Válassza ki azokat a kísérleti funkciókat, amelyeket ki szeretne próbálni

Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.

Dokumentum 52022PC0591

    Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite

    COM/2022/591 final

    An Bhruiséil,9.11.2022

    COM(2022) 591 final

    2022/0367(NLE)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

    lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Chuir an Comhaontú Glas don Eoraip an fuinneamh in-athnuaite i gcroílár an aistrithe chuig fuinneamh glan. I ngeall ar an teannas idirnáisiúnta atá ann faoi láthair tar éis ionradh míleata na Rúise ar an Úcráin, mar aon leis an gcomhthéacs geopholaitiúil foriomlán agus praghsanna fuinnimh a bheith an-ard, is gá dlús a chur le héifeachtúlacht fuinnimh agus le himscaradh fuinnimh in-athnuaite san Aontas agus é mar chuspóir leis sin deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise ón Rúis.

    Sa chomhthéacs sin, an 18 Bealtaine 2022, ghlac an Coimisiún, mar chuid de phlean REPowerEU, togra chun leasú a dhéanamh ar Threoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (‘REDII’), Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh chun dlús a chur leis an aistriú glas i dtreo an fhuinnimh in-athnuaite agus an éifeachtúlacht mhéadaithe fuinnimh. Leis an togra, tugadh isteach spriocanna níos uaillmhianaí maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus an fuinneamh in-athnuaite, bearta chun nósanna imeachta riaracháin um dheonú ceadanna is infheidhme maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a shimpliú agus a chuíchóiriú a thuilleadh ar bhealach comhordaithe agus comhchuibhithe ar fud an Aontais mar aon le bearta chun imscaradh suiteálacha gréine ar fhoirgnimh a mhéadú. Tá an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ag obair faoi láthair i dtreo REDII athbhreithnithe a ghlacadh.

    Ó foilsíodh plean REPowerEU an 18 Bealtaine 2022, chuaigh staid na géarchéime fuinnimh in olcas, agus tá gá le gníomhaíocht phráinneach. Méaduithe tobanna ar phraghas an gháis nádúrtha sa samhradh, tuilleadh suaite sna soláthairtí trí phíblíne an tSrutha Thuaidh, an boilsciú méadaithe agus luaineachtaí i bpraghas an leictreachais, is cúis iad na nithe sin le cruatan eacnamaíoch agus sóisialta agus cuirtear ualach trom ar shaoránaigh agus ar an ngeilleagar. Mar thoradh ar chostais fuinnimh atá ag dul i méid, tá laghdú ar an gcumhacht ceannaigh atá ag saoránaigh agus tá caillteanas iomaíochais ann i gcás cuideachtaí. Mar thoradh ar an nganntanas sa soláthar gáis agus cumhachta agus ar an éileamh atá sách neamhleaisteach ar fhuinneamh, tháinig méaduithe móra ar phraghsanna agus ar luaineacht praghsanna gáis agus leictreachais san Aontas. D’fhéadfadh ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a bheith mar thoradh ar bhearta náisiúnta chun dul i ngleic leis na treochtaí sin agus d’fhéadfadh sé nach ráthófaí dlúthpháirtíocht leo.

    Sa chomhthéacs sin, fágann an ghéarchéim atá ann faoi láthair go bhfuil gá le gníomhaíocht shealadach ach láithreach chun roinnt dá chuspóirí a bhaint amach níos tapa, lena n-áirítear dlús a chur le haistriú na hEorpa go fuinneamh glan. Rinne an tAontas Eorpach roinnt beart chun an t-éileamh ar ghás a laghdú agus idirghabháil a dhéanamh ar na margaí fuinnimh chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na géarchéime le haghaidh an gheimhridh seo. D’ainneoin na ngníomhaíochtaí sin, tá dúshláin mhóra ag baint leis an staid go fóill. Tá tomhaltóirí agus gnólachtaí na hEorpa fós i ngleic le praghsanna atá ró-ard agus ró-luaineach. D’fhéadfadh sé go gcuirfidh eachtraí dothuartha, ar nós sabaitéireacht píblínte, isteach a thuilleadh ar shlándáil an tsoláthair. Is dócha go leanfaidh an teannas sna margaí gáis ar aghaidh, fiú tar éis an gheimhridh. Is gá fuinneamh in-athnuaite a imscaradh níos tapa chun deireadh cinntitheach a chur leis an éigeandáil atá ann faoi láthair toisc go gcuirfidh sé laghdú ar an éileamh ar bhreoslaí iontaise in earnálacha na cumhachta, an téimh agus an fhuaraithe, na tionsclaíochta agus an iompair láithreach agus ar bhonn struchtúrach. Mar gheall ar na costais ísle oibriúcháin a bhaineann leis, is féidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite tionchar dearfach a bheith aige ar phraghsanna fuinnimh ar fud an Aontais.

    Sainaithníodh nósanna imeachta riaracháin atá fada agus casta mar cheann de na príomhbhacainní lena gcuirtear isteach ar luas agus ar líon na n-infheistíochtaí i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus sa bhonneagar gaolmhar. An 20 agus an 21 Deireadh Fómhair 2022, d’iarr an Chomhairle Eorpach, ina conclúidí, go dtabharfaí tús áite do nósanna imeachta um cheadú a shimpliú chun dlús a chur le leathadh amach an fhuinnimh in-athnuaite agus eangacha, lena n-áirítear trí bhíthin bearta éigeandála. Roinnt de na bearta a tugadh isteach i dtogra mhí na Bealtaine 2022 chun dlús a chur leis an bpróiseas deonaithe ceadanna le haghaidh gléasraí fuinnimh in-athnuaite, go háirithe iad siúd a bhaineann le toimhde maidir le leas poiblí sáraitheach, gléasraí a athchumhachtú agus le deonú ceadanna le haghaidh trealamh gréine ar struchtúir atá ann cheana, is féidir na bearta sin a chur chun feidhme sna Ballstáit ar bhealach tapa gan aon athrú mór ar na nósanna imeachta ná ar na córais dlí náisiúnta. Fágann an ghéarchéim gur gá bearta spriocdhírithe a dhéanamh láithreach sna réimsí sin mar aon le bearta eile chun teicneolaíochtaí sonracha a chur chun cinn, amhail teaschaidéil lena gcuirtear dlús leis an aistriú ó úsáid gáis sa téamh. Má chuirtear na bearta sin chun feidhme láithreach, d’fhéadfaidís an ghiniúint ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a mhéadú sa ghearrthéarma agus ar an gcaoi sin, méadú a chur ar rannchuidiú an fhuinnimh in-athnuaite le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Leis an ionstraim atá beartaithe, leagtar amach bearta sealadacha, comhréireacha agus urghnácha. Comhlánaíonn sí tionscnaimh agus reachtaíocht ábhartha an Aontais atá ann cheana agus na tionscnaimh a rinne an Coimisiún cheana chun freagairt don ghéarchéim atá ann faoi láthair sna margaí fuinnimh. Cuireann sí le plean ‘RepowerEU’ an 18 Bealtaine 2022 lena gcuirtear an brostú agus an méadú maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite sa ghiniúint cumhachta, an tionsclaíocht, foirgnimh agus an t-iompar i gcroí-lár na straitéise chun dlús a chur le deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise ón Rúis.

    Mhol an Coimisiún go háirithe mar chuid de phlean ‘REPowerEU’ athbhreithniú ar Threoir (AE) 2018/2001 lena méadaítear sprioc cheangailteach 2030 an Aontais go 45 % faoi 2030, suas ó 40 % sa togra roimhe sin an 14 Iúil 2021, agus lena mbunaítear creat chun an próiseas riaracháin um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite a chuíchóiriú agus a bhrostú.

    Is beart práinne sealadach í an ionstraim atá beartaithe. Beidh sí teoranta do 1 bhliain amháin, agus tá clásal athbhreithnithe inti chun go bhféadfar síneadh a chur lena bailíocht, más gá.

    Léiríonn an rialachán atá beartaithe gur gá gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh mar fhreagairt ar an ngéarchéim fuinnimh, mar a iarradh sna conclúidí thuasluaite ón gComhairle Eorpach. Is é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair trí ghníomhaíocht dhírithe a dhéanamh láithreach lena gcuirfear dlús le himscaradh tionscadal fuinnimh in-athnuaite a d’fhéadfadh tionchar tapa éifeachtach a bheith acu. Chuige sin, sainaithnítear leis an ionstraim atá beartaithe tacar beart lena n-áiritheofaí go gcuirfí dlús gearrthéarmach le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite dá gcuirfí i bhfeidhm láithreach iad.

    Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú agus an Moladh ón gComhairle maidir le dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite agus maidir le Comhaontuithe Ceannaigh Cumhachta a éascú, go bhfuil sé fíor-riachtanach fós go mbeidh foireann leordhóthanach ag a bhfuil na scileanna agus na cáilíochtaí cuí ag na comhlachtaí deonaithe ceadanna agus ag na húdaráis um measúnú comhshaoil chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint as aon simpliú ar nósanna imeachta um cheadú lena ndírítear ar dhlús a chur le himscaradh foinsí fuinnimh in-athnuaite agus eangacha.

    Ar an gcaoi chéanna, ba cheart d’údaráis náisiúnta ceadaithe féachaint le dlús a chur lé nósanna imeachta um cheadú le haghaidh láithreáin mhonaraíochta teicneolaíochta fuinnimh mar gur gá soláthar an trealaimh fuinnimh in-athnuaite agus amhábhar criticiúil a éagsúlú chun spriocanna REPowerEU a bhaint amach, mar aon le spleáchais earnála a laghdú, scrogaill sa slabhra soláthair a shárú agus acmhainneacht monaraíochta theicneolaíocht fuinnimh ghlain an Aontais a mhéadú.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Is beart urghnách é an togra seo, atá le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta, atá comhsheasmhach le tacar níos leithne tionscnamh chun athléimneacht fuinnimh an Aontais a fheabhsú agus tionchar praghsanna arda fuinnimh agus suaití a d’fhéadfadh a bheith ann i soláthairtí fuinnimh a mhaolú. Ní chuirtear feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, na bearta chun aghaidh a thabhairt ar sholáthairtí fuinnimh a gcuirtear isteach orthu ná sásraí dlúthpháirtíochta i mbaol leis an togra seo. Tá an togra go hiomlán i gcomhréir le huaillmhian an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ón gCoimisiún chun dícharbónú níos tapa a dhéanamh agus tionscadail fuinnimh in-athnuaite a chur i bhfeidhm agus cuireann sé leis na cuspóirí atá ann i dtaobh dlús a chur leis an laghdú ar spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis tríd an bhfuinneamh in-athnuaite a imscaradh ar scála mór mar fhoinse mhalartach fuinnimh. Tá an togra i gcomhréir le cuspóirí comhshaoil, toisc go bhfuil imscaradh brostaithe an fhuinnimh in-athnuaite ríthábhachtach chun tionchar an athraithe aeráide agus an truaillithe araon a mhaolú, dhá ní is cúis leis an gcaillteanas bithéagsúlachta agus lena gcuirtear sláinte agus sábháilteacht an phobail i mbaol, i gcomhréir le cuspóirí an Dlí Aeráide Eorpaigh (Rialachán (AE) 2021/1119).

    Tá an togra i gcomhréir leis na moltaí a cuireadh faoi bhráid na mBallstát i gcomhthéacs chreat an tSeimeastair Eorpaigh 2022 chun ceadú tionscadal fuinnimh in-athnuaite a chuíchóiriú. Meastar freisin go gcuirfidh sé dlús le hinfheistíochtaí san fhuinneamh in-athnuaite faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, lena n-áirítear caibidlí REPowerEU atá le cur san áireamh sna Pleananna náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is é Airteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh is bunús dlí don ionstraim seo.

    An suaitheadh atá ann faoi láthair i soláthairtí gáis agus an tionchar atá aige sin ar phraghsanna gáis agus leictreachais, is dúshlán mór iad maidir leis an soláthar fuinnimh de bhun Airteagal 122 CFAE. Mar thoradh ar an armú ar sholáthar gáis agus ar an ionramháil atá á dhéanamh ag Cónaidhm na Rúise ar na margaí trí chur isteach ar shreafaí gáis d’aon ghnó, ní hamháin go bhfuil méadú an-mhór ar phraghsanna fuinnimh, ach cuirtear slándáil an tsoláthair i mbaol freisin. Mar thoradh ar an méadú as cuimse ar phraghsanna leictreachais, tá ualach mór á chur ar thomhaltóirí agus ar ghnólachtaí, agus mura ndéantar aon bheart, tá an riosca ann go sroichfear leibhéil neamh-inbhuanaithe, rud a bhféadfadh impleachtaí móra sóisialta agus eacnamaíocha a bheith aige. Shainaithin ceannairí an Aontais agus an Coimisiún go bhfuil géarghá le bearta breise chun an rochtain a mhéadú ar fhuinnimh in-athnuaite d’fhonn an tionchar ar shaoránaigh an Aontais a mhaolú, feabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair agus a bheith níos ullmhaithe don gheimhreadh atá le teacht. Is é is aidhm do na bearta sealadacha faoin Rialachán atá beartaithe cur chuige comhordaithe spriocdhírithe a áirithiú chun dlús a chur le nósanna imeachta sonracha um dheonú ceadanna is infheidhme maidir leis na tionscadail fuinnimh in-athnuaite sin a bhféadfadh tionchar éifeachtach láithreach a bheith acu. Tugtar aghaidh leis na bearta, dá bhrí sin, ar na scrogaill shonracha údaraithe riaracháin ar chur chun feidhme na dtionscadal sin.

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Ní féidir leis na Ballstáit imscaradh fuinnimh in-athnuaite inbhuanaithe atá costéifeachtúil, pras agus ar mórscála agus i gcomhréir le huaillmhian an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Teachtaireacht REPowerEU a ghnóthú leo féin. Tá gá le cur chuige an Aontais chun na dreasachtaí cearta a chur ar fáil do na Ballstáit ag a bhfuil leibhéil éagsúla uaillmhéine chun dlús a chur, ar bhealach comhordaithe, leis an aistriú fuinnimh ón gcóras fuinnimh traidisiúnta atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise go córas fuinnimh atá níos comhtháite agus níos fuinneamhéifeachtúla atá bunaithe ar fhuinnimh in-athnuaite.

    Agus na beartais fuinnimh éagsúla i measc na mBallstát á gcur san áireamh, maidir le sprioc aeráide agus spriocanna laghdaithe truaillithe an Aontais tríd an imscaradh méadaithe foinsí fuinnimh in-athnuaite is gá, is mó seans go mbainfear amach iad le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, arna tacú le creat láidir rialála ná le gníomhaíocht náisiúnta nó gníomhaíocht áitiúil amháin.

    Tá nósanna imeachta riaracháin atá fada agus casta i measc na bpríomhbhacainní ar infheistíochtaí i bhfuinneamh in-athnuaite agus sa bhonneagar gaolmhar. Maidir le fad agus castacht na nósanna imeachta um dheonú ceadanna, tá éagsúlacht mhór ann idir na teicneolaíochtaí éagsúla fuinnimh in-athnuaite agus idir na Ballstáit. Tá bearta á ndéanamh ag na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ceadaithe a sainaithníodh ar an leibhéal náisiúnta agus moltar dóibh leanúint ar aghaidh leis sin, mar shampla, tríd an obair a dhéantar i gcomhar i dTascfhórsa an Choimisiúin Eorpaigh um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair 1 . Tá gá le cur chuige comhordaithe Eorpach chun próisis riaracháin agus nósanna imeachta um dheonú ceadanna a ghiorrú agus a shimpliú chun dlús a chur leis an imscaradh fuinnimh in-athnuaite is gá. Is gá an méid sin a dhéanamh chun go mbainfidh an tAontas amach a spriocanna aeráide agus fuinnimh le haghaidh 2030 agus na cuspóirí fadtéarmacha atá aige maidir le haeráidneodracht agus an truailliú nialasach mar aon le deireadh a chur lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise de réir a chéile agus praghsanna fuinnimh a laghdú. Agus na beartais fuinnimh, na tosaíochtaí agus na próisis éagsúla i measc na mBallstát á gcur san áireamh agus i bhfianaise na práinne maidir le dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite i ngach Ballstát, is mó seans go mbainfear amach na cuspóirí is gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ná gníomhaíocht náisiúnta nó gníomhaíocht áitiúil amháin.

    Ar deireadh, leis an Rialachán atá beartaithe, tugtar isteach leasuithe spriocdhírithe ar phíosaí de reachtaíocht an Aontais atá ann cheana. Is údar í an idirghabháil sin, lena gcuíchóireofar a thuilleadh nósanna imeachta áirithe um dheonú ceadanna, le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.

    Comhréireacht

    Tá an tionscnamh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. I bhfianaise na staide geopholaitiúla nach bhfacthas a leithéid cheana, staid a cruthaíodh le hionradh na Rúise ar an Úcráin, na bpraghsanna fuinnimh atá ríluaineach agus gur gá slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais a áirithiú don gheimhreadh atá romhainn agus don bhliain seo chugainn, tá gá soiléir le gníomhaíocht chomhordaithe phráinneach chun dlús a chur le himscaradh foinsí in-athnuaite fuinnimh sa bhreis ar na gníomhaíochtaí a mhol an Coimisiún mar chuid de phlean REPowerEU an 18 Bealtaine 2022. Tá na bearta a sainaithníodh teoranta, áfach, dóibh siúd lena ndírítear ar scrogaill shonracha údaraithe riaracháin lena ndéantar difear do chur chun feidhme na dtionscadal fuinnimh sin a bhféadfadh tionchar tapa éifeachtach a bheith acu.

         An rogha ionstraime

    Agus an géarghá atá ann dlús a chur le himscaradh tionscadal fuinnimh in-athnuaite lena gcur in ionad an gháis á chur san áireamh agus i bhfianaise scála na géarchéime fuinnimh agus na dtionchar sóisialta, eacnamaíoch agus airgeadais a d’fhéadfadh a bheith aige agus a phráinní atá sé an tionchar sin a mhaolú, measann an Coimisiún go bhfuil sé oiriúnach gníomhú trí bhíthin rialachán a bhfuil raon feidhme ginearálta aige agus atá infheidhme go díreach agus láithreach. Tá teorainn ama leis an Rialachán. Is é an toradh a bheadh air sin cur chuige mear aonfhoirmeach uile-Aontais a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta sonracha um dheonú ceadanna do thionscadail áirithe in-athnuaite chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí tromchúiseacha atá os comhair an Aontais faoi láthair.  

    3.COMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    An 20 agus an 21 Deireadh Fómhair 2022, d’iarr an Chomhairle Eorpach, ina conclúidí, go dtabharfaí tús áite do nósanna imeachta ceadaithe a shimpliú chun dlús a chur le leathadh amach an fhuinnimh in-athnuaite agus eangacha, lena n-áirítear trí bhíthin bearta éigeandála. Mar gheall ar a phráinní a bhí sé an togra a ullmhú ionas go bhféadfaidh an Chomhairle é a ghlacadh in am, níorbh fhéidir comhairliúchán foirmiúil a dhéanamh le páirtithe leasmhara. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, áfach, dul i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara, go háirithe táirgeoirí fuinnimh in-athnuaite, ionadaithe na sochaí sibhialta agus an riaracháin náisiúnta, chun cur chun feidhme rathúil an Rialacháin seo a áirithiú. Leis an togra, cuirtear leis an bplé fairsing a rinneadh le páirtithe leasmhara, leis na Ballstáit agus le Parlaimint na hEorpa i gcomhthéacs togra a ullmhú le haghaidh athbhreithniú ar Threoir (AE) 2018/2001 an 18 Bealtaine 2022, agus na caibidlíochta comhchinnteoireachta ina dhiaidh, mar aon le tionscadal RES Simplify 2 .

    Measúnú tionchair

    I bhfianaise chineál sealadach agus práinneach na mbeart a fhreagraíonn do staid éigeandála, níorbh fhéidir measúnú tionchair a dhéanamh.

    Cearta bunúsacha

    Níor sainaithníodh aon tionchar diúltach ar chearta bunúsacha. Is é príomhaidhm an athbhreithnithe seo úsáid an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú, aidhm atá i gcomhréir le hAirteagal 37 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, faoina gcaithfear ardleibhéal cosanta comhshaoil agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais an Aontais agus a áirithiú i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe. Thairis sin, trí bhíthin nósanna imeachta cuíchóirithe um dheonú sa Rialachán atá beartaithe, cuirtear san áireamh gur gá ionchais dhlisteanacha agus infheistíochtaí atá ann cheana a chosaint agus dá bhrí sin, ní chuirfear i mbaol an ceart chun sealúchais arna bhfáil go dleathach a shealbhú agus a úsáid, mar a chumhdaítear in Airteagal 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha. Dréachtaíodh an Rialachán seo ar bhealach nach ndéanann dochar don tsláinte phoiblí ná do leasanna dlíthiúla na ndaoine aonair.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon acmhainn bhreise ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh de dhíth ar an togra seo.

    2022/0367 (NLE)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

    lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Cuireann fogha míleata Chónaidhm na Rúise faoin Úcráin agus an laghdú nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar sholáthairtí gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise chuig na Ballstáit slándáil soláthair an Aontais agus a Bhallstát i mbaol. An tráth céanna, mar thoradh ar armú an tsoláthair gáis agus cúbláil Chónaidhm na Rúise ar na margaí trí shuaitheadh d’aon ghnó ar shreafaí gáis, tháinig méadú an-mhór ar phraghsanna fuinnimh san Aontas, rud ní hamháin a chuireann geilleagar an Aontais i mbaol, ach a chuireann slándáil an tsoláthair i mbaol freisin. Le himscaradh tapa foinsí fuinnimh in-athnuaite, is féidir cabhrú le héifeachtaí na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair a mhaolú, trí chosaint a chruthú in aghaidh ghníomhaíochtaí na Rúise. Is féidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite rannchuidiú go mór le harmú an fhuinnimh ag an Rúis a chomhrac trí shlándáil soláthair an Aontais a neartú, luaineacht sa mhargadh a laghdú agus praghsanna fuinnimh a ísliú.

    (2)I mí na Bealtaine 2022, ghlac an Coimisiún, mar chuid de Phlean REPowerEU, leasú ar Threoir (AE) 2018/2001 3 . Leis an leasú sin, méadaíodh leibhéal uaillmhéine sprioc cheangailteach an Aontais do 2030 maidir le sciar an fhuinnimh in-athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais agus tugadh aghaidh ar nósanna imeachta fada riaracháin um dheonú ceadanna, nósanna atá ar cheann de na príomhbhacainní ar infheistíochtaí i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus sa bhonneagar gaolmhar. Is é an tionchar a bheidh ag na leasuithe atá beartaithe ar Threoir (AE) 2018/2001 imscaradh fuinnimh in-athnuaite a mhéadú i nginiúint cumhachta, i dtionsclaíocht, i bhfoirgnimh agus in iompar, agus dlús a chur leis an imscaradh sin. Dá réir sin, cuirfear dlús le céimniú amach bhreoslaí iontaise na Rúise agus rannchuideofar le praghsanna leictreachais a ísliú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí agus le slándáil an tsoláthair fuinnimh a fheabhsú freisin. Ní thiocfaidh tionchar den sórt sin chun cinn ach sa mheántéarma agus san fhadtéarma áfach toisc nach mbeidh éifeacht ag an leasú ar Threoir (AE) 2018/2021 ach amháin nuair a ghlacfaidh na Ballstáit an treoir, nuair a thiocfaidh sí i bhfeidhm agus nuair a dhéanfaidh na Ballstáit í a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta.

    (3)Ó bhí mí na Bealtaine 2022 ann, ghéaraigh gníomhaíochtaí na Rúise an staid sa mhargadh a thuilleadh, go háirithe tríd an mbaol a mhéadú go gcuirfear stop iomlán le soláthairtí gáis na Rúise chuig an Aontas go luath amach anseo, rud a rinne difear do shlándáil soláthair an Aontais. Mar gheall air sin, tháinig méadú mór ar luaineacht praghsanna fuinnimh san Aontas, agus bhí praghsanna gáis agus leictreachais ag na leibhéil is airde riamh i rith an tsamhraidh. Mar thoradh air sin, tháinig méadú ar phraghsanna miondíola leictreachais, agus meastar go leanfaidh siad de dhul i bhfeidhm de réir a chéile ar fhormhór na gconarthaí atá ag tomhaltóirí, rud a chuireann ualach méadaitheach ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí. Chuir an staid ghéaraithe sna margaí fuinnimh go mór leis an mboilsciú ginearálta sa limistéar euro agus chuir sé moill ar an bhfás eacnamaíoch ar fud an Aontais. Leanfaidh an riosca sin ar aghaidh gan beann ar aon laghdú sealadach ar phraghsanna mórdhíola agus beidh sé níos ábhartha fós an bhliain seo chugainn, mar a aithníodh sa togra éigeandála is déanaí ón gCoimisiún. 4 D’fhéadfadh deacrachtaí móra a bheith ag cuideachtaí fuinnimh na hEorpa maidir le stóráil gáis a líonadh an bhliain seo chugainn, ós rud é gur dócha go dtiocfaidh níos lú gás píblíne isteach san Aontas ón Rúis, nó fiú nach dtiocfaidh aon ghás píblíne isteach san Aontas ón Rúis, mar gheall ar an staid pholaitiúil atá ann faoi láthair. Ina theannta sin, is é an sprioc atá ann do 2023, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/1032 maidir le Stóráil Gáis, 90 % d’acmhainneachtaí stórála gáis an Aontais a líonadh i gcomparáid le 80 % don gheimhreadh seo. Chomh maith leis sin, maidir le teagmhais dhothuartha amhail sabaitéireacht píblínte agus rioscaí eile go gcuirfí isteach ar shlándáil an tsoláthair, d’fhéadfadh siad teannas breise a chruthú sna margaí gáis. Ina theannta sin, tá an t-ionchas iomaíochais a bhaineann le tionscail teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite san Eoraip níos laige mar gheall ar bheartais a rinneadh le déanaí i réigiúin eile ar fud an domhain arb é is aidhm dóibh tacú leis an méadú ar shlabhraí luacha teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite ina n-iomláine agus dlús a chur leis an méadú sin. Is gnéithe iad sin uile nár cuireadh san áireamh sa togra le haghaidh leasú ar Threoir (AE) 2018/2001 an 18 Bealtaine 2022.

    (4)Sa chomhthéacs sin agus chun dul i ngleic le neamhchosaint thomhaltóirí agus ghnólachtaí na hEorpa ar phraghsanna arda luaineacha a chruthaíonn cruatan eacnamaíoch agus sóisialta, chun an laghdú is gá ar an éileamh ar fhuinneamh a éascú trí fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur in ionad soláthairtí gáis nádúrtha agus chun slándáil an tsoláthair a mhéadú, ní mór don Aontas tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh láithreach chun dlús a chur le himscaradh foinsí fuinnimh in-athnuaite, go háirithe trí bhíthin bearta spriocdhírithe lena bhféadfar dlús a chur le luas imscartha foinsí fuinnimh in-athnuaite san Aontas go gearrthéarmach.

    (5)Roghnaítear na bearta práinneacha mar gheall ar a gcineál agus a n-acmhainneacht rannchuidiú le réitigh ar an éigeandáil fuinnimh sa ghearrthéarma. Go háirithe, féadfaidh na Ballstáit roinnt de na bearta a chur chun feidhme go pras a leagtar amach sa togra ó mhí na Bealtaine 2022 chun cuíchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite , gan gá le hathruithe troma ar a nósanna imeachta náisiúnta agus ar a gcórais dlí náisiúnta agus lena n-áiritheofar dlús dearfach a chur le foinsí fuinnimh in-athnuaite sa ghearrthéarma. Tá raon feidhme ginearálta ag roinnt de na bearta sin, amhail toimhde infhrisnéise a thabhairt isteach go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint le tionscadail fuinnimh in-athnuaite chun críocha na reachtaíochta comhshaoil ábhartha, nó soiléirithe a thabhairt isteach maidir le raon feidhme Treoracha comhshaoil áirithe chomh maith le simpliú an chreata ceadaithe chun gléasraí fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú trí dhíriú ar na tionchair a eascraíonn as na hathruithe nó na síntí i gcomparáid leis an mbuntionscadal. Díríonn bearta eile ar theicneolaíochtaí sonracha, amhail nósanna imeachta um dheonú ceadanna do threalamh gréine ar struchtúir atá ann cheana a dhéanamh i bhfad níos giorra agus níos tapa. Is iomchuí na bearta sin a chur chun feidhme a luaithe is féidir, agus iad a oiriúnú de réir mar is gá chun aghaidh a thabhairt i gceart ar na dúshláin atá ann faoi láthair.

    (6)Is gá bearta spriocdhírithe breise a thabhairt isteach a bheidh dírithe ar theicneolaíochtaí sonracha agus ar chineálacha tionscadal a bhfuil an acmhainneacht is mó acu maidir le himscaradh tapa agus a bhfuil éifeacht láithreach acu ar na cuspóirí maidir le luaineacht praghsanna a laghdú agus an t-éileamh ar ghás nádúrtha a laghdú gan srian a chur ar an éileamh foriomlán ar fhuinneamh. Chomh maith le dlús a chur leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna, i gcás trealamh grianfhuinnimh ar struchtúir shaorga, is iomchuí imscaradh suiteálacha gréine ar mhionscála a chur chun cinn agus dlús a chur leis le haghaidh féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear le haghaidh féintomhaltóirí comhchoiteanna, amhail pobail fuinnimh áitiúla, ós rud é gurb iad sin na roghanna is saoire agus is inrochtana agus a imríonn an tionchar is lú ar an gcomhshaol nó ar nithe eile chun suiteálacha nua fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid go tapa. Ina theannta sin, tacaíonn na tionscadail sin go díreach le teaghlaigh agus le cuideachtaí a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh agus tugann siad cosaint do thomhaltóirí ar luaineacht praghsanna. Is rogha é gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a mhéadú go tapa agus, ag an am céanna, an tionchar is lú a imirt ar bhonneagar eangaí agus ar an gcomhshaol, lena n-áirítear i gcás na dteicneolaíochtaí táirgthe fuinnimh in-athnuaite sin, amhail cumhacht ghaoithe, a mbíonn nósanna imeachta ceadaithe níos faide ann ina leith de ghnáth. Ar deireadh, is rogha dhíreach fuinnimh in-athnuaite iad teaschaidéil ar choirí gáis nádúrtha agus d’fhéadfadh siad an t-éileamh ar ghás nádúrtha a laghdú go mór le linn an tséasúir téimh.

    (7)Is é ceann de na bearta atá beartaithe toimhde infhrisnéise a thabhairt isteach go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint le tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus gur chun leas na sábháilteachta agus na sláinte poiblí atá siad, go háirithe chun críocha reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir leis an gcomhshaol, ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise shoiléir ann go bhfuil drochéifeachtaí móra ag na tionscadail sin ar an gcomhshaol nach féidir a mhaolú ná a chúiteamh. Tá gléasraí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear teaschaidéil nó fuinneamh gaoithe, ríthábhachtach chun an t-athrú aeráide agus truailliú a chomhrac, praghsanna fuinnimh a laghdú, spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus slándáil soláthair an Aontais a áirithiú. Dá nglacfaí leis go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint le gléasraí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear teaschaidéil, agus gur chun leas na sábháilteachta agus na sláinte poiblí atá siad, d’fhéadfadh na tionscadail sin tairbhe a bhaint láithreach, i gcás inar gá, as measúnú simplithe le haghaidh maoluithe sonracha dá bhforáiltear, go háirithe, i reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir leis an gcomhshaol. Chun aghaidh a thabhairt ar an bpráinn mhéadaithe atá le gníomhaíocht, i bhfianaise na dteagmhas ó mhí na Bealtaine 2022, ba cheart feidhm a bheith ag an toimhde infhrisnéise sin maidir le gach tionscadal fuinnimh in-athnuaite a ndéantar leasanna dlíthiúla a chothromú ina leith laistigh de thréimhse an rialacháin seo. Níl feidhm aici ach amháin maidir le nósanna imeachta nua um cheadú a thosaíonn le linn chur i bhfeidhm an rialacháin.

    (8)Is léiriú é sin ar an ról tábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfuinneamh in-athnuaite i ndícharbónú chóras fuinnimh an Aontais, trí réitigh láithreacha a chur ar fáil lena gcur in ionad fuinnimh atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise agus trí aghaidh a thabhairt ar an staid ghéaraithe sa mhargadh.

    (9)Chun deireadh a chur le scrogaill sa phróiseas deonaithe ceadanna agus in oibriú gléasraí fuinnimh in-athnuaite, sa phróiseas pleanála agus deonaithe ceadanna, ba cheart tosaíocht a thabhairt do thógáil agus d’oibriú gléasraí fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus d’fhorbairt an bhonneagair eangaí ghaolmhair agus leasanna dlíthiúla á gcothromú sa chás aonair, ar a laghad i gcás tionscadal a aithnítear mar thionscadail a bhfuil leas poiblí ag baint leo. Maidir le cosaint speiceas, níor cheart feidhm a bheith ag an abairt roimhe seo ach amháin má dhéantar, agus a mhéid a dhéantar, bearta iomchuí caomhnaithe speiceas a chuidíonn le líon na speiceas a choinneáil ar bun nó a athbhunú ag stádas caomhantais fabhrach agus má chuirtear acmhainní leordhóthanacha airgeadais chomh maith le limistéir ar fáil chun na críche sin.

    (10)Is príomhfhoinse fuinnimh in-athnuaite é an grianfhuinneamh chun deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise agus an t-aistriú i dtreo geilleagar atá aeráidneodrach á bhaint amach ag an am céanna. Maidir le fótavoltachas gréine, atá ar cheann de na foinsí leictreachais is saoire atá ar fáil, agus teicneolaíochtaí teirmeacha gréine a chuireann téamh in-athnuaite ar fáil ar chostas íseal in aghaidh an aonaid teasa, is féidir iad a chur i bhfeidhm go tapa, agus téann siad chun tairbhe go díreach do shaoránaigh agus do ghnólachtaí. Sa chomhthéacs sin, i gcomhréir le Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh 5 , tacófar le slabhra luacha gréine tionsclaíoch athléimneach a fhorbairt san Aontas, lena n-áirítear tríd an gComhghuaillíocht don Tionscal Fótavoltach Gréine a sheolfar ag deireadh 2022. Trí dhlús a chur le deonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tríd an deonú ceadanna sin a fheabhsú, cuideofar le bonn a chur faoi mhéadú ar acmhainneacht déantúsaíochta theicneolaíocht fuinnimh ghlain an Aontais. Mar gheall ar na cúinsí atá ann faoi láthair agus, go háirithe an luaineacht ard i bpraghsanna fuinnimh, ní mór gníomhaíocht a dhéanamh láithreach chun nósanna imeachta um dheonú ceadanna i bhfad níos tapúla a áirithiú chun dlús mór a chur le luas shuiteáil an trealaimh gréine ar struchtúir shaorga, nach mbíonn chomh casta céanna de ghnáth le suiteálacha ar an talamh agus ar féidir leo rannchuidiú go tapa le héifeachtaí na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair a mhaolú, ar choinníoll go gcoinnítear cobhsaíocht, iontaofacht agus sábháilteacht na heangaí ar bun. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbainfeadh na suiteálacha sin tairbhe as nósanna imeachta níos giorra um dheonú ceadanna i gcomparáid le tionscadail eile fuinnimh in-athnuaite.

    (11)Dá bhrí sin, tugtar isteach leis an togra seo sprioc-am uasta aon mhí amháin don phróiseas deonaithe ceadanna le haghaidh suitéail trealaimh grianfhuinnimh mar aon leis an stóráil chomhshuite agus ceangail leis an eangach a bhaineann leis sin, i struchtúir atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo, ar struchtúir iad a cruthaíodh chun críoch eile seachas chun grianfhuinneamh a tháirgeadh. Tugtar isteach leis freisin maolú sonrach do na suiteálacha sin ón ngá atá le measúnuithe comhshaoil a dhéanamh faoi Threoir 2011/92/AE ós rud é nach dócha go mbeidh ábhair imní ann maidir le húsáidí iomaíocha den spás nó tionchar ar an gcomhshaol. Ceann de na modhanna is éifeachtúla do thomhaltóirí fuinnimh chun a mbillí fuinnimh agus a neamhchosaint ar luaineacht praghsanna a laghdú is ea infheistíocht a dhéanamh i suiteálacha beaga díláraithe grianfhuinnimh chun bheith ina bhféintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite. Rannchuidíonn suiteálacha féinthomhaltais leictreachais, lena n-áirítear le haghaidh féintomhaltóirí comhchoiteanna, amhail pobail fuinnimh áitiúla, leis an éileamh foriomlán ar ghás nádúrtha a laghdú, le hathléimneacht an chórais a mhéadú agus le spriocanna fuinnimh in-athnuaite an Aontais a bhaint amach. Ní dócha go mbeidh éifeachtaí díobhálacha móra ag suiteálacha faoi 50 kW ar an gcomhshaol ná ar an eangach agus ní cúis imní iad maidir le sábháilteacht. Ina theannta sin, de ghnáth ní bhíonn méadú acmhainneachta de dhíth ar shuiteálacha beaga féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite ag an bpointe nasctha eangaí. I bhfianaise na n-éifeachtaí dearfacha láithreacha a bhaineann leis an gcineál sin suiteála do thomhaltóirí agus i bhfianaise na dtionchar teoranta a bhféadfadh a bheith acu ar an gcomhshaol, is iomchuí an próiseas deonaithe ceadanna is infheidhme maidir leo a chuíchóiriú a thuilleadh trí choincheap an tosta dhearfaigh riaracháin a thabhairt isteach sna nósanna imeachta ábhartha um dheonú ceadanna chun imscaradh na suiteálacha sin a chur chun cinn agus dlús a chur leis an imscaradh sin, agus chun leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann leis na suiteálacha sin sa ghearrthéarma.

    (12)Tá acmhainneacht mhór ag baint le hathchumhachtú gléasraí fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana chun giniúint cumhachta in-athnuaite a mhéadú go tapa, rud a fhágann gur féidir ídiú gáis a laghdú. Le hathchumhachtú is féidir úsáid leanúnach a bhaint as láithreáin a bhfuil acmhainneacht mhór fuinnimh in-athnuaite acu, rud a laghdaíonn an gá atá le láithreáin nua a ainmniú do thionscadail fuinnimh in-athnuaite. Trí ghléasra cumhachta fuinnimh gaoithe a athchumhachtú le tuirbíní níos éifeachtúla, is féidir an acmhainneacht atá ann cheana a choinneáil ar bun, nó an acmhainneacht a mhéadú, le tuirbíní níos mó agus níos éifeachtúla, ach níos lú díobh. Téann sé chun tairbhe don athchumhachtú go mbíonn nasc ann cheana leis an eangach, gur dócha go mbeidh glacadh níos mó ag an bpobal leis agus go bhfuil eolas ar na tionchair atá ann don chomhshaol.

    (13)Meastar go mbeidh an acmhainneacht gaoithe ar talamh 38 GW ag teacht chuig deireadh a ghnáthré oibriúcháin de 20 bliain idir 2021 agus 2025. Dá ndéanfaí na hacmhainneachtaí sin a dhíchoimisiúnú in ionad iad a athchumhachtú, thiocfadh laghdú mór ar an acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite atá suiteáilte faoi láthair, rud a dhéanfadh an staid sa mhargadh fuinnimh níos casta fós. Tá simpliú láithreach agus ceadú brostaithe don athchumhachtú ríthábhachtach chun an acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite san Aontas a choinneáil ar bun agus a mhéadú. Chuige sin, tugtar isteach bearta breise leis an Rialachán atá beartaithe.

    (14)Is iomchuí, dá bhrí sin, bearta a thabhairt isteach chun an próiseas deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le hathchumhachtú tionscadal fuinnimh in-athnuaite a chuíchóiriú a thuilleadh. Go háirithe, ba cheart gach measúnú ábhartha comhshaoil a bheith san áireamh sa sprioc-am uasta 6 mhí is infheidhme maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna chun tionscadail fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú. Thairis sin, maidir le hathchumhachtú gléasra fuinnimh in-athnuaite nó bonneagar eangaí gaolmhar is gá chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais, aon uair a bheidh an t-athchumhachtú sin faoi réir scagadh nó measúnú comhshaoil, ba cheart iad a theorannú do mheasúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an athrú nó ar an síneadh i gcomparáid leis an mbuntionscadal.

    (15)D’fhonn athchumhachtú gléasraí fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana a chur chun cinn agus dlús a chur leis an athchumhachtú sin, ba cheart nós imeachta simplithe um naisc eangaí a bhunú láithreach i gcás ina mbeidh méadú teoranta ar an acmhainneacht iomlán i gcomparáid leis an mbuntionscadal mar thoradh ar an athchumhachtú.

    (16)Agus suiteáil grianfhuinnimh á athchumhachtú, is féidir méaduithe ar éifeachtúlacht agus ar achmhainneacht a bhaint amach gan an spás atá á úsáid a mhéadú. Dá bhrí sin, níl tionchar éagsúil ag an tsuiteáil athchumhachtaithe ar an gcomhshaol ná mar atá ag an mbunsuiteáil fad is nach méadaítear an spás a úsáidtear sa phróiseas, agus go leantar de na bearta maolaithe comhshaoil a ceanglaíodh ar dtús a chomhlíonadh.

    (17)Is príomhtheicneolaíocht iad teaschaidéil chun téamh agus fuarú in-athnuaite a tháirgeadh ó fhuinneamh comhthimpeallach, lena n-áirítear ó ghléasraí cóireála fuíolluisce, agus ó fhuinneamh geoiteirmeach. Fágann siad freisin gur féidir dramhtheas agus dramhfhuacht a úsáid. Trí imscaradh tapa teaschaidéil, lena slógtar foinsí fuinnimh in-athnuaite tearcúsáidte amhail fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh geoiteirmeach agus dramhtheas ó earnálacha tionsclaíocha agus treasacha, lena n-áirítear lárionaid sonraí, beifear in ann réiteach téimh in-athnuaite a chur in ionad coirí gáis nádúrtha agus coirí eile atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise, agus éifeachtúlacht fuinnimh á méadú ag an am céanna. Cuirfidh sé sin dlús leis an laghdú ar úsáid gáis chun téamh a sholáthar, i bhfoirgnimh agus in earnáil na tionsclaíochta araon. Chun dlús a chur le suiteáil agus úsáid teaschaidéal, is iomchuí nósanna imeachta um dheonú ceadanna a bheidh spriocdhírithe agus níos giorra a thabhairt isteach le haghaidh suiteálacha den sórt sin, lena n-áirítear nós imeachta simplithe chun teaschaidéil níos lú a cheangal leis an eangach ach amháin i gcás nach gceanglaítear nós imeachta den sórt sin faoin dlí náisiúnta. A bhuí le suiteáil teaschaidéal a bheidh níos tapúla agus níos éasca, cuirfidh úsáid mhéadaithe foinsí in-athnuaite in earnáil an téimh, arb í is cúis le leath d’ídiú fuinnimh an Aontais, le slándáil an tsoláthair agus cuideofar le dul i ngleic le staid níos deacra sa mhargadh.

    (18)Maidir le forálacha Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’) a mhéid a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, leanann na forálacha sin, agus go háirithe na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit a bhaineann le rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas, de bheith infheidhme.

    (19)Is prionsabal ginearálta faoi dhlí an Aontais 6 é prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh agus tá feidhm aige maidir leis na Ballstáit uile. Trí phrionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh a chur chun feidhme, fágfaidh na bearta atá beartaithe go bhféadfar na héifeachtaí a bheidh ag imscaradh níos tapúla tionscadail fuinnimh in-athnuaite, go bhféadfar na héifeachtaí sin a dháileadh thar theorainneacha. Dírítear iad ar shuiteálacha fuinnimh in-athnuaite i ngach Ballstát agus tagann réimse leathan tionscadal fúthu, lena n-áirítear tionscadail a bhaineann le struchtúir atá ann cheana, suiteálacha nua de threalamh grianfhuinnimh le haghaidh féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite agus athchumhachtú suiteálacha atá ann cheana. I bhfianaise a chomhtháite atá margaí fuinnimh an Aontais, ba cheart aon mhéadú ar imscaradh fuinnimh in-athnuaite i mBallstát a bheith tairbheach freisin do Bhallstáit eile ó thaobh shlándáil an tsoláthair agus praghsanna níos ísle de. Ba cheart go gcuideodh sé le sreabhadh leictreachais in-athnuaite thar na teorainneacha chuig na háiteanna is mó ina bhfuil gá leis agus go n-áiritheofaí leis go n-onnmhaireofar leictreachas a ghintear go saor chuig na Ballstáit ina bhfuil an ghiniúint leictreachais níos costasaí. Ina theannta sin, beidh tionchar ag na hacmhainneachtaí fuinnimh in-athnuaite nuashuiteáilte sna Ballstáit ar an laghdú foriomlán ar an éileamh ar ghás ar fud an Aontais.

    (20)Le hAirteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais, ceadaítear don Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún agus de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, na bearta is iomchuí don staid eacnamaíoch a chinneadh, go háirithe má thagann géardheacrachtaí maidir le soláthar táirgí áirithe chun cinn, go háirithe i réimse an fhuinnimh. I bhfianaise na dteagmhas a tharla le déanaí agus na ngníomhaíochtaí a rinne an Rúis ó mhí na Bealtaine 2022, an baol mór atá ann go gcuirfear stop iomlán le soláthairtí gáis na Rúise, chomh maith leis an ionchas neamhchinnte maidir le roghanna malartacha, is éard atá iontu bagairt mhór go gcuirfear isteach ar an soláthar fuinnimh, go dtiocfaidh méadú breise ar na praghsanna fuinnimh agus go mbeidh brú ar gheilleagar an Aontais dá bharr sin. Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht phráinneach bhreise.

    (21)I bhfianaise mhéid na géarchéime fuinnimh, leibhéal a tionchair shóisialta, eacnamaíoch agus airgeadais agus gur gá gníomhú a luaithe is féidir, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tá a bhailíocht teoranta do 1 bhliain amháin, agus tá clásal athbhreithnithe ann chun go bhféadfar síneadh a chur lena bhailíocht, más gá.

    (22)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Sainmhínithe

    Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)ciallaíonn ‘próiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite’ an próiseas:

    (a)ina gcuimsítear na ceadanna riaracháin ábhartha uile a eisítear maidir le gléasraí chun fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite a thógáil, a athchumhachtú agus a oibriú lena n-áirítear teaschaidéil, saoráidí comhshuite stórála fuinnimh agus na sócmhainní is gá lena gceangal leis an eangach, lena n-áirítear ceadanna maidir le ceangal leis an eangach agus measúnuithe comhshaoil i gcás inar gá iad sin; agus

    (b)a thosaíonn ón admhái go bhfuair an t-údarás ábhartha an t-iarratas agus a chríochnaíonn leis an bhfógra faoin gcinneadh críochnaitheach maidir le toradh an nós imeachta ón údarás ábhartha;

    (2)ciallaíonn ‘trealamh grianfhuinnimh’ trealamh a thiontaíonn fuinneamh ón ngrian go fuinneamh teirmeach nó leictreach, go háirithe trealamh teirmeach gréine agus trealamh fótavoltach gréine.

    Airteagal 2

    Leas poiblí sáraitheach

    (1)Maidir le pleanáil, tógáil agus oibriú gléasraí agus suiteálacha le haghaidh táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, agus a gceangal leis an eangach agus an eangach ghaolmhar féin agus na sócmhainní stórála, measfar go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint leo agus gur chun leas na sábháilteachta agus na sláinte poiblí atá siad agus leasanna dlíthiúla á gcothromú sna cásanna aonair go háirithe chun críocha Airteagal 6(4) agus Airteagal 16(1)(c) de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE agus Airteagal 9(1)(a) de Threoir 2009/147/CE. Níl feidhm aige sin ach amháin maidir le nósanna imeachta nua um cheadú a thosaíonn le linn chur i bhfeidhm an rialacháin.

    (2)I gcás ina bhfuil bearta maolaithe iomchuí curtha chun feidhme ag tionscadal sonrach chun imbhuailtí a sheachaint nó suaitheadh a chosc, agus go ndéantar faireachán cuí chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart sin agus, i bhfianaise na faisnéise a bhailítear, go ndéantar bearta breise de réir mar is gá chun a áirithiú nach mbeidh tionchar mór diúltach aige ar dhaonra na speiceas lena mbaineann, ní mheasfar gur marú nó corraí d’aon ghnó iad aon mharú nó corraí speiceas atá faoi chosaint faoi Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CEE agus faoi Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE. Áiritheoidh na Ballstáit, ar a laghad i gcás tionscadail a aithnítear mar thionscadail a bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint leo, go dtabharfar tosaíocht, sa phróiseas pleanála agus deonaithe ceadanna, do thógáil agus d’oibriú gléasraí fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus d’fhorbairt an bhonneagair eangaí ghaolmhair agus leasanna dlíthiúla á gcothromú sa chás aonair. Maidir le cosaint speiceas, ní bheidh feidhm ag an abairt roimhe seo ach amháin má dhéantar, agus a mhéid a dhéantar, bearta iomchuí caomhnaithe speiceas a chuidíonn le líon na speiceas a choinneáil ar bun nó a athbhunú ag stádas caomhantais fabhrach agus má chuirtear acmhainní leordhóthanacha airgeadais chomh maith le limistéir ar fáil chun na críche sin

    Airteagal 3

    An próiseas deonaithe ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil

    (1)Maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna chun trealamh grianfhuinnimh agus sócmhainní stórála fuinnimh comhshuite a shuiteáil, lena n-áirítear suiteálacha gréine atá comhtháite san fhoirgneamh, i struchtúir shaorga atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo, cé is moite de dhromchlaí uisce saorga, áiritheoidh na Ballstáit, nach mairfidh an próiseas sin níos faide ná 1 mhí, ar choinníoll nach é príomhaidhm na struchtúr sin grianfhuinneamh a tháirgeadh. De mhaolú ar Airteagal 4(2) de Threoir 2011/92/AE, agus ar Iarscríbhinn II, pointí 3(a) agus (b), arna léamh leis féin nó in éineacht le pointe 13(a) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, díolmhófar suiteálacha trealaimh gréine den sórt sin ón gceanglas, más infheidhme, a bheith faoi réir cinnidh an bhfuil nó nach bhfuil measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol ag teastáil don tionscadal nó ón gceanglas measúnú tiomanta a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol.

    (2)Maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteálann féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite a bhfuil acmhainneacht 50 kW nó níos lú acu, measfar an cead a bheith deonaithe mura dtugann na húdaráis nó na heintitis ábhartha freagra laistigh de 1 mhí amháin tar éis an iarratais.

    (3)Beidh gach cinneadh a eascróidh as na próisis deonaithe ceadanna thuasluaite ar fáil go poiblí.

    Airteagal 4

    Gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú

    (1)Maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna chun tionscadail a athchumhachtú, lena n-áirítear na ceadanna a bhaineann le huasghrádú na sócmhainní is gá chun iad a nascadh leis an eangach i gcás ina dtiocfaidh méadú ar acmhainneacht mar thoradh ar an athchumhachtú, ní mhairfidh sé níos faide ná 6 mhí lena n-áirítear measúnuithe comhshaoil i gcás ina gceanglaítear sin leis an reachtaíocht ábhartha.

    (2)I gcás nach dtiocfaidh méadú thar 15 % ar acmhainneacht an ghléasra cumhachta fuinnimh in-athnuaite mar thoradh ar an athchumhachtú, agus gan dochar don ghá measúnú a dhéanamh ar aon tionchar comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann de bhun an tríú mír den Airteagal seo, ceadófar naisc eangaí leis an eangach tarchuir nó dáileacháin laistigh de 1 mhí amháin tar éis iarrayas a dhéanamh chuig an eintiteas ábhartha mura bhfuil údar imní dea-bhunaithe maidir le sábháilteacht ann nó mura bhfuil neamh-chomhoiriúnacht theicniúil idir comhpháirteanna an chórais ann.

    (3)I gcás ina mbeidh athchumhachtú gléasra cumhachta fuinnimh in-athnuaite nó bonneagair eangaí ghaolmhair is gá chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais faoi réir cinnidh an bhfuil nó nach bhfuil nós imeachta um measúnú tionchair ar an gcomhshaol nó measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Airteagal 4 de Threoir 2011/92/AE ag teastáil don tionscadal, beidh an réamhchinneadh agus/nó an measúnú comhshaoil sin teoranta do na tionchair a d’fhéadfadh teacht as an athrú nó as an síneadh i gcomparáid leis an mbuntionscadal.

    (4)I gcás nach mbeidh úsáid spáis bhreise i gceist le hathchumhachtú suiteálacha gréine agus i gcás ina gcomhlíonfar na bearta maolaithe comhshaoil is infheidhme arna mbunú le haghaidh na bunsuiteála, díolmhófar an tionscadal ón gceanglas, más infheidhme, a bheith faoi réir cinnidh an bhfuil nó nach bhfuil measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Airteagal 4 de Threoir 2011/92/AE ag teastáil don tionscadal.

    (5)Beidh gach cinneadh a eascróidh as na próisis deonaithe ceadanna ar fáil go poiblí.

    Airteagal 5

    Dlús a chur le himscaradh teaschaidéal

    (1)Ní mhairfidh an próiseas deonaithe ceadanna chun teaschaidéil a shuiteáil níos faide ná 3 mhí.

    (2)Ceadófar naisc leis an eangach tarchuir nó dáileacháin tar éis fógra a thabhairt don eintiteas ábhartha maidir leis an méid seo a leanas:

    (a) teaschaidéil a bhfuil acmhainneacht suas le 12 kW acu; agus

    (b)teaschaidéil a bhfuil acmhainneacht suas le 50 kW acu arna suiteáil ag féintomhaltóir fuinnimh in-athnuaite de bhun Airteagal 2(14) de Threoir (AE) 2018/2001, ar choinníoll go bhfuil acmhainneacht shuiteáil giniúna leictreachais in-athnuaite an fhéintomhaltóra in-athnuaite cothrom le 60 % ar a laghad d’acmhainneacht an teaschaidéil.

    mura bhfuil údar imní dea-bhunaithe maidir le sábháilteacht ann nó mura bhfuil neamh-chomhoiriúnacht theicniúil idir comhpháirteanna an chórais ann.

    (3)Beidh gach cinneadh a eascróidh as na próisis deonaithe ceadanna ar fáil go poiblí.

    Airteagal 6

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ar feadh tréimhse bliana óna theacht i bhfeidhm.

    Airteagal 7

    Athbhreithniú

    Faoin 1 Iúil 2023 ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i bhfianaise fhorbairt shlándáil an tsoláthair agus praghsanna fuinnimh agus gur gá dlús breise a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite. Cuirfidh sé tuarascáil maidir le príomhthorthaí an athbhreithnithe sin faoi bhráid na Comhairle. Féadfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an tuarascáil sin, a mholadh fad a chur le bailíocht an Rialacháin seo.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    Tá an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit ag obair i gcomhar sa Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (SMET) chun teacht ar réitigh éifeachtacha ar roinnt bacainní a sainaithníodh i dtuarascáil eatramhach RES Simplify: https://data.europa.eu/doi/10.2833/239077
    (2)     https://www.eclareon.com/de/projects/res-simplify
    (3)    COM(2022) 222 final.
    (4)    COM(2022) 553 final.
    (5)    COM/2022/221 final
    (6)

       Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 15 Iúil 2021, an Ghearmáin v an Pholainn, C-848/19 P, ECLI:EU:C:2021:598.

    Az oldal tetejére