearadh, á dtógáil nó in úsáid.
    3.  
    Beidh feidhm ag an Treoir seo, freisin, maidir le bóithre agus maidir le tionscadail bonneagair bóithre nach gcumhdaítear le mír 2 atá suite lasmuigh de limistéir uirbeacha, nach bhfreastalaíonn ar réadmhaoin atá i dteorainn leo, a thugtar chun críche agus leas á bhaint as cistiú ón Aontas, ach amháin bóithre nach bhfuil oscailte do trácht mótarfheithicle ginearálta, amhail raonta rothar, nó bóithre nach bhfuil deartha le haghaidh trácht ginearálta, amhail bóithre rochtana ar láithreáin thionsclaíocha, talmhaíochta agus foraoiseachta.
    4.  
    Féadfaidh na Ballstáit príomhbhóithre a bhfuil riosca íseal do shábháilteacht ag baint leo a dhíolmhú ó raon feidhme na Treorach seo, bunaithe ar fhorais a bhfuil údar cuí leo agus atá nasctha le méideanna tráchta agus le staitisticí tionóisce.

    Féadfaidh na Ballstáit bóithre nach dtagraítear dóibh i mír 2 ná i mír 3 a áireamh faoi raon feidhme na Treorach seo.

    Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoin liosta de mhótarbhealaí agus de phríomhbhóithre ar a chríoch agus, aon athruithe a dhéanfar air ina dhiaidh sin faoin 17 Nollaig 2021. Ina theannta sin, tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis an liosta de na bóithre a bhfuil díolúine acu i gcomhréir leis an mír seo ó raon feidhme na Treorach seo, nó atá san áireamh faoi raon feidhme na Treorach seo, agus, maidir le haon athruithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

    Foilseoidh an Coimisiún an liosta de na bóithre a dtabharfar fógra ina leith i gcomhréir leis an Airteagal seo.

    5.  
    Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le bóithre i dtolláin a chumhdaítear le Treoir 2004/54/CE.

    ▼B

    Article 2

    Definitions

    For the purposes of this Directive, the following definitions shall apply:

    ▼M1

    1. 

    ciallaíonn “gréasán tras-Eorpach bóithre” an gréasán bóithre a shainaithnítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

    ▼M1

    1a. 

    ciallaíonn “mótarbhealach” bóthar a dheartar agus a thógtar go speisialta le haghaidh mótarthráchta, nach bhfreastalaíonn ar réadmhaoin atá i dteorainn leis, agus a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

    (a) 

    tá sé feistithe, ach amháin ag pointí speisialta nó go sealadach, le carrbhealaí ar leith don trácht ó dhá threo, scartha óna chéile le stiall dhealaithe nach bhfuil beartaithe le haghaidh tráchta, nó go heisceachtúil, trí mhodhanna eile;

    (b) 

    ní thrasnaíonn ar leibhéal le haon bhóthar, iarnród, trambhealach, raon rothar nó cosán;

    (c) 

    tá sé ainmnithe go sonrach mar mhótarbhealach;

    1b. 

    ciallaíonn “príomhbhóthar” bóthar atá lasmuigh de limistéir uirbeacha agus a nascann mórchathracha nó réigiúin, nó iad araon, ar bóthar é a bhaineann leis an gcatagóir is airde de bhóithre faoi bhun na catagóire “mótarbhealach” san aicmiú náisiúnta bóithre atá i bhfeidhm an 26 Samhain 2019;

    ▼B

    2. 

    ‘competent entity’ means any public or private organisation set up at national, regional or local level, involved in the implementation of this Directive by reason of its competences, including bodies designated as competent entities which existed before the entry into force of this Directive, in so far as they meet the requirements of this Directive;

    3. 

    ‘road safety impact assessment’ means a strategic comparative analysis of the impact of a new road or a substantial modification to the existing network on the safety performance of the road network;

    4. 

    ‘road safety audit’ means an independent detailed systematic and technical safety check relating to the design characteristics of a road infrastructure project and covering all stages from planning to early operation;

    ▼M1 —————

    ▼M1

    6. 

    ciallaíonn “rátáil sábháilteachta” codanna den ghréasán bóithre atá ann cheana a rangú i gcatagóirí de réir a sábháilteachta ionsuite, ar sábháilteacht ionsuite í a thomhaistear go hoibiachtúil;

    7. 

    ciallaíonn “cigireacht spriocdhírithe sábháilteachta bóithre” imscrúdú spriocdhírithe chun dálaí guaiseacha, fabhtanna agus fadhbanna a shainaithint, lena méadaítear an riosca go dtarlódh tionóiscí agus gortuithe, bunaithe ar chuairt ar láthair bóthair nó coda de bhóthar;

    ▼M1

    7a. 

    ciallaíonn “cigireacht thréimhsiúil sábháilteachta bóithre” gnáthfhíorú tréimhsiúil na saintréithe agus na bhfabhtanna a bhfuil gá le hobair chothabhála ina leith ar chúiseanna sábháilteachta;

    ▼B

    8. 

    ‘guidelines’ means measures adopted by Member States, which lay down the steps to be followed and the elements to be considered in applying the safety procedures set out in this Directive;

    9. 

    ‘infrastructure project’ means a project for the construction of new road infrastructure or a substantial modification to the existing network which affects the traffic flow;

    ▼M1

    10. 

    ciallaíonn “úsáideoir soghonta bóithre” úsáideoirí bóithre gan inneall, lena n- áirítear, go háirithe, rothaithe agus coisithe, mar aon le húsáideoirí dé-rothaigh chumhachtaithe.

    ▼B

    Article 3

    Road safety impact assessment for infrastructure projects

    1.  
    Member States shall ensure that a road safety impact assessment is carried out for all infrastructure projects.
    2.  
    The road safety impact assessment shall be carried out at the initial planning stage before the infrastructure project is approved. In that connection, Member States shall endeavour to meet the criteria set out in Annex I.
    3.  
    The road safety impact assessment shall indicate the road safety considerations which contribute to the choice of the proposed solution. It shall further provide all relevant information necessary for a cost-benefit analysis of the different options assessed.

    Article 4

    Road safety audits for infrastructure projects

    1.  
    Member States shall ensure that road safety audits are carried out for all infrastructure projects.
    2.  
    When carrying out road safety audits the Member States shall endeavour to meet the criteria set out in Annex II.

    Member States shall ensure that an auditor is appointed to carry out an audit of the design characteristics of an infrastructure project.

    The auditor shall be appointed in accordance with the provisions of Article 9(4) and shall have the necessary competence and training provided for in Article 9. Where audits are undertaken by teams, at least one member of the team shall hold a certificate of competence as referred to in Article 9(3).

    3.  
    Road safety audits shall form an integral part of the design process of the infrastructure project at the stage of draft design, detailed design, pre-opening and early operation.
    4.  
    Member States shall ensure that the auditor sets out safety critical design elements in an audit report for each stage of the infrastructure project. Where unsafe features are identified in the course of the audit but the design is not rectified before the end of the appropriate stage as referred to in Annex II, the reasons shall be stated by the competent entity in an Annex to that report.
    5.  
    Member States shall ensure that the report referred to in paragraph 4 shall result in relevant recommendations from a safety point of view.

    ▼M1

    6.  
    Soláthróidh an Coimisiún treoirlínte do dhearadh “cois bóthair atá maiteach” agus “bóithre féinmhínitheacha agus féin-fhorfheidhmithe” sa chéad iniúchadh de chéim an deartha, mar aon le treoir maidir le húsáideoirí soghonta bóthair. Déanfar treoir den sórt sin a fhorbairt i ndlúthchomhar le saineolaithe de chuid na mBallstát.

    ▼M1

    Airteagal 5

    Measúnú sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin

    1.  
    Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin, ar an ngréasán bóithre ina iomláine atá in úsáid agus a chumhdaítear leis an Treoir seo.
    2.  

    Le measúnuithe sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin, déanfar meastóireacht ar an riosca go dtarlódh tionóiscí agus imbhuailtí tromchúiseacha, bunaithe orthu seo a leanas:

    (a) 

    go príomha, amharcscrúdú, bíodh sin ar an láthair nó trí mheáin leictreonacha, ar shaintréithe deartha an bhóthair (sábháilteacht ionsuite); agus

    (b) 

    anailís ar chodanna den ghréasán bóithre atá i seirbhís le níos mó ná 3 bliana anuas agus ar ar tharla líon mór tionóiscí tromchúiseacha i gcomhréir leis an sreabhadh tráchta.

    3.  
    Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an chéad mheasúnú sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin a chur i gcrích faoi 2024 ar a dhéanaí. Measúnuithe sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin a chuirfear i gcrích ina dhiaidh sin, cuirfear i gcrích iad minic go leor chun leibhéil leordhóthanacha sábháilteachta a áirithiú ach, in aon chás, cuirfear i gcrích iad gach 5 bliana ar a laghad.
    4.  
    Agus an measúnú sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin á chur i gcrích, féadfaidh na Ballstáit na heilimintí táscacha a leagtar síos in Iarscríbhinn III a chur san áireamh.
    5.  
    Soláthróidh an Coimisiún treoir maidir leis an modheolaíocht le haghaidh measúnuithe córasacha sábháilteachta bóithre agus rátálacha sábháilteachta bóithre a chur i gcrích ar fud an ghréasáin.
    6.  
    Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, agus chun críche riachtanais maidir le gníomhaíocht bhreise a chur in ord tosaíochta, déanfaidh na Ballstáit na codanna uile den ghréasán bóithre a aicmiú i dtrí chatagóir ar a laghad de réir a leibhéil sábháilteachta.

    Airteagal 6

    Cigireachtaí tréimhsiúla sábháilteachta bóithre

    1.  
    Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cigireachtaí tréimhsiúla sábháilteachta bóithre minic a ndóthain chun leibhéil sábháilteachta leormhaithe a choimirciú don bhonneagar bóithre i dtrácht.

    ▼M1 —————

    ▼M1

    3.  
    Áiritheoidh na Ballstáit sábháilteacht na gcodanna sin den ghréasán bóithre atá tadhlach le tolláin bhóthair a chumhdaítear le Treoir 2004/54/CE trí chigireachtaí comhpháirteacha ar an tsábháilteacht ar bhóithre lena mbaineann na heintitis inniúla a bheidh rannpháirteach i gcur chun feidhme na Treorach seo agus Threoir 2004/54/CE. Déanfar na cigireachtaí comhpháirteacha minic a ndóthain chun leibhéil leormhaithe sábháilteachta a áirithiú, ach in aon chás, déanfar iad ar a laghad gach 6 bliana.

    ▼B

    4.  
    Without prejudice to the guidelines adopted pursuant to Article 8, Member States shall adopt guidelines on temporary safety measures applying to roadworks. They shall also implement an appropriate inspection scheme to ensure that those guidelines are properly applied.

    ▼M1

    Airteagal 6a

    Nósanna imeachta leantacha maidir le bóithre atá in úsáid

    1.  
    Áiritheoidh na Ballstáit go bhfreastalófar ar na torthaí a bheidh ar na measúnuithe sábháilteachta bóithre ar fud an ghréasáin, a chuirfear i gcrích de bhun Airteagal 5, trí cigireachtaí spriocdhírithe ar an tsábháilteacht ar bhóithre a dhéanamh ina ndiaidh nó trí gníomhaíocht dhíreach feabhais a dhéanamh ina ndiaidh.
    2.  
    Agus cigireachtaí spriocdhírithe ar an tsábháilteacht ar bhóithre á chur i gcrích, féadfaidh na Ballstáit na heilimintí táscacha a leagtar síos in Iarscríbhinn IIa a chur san áireamh.
    3.  
    Is foirne saineolaithe a chuirfidh cigireachtaí spriocdhírithe sábháilteachta bóithre i gcrích. Comhlíonfaidh comhalta amháin ar a laghad den fhoireann saineolaithe na ceanglais a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 9(4).
    4.  
    Áiritheoidh na Ballstáit go bhfreastalófar ar thorthaí na gcigireachtaí spriocdhírithe sábháilteachta bóithre trí chinntí réasúnaithe a dhéanamh ina ndiaidh lena gcinnfear an gá gníomhaíocht feabhais a dhéanamh. Go háirithe, sainaithneoidh na Ballstáit codanna bóthair a dteastaíonn feabhsuithe ina leith ó thaobh shábháilteacht an bhonneagair bóthair agus saineoidh siad gníomhaíochtaí chun sábháilteacht na gcodanna bóthair sin a fheabhsú.
    5.  
    Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gníomhaíocht feabhais a spriocdhíriú go príomha ar chodanna bóthair lena ngabhann leibhéil ísle sábháilteachta agus a bhfuil an deis ann bearta a chur chun feidhme ina leith a bhféadfadh forbairt sábháilteachta agus coigiltis maidir le costais tionóisce a bheith ag baint leo.
    6.  
    Ullmhóidh na Ballstáit plean gníomhaíochta rioscabhunaithe, a dtabharfar tosaíocht dó, chun cur chun feidhme gníomhaíochta feabhais a shainaithnítear a rianú agus tabharfaidh siad an plean sin cothrom le dáta go tráthrialta.

    Airteagal 6b

    Úsáideoirí soghonta bóithre a chosaint

    Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear riachtanais úsáideoirí soghonta bóithre san áireamh i gcur i bhfeidhm na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 3 go hAirteagal 6a.

    Airteagal 6c

    Marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair

    1.  
    Déanfaidh na Ballstáit aird ar leith a thabhairt, sna nósanna imeachta atá acu faoi láthair agus sna cinn a bheidh acu amach anseo maidir le marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair, ar inléiteacht agus inbhraiteacht do thiománaithe daonna agus do chórais uathoibríocha cúnaimh tiománaí. Leis na nósanna imeachta sin, cuirfear san áireamh sonraíochtaí comhchoiteanna i gcás inar bunaíodh sonraíochtaí comhchoiteanna den sórt sin i gcomhréir le mír 3.
    2.  
    Déanfaidh grúpa saineolaithe arna bhunú ag an gCoimisiún, tráth nach déanaí ná Meitheamh 2021, measúnú ar an deis chun sonraíochtaí comhchoiteanna a bhunú lena n-áirítear gnéithe éagsúla arb é is aidhm dóibh úsáid oibríochtúil a marcálacha bóthair agus a gcomharthaí bóthair a áirithiú chun inléiteacht agus inbhraiteacht éifeachtach marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair do thiománaithe daonna agus do chórais uathoibríocha chúnaimh tiománaí a chothú. Beidh an grúpa sin déanta suas de saineolaithe a ainmneoidh na Ballstáit. Beidh comhairliúchán le Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip san áireamh sa mheasúnú.

    Cuirfear na heilimintí seo a leanas, go háirithe, san áireamh sa mheasúnú:

    (a) 

    an idirghníomhaíocht idir teicneolaíochtaí éagsúla cúnaimh tiománaí agus bonneagar;

    (b) 

    an éifeacht atá ag aimsir agus ag feiniméin atmaisféaracha, agus ag an trácht, ar mharcálacha bóthair agus ar chomharthaí bóthair a bhíonn ar chríoch an Aontais;

    (c) 

    cineál agus minicíocht na n-iarrachtaí cothabhála is gá le haghaidh teicneolaíochtaí éagsúla, lena n-áirítear meastachán ar chostais.

    3.  
    Agus an measúnú dá dtagraítear i mír 2 á chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sonraíochtaí comhchoiteanna a bhunú, a bhaineann le nósanna imeachta na mBallstát dá dtagraítear i mír 1 arb é is aidhm dóibh úsáid oibríochtúil a marcanna bóthair agus a gcomharthaí bóthair a áirithiú, i dtaca le hinléiteacht agus inbhraiteacht éifeachtach na marcanna bóthair agus na gcomharthaí bóthair do thiománaithe daonna agus do chórais uathoibríocha chúnaimh tiománaí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

    Ní dochar na gníomhartha dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’inniúlacht an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú maidir le caighdeáin le haghaidh marcálacha bóthair agus comharthaí bóthair.

    Airteagal 6d

    Faisnéis agus trédhearcacht

    Foilseoidh an Coimisiún léarscáil Eorpach den ghréasán bóthair atá faoi raon feidhme na Treorach seo, ar léarscáil í a mbeidh rochtain uirthi ar líne agus ina leagfar béim ar chatagóirí éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 5(6).

    Airteagal 6e

    Tuairisciú deonach

    Déanfaidh na Ballstáit iarracht córas tuairiscithe dheonaigh náisiúnta a bhunú, a mbeidh rochtain air ar líne ag gach úsáideoir bóthair, chun bailiú na sonraí maidir le tarluithe arna dtarchur ag úsáideoirí bóthair agus feithiclí a éascú, mar aon le haon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht ar léir don tuairisceoir í a bheith ina guais iarbhír nó go bhféadfadh sí a bheith ina guais do shábháilteacht an bhonneagair bóithre.

    ▼B

    Article 7

    Data management

    1.  
    Member States shall ensure that for each fatal accident occurring on a road referred to in Article 1(2) an accident report is drawn up by the competent entity. Member States shall endeavour to include in that report each of the elements listed in Annex IV.

    ▼M1

    1a.  
    Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun treoir a sholáthar ar dá réir a bheidh déine tionóiscí, lena n-áirítear líon na mbásanna agus líon na ndaoine a ghortaítear, le tuairisciú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

    ▼B

    2.  
    Member States shall calculate the average social cost of a fatal accident and the average social cost of a severe accident occurring in its territory. Member States may choose to further differentiate the cost rates, which shall be updated at least every five years.

    Article 8

    Adoption and communication of guidelines

    1.  
    Member States shall ensure that guidelines, if they do not already exist, are adopted by 19 December 2011, in order to support the competent entities in the application of this Directive.
    2.  
    Member States shall communicate these guidelines to the Commission within three months of their adoption or amendment.
    3.  
    The Commission shall make them available on a public website.

    Article 9

    Appointment and training of auditors

    1.  
    Member States shall ensure that, if they do not already exist, training curricula for road safety auditors are adopted by 19 December 2011.

    ▼M1

    1a.  
    Maidir le hiniúchóirí sábháilteachta bóthair a dhéanfaidh a gcuid oiliúna ón 17 Nollaig 2024, áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar sna curaclaim oiliúna d’iniúchóirí sábháilteachta bóthair gnéithe a bhaineann le húsáideoirí soghonta bóthair agus leis an mbonneagar do na húsáideoirí sin.

    ▼B

    2.  
    Member States shall ensure that where road safety auditors carry out functions under this Directive, they undergo an initial training resulting in the award of a certificate of competence, and take part in periodic further training courses.
    3.  
    Member States shall ensure that road safety auditors hold a certificate of competence. Certificates awarded before the entry into force of this Directive shall be recognised.
    4.  

    Member States shall ensure that auditors are appointed in compliance with the following requirements:

    (a) 

    they have relevant experience or training in road design, road safety engineering and accident analysis;

    (b) 

    from two years after the adoption by the Member States of the guidelines pursuant to Article 8, road safety audits shall only be undertaken by auditors or teams to which auditors belong, meeting the requirements provided for in paragraphs 2 and 3;

    (c) 

    for the purpose of the infrastructure project audited, the auditor shall not at the time of the audit be involved in the conception or operation of the relevant infrastructure project.

    ▼M1

    Airteagal 10

    Malartú dea-chleachtas

    Chun an tsábháilteacht ar bhóithre an Aontais a fheabhsú, bunóidh an Coimisiún córas le haghaidh malartú faisnéise agus dea-chleachtas idir na Ballstáit, lena gcumhdófar, inter alia, curaclaim oiliúna maidir le sábháilteacht bhóthair, tionscadail sábháilteachta bonneagair bóthair atá ann cheana agus teicneolaíocht chruthaithe sábháilteachta bóithre.

    ▼B

    Article 11

    Continuous improvement of safety management practices

    1.  
    The Commission shall facilitate and structure the exchange of knowledge and best practices between Member States, making use of the experience gained in existing relevant international forums, with a view to achieving continuous improvement of safety management practices concerning road infrastructures in the European Union.

    ▼M1 —————

    ▼B

    3.  
    Where appropriate, relevant non-governmental organisations, active in the field of safety and management of road infrastructures, may be consulted on matters related to technical safety aspects.

    ▼M1

    Airteagal 11a

    Tuairisciú

    1.  
    Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Deireadh Fómhair 2025 maidir le rangú sábháilteachta an ghréasáin ar fad arna mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 5. I gcás inar féidir, bunófar an tuarascáil ar mhodheolaíocht chomhchoiteann. Más infheidhme, cumhdófar sa tuarascáil freisin liosta na bhforálacha i dtreoirlínte nuashonraithe náisiúnta, lena n-áirítear go háirithe na feabhsuithe maidir leis an dul chun cinn teicneolaíoch agus maidir le cosaint úsáideoirí soghonta bóithre. Ón 31 Deireadh Fómhair 2025, soláthrófar na tuarascálacha sin gach 5 bliana.
    2.  
    Ar bhonn anailís a dhéanfar ar na tuarascálacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 1, ar an gcéad ásc faoin 31 Deireadh Fómhair 2027 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chur chun feidhme na Treorach seo, go háirithe maidir leis na gnéithe dá dtagraítear i mír 1, agus ar bhearta féideartha eile, lena n-áirítear an Treoir seo a leasú lena hoiriúnú don dul chun cinn teicniúil.

    ▼M1

    Airteagal 12

    Na hIarscríbhinní a leasú

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a lena leasaítear na hIarscríbhinní chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.

    ▼M1

    Airteagal 12a

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.  
    Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
    2.  
    Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 16 Nollaig 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
    3.  
    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
    4.  
    Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr ( 2 ).
    5.  
    A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
    6.  
    Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    ▼M1

    Airteagal 13

    Nós imeachta coiste

    1.  
    Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ).
    2.  
    I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    ▼B

    Article 14

    Transposition

    1.  
    Member States shall bring into force the laws, regulations and administrative provisions necessary to comply with this Directive by 19 December 2010. They shall forthwith communicate to the Commission the text of those provisions.
    2.  
    Member States shall communicate to the Commission the text of the main provisions of national law which they adopt in the field covered by this Directive.

    Article 15

    Entry into force

    This Directive shall enter into force on the 20th day following the day of its publication in the Official Journal of the European Union.

    Article 16

    Addressees

    This Directive is addressed to the Member States.




    ▼M1

    IARSCRÍBHINN I

    GNÉITHE TÁSCACHA DE MHEASÚNUITHE TIONCHAIR MAIDIR LEIS AN tSÁBHÁILTEACHT AR BHÓITHRE

    ▼B

    1. Elements of a road safety impact assessment:

    (a) 

    problem definition;

    (b) 

    current situation and ‘do nothing’ scenario;

    (c) 

    road safety objectives;

    (d) 

    analysis of impacts on road safety of the proposed alternatives;

    (e) 

    comparison of the alternatives, including cost-benefit analysis;

    (f) 

    presentation of the range of possible solutions.

    2. Elements to be taken into account:

    (a) 

    fatalities and accidents, reduction targets against ‘do nothing’ scenario;

    (b) 

    route choice and traffic patterns;

    (c) 

    possible effects on the existing networks (e.g. exits, intersections, level crossings);

    (d) 

    road users, including vulnerable users (e.g. pedestrians, cyclists, motorcyclists);

    ▼M1

    (e) 

    trácht (e.g. méid an tráchta, catagóiriú tráchta de réir cineáil), lena n-áirítear sreafaí measta coisithe agus rothar arna chinneadh ó thréithe úsáid na talún cois bóthair;

    ▼B

    (f) 

    seasonal and climatic conditions;

    (g) 

    presence of a sufficient number of safe parking areas;

    (h) 

    seismic activity.




    ▼M1

    IARSCRÍBHINN II

    GNÉITHE TÁSCACHA D’INIÚCHTAÍ MAIDIR LEIS AN tSÁBHÁILTEACHT AR BHÓITHRE

    ▼B

    1. Criteria at the draft design stage:

    (a) 

    geographical location (e.g. exposure to landslides, flooding, avalanches), seasonal and climatic conditions and seismic activity;

    (b) 

    types of and distance between junctions;

    (c) 

    number and type of lanes;

    (d) 

    kinds of traffic admissible to the new road;

    (e) 

    functionality of the road in the network;

    (f) 

    meteorological conditions;

    (g) 

    driving speeds;

    (h) 

    cross-sections (e.g. width of carriageway, cycle tracks, foot paths);

    (i) 

    horizontal and vertical alignments;

    (j) 

    visibility;

    (k) 

    junctions layout;

    (l) 

    public transport and infrastructures;

    (m) 

    road/rail level crossings;

    ▼M1

    (n) 

    soláthar d’úsáideoirí soghonta bóithre:

    (i) 

    soláthar do choisithe,

    (ii) 

    soláthar do rothaithe, lena n-áirítear bealaí malartacha nó bealaí atá scartha ó mhótarthrácht ardluais,

    (iii) 

    soláthar do dhé-rothaigh chumhachtaithe,

    (iv) 

    dlús agus suíomh na gcrosairí do choisithe agus do rothaithe,

    (v) 

    soláthar do choisithe agus do rothaithe ar bhóithre a ndéanfar difear dóibh sa limistéar,

    (vi) 

    deighilt coisithe agus rothaithe ó mhótarthrácht ardluais nó bealaí díreacha malartacha a bheith ann cheana féin ar bhóithre níos ísle san aicmiú.

    ▼B

    2. Criteria for the detailed design stage:

    (a) 

    layout;

    (b) 

    coherent road signs and markings;

    (c) 

    lighting of lit roads and intersections;

    (d) 

    roadside equipment;

    (e) 

    roadside environment including vegetation;

    (f) 

    fixed obstacles at the roadside;

    (g) 

    provision of safe parking areas;

    ▼M1

    (h) 

    soláthar d’úsáideoirí soghonta bóithre:

    (i) 

    soláthar do choisithe,

    (ii) 

    soláthar do rothaithe,

    (iii) 

    soláthar do dhé-rothaigh chumhachtaithe;

    ▼B

    (i) 

    user-friendly adaptation of road restraint systems (central reservations and crash barriers to prevent hazards to vulnerable users).

    3. Criteria for the pre-opening stage:

    (a) 

    safety of road users and visibility under different conditions such as darkness and under normal weather conditions;

    (b) 

    readability of road signs and markings;

    (c) 

    condition of pavements.

    4. Criteria for early operation: assessment of road safety in the light of actual behaviour of users.

    Audits at any stage may involve the need to reconsider criteria from previous stages.

    ▼M1




    IARSCRÍBHINN IIa

    EILIMINTÍ TÁSCACHA NA gCIGIREACHTAÍ SPRIOCDHÍRITHE SÁBHÁILTEACHTA BÓITHRE

    1. 

    Ailíniú bóthair agus trasghearradh bóthair:

    (a) 

    infheictheacht agus faid radhairc;

    (b) 

    teorainn luais agus criosú luais;

    (c) 

    ailíniú féinmhínitheach (i.e. “inléiteacht” an ailínithe d’úsáideoirí bóthair);

    (d) 

    rochtain ar mhaoin agus ar fhorbairtí cois bóthair;

    (e) 

    rochtain ag feithiclí éigeandála agus seirbhíse;

    (f) 

    ceapa ag droichid agus ag lintéir;

    (g) 

    leagan amach cois bóthair (guaillí bóthair, titim phábhála, fánaí gearrtha agus líonta).

    2. 

    Trasbhóithre agus acomhail mótarbhealaigh:

    (a) 

    oiriúnacht cineáil trasbhóthair/acomhail mótharbhealaigh;

    (b) 

    geoiméadracht trasbhóthair/leagan amach acomhail mótarbhealaigh;

    (c) 

    infheictheacht agus inléiteacht (aireachtáil) trasbhóithre;

    (d) 

    infheictheacht ag an dtrasbhóthar;

    (e) 

    leagan amach na lánaí tánaisteacha ag trasbhóithre;

    (f) 

    rialú tráchta trasbhóthair (e.g. stoprialaithe, soilse tráchta etc.);

    (g) 

    crosairí coisithe agus rothaíochta a bheith ann.

    3. 

    Soláthar d’úsáideoirí soghonta bóithre:

    (a) 

    soláthar do choisithe;

    (b) 

    soláthar do rothaithe;

    (c) 

    soláthar do dhé-rothaigh chumhachtaithe.;

    (d) 

    iompar poiblí agus bonneagair;

    (e) 

    crosairí comhréidhe (taifead a dhéanamh, go háirithe, de chineál an chrosaire agus i dtaobh an bhfuil siad foireannaithe, gan foireann nó uathoibrithe).

    4. 

    Soilsithe, comharthaí agus marcanna:

    (a) 

    comharthaí bóthair comhtháite, nach laghdaíonn infheictheacht;

    (b) 

    inléiteacht na gcomharthaí bóthair (suíomh, méid, dath);

    (c) 

    cuaillí eolais;

    (d) 

    marcanna bóthair agus teorainneacha bóthair comhtháite;

    (e) 

    inléiteacht na marcanna bóthair (suíomh, méideanna agus ais-fhrithchaiteacht faoi choinníollacha fliucha nó tirime);

    (f) 

    codarsnacht chuí marcanna bóthair;

    (g) 

    bóithre agus trasbhóithre soilsithe a shoilsiú;

    (h) 

    trealamh iomchuí cois bóthair.

    5. 

    Soilse tráchta:

    (a) 

    oibriúchán;

    (b) 

    infheictheacht.

    6. 

    Réada, criosanna folmha agus córais srianta bóthair:

    (a) 

    timpeallacht cois bóthair lena n-áirítear fásra;

    (b) 

    guaiseacha cois bóthair agus fad ó chiumhais charrbhealaigh nó ó imeall raon rothaíochta;

    (c) 

    dea-oiriúnú córas srianta bóthair (lárthearmainn débhealaigh agus bacainní tuairte d’fhonn úsáideoirí soghonta bóithre a chosaint ar ghuaiseacha);

    (d) 

    ceapa deiridh bacainní tuairte;

    (e) 

    córais iomchuí srianta bóthair ag droichid agus ag lintéir;

    (f) 

    fálta (maidir le bóithre ar a bhfuil rochtain shrianta).

    7. 

    Pábháil:

    (a) 

    fabhtanna pábhála;

    (b) 

    neamhsciorracht;

    (c) 

    ábhar scaoilte/gairbhéal/clocha;

    (d) 

    linnte, draenáil uisce.

    8. 

    Droichid agus tolláin:

    (a) 

    droichid a bheith ann agus líon na ndroichead;

    (b) 

    tolláin a bheith ann agus líon na dtollán;

    (c) 

    gnéithe físiúla a léiríonn guaiseacha sábhailteachta le haghaidh fheidhmíocht structúrach an bhonneagair.

    9. 

    Saincheisteanna eile:

    (a) 

    limistéir pháirceála agus scíthe atá sábháilte a sholáthar;

    (b) 

    foráil a dhéanamh d’fheithiclí troma;

    (c) 

    dianloinnir cheannlampa;

    (d) 

    oibreacha bóthair;

    (e) 

    gníomhaíochtaí cois bóthair nach bhfuil sábháilte;

    (f) 

    faisnéis iomchuí a bheith ar fáil ó threalamh córais cliste iompair (e.g. comharthaí um theachtaireachtaí athraitheacha);

    (g) 

    fiadhúlra agus ainmhithe;

    (h) 

    foláirimh creasa scoile (más infheidhme).

    ▼M1




    IARSCRÍBHINN III

    EILIMINTÍ TÁSCACHA NA MEASÚNUITHE SÁBHÁILTEACHTA BÓITHRE AR FUD AN GHRÉASÁIN

    1. 

    Ginearálta:

    (a) 

    cineál bóthair i ndáil le cineál agus méid na réigiún/na gcathracha lena nasctar é;

    (b) 

    fad cuid de bhóthar;

    (c) 

    cineál limistéir (limistéar tuaithe, uirbeach);

    (d) 

    úsáid talún (le haghaidh oideachais, tráchtála, tionscail agus monaraíochta, cónaithe, feirmeoireachta agus talmhaíochta, nó limistéir neamhfhorbartha);

    (e) 

    dlús pointí rochtana ar mhaoin;

    (f) 

    bóthar seirbhíse a bheith ann (e.g. le haghaidh siopaí);

    (g) 

    oibreacha bóthair a bheith ann;

    (h) 

    limistéar páirceála a bheith ann.

    2. 

    Toirteanna tráchta:

    (a) 

    toirteanna tráchta:

    (b) 

    toirteanna gluaisrothar breathnaithe;

    (c) 

    toirteanna coisithe breathnaithe ar an dá thaobh, agus “ar an taobh” nó “ag trasnú” taifeadta leo;

    (d) 

    toirteanna rothair breathnaithe ar an dá thaobh, agus “ar an taobh” nó “ag trasnú” taifeadta leo;

    (e) 

    toirteanna feithiclí troma breathnaithe;

    (f) 

    sreafaí coisithe measta, bunaithe ar thréithe úsáid na talún cois bóthair;

    (g) 

    sreafaí coisithe measta, bunaithe ar thréithe úsáid na talún cois bóthair.

    3. 

    Sonraí faoi thionóiscí:

    (a) 

    líon, áit agus cúis na mbásanna de réir grúpa úsáideoirí bóthair

    (b) 

    líon agus suíomh na ngortuithe tromchúiseacha de réir grúpa úsáideoirí bóthair.

    4. 

    Saintréithe oibriúcháin:

    (a) 

    luasteorainn (luasteorainn ghinearálta, do ghluaisrothair; do leoraithe);

    (b) 

    luas oibriúcháin (85ú peircintíl);

    (c) 

    bainistiú luais agus/nó moilliú tráchta;

    (d) 

    trealamh córais cliste iompair a bheith ann: foláirimh scuaine, comharthaí um theachtaireachtaí athraitheacha;

    (e) 

    foláireamh creasa scoile;

    (f) 

    maoirseoir crosaire scoile a bheith i láthair ag tréimhsí forordaithe.

    5. 

    Tréithe geoiméadracha:

    (a) 

    tréithe trasghearrtha (líon, cineál agus leithead lánaí, leagan amach agus ábhar na nguaillí lárstráice, rianta rothair, cosáin etc.), lena n-áirítear a n-athraitheacht;

    (b) 

    cuaire chothrománach;

    (c) 

    leibhéal agus ailíniú ingearach;

    (d) 

    infheictheacht agus faid radhairc.

    6. 

    Réada, criosanna folmha agus córais srianta bóthair:

    (a) 

    timpeallacht cois bóthair agus criosanna folmha;

    (b) 

    bacainní fosaithe cois bóthair (e.g. cuaillí solais, crainn, etc.);

    (c) 

    fad na mbacainní ó thaobh an bhóthair;

    (d) 

    dlús na mbacainní;

    (e) 

    stiallacha tormáin;

    (f) 

    córais srianta bóthair.

    7. 

    Droichid agus tolláin:

    (a) 

    droichid a bheith ann agus líon na ndroichead, chomh maith le faisnéis ábhartha a bhaineann leo;

    (b) 

    tolláin a bheith ann agus líon na dtollán, chomh maith le faisnéis ábhartha a bhaineann leo;

    (c) 

    gnéithe físiúla a léiríonn guaiseacha sábhailteachta le haghaidh fheidhmíocht structúrach an bhonneagair.

    8. 

    Trasbhóithre:

    (a) 

    cineál an trasbhóthair agus líon a ghéag (taifead a dhéanamh, go háirithe, de chineál an rialaithe agus de thiontaithe cosanta más ann dóibh);

    (b) 

    cainéalú a bheith ann;

    (c) 

    cáilíocht an trasbhóthair;

    (d) 

    toirt tráchta trasnaithe;

    (e) 

    crosairí comhréidhe a bheith ann (taifead a dhéanamh, go háirithe, de chineál an chrosaire agus i dtaobh an bhfuil siad foireannaithe, gan foireann, inoibrithe de láimh nó uathoibrithe).

    9. 

    Cothabháil:

    (a) 

    fabhtanna pábhála;

    (b) 

    neamhsciorracht pábhála;

    (c) 

    riocht gualainne (lena n-áirítear fásra);

    (d) 

    riocht na gcomharthaí, na marcanna agus na dteorainneacha;

    (e) 

    riocht na gcóras srianta bóthair.

    10. 

    Saoráidí d’úsáideoirí soghonta bóithre:

    (a) 

    crosairí coisithe agus rothaíochta (crosairí ar an dromchla agus deighilt leibhéal);

    (b) 

    crosairí rothaíochta (crosairí ar an dromchla agus deighilt leibhéal);

    (c) 

    fálú coisithe;

    (d) 

    cosán nó saoráid scartha a bheith ann;

    (e) 

    saoráidí rothar agus a gcineál (cosáin rothaíochta, lánaí rothaíochta, eile);

    (f) 

    cáilíocht crosairí coisithe i dtaca le le feiceálacht agus comharthaí gach saoráide;

    (g) 

    saoráidí trasnaithe coisithe agus rothaíochta ar ghéag iontrála mionbhóthair agus é ag nascadh le gréasán.

    (h) 

    bealaí malartacha a bheith ann do choisithe agus do rothaithe in áiteanna nach bhfuil saoráidí scartha ann.

    11. 

    Córais réamhthuairte/iarthuairte le haghaidh gortú tráchta agus gnéithe maolaithe tromchúise:

    (a) 

    lárionaid oibríochtúla ghréasáin agus saoráidí patrólaithe eile;

    (b) 

    sásraí chun úsáideoirí bóthair a chur ar an eolas faoi dhálaí tiomána chun tionóiscí agus teagmhais a chosc;

    (c) 

    córais AID (brath uathoibríoch teagmhais): braiteoirí agus ceamaraí;

    (d) 

    córais bainistithe teagmhais;

    (e) 

    córais chun cumarsáid a dhéanamh le seirbhísí éigeandála.

    ▼B




    ANNEX IV

    ACCIDENT INFORMATION CONTAINED IN ACCIDENT REPORTS

    Accident reports include the following elements:

    ▼M1

    1. 

    suíomh na tionóisce (chomh beacht agus is féidir), lena n-áirítear comhordanáidí GNSS;

    ▼B

    2. 

    pictures and/or diagrams of the accident site;

    3. 

    date and hour of accident;

    4. 

    information on the road such as area type, road type, junction type incl. signalling, number of lanes, markings, road surface, lighting and weather conditions, speed limit, roadside obstacles;

    ▼M1

    5. 

    déine timpiste;

    ▼B

    6. 

    characteristics of the persons involved such as age, sex, nationality, alcohol level, use of safety equipment or not;

    7. 

    data on the vehicles involved (type, age, country, safety equipment if any, date of last periodical technical check according to applicable legislation);

    8. 

    accident data such as accident type, collision type, vehicle and driver manoeuvre;

    9. 

    whenever possible, information on the time elapsed between the time of the accident and the recording of the accident, or the arrival of the emergency services.



    ( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

    ( 2 ) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    ( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    Top