EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32016R0679

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

OJ L 119, 4.5.2016, p. 1–88 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 04/05/2016

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj

4.5.2016   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 119/1


RIALACHÁN (AE) 2016/679 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Aibreán 2016

maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ceart bunúsach is ea cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. In Airteagal 8(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus in Airteagal 16(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), foráiltear go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint.

(2)

Ba cheart do na prionsabail agus do na rialacha maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha na ndaoine nádúrtha sin a urramú, is cuma cén náisiúntacht atá acu nó cén áit a bhfuil cónaí orthu, go háirithe a gceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint. Leis an Rialachán seo, tá sé beartaithe cur le limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus aontas eacnamaíoch a bhaint amach, agus le dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta, le neartú agus cóineasú na ngeilleagar laistigh den mhargadh inmheánach, agus le dea-bhail daoine nádúrtha.

(3)

Le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), féachtar le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chomhchuibhiú i ndáil le gníomhaíochtaí próiseála agus féachtar le saorshreabhadh sonraí pearsanta a áirithiú idir na Ballstáit.

(4)

Ba cheart an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a cheapadh ar chaoi agus go rachadh sí chun leas an duine. Ní ceart glan é an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint; ní mór é a mheas i bhfianaise na feidhme atá aige sa tsochaí agus é a chothromú i gcoinne cearta bunúsacha eile, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Sa Rialachán seo urramaítear na cearta bunúsacha uile agus comhlíontar na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt mar a chumhdaítear sna Conarthaí iad, go háirithe urraim ar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, ar an áit chónaithe agus ar chumarsáidí, urraim ar chosaint sonraí pearsanta do dhéanamh, an tsaoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun leigheas éifeachtach agus chun triail chóir a fháil, agus an ceart i leith éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga.

(5)

Méadaíodh na sreabha trasteorann sonraí pearsanta go mór mar gheall ar an gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a tharla mar thoradh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Tá méadú tagtha ar an méid sonraí pearsanta a mhalartaítear idir gníomhaithe poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear daoine nádúrtha, comhlachais agus gnóthais ar fud an Aontais. Le dlí an Aontais iarrtar ar údaráis náisiúnta sna Ballstáit dul i gcomhar lena chéile agus sonraí pearsanta a mhalartú le go bhféadfaidh siad a ndualgais a chomhlíonadh nó cúraimí a dhéanamh thar ceann údarás i mBallstát eile.

(6)

Tá forbairtí meara teicneolaíocha agus an domhandú tar éis dúshláin nua a chruthú do chosaint sonraí pearsanta. Tá méadú suntasach tagtha ar bhailiú agus ar chomhroinnt sonraí pearsanta. A bhuí leis an teicneolaíocht, is féidir le cuideachtaí príobháideacha agus le húdaráis phoiblí araon sonraí pearsanta a úsáid ar scála níos mó ná riamh roimhe chun a gcuid gníomhaíochtaí a shaothrú. Tá méadú ag teacht i gcónaí ar an méid faisnéise pearsanta a chuireann daoine nádúrtha ar fáil go poiblí agus ar fud an domhain. Tá an geilleagar agus ár saol sóisialta araon athraithe ó bhonn ag an teicneolaíocht agus ba cheart, leis an teicneolaíocht, an saorshreabhadh sonraí laistigh den Aontas agus aistriú sonraí pearsanta go tríú tíortha agus go heagraíochtaí idirnáisiúnta a éascú tuilleadh freisin, agus ardleibhéal cosanta maidir le sonraí pearsanta á áirithiú ag an am céanna.

(7)

Leis na forbairtí sin, teastaíonn creat láidir agus níos comhtháite le haghaidh cosaint sonraí san Aontas, a mbeidh forfheidhmiú láidir mar bhunús leis, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé an mhuinín a chothú a chuirfidh ar chumas an gheilleagair dhigitigh forbairt ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart rialú a bheith ag daoine nádúrtha ar a gcuid sonraí pearsanta féin. Ba cheart deimhneacht dhlíthiúil agus deimhneacht phraiticiúil a fheabhsú do dhaoine nádúrtha, d'oibreoirí eacnamaíocha agus d'údaráis phoiblí.

(8)

I gcás ina bhforáiltear sa Rialachán seo go ndéanfar na rialacha atá ann a shonrú nó a shrianadh le dlí Ballstáit, féadfaidh na Ballstáit, a mhéid is gá sin ar mhaithe leis an gcomhchuibheas agus le go mbeidh na forálacha náisiúnta intuigthe do na daoine sin a mbeidh feidhm acu ina leith, gnéithe den Rialachán seo a ionchorprú ina ndlí náisiúnta.

(9)

Tá cuspóirí agus prionsabail Threoir 95/46/CE fónta i gcónaí, ach níor éirigh léi an ilroinnt a chosc sa dóigh a gcuirtear cosaint sonraí chun feidhme ar fud an Aontais, ná níor éirigh léi an éiginnteacht dhlíthiúil a chosc ná tuiscint choiteann an phobail gurb ann do rioscaí suntasacha do dhaoine nádúrtha, go háirithe iad sin i dtaca le gníomhaíocht ar líne. Aon difríochtaí sa leibhéal cosanta do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha, go háirithe an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint, sna Ballstáit i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil, féadfaidh siad an saorshreabhadh sonraí pearsanta ar fud an Aontais a chosc. D'fhéadfadh na difríochtaí sin a bheith ina mbacainn ar shaothrú gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar leibhéal an Aontais, d'fhéadfaidís an iomaíocht a shaobhadh agus bac a chur ar údaráis i gcomhlíonadh a bhfreagrachtaí faoi dhlí an Aontais. Tá difríocht den sórt sin sna leibhéil cosanta ann toisc go bhfuil difríochtaí ann sa chaoi inar cuireadh Treoir 95/46/CE chun feidhme agus i bhfeidhm.

(10)

Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus chun na bacainní ar shreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas a bhaint, ba cheart an leibhéal céanna cosanta a bheith i ngach Ballstát do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí den sórt sin. Ba cheart a áirithiú go gcuirtear na rialacha maidir le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go haonchineálach ar fud an Aontais i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil, chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit forálacha náisiúnta a choimeád nó a thabhairt isteach chun cur i bhfeidhm na rialacha atá sa Rialachán seo a shonrú tuilleadh. I gcomhar leis an dlí ginearálta agus cothrománach maidir le cosaint sonraí lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme, tá roinnt dlíthe earnáil-shonracha ag na Ballstáit i réimsí ina bhfuil gá le forálacha níos sonraí. Déantar foráil sa Rialachán seo freisin go mbeadh lamháil solúbthachta ag na Ballstáit chun a rialacha a shainiú, lena n-áirítear a rialacha a shonrú maidir le catagóirí speisialta sonraí pearsanta (“sonraí íogaire”) a phróiseáil. Sa mhéid sin, ní eisiann an Rialachán seo dlí Ballstáit lena leagtar amach na dálaí le haghaidh cásanna sonracha próiseála, lena n-áirítear na coinníollacha a chinneadh ar bhealach níos cruinne faoina bhfuil an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta dlíthiúil.

(11)

D'fhonn sonraí pearsanta a chosaint go héifeachtach ar fud an Aontais, tá gá le cearta na n-ábhar sonraí agus oibleagáidí na ndaoine sin a dhéanann sonraí pearsanta a phróiseáil, nó a chinneann an phróiseáil sin a dhéanamh, a neartú agus a leagan amach go mionsonrach, mar aon le cumhachtaí coibhéiseacha chun faireachán a dhéanamh agus chun a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, agus tá gá le pionóis choibhéiseacha do sháruithe sna Ballstáit.

(12)

Le hAirteagal 16(2) CFAE, tugtar sainordú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na rialacha a leagan síos maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus na rialacha a leagan síos maidir le saorghluaiseacht sonraí pearsanta.

(13)

Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha ar fud an Aontais agus chun dibhéirseachtaí a chuireann isteach ar shaorshreabhadh sonraí pearsanta laistigh den mhargadh inmheánach a chosc, is gá Rialachán a ghlacadh chun deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a sholáthar d'oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, agus chun an leibhéal céanna de chearta atá in-fhorfheidhmithe ó thaobh dlí a sholáthar do dhaoine nádúrtha sna Ballstáit uile, agus oibleagáidí agus freagrachtaí a sholáthar do rialaitheoirí agus do phróiseálaithe, chun faireachán comhsheasmhach ar phróiseáil sonraí pearsanta agus pionóis choibhéiseacha a áirithiú i ngach Ballstát chomh maith le comhar éifeachtach idir údaráis mhaoirseachta na mBallstát éagsúil. Ar mhaithe le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, ní chuirtear srian le saorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas ná ní chuirtear toirmeasc uirthi ar chúiseanna a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. Chun cás sonrach na micrifhiontar, na bhfiontar beag agus na bhfiontar meánmhéide a chur san áireamh, áirítear sa Rialachán seo maolú maidir le heagraíochtaí a bhfuil níos lú ná 250 fostaí acu i ndáil le coimeád taifead. Ina theannta sin, moltar d'institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, agus do na Ballstáit agus dá n-údaráis mhaoirseachta riachtanais shonracha na micrifhiontar, na bhfiontar beag agus na bhfiontar meánmhéide a chur san áireamh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Ba cheart do choincheap na micrifhiontar, na bhfiontar beag agus na bhfiontar meánmhéide spreagadh a fháil ó Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (5).

(14)

Ba cheart feidhm a bheith ag an gcosaint a bhfuil foráil déanta ina leith sa Rialachán seo maidir le daoine nádúrtha, is cuma cén náisiúntacht atá acu nó cén áit a bhfuil cónaí orthu, i ndáil leis an bpróiseáil a dhéantar ar a sonraí pearsanta. Ní chumhdaítear leis an Rialachán seo an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann le daoine dlítheanacha agus go háirithe le gnóthais a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil acu, lena n-áirítear ainm agus foirm an duine dhlítheanaigh agus sonraí teagmhála an duine dhlítheanaigh.

(15)

Chun nach gcruthófaí riosca tromchúiseach go dtarlódh imchéimniú, ba cheart daoine nádúrtha a chosaint ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus níor cheart don chosaint sin a bheith ag brath ar na teicníochtaí atá in úsáid; dá ndéanfaí a mhalairt,. Ba cheart daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil trí mhodhanna uathoibrithe agus de láimh, sa chás ina bhfuil na sonraí pearsanta á gcoinneáil i gcóras comhdúcháin nó má tá sé i gceist na sonraí a choinneáil i gcóras den sórt sin. Níor cheart do chomhaid nó do shraitheanna de chomhaid mar aon lena leathanaigh chumhdaigh, nach bhfuil struchtúraithe de réir critéir shonracha, teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(16)

Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le saincheisteanna i ndáil le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha a chosaint ná ar shaorshreabhadh sonraí pearsanta a bhaineann le gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, amhail gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta agus iad i mbun gníomhaíochtaí a bhaineann le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais.

(17)

Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus na gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an bpróiseáil sin ar shonraí pearsanta a chur in oiriúint do na prionsabail agus do na rialacha a bhunaítear sa Rialachán seo agus a chur i bhfeidhm i bhfianaise an Rialacháin seo. D'fhonn creat láidir, comhtháite cosanta sonraí a chur ar fáil san Aontas, ba cheart na hoiriúnuithe riachtanacha ar Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a dhéanamh tar éis an Rialachán seo a ghlacadh, d'fhonn go bhféadfar iad a chur i bhfeidhm i gcomhthráth leis an Rialachán seo.

(18)

Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil a dhéanann duine nádúrtha ar shonraí pearsanta le linn gníomhaíocht de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin, is é sin próiseáil nach bhfuil aon nasc aici le gníomhaíocht ghairmiúil ná le gníomhaíocht tráchtála. D'fhéadfaí a áireamh ar ghníomhaíochtaí pearsanta nó ar ghníomhaíochtaí tís comhfhreagras agus coinneáil seoltaí, nó líonrú sóisialta agus gníomhaíocht ar líne a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí den sórt sin. Tá feidhm ag an Rialachán seo, áfach, maidir le rialaitheoirí nó próiseálaithe a sholáthraíonn an modh chun sonraí pearsanta a phróiseáil le haghaidh gníomhaíochtaí pearsanta nó gníomhaíochtaí tís den sórt sin.

(19)

Maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, tá an chosaint sin agus an tsaorghluaiseacht sin faoi réir gníomh dlí sonrach de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar chun na gcríoch sin. Mar sin féin, aon sonraí pearsanta a phróiseálann údaráis phoiblí faoin Rialachán seo, nuair a úsáidtear iad chun na gcríoch sin, ba cheart iad a rialú le gníomh dlí is sonraí de chuid an Aontais, eadhon Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Féadfaidh na Ballstáit cúraimí eile a thabhairt d'údaráis inniúla de réir bhrí Threoir (AE) 2016/680, ar cúraimí iad nach gá a chur i gcrích chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-airítear chun coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, ionas go mbeidh na sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun na gcríoch eile sin, sa mhéid go bhfuil sí faoi raon feidhme dhlí an Aontais, faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

I gcás na próiseála a dhéanann na húdaráis inniúla sin ar shonraí pearsanta chun críocha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann forálacha níos sonraí a choimeád nó a thabhairt isteach chun cur i bhfeidhm na rialacha a bhaineann leis an Rialachán seo a chur in oiriúint. Féadfar ceanglais níos cruinne agus níos sonraí a chinneadh le forálacha den sórt sin don phróiseáil a dhéanann na húdaráis inniúla sin ar shonraí pearsanta chun na gcríoch eile sin, agus struchtúr bunreachtúil, eagraíochtúil agus riaracháin an Bhallstáit faoi leith á chur san áireamh. I gcás ina dtagann an phróiseáil a dhéanann comhlachtaí príobháideacha ar shonraí pearsanta faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo go bhféadfaidh na Ballstáit, faoi choinníollacha sonracha, srian a chur, de réir dlí, le hoibleagáidí áirithe agus le cearta áirithe nuair is beart riachtanach, comhréireach é srian den sórt sin, i sochaí dhaonlathach, chun leasanna sonracha tábhachtacha, lena n-áirítear an tslándáil phoiblí, a choimirciú, agus chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc. Tá an méid sin ábhartha, cuir i gcás, i gcreat an chomhraic i gcoinne sciúradh airgid nó i gcomhthéacs gníomhaíochtaí saotharlann fóiréinseach.

(20)

Cé go bhfuil feidhm ag an Rialachán seo, inter alia, maidir le gníomhaíochtaí cúirteanna agus údarás breithiúnach eile, d'fhéadfaí, le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, na hoibríochtaí próiseála agus na nósanna imeachta próiseála a shonrú i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag cúirteanna agus ag údaráis bhreithiúnacha eile. Níor cheart, le hinniúlacht na n-údarás maoirseachta, an phróiseáil ar shonraí pearsanta a chumhdach nuair a bhíonn na cúirteanna ag gníomhú faoina gcumas breithiúnach féin, d'fhonn neamhspleáchas na mbreithiúna a choimirciú i gcomhlíonadh a gcúraimí breithiúnacha, lena n-áirítear le linn dóibh a gcuid cinntí a dhéanamh. Ba cheart é a bheith indéanta maoirseacht ar oibríochtaí próiseála sonraí den sórt sin a chur de chúram ar chomhlachtaí sonracha laistigh de chóras breithiúnach an Bhallstáit, córas lenar cheart, go háirithe, comhlíonadh rialacha an Rialacháin seo a áirithiú, feasacht chomhaltaí na mbreithiúnachta maidir lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a fheabhsú agus gearáin maidir le hoibríochtaí próiseála sonraí den sórt sin a láimhseáil.

(21)

Is gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) an Rialachán seo, go háirithe maidir le rialacha dliteanais na soláthraithe seirbhíse idirmheánacha in Airteagal 12 go hAirteagal 15 den Treoir sin. Féachtar leis an Treoir sin cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí shaorghluaiseacht sheirbhísí na Sochaí Faisnéise a áirithiú idir Ballstáit.

(22)

Maidir le haon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta de chuid rialaitheora nó próiseálaí san Aontas, ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, is cuma má dhéantar an phróiseáil féin laistigh den Aontas nó mura ndéantar. Tugtar le tuiscint le húsáid an fhocail “bunaíocht” go ndéantar gníomhaíocht éifeachtach iarbhír inti trí shocruithe seasmhacha. Ní hí foirm dhlíthiúil na bunaíochta sin, cibé acu an brainse nó fochuideachta a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aici í, an toisc chinntitheach ina leith sin.

(23)

Chun a áirithiú nach ndéantar an chosaint atá daoine nádúrtha i dteideal a fháil faoin Rialachán seo a bhaint díobh, ba cheart an phróiseáil a dhéanann rialaitheoir nó próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas ar shonraí pearsanta na n-ábhar sonraí agus atá san Aontas a bheith faoi réir an Rialacháin seo i gcás ina mbaineann na gníomhaíochtaí próiseála le hearraí nó seirbhísí a thairiscint d'ábhair sonraí den sórt sin beag beann ar cé acu an bhfuil an tairiscint bainteach le híocaíocht nó nach bhfuil. Chun a chinneadh an bhfuil earraí nó seirbhísí á dtairiscint ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí sin d'ábhair sonraí, ar daoine iad atá san Aontas, ba cheart a fháil amach an bhfuil sé soiléir go bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí seirbhísí a thairiscint d'ábhair sonraí i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit atá san Aontas. De bhrí nach leor inrochtaineacht ar shuíomh gréasáin an rialaitheora, an phróisealaí ná idirghabhálaí san Aontas, ar sheoladh ríomhphoist nó ar shonraí teagmhála eile nó ar theanga a mbaintear úsáid aisti i gcoitinne i dtríú tír ina bhfuil an rialaitheoir bunaithe, chun a fháil amach an bhfuil rún den sórt sin ag an rialaitheoir, d'fhéadfadh sé go dtabharfaí le fios, le fachtóirí amhail úsáid teanga nó airgeadra a mbaintear úsáid aisti nó as i gcoitinne i mBallstát amháin nó níos mó a bhfuil an deis ann nó iontu earraí agus seirbhísí a ordú sa teanga eile sin, nó le fachtóir amhail custaiméirí nó úsáideoirí atá san Aontas a bheith á lua, go bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir earraí nó seirbhísí a thairiscint san Aontas d'ábhair sonraí.

(24)

An phróiseáil a dhéanann rialaitheoir nó próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas ar shonraí pearsanta na n-ábhar sonraí agus atá san Aontas, ba cheart í a bheith faoi réir an Rialacháin seo freisin i gcás ina mbaineann sí le faireachán a dhéantar ar iompar ábhar sonraí den sórt sin a mhéid a tharlaíonn a n-iompar laistigh den Aontas. Chun a chinneadh an féidir a mheas an ndéanann gníomhaíocht próiseála faireachán ar iompar na n-ábhar sonraí do na sonraí, ba cheart a fháil amach an bhfuil daoine nádúrtha á rianú ar an idirlíon lena n-áirítear úsáid a d'fhéadfaí á baint ina dhiaidh sin as teicníochtaí próiseála sonraí pearsanta, ar teicníochtaí iad lena ndéantar duine nádúrtha a phróifíliú, go háirithe chun cinntí a dhéanamh maidir leis an duine sin nó chun anailís nó tuar a dhéanamh ar shainroghanna, iompar agus dearcadh an duine sin.

(25)

I gcás ina bhfuil feidhm ag dlí Ballstáit de bhua dlí phoiblí idirnáisiúnta, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le rialaitheoir nach bhfuil bunaithe san Aontas ach atá, mar shampla, i misean taidhleoireachta nó post consalach de chuid Ballstáit.

(26)

Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabail na cosanta sonraí maidir le haon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta. Sonraí pearsanta ar cuireadh ainm bréige i bhfeidhm orthu agus a d'fhéadfaí a chur i leith duine nádúrtha trí fhaisnéis bhreise a úsáid, ba cheart a mheas gur faisnéis faoi dhuine nádúrtha in-sainaitheanta na sonraí sin. Chun a chinneadh an bhfuil duine nádúrtha in-sainaitheanta nó nach bhfuil, ba cheart aird a thabhairt ar na modhanna go léir, amhail díriú ar leith, is dócha, le réasún, a úsáidfidh an rialaitheoir nó duine eile chun an duine nádúrtha a shainaithint go díreach nó go hindíreach. Lena fháil amach an bhfuil sé réasúnta dóchúil go mbainfear úsáid as bealaí chun an duine nádúrtha a shainaithint, ba cheart aird a thabhairt ar fhachtóirí oibiachtúla uile, amhail na costais a ghearrfar agus an t-achar ama is gá le haghaidh sainaitheanta, agus an teicneolaíocht a bheidh ar fáil tráth na próiseála agus forbairtí teicneolaíocha á gcur san áireamh. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag prionsabail na cosanta sonraí maidir le faisnéis anaithnid, eadhon faisnéis nach mbaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta nó le sonraí persanta atá anaithnid ar bhealach agus nach bhfuil an t-ábhar sonraí in-sainaitheanta nó nach bhfuil an duine sin in-sainaitheanta a thuilleadh. Dá bhrí sin, ní bhaineann an Rialachán seo leis an bpróiseáil a dhéantar ar fhaisnéis anaithnid den sórt sin, lena n-áirítear chun críoch staidrimh agus taighde.

(27)

Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta daoine éagtha. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do rialacha i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta daoine éagtha.

(28)

Is féidir, trí ainm bréige a chur i bhfeidhm ar na sonraí pearsanta, na rioscaí a laghdú do na hábhair sonraí lena mbaineann agus cuidiú le rialaitheoirí agus próiseálaithe a gcuid oibleagáidí cosanta sonraí a chomhlíonadh. Ní bheartaítear, le “ainm bréige a chur i bhfeidhm” a thabhairt isteach go sainráite sa Rialachán seo bac a chur ar aon bhearta eile cosanta sonraí.

(29)

Chun go gcruthófar dreasachtaí do chur i bhfeidhm ainm bhréige tráth a ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil, ba cheart deis a bheith ag an rialaitheoir céanna bearta le haghaidh ainm bréige a chur i bhfeidhm, cé go gceadaítear anailís ghinearálta ag an am céanna, má tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla glactha ag an rialaitheoir sin ar gá iad chun a áirithiú, don phróiseáil lena mbaineann, go gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme, agus a áirithiú go gcoimeádtar i leataobh faisnéis bhreise le haghaidh na sonraí pearsanta a shannadh d' ábhar sonraí ar leith. Ba cheart don rialaitheoir a phróiseálann na sonraí pearsanta na daoine údaraithe ar de chuid an rialaitheora chéanna iad a lua.

(30)

Féadfar daoine nádúrtha a chomhcheangal le sainaitheantóirí ar líne a sholáthraítear lena gcuid gléasanna, feidhmchlár, uirlisí agus prótacal, amhail seoltaí prótacail idirlín, aitheantóirí fianán nó aitheantóirí eile amhail clibeanna aitheantais radaimhinicíochta. D'fhéadfadh sé go bhfágfaí loirg leis an méid sin a d'fhéadfaí a úsáid chun próifílí de na daoine nádúrtha a chruthú agus chun iad a shainaithint, go háirithe tráth a gcuirfí i gcomhcheangal le sainaitheantóirí uathúla iad agus le faisnéis eile a fhaigheann na freastalaithe.

(31)

Údaráis phoiblí a nochtar sonraí pearsanta dóibh i gcomhréir le hoibleagáid dhlíthiúil maidir le feidhmiú a misin oifigiúil, amhail údaráis chustaim agus chánach, aonaid imscrúdúcháin airgeadais, údaráis neamhspleácha riaracháin, nó údaráis de chuid an mhargaidh airgeadais atá freagrach as rialáil agus as maoirseacht a dhéanamh ar mhargaí urrús, níor cheart a mheas gur faighteoirí iad má fhaigheann siad sonraí pearsanta a theastaíonn chun fiosrúchán ar leith a dhéanamh ar mhaithe leis an leas ginearálta, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit. Aon iarrataí a sheolfaidh údaráis phoiblí, ba cheart iad a bheith i gcónaí i scríbhinn, réasúnaithe agus ócáideach i gcónaí agus níor cheart córas comhdúcháin ina iomláine a bheith i gceist leo ná níor cheart idirnascadh córas comhdúcháin a bheith mar thoradh orthu. An phróiseáil a dhéanann na húdaráis phoiblí sin ar shonraí pearsanta, ba cheart di na rialacha cosanta sonraí is infheidhme de réir chríocha na próiseála a chomhlíonadh.

(32)

Ba cheart toiliú a thabhairt trí ghníomh soiléir dearfach lena mbunaítear cur in iúl a thugann a t-ábhar sonraí faoi shaoirse agus atá sonrach, feasach agus gan athbhrí á rá go n-aontaíonn an t-ábhar sonraí le sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a phróiseáil, amhail trí ráiteas scríofa, lena n-áirítear trí mheán leictreonach, nó ráiteas ó bhéal. D'fhéadfaí go n-áireofaí air sin tic a chur i mbosca nuair a thugtar cuairt ar shuíomh gréasáin idirlín, socruithe teicniúla a roghnú do sheirbhísí na sochaí faisnéise nó trí ráiteas nó iompar eile lena gcuirtear in iúl go soiléir sa chomhthéacs sin go dtoilíonn an t-ábhar sonraí leis an bpróiseáil atá beartaithe a dhéanamh ar a shonraí pearsanta nó ar a sonraí pearsanta. Dá bhrí sin, níor cheart gurbh ionann agus toiliú iad tost, boscaí ar cuireadh tic leo roimh ré nó neamhghníomhaíocht. Ba cheart don toiliú gach gníomhaíocht próiseála arna déanamh chun na críche céanna nó chun na gcríoch céanna a chumhdach. I gcás ina bhfuil an iliomad críoch leis an bpróiseáil, ba cheart toiliú a thabhairt dóibh uile. Má tá an t-ábhar sonraí le toiliú leis an bpróiseáil tar éis iarraidh trí mheán leictreonach a fháil chuige sin, ní mór don iarraidh sin a bheith soiléir achomair agus níor cheart di cur isteach barraíocht ar úsáid na seirbhíse ar ina leith a tugadh an toiliú.

(33)

Is minic nach féidir críoch próiseála sonraí pearsanta chun críocha an taighde eolaíoch a shainaithint go hiomlán tráth bhailiú na sonraí. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú do na hábhair sonraí a dtoiliú a thabhairt maidir le réimsí áirithe den taighde eolaíoch i gcomhréir le caighdeáin eiticiúla aitheanta i ndáil leis an taighde eolaíoch. Ba cheart an deis a bheith ag na hábhair sonraí gan a dtoiliú a thabhairt ach do réimsí áirithe taighde nó do chodanna de thionscadail taighde, a mhéid a cheadaítear sin leis an gcríoch a beartaíodh.

(34)

Ba cheart sonraí géiniteacha a shainmhíniú mar shonraí pearsanta a bhaineann le tréithe géiniteacha duine nádúrtha a fuarthas le hoidhreacht nó a fuarthas mar thoradh ar anailís a rinneadh ar shampla bitheolaíoch a tógadh ón duine nádúrtha atá i gceist, go háirithe anailís chrómasómach, anailís ar aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN) nó anailís ar aigéad ribeanúicléasach (RNA), nó mar thoradh ar an anailís ar aon ghné eile lena bhféadfar faisnéis choibhéiseach a fháil.

(35)

Ba cheart a áireamh ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an tsláinte na sonraí uile i ndáil le stádas sláinte ábhair sonraí, ar sonraí iad lena nochtar faisnéis a bhaineann le stádas sláinte coirp nó meabhrach an duine is ábhar de na sonraí, mar atá ag an am, mar a bhí nó mar a bheidh. Áirítear ar an méid sin faisnéis faoin duine nádúrtha a bailíodh le linn an chláraithe le haghaidh seirbhísí cúraim sláinte nó le linn sholáthar na seirbhísí sin amhail dá dtagraítear i dTreoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) don duine nádúrtha sin; uimhir, siombal nó mír eolais a shanntar do dhuine nádúrtha le go ndéanfar an duine nádúrtha a shainaithint go huathúil chun críocha sláinte; faisnéis a fhaightear de bharr tástáil nó scrúdú a dhéanamh ar chuid den chorp nó ar shubstaint de chuid an choirp, lena n-áirítear de bharr sonraí géiniteacha agus samplaí bitheolaíocha; agus aon fhaisnéis faoi ghalar, mar shampla, nó faoi mhíchumas, baol galair, stair liachta, cóir chliniciúil, nó staid fhiseolaíoch nó bhithleighis an ábhair sonraí, beag beann ar an bhfoinse as a dtagann sí, mar shampla ó dhochtúir nó ó ghairmí cúram sláinte eile, ó ospidéal, ó fheiste míochaine nó ó thástáil in vitro diagnóiseach.

(36)

Ba cheart gurb é an áit a bhfuil a riarachán lárnach san Aontas ag rialaitheoir príomhbhunaíocht an rialaitheora san Aontas, murar i mbunaíocht eile de chuid an rialaitheora san Aontas a ghlactar na cinntí maidir le críocha agus modhanna phróiseáil na sonraí pearsanta, agus sa chás sin ba cheart an bhunaíocht eile sin a mheas mar an phríomhbhunaíocht. Ba cheart príomhbhunaíocht de chuid rialaitheora san Aontas a chinneadh de réir critéir oibiachtúla agus, tríd an gcinneadh sin, ba cheart a thabhairt le tuiscint gur inti a dhéantar feidhmiú éifeachtach agus iarbhír na ngníomhaíochtaí bainistíochta lena ndéantar na príomhchinntí maidir le críocha agus modhanna na próiseála trí shocruithe cobhsaí. Níor cheart don chritéar sin a bheith ag brath ar cibé an ndéantar an phróiseáil ar shonraí pearsanta ag an áit sin. Má tá modhanna teicniúla agus teicneolaíochtaí ann agus in úsáid chun sonraí pearsanta a phróiseáil nó chun gníomhaíochtaí próiseála a dhéanamh, ní hionann sin is a rá gur príomhbhunaíocht an áit sin agus, dá bhrí sin, ní critéir chinntitheacha iad sin maidir le príomhbhunaíocht. Ba cheart an áit ina bhfuil a riarachán lárnach san Aontas príomhbhunaíocht an phróiseálaí nó, mura bhfuil aon riarachán lárnach aige san Aontas, ba cheart gurbh í an áit ina ndéantar na príomhghníomhaíochtaí próiseála san Aontas. I gcásanna a bhaineann leis an rialaitheoir agus leis an bpróiseálaí araon, ba cheart gurb é an príomhúdarás inniúil maoirseachta i gcónaí údarás maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht ag an rialaitheoir, ach ba cheart údarás maoirseachta an phróiseálaí a mheas mar údarás maoirseachta lena mbaineann agus ba cheart don údarás maoirseachta sin a bheith rannpháirteach sa nós imeachta comhair dá bhforáiltear sa Rialachán seo. In aon chás, níor cheart údaráis mhaoirseachta an Bhallstáit nó na mBallstát ina bhfuil bunaíocht amháin nó níos mó ag an bpróiseálaí a mheas mar na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann. I gcás inar leis an rialaitheoir amháin a bhaineann an dréachtchinneadh. I gcás ina ndéanann grúpa gnóthas an phróiseáil, ba cheart príomhbhunaíocht an ghnóthais rialaithigh a mheas mar phríomhbhunaíocht an ghrúpa gnóthas, seachas i gcás ina gcinneann gnóthas eile na críocha agus na modhanna próiseála.

(37)

Ba cheart gnóthas rialaitheach agus a ghnóthais atá faoi rialú a chumhdach faoi ghrúpa gnóthas, agus ba cheart, dá réir sin, don ghnóthas rialaitheach a bheith in ann tionchar ceannasach a imirt ar na gnóthais eile de bhua úinéireachta, mar shampla, nó de bhua rannpháirtíocht airgeadais nó na rialacha lena rialaítear an rannpháirtíocht sin nó de bhua na cumhachta chun rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a chur chun feidhme. Comhlacht lárnach a dhéanann rialú ar phróiseáil sonraí pearsanta i ngnóthais atá cleamhnaithe leis, ba cheart féachaint air, i dteannta na ngnóthas sin, mar ghrúpa gnóthas.

(38)

Tá cosaint ar leith dlite do leanaí i dtaca lena sonraí pearsanta toisc go bhféadfar nach bhfuil siad chomh heolach sin ar na rioscaí, na hiarmhairtí agus na coimircí lena mbaineann ná ar a gcearta féin i ndáil lena sonraí pearsanta a phróiseáil. Ba cheart feidhm a bheith ag cosaint ar leith den sórt sin, go háirithe, le húsáid sonraí pearsanta leanaí chun críocha na margaíochta nó chun próifílí pearsantachta nó úsáideora a chruthú agus sonraí pearsanta i ndáil le leanaí a bhailiú agus seirbhísí atá á dtairiscint go díreach do leanbh á n-úsáid. Níor cheart é a bheith riachtanach toiliú shealbhóir na freagrachta tuismitheora a fháil i gcomhthéacs seirbhísí coisctheacha nó comhairliúcháin a thairgtear go díreach do leanbh.

(39)

Ba cheart aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bheith dleathach agus cothrom. Ba cheart é a bheith trédhearcach do dhaoine nádúrtha go ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann leo a bhailiú, a úsáid, a cheadú nó go ndéantar iad a phróiseáil ar bhealach eile agus a mhéid a dhéantar na sonraí a phróiseáil nó a dhéanfar iad a phróiseáil. Ceanglaítear le prionsabal na trédhearcachta go mbeadh sé éasca rochtain a fháil ar aon fhaisnéis agus ar aon chumarsáid a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta sin agus go mbeadh sé éasca an fhaisnéis sin agus an chumarsáid sin a thuiscint, agus go ndéanfaí teanga shoiléir shimplí a úsáid. Baineann an prionsabal sin, go háirithe, le faisnéis a thugtar do na hábhair sonraí maidir le céannacht an rialaitheora agus le críocha na próiseála agus le faisnéis bhreise chun próiseáil chothrom thrédhearcach a áirithiú i ndáil leis na daoine nádúrtha lena mbaineann agus a gceart dearbhú agus teachtaireacht a fháil i ndáil leis na sonraí pearsanta a bhaineann leo agus atá á bpróiseáil. Ba cheart daoine nádúrtha a chur ar an eolas faoi rioscaí, rialacha, coimircí agus cearta a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus faoin mbealach lena gcearta a fheidhmiú i ndáil le próiseáil den sórt sin. Ba cheart, go háirithe, do na críocha sonracha ar chucu a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil a bheith lánsoiléir agus dlisteanach agus ba cheart iad a chinneadh tráth bhailiú na sonraí pearsanta. Ba cheart na sonraí pearsanta a bheith leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun na gcríoch a ndéantar iad a phróiseáil ina leith. Éilítear leis seo, go háirithe, go ndéantar a áirithiú go bhfuil an tréimhse a stóráiltear na sonraí pearsanta lena linn teoranta go dtí íosmhéid dhocht. Níor cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ach mura bhféadfaí críoch na próiseála a bhaint amach go réasúnta ar bhealach eile. Chun a áirithiú nach gcoinnítear na sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá, ba cheart don rialaitheoir teorainneacha ama a shocrú don léirscriosadh nó chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh. Ba cheart gach beart réasúnta a dhéanamh chun a áirithiú go gceartaítear nó go scriostar sonraí pearsanta míchruinne. Ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n-áirithítear slándáil agus rúndacht iomchuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear chun cosc a chur ar rochtain neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta nó ar úsáid neamhúdaraithe sonraí pearsanta agus an trealamh a úsáidtear leis an bpróiseáil a dhéanamh.

(40)

Le go mbeidh an phróiseáil dleathach, ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn thoiliú an ábhair sonraí lena mbaineann nó ar bhonn dlisteanach éigin eile, a leagtar síos de réir dlí, sa Rialachán seo nó i ndlí eile de chuid an Aontais nó i ndlí Ballstáit amhail dá dtagraítear sa Rialachán seo, lena n-áirítear an gá atá ann an oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, ar oibleagáid í a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó an gá atá ann conradh ar páirtí ann an t-ábhar sonraí a chomhlíonadh nó chun bearta a dhéanamh ar iarraidh ón ábhar sonraí sula ndéanfar conradh.

(41)

Aon áit a dhéanann an Rialachán seo tagairt do bhunús dlí nó do bheart reachtach, ní gá go mbeadh gníomh reachtach arna ghlacadh ag parlaimint ag teastáil, gan dochar do cheanglais de bhun ord bunreachtúil an Bhallstáit lena mbaineann. Mar sin féin, ba cheart bunús dlí den sórt sin nó beart reachtach den sórt sin a bheith soiléir cruinn agus ba cheart a chur chun feidhme a bheith intuartha do na daoine sin a bheadh faoina réir, i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”) agus cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.

(42)

I gcás ina bhfuil próiseáil bunaithe ar thoiliú an ábhair onraí, ba cheart don rialaitheoir a bheith in ann a thaispeáint gur thoiligh an t-ábhar sonraí leis an oibríocht próiseála. Go háirithe i gcomhthéacs dearbhú i scríbhinn maidir le hábhar éigin eile, ba cheart coimircí a bheith ann chun a d'áiritheodh go bhfuil an t-ábhar sonraí ar an eolas maidir leis an bhfíric go bhfuil toiliú tugtha aige nó aici agus go bhfuil sé nó sí ar an eolas faoin méid atá an toiliú tugtha. I gcomhréir le Treoir 93/13/CEE ón gComhairle (10), ba cheart dearbhú tola, agus é curtha le chéile roimh ré ag an rialaitheoir, a chur ar fáil i bhfoirm shothuigthe inrochtana, ag úsáid teanga shoiléir agus éasca agus níor cheart téarmaí éagóracha a bheith ann. Ionas go mbeidh an toiliú feasach, ba cheart don ábhar sonraí a bheith ar an eolas, ar a laghad, faoi chéannacht an rialaitheora agus faoi chríocha na próiseála a bheartaítear a dhéanamh ar na sonraí pearsanta. Níor cheart breathnú ar an toiliú mar thoiliú a tugadh faoi shaoirse mura bhfuil rogha atá dílis nó saor ag an ábhar sonraí nó mura bhfuil sé nó sí in ann diúltú don toiliú a thabhairt nó é a tharraingt siar gan díobháil.

(43)

Chun a áirithiú go dtugtar an toiliú sin faoi shaoirse, níor cheart toiliú a bheith ina fhoras bailí dlíthiúil le sonraí pearsanta a phróiseáil i gcás sonrach ina bhfuil éagothromaíocht shoiléir idir an t-ábhar sonraí agus an rialaitheoir, go háirithe i gcás inar údarás poiblí é an rialaitheoir agus ní dócha, dá bhrí sin, gur tugadh an toiliú sin faoi shaoirse sna cúinsí uile a bhain leis an staid shonrach sin. Toimhdítear nár tugadh toiliú faoi shaoirse más rud é nach gceadaítear leis toiliú ar leithligh a thabhairt d'oibríochtaí próiseála sonraí pearsanta éagsúla in ainneoin gurb iomchuí é sin sa chás ar leith, nó más rud é go bhfuil comhlíonadh conartha, lena n-áirítear cur ar fáil seirbhíse, ag brath ar an toiliú sin, in ainneoin nach dteastaíonn toiliú den sórt sin le haghaidh comhlíonadh den sórt sin.

(44)

Ba cheart próiseáil a bheith dleathach i gcás inar gá sin i gcomhthéacs conartha nó i gcás ina bhfuil sé beartaithe conradh a dhéanamh.

(45)

I gcás ina ndéantar próiseáil i gcomhréir le hoibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó i gcás ina bhfuil gá le próiseáil chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil, ba cheart bunús a bheith ag an bpróiseáil i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit. Ní cheanglaítear leis an Rialachán seo dlí sonrach a bheith ann do gach próiseáil ar leith. D'fhéadfadh sé gur leor dlí mar bhunús d'oibríochtaí éagsúla próiseála ar bhonn oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó nuair is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil. Ba cheart freisin gur faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bheadh sé críoch na próiseála a chinneadh. Thairis sin, d'fhéadfadh an dlí sin coinníollacha ginearálta an Rialacháin seo a shonrú lena rialaítear dlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta, na sonraíochtaí a bhunú lena gcinntear an rialaitheoir, cineál na sonraí pearsanta atá faoi réir na próiseála, na hábhair sonraí lena mbaineann, na heintitis a bhféadfar na sonraí pearsanta a nochtadh dóibh, na teorannuithe de réir cuspóra, an tréimhse stórála agus bearta eile chun próiseáil dhleathach chothrom a áirithiú. Ba cheart gur faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bheadh sé cinneadh a dhéanamh freisin maidir le cé acu ar cheart don rialaitheoir a chuireann cúram i gcrích ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil a bheith mar údarás poiblí nó mar dhuine nádúrtha nó dlítheanach eile a rialaítear faoin dlí poiblí, nó, i gcás inarb é ar mhaithe le leas an phobail déanamh amhlaidh, lena n-áirítear chun críocha sláinte, amhail sláinte phoiblí agus cosaint shóisialta agus bainistiú seirbhísí cúraim sláinte, faoin dlí príobháideach, amhail comhlachas gairmiúil.

(46)

Ba cheart a mheas go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta dleathach freisin nuair is gá é a dhéanamh chun leas a chosaint ar leas é atá riachtanach do shaol an ábhair sonraí nó do shaol duine nádúrtha eile. Níor cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ach ar bhonn leas ríthábhachtach duine nádúrtha eile i bprionsabal i gcás nach bhféadfar an phróiseáil a bhunú go follasach ar bhunús dlí eile. Le roinnt cineálacha próiseála, d'fhéadfaí fónamh do leas tábhachtach an phobail agus do leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí araon, mar shampla nuair is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha daonnúla, lena n-áirítear chun faireachán a dhéanamh ar eipidéimí agus ar a leathadh nó i gcásanna éigeandálaí daonnúla, go háirithe i gcásanna tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine.

(47)

Le leasanna dlisteanacha rialaitheora, lena n-áirítear leasanna dlisteanacha rialaitheora a bhféadfar sonraí pearsanta a nochtadh dó, nó le leasanna dlisteanacha tríú páirtí, féadfar bunús dlí a thabhairt don phróiseáil, ar choinníoll nach mbeadh sáraíocht ag leasanna nó cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí orthu, agus aird á tabhairt ar ionchais réasúnta na n-ábhar sonraí bunaithe ar a gcaidreamh a leis an rialaitheoir. D'fhéadfadh leas dlisteanach den sórt sin a bheith ann mar shampla i gcás ina bhfuil caidreamh ábhartha iomchuí idir an t-ábhar sonraí agus an rialaitheoir i gcásanna amhail gur cliant den rialaitheoir an t-ábhar sonraí nó go bhfuil an t-ábhar sonraí i seirbhís an rialaitheora. Ar aon chuma, chaithfí measúnú cúramach a dhéanamh ar aon leas dlisteanach a bheadh ann, lena n-áirítear a mheas an bhféadfadh an t-ábhar sonraí a bheith ag súil leis go réasúnta tráth bhailiú na sonraí pearsanta agus i gcomhthéacs bhailiú na sonraí pearsanta go bhféadfaí próiseáil a dhéanamh chun na críche sin. D'fhéadfadh sáraíocht a bheith ag leasanna bunúsacha agus ag cearta bunúsacha an ábhair sonraí ar leas an rialaitheora sonraí i gcás ina ndéanfaí sonraí pearsanta a phróiseáil in imthosca nach mbeadh na hábhair sonraí ag súil leis go ndéanfaí tuilleadh próiseála iontu. Ós rud é gur faoin reachtóir atá sé foráil a dhéanamh le dlí maidir leis an mbunús dlí atá ag údaráis phoiblí chun sonraí pearsanta a phróiseáil, níor cheart feidhm a bheith ag an mbunús dlí sin maidir le leas dlisteanach an rialaitheora i ndáil le próiseáil ag údaráis phoiblí i bhfeidhmiú a gcúraimí. Maidir le próiseáil ar shonraí pearsanta a bhfuil dianghá leo chun cosc a chur ar chalaois, is leas dlisteanach de chuid an rialatheora lena mbaineann é an leas sin. Féadfar próiseáil sonraí pearsanta chun críocha na margaíochta dírí a mheas mar phróiseáil a dhéantar ar mhaithe le leas dlisteanach.

(48)

Féadfaidh leas dlisteanach a bheith ag rialaitheoirí, ar cuid de ghrúpa gnóthas nó institiúidí atá cleamhnaithe le comhlacht lárnach iad, i sonraí pearsanta a tharchur laistigh den ghrúpa gnóthas chun críocha an riaracháin inmheánaigh, lena n-áirítear sonraí pearsanta cliant nó fostaithe a phróiseáil. Ní dhéantar aon difear do na prionsabail ghinearálta a bhaineann le tarchur sonraí pearsanta, laistigh de ghrúpa gnóthas, chuig gnóthas atá lonnaithe i dtríú tír.

(49)

An phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a mhéid atá sé sin fíor-riachtanach agus comhréireach chun slándáil líonra agus faisnéise a áirithiú, i.e. an cumas atá i líonra nó i gcóras faisnéise, ar leibhéal áirithe muiníne, seasamh i gcoinne eachtraí a tharlaíonn de thaisme nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó mailíseacha a chuireann isteach ar infhaighteacht, ar bharántúlacht, ar shláine agus ar rúndacht sonraí pearsanta atá stóráilte nó tarchurtha, agus ar shlándáil na seirbhísí gaolmhara atá á dtairiscint ag na líonraí agus na córais sin, ag údaráis phoiblí, ag foirne práinnfhreagartha ríomhaireachta (CERTanna), ag foirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhaireachta (CSIRTanna), ag soláthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus ag soláthraithe teicneolaíochtaí agus seirbhísí slándála, nó slándáil na seirbhísí gaolmhara atá inrochtana tríothu sin, is é atá i gceist leis an bpróiseáil sin leas dlisteanach de chuid an rialaitheora sonraí lena mbaineann. D'fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, rochtain neamhúdaraithe ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus dáileadh mailíseach cód a chosc agus stop a chur le hionsaithe “diúltaithe seirbhíse” agus le damáiste do ríomhchórais agus do chórais chumarsáide leictreonaí.

(50)

Níor cheart an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta chun críocha seachas na críocha sin ar chucu a bailíodh na sonraí pearsanta ar an gcéad dul síos a cheadú ach amháin i gcás ina bhfuil an phróiseáil ag luí leis na críocha ar bailíodh na sonraí pearsanta chucu ar an gcéad dul síos. I gcás den sórt sin, níl gá le bunús dlí ar leith ón mbunús dlí lenar ceadaíodh bailiú na sonraí pearsanta. Más gá an phróiseáil chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, féadfar, le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, na cúraimí agus na críocha a chinneadh agus a shonrú ar cheart an tuilleadh próiseála a mheas mar bheith comhoiriúnach agus dleathach ina leith. Ba cheart a mheas gur oibríochtaí próiseála comhoiriúnacha dleathacha é tuilleadh próiseála a dhéanfaí chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh. An bunús dlí a fhoráiltear le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit chun sonraí pearsanta a phróiseáil, féadfaidh sé bunús dlí a thabhairt chun tuilleadh próiseála a dhéanamh freisin. Chun fáil amach an bhfuil críoch an tuillidh próiseála ag luí leis an gcríoch ar chuige a bailíodh na sonraí pearsanta ar an gcéad dul síos, ba cheart don rialaitheoir, tar éis dó nó di na ceanglais uile a chomhlíonadh maidir le dlíthiúlacht na próiseála bunaidh, an méid seo a leanas, inter alia, a chur san áireamh: aon nasc idir na críocha sin agus críocha an tuillidh próiseála a bheartaítear;an comhthéacs inar bailíodh na sonraí pearsanta, go háirithe ionchais réasúnta na n-ábhar sonraí bunaithe ar an gcaidreamh atá acu leis an rialaitheoir maidir le tuilleadh úsáide a bhaint astu; cineál na sonraí pearsanta; na hiarmhairtí ar na hábhair sonraí a bheadh ag an tuilleadh próiseála a bheartaítear a dhéanamh; agus coimircí iomchuí a bheith ann sna hoibríochtaí próiseála bunaidh agus sna hoibríochtaí tuillidh próiseála a bheartaítear araon.

I gcás inar thug an t-ábhar sonraí toiliú nó ina mbeadh an phróiseáil bunaithe ar dhlí an Aontais nó ar dhlí Ballstáit, ar beart riachtanach comhréireach é i sochaí dhaonlathach chun cuspóirí tábhachtacha a bhaineann le leas ginearálta an phobail a choimirciú go háirithe, ba cheart cead a bheith ag an rialaitheoir na sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh beag beann ar chomhoiriúnacht na gcríoch. Ar aon chaoi, ba cheart cur i bhfeidhm na bprionsabal a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú, agus ba cheart a áirithiú go háirithe go gcuirtear an ábhar sonraí ar an eolas faoi na críocha eile sin agus faoi na cearta atá aige nó aici, lena n-áirítear an ceart chun agóid a dhéanamh. Gníomhartha ionchasacha coiriúla nó bagairtí ionchasacha ar an tslándáil phoiblí a bheith á gcur in iúl ag an rialaitheoir agus na sonraí pearsanta ábhartha i gcásanna aonair nó i gcásanna éagsúla a bhaineann leis an ngníomh céanna coiriúla nó leis na bagairtí céanna ar an tslándáil phoiblí a bheith á dtarchur aige nó aici chuig údarás inniúil, ba cheart a mheas gur chun leas dlisteanach an rialaitheora é an cur in iúl agus an tarchur sin. Mar sin féin, ba cheart cosc a chur ar tharchur den sórt sin ar mhaithe le leas dlisteanach an rialaitheora nó ar thuilleadh próiseála ar shonraí pearsanta mura bhfuil an phróiseáil ag luí le hoibleagáid dhlíthiúil nó ghairmiúil rúndachta nó le hoibleagáid eile cheangailteach rúndachta.

(51)

Tá cosaint ar leith dlite do shonraí pearsanta ar de chineál fíor-íogair iad maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha, toisc go bhféadfaí rioscaí suntasacha a chruthú do na cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha mar thoradh ar chomhthéacs a bpróiseála. Ba cheart a áireamh ar na sonraí pearsanta sin sonraí pearsanta lena nochttar tionscnamh ciníoch nó eitneach, ar an tuiscint nach é an bhrí a bhainfear as úsáid an téarma “tionscnamh eitneach” sa Rialachán seo go nglactar san Aontas le teoiricí lena ndéantar iarracht a chinneadh gur ann do chiníocha daonna ar leith. Níor cheart a mheas go córasach gur próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta atá i bpróiseáil grianghraf ós rud é go gcumhdaítear iad leis an sainmhíniú ar shonraí bithmhéadracha sa chás nuar a dhéantar iad a phróiseáil trí mhodh sonrach teicniúil lena gceadaítear sainaithint uathúil nó fíordheimhniú uathúil duine nádúrtha agus sa chás sin amháin. Níor cheart sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil, ach amháin má cheadaítear an phróiseáil i gcásanna sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo, ag cur san áireamh gur féidir forálacha sonracha a leagan síos i ndlí an Bhallstáit sin maidir le cosaint sonraí d'fhonn cur i bhfeidhm na rialacha sa Rialachán seo a chur in oiriúint chun go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir. I dteannta na gceanglas sonrach maidir le próiseáil den sórt sin, ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail ghinearálta agus ag na rialacha eile atá sa Rialachán seo, go háirithe maidir leis na coinníollacha i ndáil le próiseáil dhleathach. Maoluithe ón toirmeasc ginearálta chun catagóirí speisialta sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil, ba cheart foráil a dhéanamh go sainráite dóibh, inter alia, i gcás ina dtugann an t-ábhar sonraí a thoiliú nó a toiliú sainráite nó maidir le riachtanais shonracha, go háirithe i gcás ina ndéanann comhlachais nó fondúireachtaí áirithe an phróiseáil le linn gníomhaíochtaí dlisteanacha arb é is críoch dóibh go gceadaítear saoirsí bunúsacha a fheidhmiú.

(52)

Ba cheart maolú a cheadú ón toirmeasc ar phróiseáil a dhéanamh ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta freisin i gcás ina bhforáiltear dó sin i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit agus faoi réir coimircí oiriúnacha, d'fhonn sonraí pearsanta agus cearta bunúsacha eile a chosaint, i gcás inarb é ar mhaithe le leas an phobail déanamh amhlaidh, go háirithe maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i réimse dhlí na fostaíochta, dhlí na coimirce sóisialta lena n-áirítear pinsin agus ar mhaithe le críocha shlándáil na sláinte, críocha faireacháin agus foláirimh, ar mhaithe le galair theagmhálacha agus bagairtí tromchúiseacha eile ar an tsláinte a chosc nó a rialú. Féadfar maolú den sórt sin a dhéanamh chun críocha na sláinte, lena n-áirítear an tsláinte phoiblí agus chun críocha bhainistiú na seirbhísí cúraim sláinte, go háirithe chun cáilíocht agus cost-éifeachtúlacht a áirithiú maidir leis na nósanna imeachta a úsáidtear chun éilimh ar shochair agus ar sheirbhísí sa chóras árachais sláinte a réiteach, nó chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch agus stairiúil nó chun críocha staidrimh. Ba cheart a cheadú le maolú freisin go ndéanfaí sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil i gcás inarb iomchuí maidir le héilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint, cibé acu in imeachtaí breithiúnacha nó i nósanna imeachta riaracháin nó nósanna imeachta lasmuigh den chúirt.

(53)

Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a bhfuil cosaint níos airde dlite dóibh, ní fhéadfar iad a phróiseáil ach amháin chun críocha a bhaineann leis an tsláinte i gcás inar gá chun na críocha sin a bhaint amach chun tairbhe daoine nádúrtha agus na sochaí ina hiomláine, go háirithe i gcomhthéacs na seirbhísí agus na córais cúraim sláinte nó sóisialta a bhainistiú, lena n-áirítear na sonraí sin a bheith á bpróiseáil ag an mbainistíocht agus ag na húdaráis náisiúnta lárnacha chun críocha an rialaithe cáilíochta, an bhainistithe faisnéise agus na maoirseachta áitiúla agus náisiúnta ginearálta ar an gcóras cúraim sláinte nó sóisialta, agus chun leanúnachas a áirithiú maidir le cúram sláinte nó sóisialta agus maidir le cúram sláinte trasteorann nó an tslándáil sláinte thrasteorann nó chun críocha faireacháin agus foláirimh, nó chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh ar bhonn dhlí an Aontais nó dlí Ballstáit, a bhfuil sé riachtanach cuspóir a bhaineann le leas an phobail a chomhlíonadh ina leith, agus le haghaidh staidéir a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo do choinníollacha comhchuibhithe chun próiseáil a dhéanamh ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta a bhaineann leis an tsláinte, i ndáil le riachtanais shonracha, go háirithe i gcás ina ndéanann daoine atá faoi réir oibleagáid dhlíthiúil maidir le rúndacht ghairmiúil sonraí den sórt sin a phróiseáil chun críocha áirithe a bhaineann leis an tsláinte. Ba cheart foráil a dhéanamh, i ndlí an Aontais nó i ndlíBallstáit, do bhearta sonracha oiriúnacha sa chaoi go gcosnófar cearta bunúsacha agus sonraí pearsanta daoine nádúrtha. Ba cheart a cheadú do na Ballstáit coinníollacha breise, lena n-áirítear teorainneacha, a choimeád nó a thabhairt isteach i ndáil le sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha nó sonraí a bhaineann leis an tsláinte a phróiseail. Mar sin féin, níor cheart dó sin bac a chur ar shaorshreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas nuair a bhíonn feidhm ag na coinníollacha sin maidir le próiseáil thrasteorann sonraí den sórt sin.

(54)

D'fhéadfadh sé gur gá catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil ar mhaithe le leas an phobail i réimsí na sláinte poiblí gan toiliú ón ábhar onraí. Ba cheart próiseáil den sórt sin a bheith faoi réir bearta oiriúnacha sonracha ionas go gcosnófar cearta agus saoirsí daoine nádúrtha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart “sláinte phoiblí” a léiriú mar atá sainmhínithe i Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), eadhon na heilimintí uile a bhaineann leis an tsláinte, eadhon stádas sláinte, lena n-áirítear galracht agus míchumas, na deitéarmanaint a bhfuil tionchar acu ar an stádas sláinte sin, riachtanais chúraim sláinte, acmhainní a leithdháiltear ar chúram sláinte, soláthar cúraim sláinte agus rochtain uilíoch air, chomh maith le caiteachas ar chúram sláinte agus maoiniú do chúram sláinte agus cúiseanna mortlaíochta. Maidir le sonraí a bhaineann leis an tsláinte a phróiseáil ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail, níor cheart é a bheith mar thoradh ar phróiseáil den sórt sin go ndéanfadh tríú páirtithe, amhail fostóirí nó cuideachtaí árachais agus baincéireachta, sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha eile.

(55)

Ina theannta sin, is ar mhaithe le leas an phobail a dhéanann údaráis oifigiúla sonraí pearsanta a phróiseáil chun aidhmeanna na gcomhlachas reiligiúnach atá aitheanta go hoifigiúil a bhaint amach, ar aidhmeanna iad atá leagtha síos le dlí bunreachtúil nó le dlí idirnáisiúnta poiblí.

(56)

I gcás ina gcuireann feidhmiú an chórais dhaonlathaigh i mBallstát, agus é i mbun gníomhaíochtaí toghcháin, de cheangal go dtiomsaíonn páirtithe polaitiúla sonraí pearsanta maidir le tuairimí polaitiúla na ndaoine, féadfar próiseáil sonraí den sórt sin a cheadú ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail, ar choinníoll go mbunaítear coimircí iomchuí.

(57)

Mura féidir leis an rialaitheoir duine nádúrtha a shainaithint ó na sonraí pearsanta a phróiseáil an rialaitheoir sin, níor cheart é a bheith d'oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí faisnéis bhreise a fháil chun an t-ábhar sonraí a shainaithint chun críche foráil de chuid an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus chun na críche sin amháin. Mar sin féin, níor cheart don rialaitheoir diúltú faisnéis bhreise a chuireann an t-ábhar sonraí ar fáil a ghlacadh d'fhonn tacú le feidhmiú a cheart nó a ceart. Ba cheart a áireamh sa tsainaithint dhigiteach ábhar sonraí, mar shampla trí shásra fíordheimhnithe amhail an fhaisnéis chéanna aitheantais a úsáideann an t-ábhar sonraí le logáil isteach ar an tseirbhís ar líne atá á tairiscint ag an rialaitheoir sonraí.

(58)

Ceanglaítear le prionsabal na trédhearcachta gur cheart é a bheith éasca rochtain a fháil ar aon fhaisnéis atá dírithe ar an bpobal nó ar an ábhar sonraí, gur cheart don fhaisnéis sin a bheith gonta agus éasca a thuiscint agus gur cheart í a bheith i dteanga shoiléir shimplí agus, sa bhreis air sin, gur cheart úsáid a bhaint as léirshamhlú, i gcás inarb ábhartha. D'fhéadfaí faisnéis den sórt sin a chur ar fáil i bhfoirm leictreonach, mar shampla, agus í dírithe ar an bpobal, trí shuíomh gréasáin. Tá ábharthacht ar leith ag baint leis sin i staideanna ina bhfágann iomadú na ngníomhaithe agus castacht theicneolaíoch an chleachtais nach éasca don ábhar sonraí a bheith ar an eolas faoi cibé an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi á mbailiú, faoi cé atá á mbailiú agus faoi cad chuige a bhfuil siad á mbailiú, agus nach éasca dó nó di an méid sin a thuiscint, amhail i gcás fógraíocht ar líne. Toisc go bhfuil cosaint ar leith dlite do leanaí, ba cheart aon fhaisnéis agus cumarsáid maidir le próiseáil a bhaineann le leanbh a thabhairt i dteanga shoiléir shimplí le go bhféadfaidh an leanbh í a thuiscint go héasca.

(59)

Ba cheart módúlachtaí a chur ar fáil le go n-éascófar an t-ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo, lena n-áirítear sásraí chun, go háirithe, rochtain a iarraidh agus, más infheidhme, a fháil, saor in aisce, ar shonraí, ar cheartú agus léirscriosadh sonraí pearsanta agus chun an ceart a fheidhmiú chun agóid a dhéanamh. Ba cheart don rialaitheoir modhanna a chur ar fáil freisin lena bhféadfar iarrataí a dhéanamh go leictreonach, go háirithe i gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil trí mhodhanna leictreonacha. Ba cheart é a bheith d'oibleagáid ar an rialaitheoir iarrataí ón ábhar sonraí a fhreagairt gan aon mhoill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de mhí amháin agus ba cheart é a bheith d'oibleagáid ar an rialaitheoir cúiseanna a thabhairt mura mbeidh sé i gceist aige nó aici aon iarraidh den sórt sin a chomhlíonadh.

(60)

Ceanglaítear le prionsabal na próiseála cothroime agus le prionsabal na próiseála trédhearcaí an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoin oibríocht phróiseála a bheith ann agus faoi chríocha na próiseála sin. Ba cheart don rialaitheoir aon fhaisnéis bhreise is gá a sholáthar don ábhar sonraí chun próiseáil chothrom thrédhearcach a áirithiú agus na himthosca sonracha agus an chomhthéacs sonrach a ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil iontu á gcur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoi phróifíliú a bheith ann agus faoi iarmhairtí próifílithe den sórt sin. I gcás ina mbailítear na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, ba cheart an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas freisin faoi cibé an bhfuil sé d'oibleagáid air nó uirthi na sonraí pearsanta a sholáthar agus faoi na hiarmhairtí a bheadh ann sa chás nach soláthraíonn sé nó sí sonraí den sórt sin. Féadfar an fhaisnéis sin a sholáthar in éineacht le deilbhíní caighdeánaithe chun forléargas suntasach ar an bpróiseáil atá beartaithe a thabhairt ar dhóigh atá sofheicthe go héasca, intuisceana agus inléite go soiléir. I gcás ina ndéantar na deilbhíní a chur i láthair go leictreonach, ba cheart iad a bheith inléite ag meaisín.

(61)

Ba cheart an fhaisnéis i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a thabhairt dó nó di tráth bhailiú na sonraí ón ábhar sonraí, nó, i gcás nach bhfaightear na sonraí pearsanta ach ó fhoinse eile, laistigh de thréimhse réasúnta, ag brath ar imthosca an cháis. I gcás inar féidir sonraí pearsanta a nochtadh d'fhaighteoir eile go dlisteanach, ba cheart an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas nuair a nochtar na sonraí pearsanta an chéad uair don fhaighteoir. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir na sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche seachas an chríoch ar chuici a bailíodh iad, ba cheart don rialaitheoir, sula ndéanfaí an tuilleadh próiseála sin, faisnéis a chur ar fáil don ábhar sonraí faoin gcríoch eile sin, agus aon fhaisnéis eile a mbeadh gá léi. Más rud é nach féidir tionscnamh na sonraí pearsanta a chur ar fáil don ábhar sonraí toisc gur úsáideadh foinsí éagsúla, ba cheart faisnéis ghinearálta a chur ar fáil.

(62)

Ní gá, áfach, an oibleagáid a fhorchur faisnéis a chur ar fáil i gcás ina mbíonn an fhaisnéis ag an ábhar sonraí cheana, i gcás ina bhfuil taifeadadh nó nochtadh na sonraí pearsanta leagtha síos go sainráite le dlí nó i gcás ina bhfuil sé dodhéanta an fhaisnéis a chur ar fáil don ábhar sonraí nó ina mbeadh iarracht dhíréireach ag baint leis sin. Sampla a d'fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh go háirithe ó thaobh é a bheith dodhéanta déanamh amhlaidh nó ó thaobh iarracht dhíréireach ná, go háirithe, nuair a dhéantar an phróiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh. I dtaca leis sin, ba cheart líon na n-ábhar sonraí do na sonraí, aois na sonraí agus aon choimircí iomchuí a glacadh a chur san áireamh.

(63)

Ba cheart é a bheith de cheart ag ábhar sonraí rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a bailíodh a bhaineann leis nó léi, agus ba cheart don ábhar sonraí a bheith in ann an ceart sin a fheidhmiú go héasca agus ag eatraimh réasúnta, d'fhonn a bheith ar an eolas faoi dhlíthiúlacht na próiseála agus d'fhonn dlíthiúlacht na próiseála a fhíorú. Áirítear leis sin an ceart atá ag ábhair sonraí rochtain a fháil ar shonraí a bhaineann lena sláinte, amhail na sonraí ina dtaifid leighis ina bhfuil faisnéis amhail diagnóis, torthaí scrúduithe, measúnuithe a rinne lianna cóireála agus faisnéis faoi aon chóireáil nó idirghabháil a rinneadh. Ba cheart é a bheith de cheart ag gach ábhar sonraí, dá bhrí sin, a bheith ar an eolas agus teachtaireacht a fháil go háirithe maidir leis na críocha ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil, agus leis an tréimhse ar lena linn a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil, nuair is féidir é, le faighteoirí na sonraí pearsanta, leis an loighic a bhaineann le haon uathphróiseáil sonraí pearsanta agus leis na hiarmhairtí a bhaineann le próiseáil den sórt sin, ar a laghad nuair atá an phróiseáil sin bunaithe ar phróifíliú. I gcás inar féidir é, ba cheart don rialaitheoir a bheith in ann cianrochtain ar chóras slán a thabhairt lena dtabharfaí rochtain dhíreach don ábhar sonraí ar a shonraí pearsanta nó ar a sonraí pearsanta. Níor cheart don cheart sin dochar a dhéanamh do chearta ná saoirsí daoine eile, lena n-áirítear cearta agus saoirsí maidir le rúin trádála nó maoin intleachtúil agus go háirithe níor cheart dó dochar a dhéanamh don chóipcheart lena gcosnaítear bogearraí. Níor cheart, áfach, é a bheith mar thoradh ar na cúinsí sin go ndiúltófaí don fhaisnéis uile a thabhairt don ábhar sonraí. Má dhéanann an rialaitheoir próiseáil ar chainníocht mhór faisnéise a bhaineann leis an ábhar sonraí, ba cheart don rialaitheoir a bheith in ann a iarraidh go sonróidh an t-ábhar sonraí, sula seachadfar an fhaisnéis, an fhaisnéis nó na gníomhaíochtaí próiseála a mbaineann an iarraidh léi nó leo.

(64)

Ba cheart don rialaitheoir gach beart réasúnta a dhéanamh le go bhfíorófar céannacht ábhair sonraí atá ag iarraidh rochtain a fháil ar na sonraí sin, go háirithe i gcomhthéacs seirbhísí ar líne agus aitheantóirí ar líne. Níor cheart do rialaitheoir sonraí pearsanta a choinneáil díreach ar mhaithe le freagairt d'iarrataí a d'fhéadfadh sé a fháil.

(65)

Ba cheart an ceart a bheith ag ábhar sonraí go ndéanfaí sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a cheartú agus ba cheart “ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad” a bheith aige nó aici i gcás ina sáraíonn coinneáil sonra pearsanta í den sórt sin an Rialachán seo nó dlí an Aontais nó dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir. Ba cheart, go háirithe, é a bheith de cheart ag s ábhar sonraí go léirscriosfaí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta agus nach ndéanfaí iad a phróiseáil a thuilleadh, mura bhfuil na sonraí pearsanta riachtanach a thuilleadh i ndáil leis na críocha ar chucu a bailíodh iad nó ar chucu a próiseáladh iad ar bhealach eile, i gcás ina dtarraingíonn ábhar sonraí siar a thoiliú nó a toiliú nó ina ndéanann sé nó sí agóid i gcoinne phróiseáil na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi nó i gcás nach gcomhlíonann próiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta an Rialachán seo ar bhealach eile. Tá an ceart sin ábhartha go háirithe nuair atá toiliú tugtha ag an ábhar sonraí agus é nó í ina leanbh nach bhfuil láneolach ar na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil, agus go bhfuil sé nó sí ag iarraidh sonraí pearsanta den sórt sin a bhaint níos moille, go háirithe ón idirlíon. Ba cheart don ábhar sonraí a bheith in ann an ceart sin a fheidhmiú d'ainneoin nach leanbh é nó í a thuilleadh. Ba cheart, áfach, é a bheith dleathach na sonraí pearsanta a choinneáil tuilleadh i gcás gur gá sin le haghaidh fheidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, le haghaidh oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, le haghaidh cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, ar fhorais a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí, chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.

(66)

Chun neart a chur leis an gceart go ndéanfaí ligean i ndearmad sa timpeallacht ar líne, ba cheart an ceart go ndéanfaí léirscriosadh a leathnú amach freisin chun go mbeadh oibleagáíd ar rialaitheoir a bhfuil na sonraí pearsanta curtha ar fáil go poiblí aige aon naisc chuig na sonraí pearsanta sin, aon chóipeanna díobh agus aon mhacasamhlú orthu a léirscriosadh. Agus é ag déanamh amhlaidh, ba cheart don rialaitheoir sin bearta réasúnta a dhéanamh, agus an teicneolaíocht atá ar fáil dón rialaitheoir agus na modhanna atá ar fail dó, lena n-áirítear bearta teicniúla, á gcur san áireamh chun rialaitheoirí a phróiseálann sonraí pearsanta den sórt sin a chur ar an eolas faoi iarraidh an ábair sonraí.

(67)

I modhanna chun srian a chur leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta, d'fhéadfaí a áireamh, inter alia, na sonraí a roghnaítear a aistriú go sealadach chuig córas eile próiseála, rud a chuirfeadh na sonraí pearsanta a roghnaítear ar fáil d'úsáideoirí, nó na sonraí a foilsíodh a bhaint de shuíomh gréasáin ar bhonn sealadach. I gcórais chomhdúcháin uathoibrithe, is trí bhealach teicniúil ba cheart an srianadh ar phróiseáil sonraí pearsanta a áirithiú i bprionsabal ar shlí nach bhfuil na sonraí pearsanta faoi réir tuilleadh oibríochtaí próiseála agus nach féidir iad a athrú. Ba cheart a léiriú go soiléir sa chóras go bhfuil srian ar shonraí pearsanta a phróiseáil.

(68)

Ionas go gcuirfear neart tuilleadh leis an smacht a bhíonn ag ábhar sonraí ar a chuid nó a cuid sonraí féin, i gcás go ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach uathoibrithe, ba cheart a cheadú freisin don ábhar sonraí na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi agus a chuir sé nó sí ar fáil do rialaitheoir i bhformáid atá struchtúrtha, a úsáidtear go coiteann, atá inléite ag meaisín agus atá idir-inoibritheach a fháil, agus iad a tharchur chuig rialaitheoir eile. Ba cheart rialaitheoirí sonraí a spreagadh chun formáidí idir-inoibritheacha lena gcumasaítear iniomparthacht sonraí a fhorbairt. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceart sin i gcás gur ar bhonn a thoil nó a toil a chuir an t-ábhar sonraí na sonraí ar fáil nó más gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh a chomhlíonadh. Níor cheart feidhm a bheith ag an gceart sin i gcás ina bhfuil próiseáil bunaithe ar fhoras dlíthiúil seachas toiliú nó conradh. Mar gheall ar chineál an chirt sin, níor cheart é a fheidhmiú i gcoinne rialaitheoirí a dhéanann sonraí pearsanta a phróiseáil agus a ndualgais phoiblí á bhfeidhmiú acu. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith aige i gcás ina bhfuil sé an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta riachtanach chun go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil ar faoina réir atá an rialaitheoir nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir. Leis an gceart atá ag an ábhar sonraí sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a tharchur nó a fháil, níor cheart oibleagáid a chruthú do na rialaitheoirí córais próiseála a ghlacadh nó a choimeád, ar córais iad atá comhoiriúnach ó thaobh na teicneolaíochta. Más rud é, i sraith áirithe de shonraí pearsanta, go bhfuil níos mó ná ábhar sonraí amháin i gceist, ba cheart an ceart sonraí pearsanta a fháil a bheith gan dochar do chearta agus do shaoirsí ábhair eile eile sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo. Thairis sin, níor cheart gur dhochar an ceart sin do cheart an ábhair sonraí go léirscriosfaí sonraí pearsanta ná do theorainneacha ar an gceart sin mar a leagtar amach iad sa Rialachán seo agus níor cheart, go háirithe, é a bheith i gceist leis go léirscriosfaí sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí, a chuir sé nó sí ar fáil chun conradh a chomhlíonadh a mhéid agus a fhad is a bheidh na sonraí pearsanta riachtanach chun an conradh sin a fheidhmiú. I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ba cheart an ceart a bheith ag an ábhar sonraí go ndéanfaí na sonraí pearsanta a tharchur go díreach ó rialaitheoir amháin go rialaitheoir eile.

(69)

I gcás inar féidir sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach siocair gur gá an phróiseáil chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir nó ar mhaithe le leasanna dlisteanacha rialaitheora nó tríú páirtí, ba cheart d'ábhar sonraí a bheith i dteideal, mar sin féin, agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil aon sonraí pearsanta a bhaineann lena chás nó lena chás sonrach féin. Ba cheart gur faoin rialaitheoir a bheadh sé a thaispeáint go sáraíonn a leas tathantach dlisteanach leasanna nó cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí.

(70)

I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun margaíocht dhíreach a dhéanamh, ba cheart an ceart a bheith ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil den sórt sin, lena n-áirítear próifíliú a mhéid a bhaineann sé le margaíocht dhíreach den sórt sin, cé acu i dtaobh próiseáil thosaigh nó tuilleadh próiseála, tráth ar bith agus saor in aisce. Ba cheart an ceart sin a thabhairt go sainráite d'aire an ábhair sonraí agus a chur faoina bhráid nó faoina bráid go soiléir agus é scartha amach ó aon fhaisnéis eile.

(71)

Ba cheart an ceart a bheith ag an ábhar sonraí gan a bheith faoi réir cinneadh, a bhféadfadh beart a bheith mar chuid de, lena meastar gnéithe pearsanta a bhaineann leis nó léi agus atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin agus ag a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla maidir leis nó léi nó a mbíonn éifeacht chomhchosúil shuntasach aige air nó uirthi, amhail diúltú uathoibríoch d'iarratas ar líne i leith creidmheas a fháil nó cleachtais earcaíocht ar líne nach mbaineann aon idirghabháil le duine leo. Áirítear ar phróiseáil den sórt sin “próifíliú”, arb é atá i gceist leis foirm ar bith de phróiseáil uathoibrithe a dhéantar ar shonraí pearsanta lena meastar na gnéithe pearsanta a bhaineann le duine nádúrtha, go háirithe chun anailís nó tuar a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le feidhmíocht an ábhair sonraí ag an obair, le staid eacnamaíochta, le sláinte, le roghanna pearsanta nó le díol spéise, le hiontaofacht nó iompar an duine sin, leis an áit ina bhfuil an duine sin nó le gluaiseachtaí an duine sin, i gcás ina mbíonn éifeachtaí dlíthiúla mar thoradh air sin a bhaineann leis nó léi nó a mbíonn éifeachtaí comhchosúla suntasacha aici air nó uirthi. Ba cheart, áfach, cinnteoireacht a cheadú atá bunaithe ar phróiseáil den sórt sin, lena n-áirítear próifíliú, nuair atá sin údaraithe go sainráite le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir, lena n-áirítear chun faireachán a dhéanamh ar chalaois agus ar imghabháil cánach agus chun críocha iad a chosc, ar faireachán é a dhéantar i gcomhréir le rialacháin, caighdeáin agus moltaí institiúidí de chuid an Aontais nó comhlachtaí náisiúnta maoirseachta, agus chun go n-áirithítear sláine agus iontaofacht seirbhíse a sholáthraíonn an rialaitheoir, nó atá riachtanach maidir le conradh a dhéanamh nó a chomhlíonadh idir an t-ábhar sonraí agus rialaitheoir, nó sa chás gur thug an t-ábhar sonraí a chead sainráite nó a cead sainráite. In aon chás, ba cheart próiseáil den sórt sin a bheith faoi réir coimircí oiriúnacha, agus ba cheart a áireamh ar choimircí den sórt sin faisnéis shonrach don ábhar sonraí agus an ceart idirghabháil ó dhuine a fháil, an ceart a dhearcadh nó a dearcadh a chur in iúl, an ceart míniú a fháil ar an gcinneadh a rinneadh i ndiaidh measúnú den sórt sin agus an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh. Níor cheart baint a bheith ag beart den sórt sin le leanbh.

Chun próiseáil chothrom thrédhearcach a áirithiú i ndáil leis an ábhar sonraí, agus na himthosca sonracha agus an comhthéacs sonrach a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta á gcur san áireamh, ba cheart don rialaitheoir nósanna imeachta iomchuí matamaiticiúla nó staidrimh a úsáid don phróifíliú, bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme, arb iomchuí iad chun a áirithiú, go háirithe, go ndéantar tosca, a mbíonn míchruinnis sna sonraí pearsanta mar thoradh orthu, a cheartú, agus a áirithiú go ndéantar an riosca maidir le hearráidí a íoslaghdú, chun sonraí pearsanta a shlánú ar bhealach lena gcuirtear san áireamh na bagairtí a d'fhéadfadh a bheith i gceist maidir le leasanna agus cearta an ábhair sonraí agus lena gcuirtear cosc, inter alia, ar éifeachtaí idirdhealaithe atá ar dhaoine nádúrtha ar bhonn tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, reiligiúin nó creidimh, duine a bheith mar chomhalta de cheardchumann, stádas géiniteach nó sláinte, gnéaschlaonta, nó a bhfuil bearta lena ngabhfadh éifeacht den sórt sin mar thoradh orthu. Níor cheart cinnteoireacht ná próifíliú uathoibrithe bunaithe ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta a cheadú ach amháin faoi choinníollacha sonracha.

(72)

Tá an próifíliú faoi réir rialacha an Rialacháin seo lena rialaítear an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta, amhail na forais dhlíthiúla le haghaidh próiseála nó prionsabail maidir le cosaint sonraí. Ba cheart an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí arna bhunú leis an Rialachán seo (“an Bord”) bheith in ann treoir a eisiúint sa chomhthéacs sin.

(73)

Maidir le srianta a bhaineann le prionsabail shonracha agus leis na cearta chun faisnéis a fháil, chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta agus chun go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh. leis an gceart chun iniomparthacht sonraí, leis an gceart agóid a dhéanamh, le cinntí atá bunaithe ar phróifíliú, chomh maith le sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí agus le roinnt oibleagáidí gaolmhara atá ar na rialaitheoirí, féadfar iad a fhorchur le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a mhéid is gá agus is comhréireach i sochaí dhaonlathach chun an tslándáil phoiblí a choimirciú, lena n-áirítear chun beatha an duine a chosaint go háirithe mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dhéanamh an duine, chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh i gcoinne bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, nó coimirciú a dhéanamh i gcoinne sáruithe eitice i gcás gairmeacha rialáilte, cuspóirí tábhachtacha eile de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit a bhaineann le leas ginearálta an phobail, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, clárlanna poiblí a choinneáil, ar clárlanna iad a choinnítear ar chúiseanna a bhaineann le cuspóirí tábhachtacha eile leas ginearálta an phobail, tuilleadh próiseála ar shonraí pearsanta a cartlannaíodh chun faisnéis shonrach a chur ar fáil a bhaineann le hiompar polaitiúil faoi iar-réimis ollsmachtacha stáit nó chun an t-ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint, lena n-áirítear cosaint shóisialta, sláinte phoiblí agus críocha daonnúla. Ba cheart na srianta sin a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Chairt agus sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

(74)

Ba cheart freagracht agus dliteanas an rialaitheora a shuíomh maidir le haon phróiseáil a dhéanann an rialaitheoir ar shonraí pearsanta nó a dhéantar thar ceann an rialaitheora. Go háirithe, ba cheart é a bheith d'oibleagáid ar an rialaitheoir bearta iomchuí éifeachtacha a chur chun feidhme agus a bheith in ann a thaispeáint go gcomhlíontar an Rialachán seo leis na gníomhaíochtaí próiseála, agus éifeachtacht na mbeart a léiriú freisin. Leis na bearta sin, ba cheart cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála a chur san áireamh agus an riosca atá ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine nádúrtha a chur san áireamh freisin.

(75)

Maidir leis na rioscaí i dtaca le cearta agus saoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad lena ngabhann dóchúlacht agus déine éagsúil, mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta as damáiste fisiciúil, ábhartha nó neamhábhartha, go háirithe sna cásanna seo a leanas: i gcás ina n-eascródh idirdhealú, goid aitheantais nó calaois aitheantais, caillteanas airgeadais, damáiste don chlú, caillteanas rúndacht na sonraí pearsanta sin atá faoi chosaint de réir rúndacht ghairmiúil, aisiompú neamhúdaraithe cur i bhfeidhm ainm bréige, nó aon mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta eile atá suntasach as an bpróiseáil; i gcás ina bhféadfadh sé go ndéanfaí cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a cheilt orthu nó go gcoisfí iad ó rialú a dhéanamh ar fheidhmiú a gcuid sonraí pearsanta; i gcás ina ndéantar próiseáil ar shonraí pearsanta lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, agus próiseáil sonraí géiniteacha, sonraí a bhaineann leis an tsláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó le ciontuithe coiriúla agus cionta nó le bearta slándála gaolmhara; i gcás ina ndéantar meastóireacht ar ghnéithe pearsanta, go háirithe anailísiú nó tuar ar ghnéithe maidir le feidhmiú ag an obair, maidir leis an staid eacnamaíoch, sláinte, roghanna nó leas pearsanta, iontaofacht nó iompraíocht, suíomh nó gluaiseachtaí, chun próifílí pearsanta a chruthú nó a úsáid; i gcás ina ndéantar próiseáil ar shonraí pearsanta daoine nádúrtha leochaileacha, go háirithe leanaí; nó i gcás ina bhfuil cainníocht mhór sonraí pearsanta i gceist leis an bpróiseáil agus ina mbíonn tionchar ag an bpróiseáil sin ar líon mór ábhar sonraí.

(76)

Dóchúlacht agus déine an riosca sin maidir le cearta agus saoirsí an ábhair sonraí, ba cheart an dóchúlacht agus an déine sin a chinneadh faoi threoir chineál, raon feidhme, chomhthéacs agus chríocha na próiseála sonraí. Ba cheart an riosca a mheas ar bhonn measúnú oibiachtúil, lena suitear an mbaineann riosca nó ardriosca le hoibríochtaí próiseála sonraí.

(77)

Treoir maidir le bearta iomchuí a chur chun feidhme agus maidir lena thaispeáint go bhfuil siad á gcomhlíonadh ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí, go háirithe i ndáil leis na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil a shainaithint, measúnú a dhéanamh orthu i dtéarmaí tionscnaimh, cineáil, dóchúlachta agus déine, agus na cleachtais is fearr a shainaithint leis an riosca a mhaolú, d'fhéadfaí an treoir sin a chur ar fáil go háirithe trí bhíthin cóid fhormheasta iompair, deimhniúcháin fhormheasta, treoirlínte a chuireann an Bord ar fáil nó trí bhíthin léirithe a chuireann an t-oifigeach cosanta sonraí ar fáil. Féadfaidh an Bord treoirlínte a eisiúint freisin maidir le hoibríochtaí próiseála a meastar nach mbeadh ardriosca ag gabháil leo i ndáil le cearta agus saoirsí daoine nádúrtha agus féadfaidh siad freisin na bearta a léiriú a d'fhéadfadh a bheith leordhóthanach i gcásanna den sórt sin chun aghaidh a thabhairt ar riosca den sórt sin.

(78)

Le cosaint ceart agus saoirsí daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta, ceanglaítear go ndéantar bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú go gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo. Chun a bheith in ann comhlíonadh an Rialacháin seo a thaispeáint, ba cheart don rialaitheoir beartais inmheánacha a ghlacadh agus bearta a chur chun feidhme lena gcomhlíontar go háirithe prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh agus prionsabal na cosanta sonraí mar réamhshocrú. D'fhéadfadh sé go n-áireofaí ar na bearta sin, inter alia, an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a laghdú, ainm bréige a chur i bhfeidhm ar shonraí pearsanta a luaithe agus is féidir, trédhearcacht maidir le feidhmeanna agus próiseáil sonraí pearsanta, cur ar chumas an ábhair sonraí faireachán a dhéanamh ar phróiseáil na sonraí, cur ar chumas an rialaitheora gnéithe slándála a chruthú agus a fheabhsú. Agus feidhmchláir, seirbhísí agus táirgí á bhforbairt, á gceapadh, á roghnú agus á n-úsáid atá bunaithe ar phróiseáil sonraí pearsanta nó lena bpróiseáiltear sonraí pearsanta lena dtásc a chomhlíonadh, ba cheart táirgeoirí na dtáirgí, na seirbhísí agus na bhfeidhmchlár a spreagadh chun an ceart maidir le cosaint sonraí a chur san áireamh agus táirgí, seirbhísí agus feidhmchláir mar sin á bhforbairt agus á gceapadh acu, agus ba cheart aird chuí a thabhairt ar an úrscothacht, lena chinntiú go mbeidh rialaitheoirí agus próiseálaithe in ann a n-oibleagáidí maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh. Ba cheart prionsabail na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú a chur san áireamh i gcomhthéacs tairiscintí poiblí.

(79)

Le cosaint ceart agus saoirsí ábhar sonraí agus freagracht agus dliteanas rialaitheoirí agus próiseálaithe, agus a mhéid a bhaineann le faireachán agus bearta a dhéanann na húdaráis mhaoirseachta, ceanglaítear go leithroinntear na freagrachtaí faoin Rialachán seo go soiléir, lena n-áirítear i gcás ina gcinneann rialaitheoir críocha agus modhanna na próiseála i gcomhpháirt le rialaitheoirí eile nó i gcás ina ndéantar an phróiseáil thar ceann rialaitheora.

(80)

I gcás ina bhfuil rialaitheoir nó próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas ag próiseáil sonraí pearsanta ábhar sonraí agus atá san Aontas, a mbaineann a ghníomhaíochtaí próiseála nó a gníomhaíochtaí próiseála le hearraí nó seirbhísí a thairiscint, cé acu a n-éilítear nó nach n-éilítear íocaíocht ón ábhar sonraí, d'ábhair sonraí san Aontas, nó a mbaineann a ghníomhaíochtaí próiseála nó a gníomhaíochtaí próiseála le faireachán a dhéanamh ar iompar na n-ábhar sonraí a mhéid atá an t-iompar sin ar bun laistigh den Aontas, ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí ionadaí a cheapadh, ach amháin má tá an phróiseáil ócáideach, nach n-áirítear léi próiseáil, ar scála mór, catagóirí speisialta sonraí pearsanta ná an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta, agus nach dócha go mbeadh riosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha mar thoradh uirthi, agus cineál, comhthéacs, raon feidhme agus críocha na próiseála nó más údarás poiblí nó comhlacht poiblí é an rialaitheoir á gcur san áireamh. Ba cheart don ionadaí gníomhú thar ceann an rialaitheora nó an phróiseálaí agus féadfaidh aon údarás maoirseachta cumarsáid a dhéanamh leis. Ba cheart an t-ionadaí a cheapadh go sainráite trí shainordú i scríbhinn ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí chun gníomhú ar a shon maidir lena oibleagáidí faoin Rialachán seo. Ní dhéanann ceapadh ionadaí den sórt sin difear d'fhreagracht ná do dhliteanas an rialaitheora nó an phróiseálaí faoin Rialachán seo. Ba cheart d'ionadaí den sórt sin a chúraimí a chomhlíonadh de réir an tsainordaithe a fuarthas ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí, lena n-áirítear comhoibriú leis na húdaráis inniúla mhaoirseachta maidir le haon ghníomh a dhéantar chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Ba cheart an t-ionadaí a cheaptar a bheith faoi réir imeachtaí forfheidhmithe i gcás neamh-chomhlíonadh an rialaitheora nó an phróiseálaí.

(81)

Chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a áirithiú i dtaca leis an bpróiseáil atá le déanamh ag an bpróiseálaí thar ceann an rialaitheora, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí próiseála ar iontaoibh próiseálaí, níor cheart don rialaitheoir ach próiseálaithe a thugann ráthaíochtaí leordhóthanacha a úsáid, go háirithe ó thaobh saineolais, iontaofachta agus acmhainní, chun bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme sa dóigh is go gcomhlíonfar ceanglais an Rialacháin seo, lena n-áirítear maidir le slándáil na próiseála. Má chloíonn próiseálaí le cód formheasta iompair nó le sásra formheasta deimhniúcháin, féadfar a thaispeáint leis sin go bhfuil oibleagáidí an rialaitheora á gcomhlíonadh. Ba cheart an phróiseáil a dhéanann próiseálaí a rialú le conradh nó le gníomh dlíthiúil éigin eile faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a cheanglaíonn an próiseálaí leis an rialaitheoir, ina leagtar amach ábhar agus fad na próiseála, cineál agus críocha na próiseála, cineál na sonraí pearsanta agus catagóirí na n-ábhar sonraí do na sonraí, agus cúraimí agus freagrachtaí sonracha an phróiseálaí á gcur san áireamh i gcomhthéacs na próiseála atá le cur i gcrích agus an riosca atá ann do chearta agus do shaoirsí an ábhair sonraí. Féadfaidh an rialaitheoir agus an próiseálaí an rogha a dhéanamh úsáid a bhaint as conradh aonair nó clásail chaighdeánacha chonarthacha a ghlacfaidh an Coimisiún go díreach nó a ghlacfaidh údarás maoirseachta i gcomhréir leis an sásra comhsheasmhachta agus a ghlacfaidh an Coimisiún ina dhiaidh sin. Tar éis an phróiseáil a thabhairt chun críche thar ceann an rialaitheora, ba cheart don phróiseálaí, ar rogha an rialaitheora, na sonraí pearsanta a thabhairt ar ais nó a scriosadh, mura gceanglaítear, faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bhfuil an próiseálaí faoi réir, na sonraí pearsanta a stóráil.

(82)

Chun comhlíonadh an Rialacháin seo a thaispeáint, ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí taifid a choinneáil ar ghníomhaíochtaí próiseála atá faoina chúram. Ba cheart é a bheith d'oibleagáid ar gach rialaitheoir agus próiseálaí comhoibriú leis an údarás maoirseachta agus na taifid sin a chur ar fáil don údarás, arna iarraidh sin dó, le go bhféadfaí é a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar na hoibríochtaí próiseála sin.

(83)

Chun an tslándáil a chothabháil agus chun cosc a chur ar phróiseáil de shárú ar an Rialachán seo, ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann go bunúsach leis an bpróiseáil agus ba cheart dó bearta, amhail criptiú, a chur chun feidhme chun na rioscaí sin a mhaolú. Ba cheart leibhéal iomchuí slándála a áirithiú leis na bearta sin, lena n-áirítear rúndacht, agus aird á tabhairt ar staid na teicníochta agus ar na costais a bhaineann le cur chun feidhme maidir leis na rioscaí agus le cineál na sonraí pearsanta atá le cosaint. Agus an riosca maidir le slándáil sonraí á mheasúnú, ba cheart breathnú ar na rioscaí a eascraíonn as próiseáil sonraí pearsanta, amhail scrios, cailleadh, athrú, nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach éigin eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach, agus ar rioscaí iad a d'fhéadfadh damáiste fisiciúil, ábhartha nó neamhábhartha go háirithe teacht astu.

(84)

D'fhonn feabhas a chur ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, i gcás inar dócha, leis na hoibríochtaí próiseála, go mbeadh ardriosca ann i dtaca le cearta agus saoirsí na ndaoine nádúrtha, ba cheart don rialaitheoir a bheith freagrach as measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh chun meastóireacht a dhéanamh go háirithe ar thionscnamh, ar chineál, ar leithleachas agus ar dhéine an riosca sin. Ba cheart toradh an mheasúnaithe a chur san áireamh agus na bearta iomchuí á gcinneadh, ar bearta iad a dhéantar chun a thaispeáint go gcomhlíonann an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta an Rialachán seo. I gcás ina léirítear le measúnú tionchair ar chosaint sonraí go mbaineann ardriosca le hoibríochtaí próiseála nach féidir leis an rialaitheoir a mhaolú trí bhearta iomchuí ó thaobh na teicneolaíochta atá ar fáil agus na gcostas a bhaineann leis an gcur chun feidhme, ba cheart dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta sula ndéantar an phróiseáil.

(85)

Mura dtéitear i ngleic le sárú i ndáil le sonraí pearsanta ar bhealach iomchuí tráthúil, d'fhéadfadh gurb é an toradh a bheadh air damáiste fisiciúil, ábhartha nó neamhabhartha do dhaoine nádúrtha amhail smacht ar a gcuid sonraí pearsanta a chailleadh, nó teorannú ar a gcearta, idirdhealú, goid aitheantais nó calaois aitheantais, caillteanas airgeadais, aisiompú neamhúdaraithe chur i bhfeidhm ainm bréige, damáiste don chlú, caillteanas rúndacht na sonraí pearsanta sin atá faoi chosaint de réir rúndacht ghairmiúil, nó aon mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta eile don duine nádúrtha lena mbaineann. Dá bhrí sin, a luaithe a bheidh an rialaitheoir ar an eolas faoi shárú a bheith déanta i ndáil le sonraí pearsanta, ba cheart don rialaitheoir fógra faoin sárú i ndáil le sonraí pearsanta a thabhairt don údarás maoirseachta, gan aon mhoill mhíchuí agus, i gcás inar féidir, tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis dó nó di eolas a fháil ina leith, maidir leis an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, ach amháin i gcás ina mbeidh an rialaitheoir in ann a thaispeáint, i gcomhréir le prionsabal na cuntasachta, nach dócha go mbeidh riosca ag gabháil leis an sárú i ndáil le sonraí pearsanta do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha. I gcás nach féidir fógra den sórt sin a dhéanamh laistigh de 72 uair an chloig, ba cheart na cúiseanna leis an moill sin a chur leis an bhfógra, agus féadfar faisnéis a chur ar fáil i gcéimeanna gan tuilleadh moille míchuí.

(86)

Ba cheart don rialaitheoir sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí, gan aon mhoill mhíchuí, nuair is dócha go mbeadh ardriosca do chearta agus do shaoirsí an duine nádúrtha ag gabháil leis an sárú sin i ndáil le sonraí pearsanta, ionas go bhféadfaidh sé nó sí na réamhchúraimí is gá a dhéanamh. Sa chumarsáid, ba cheart tuairisc a thabhairt ar chineál an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta chomh maith le moltaí a thabhairt don duine nádúrtha lena mbaineann aon éifeachtaí díobhálacha a d'fhéadfadh a bheith ag gabháil leis an sárú a mhaolú. Ba cheart cumarsáidí den sórt sin a dhéanamh leis na hábhair sonraí chomh luath agus is féidir agus i ndlúthchomhar leis an údarás maoirseachta, agus urramú á thabhairt an t-am céanna do threoraíocht a thugann an t-údarás maoirseachta nó a thugann údaráis ábhartha eile amhail údaráis formfheidhmithe dlí. Mar shampla, maidir leis an ngá atá ann riosca láithreach go ndéanfaí damáiste a mhaolú, d'éileofaí cumarsáid a dhéanamh leis na hábhair sonraí go pras ach maidir leis an ngá bearta iomchuí a chur chun feidhme i gcoinne sáruithe leanúnacha i ndáil le sonraí pearsanta nó i gcoinne sáruithe comhchosúla i ndáil le sonraí pearsanta, féadfaidh bonn cirt a bheith ag baint le níos mó ama don chumarsáid.

(87)

Ba cheart a fháil amach an ndearnadh na bearta iomchuí teicneolaíocha cosanta agus na bearta iomchuí eagraíochtúla uile a chur chun feidhme lena suí láithreach an ndearnadh sárú i ndáil le sonraí pearsanta agus chun an t-údarás maoirseachta agus an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas go pras. Ba cheart a shuí gur tugadh fógra gan aon mhoill mhíchuí agus aird ar leith á tabhairt ar chineál agus ar thromaíocht an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta agus ar na hiarmhairtí agus ar na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann leis don ábhar sonraí. Féadfaidh idirghabháil ón údarás maoirseachta teacht as fógra den sórt sin i gcomhréir leis na cúraimí sin atá air agus leis na cumhachtaí sin atá aige a leagtar síos sa Rialachán seo.

(88)

Agus rialacha mionsonraithe a bhaineann leis an bhformáid agus ne nósanna imeachta is infheidhme maidir le fógairt sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta á leagan síos, ba cheart aird chuí a thabhairt ar na dálaí faoina ndearnadh an sárú sin, lena n-áirítear an raibh na sonraí pearsanta á gcosaint ag bearta iomchuí cosanta teicniúla, lenar cuireadh srian go héifeachtach leis an dóchúlacht go ndéanfaí calaois aitheantais nó go mbainfí mí-úsáid eile as na sonraí. Ina theannta sin, ba cheart a chur san áireamh i rialacha den sórt sin agus i nósanna imeachta den sórt sin leasanna dlisteanacha údarás forfheidhmithe dlí i gcás ina bhféadfadh fógairt luath cur isteach, gan chúis, ar an imscrúdú faoi dhálaí an tsáraithe i ndáil le sónraí pearsanta.

(89)

I dTreoir 95/46/CE rinneadh foráil maidir le hoibleagáid ghinearálta chun fógra a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta faoin bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta. Cé go mbaineann ualaí riaracháin agus airgeadais leis an oibleagáid sin, níor chuidigh sí i gcónaí le cosaint sonraí pearsanta a fheabhsú. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí ginearálta fánacha den sórt sin maidir le fógra a thabhairt a dhíothú, agus nósanna imeachta éifeachtacha agus sásraí éifeachtacha a chur ina n-ionad, ar nósanna imeachta agus sásraí iad lena gcuirfí béim ar na cineálacha oibríochtaí próiseála sin ar dócha go mbeadh ardriosca ag gabháil leo maidir le cearta agus le saoirsí daoine nádúrtha mar gheall ar chineál, ar raon feidhme, ar chomhthéacs agus ar chuspóirí na n-oibríochtaí sin. Áirítear i gcineálacha oibríochtaí próiseála den sórt sin, go háirithe, na hoibríochtaí sin lena mbaintear úsáid as teicneolaíochtaí nua, nó na cinn ar de chineál nua iad agus nach bhfuil measúnú tionchair ar chosaint sonraí déanta ag an rialaitheoir ina leith go fóill nó na cinn a bhfuil measúnú tionchair ar chosaint sonraí tagtha chun bheith riachtanach mar gheall ar an tréimhse ama a chuaigh thart ón uair a rinneadh an phróiseáil tosaigh i leith.

(90)

I gcásanna den sórt sin, ba cheart don rialaitheoir measúnú tionchair a dhéanamh ar an gcosaint sonraí sula ndéanfar an phróiseáil, d'fhonn dóchúlacht faoi leith agus déine faoi leith an ardriosca sin a mheasúnú, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála agus foinsí an riosca á gcur san áireamh. Ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú tionchair sin, go háirithe, na bearta, na coimircí agus na sásraí a bheartaítear leis an riosca sin a mhaolú, agus é á áirithiú go gcosnaítear sonraí pearsanta agus comhlíonadh an Rialacháin seo á thaispeáint.

(91)

Ba cheart feidhm a bheith aige sin, go háirithe, maidir le hoibríochtaí próiseála ar mhórscála, lena ndírítear ar mhéid mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta nó fornáisiúnta agus a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar líon mór ábhar sonraí agus ar dócha go mbaineann ardriosca leo, mar shampla, mar gheall ar a n-íogaireacht, i gcás ina ndéantar, i gcomhréir le staid an eolais teicneolaíochta a baineadh amach, teicneolaíocht nua a úsáid ar mhórscála chomh maith le hoibríochtaí próiseála eile, a ngabhann ardriosca do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí leo, go háirithe i gcás ina mbíonn sé níos deacra d'ábhair sonraí a gcearta a fheidhmiú mar gheall ar na hoibríochtaí sin. Ba cheart measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh freisin i gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun cinntí maidir le daoine sonracha nádúrtha a ghlacadh tar éis aon mheastóireacht chórasach agus chuimsitheach a dhéanamh ar ghnéithe pearsanta a bhaineann le daoine nádúrtha atá bunaithe ar na sonraí sin a phróifíliú nó tar éis catagóirí speisialta sonraí pearsanta, sonraí bithmhéadracha nó sonraí i ndáil le ciontuithe coiriúla agus le cionta nó le bearta slándála a phróiseáil. Éilítear measúnú tionchair ar chosaint sonraí freisin d'fhonn faireachán a dhéanamh, ar mhórscála, ar réimsí a bhfuil rochtain phoiblí orthu, go háirithe nuair atá feistí optacha leictreonacha á n-úsáid nó i gcomhair oibríochtaí eile ar bith ina meastar don údarás inniúil maoirseachta gur dócha go mbeadh ardriosca do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí ag gabháil leis an bpróiseáil, go háirithe de bhrí go gcoisctear leo na hábhair sonraí ceart a fheidhmiú nó seirbhís nó conradh a úsáid, nó de bhrí go gcuirtear i gcrích iad go córasach nó ar mhórscála. Níor cheart a mheas gur ar mhórscála a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcás lia aonair, gairmí cúraim sláinte aonair nó dlíodóir aonair a dhéanann sonraí pearsanta othar nó cliant a phróiseáil. I gcásanna den sórt sin, níor cheart measúnú tionchair ar chosaint sonraí a bheith éigeantach.

(92)

Tá cásanna áirithe ann ina bhféadfadh sé go mbeadh sé réasúnta agus tíosach go mbeadh an t-ábhar de mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí níos leithne ná tionscadal amháin, i gcás, mar shampla, ina bhfuil sé beartaithe ag údaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí feidhmchlár coiteann nó clár coiteann próiseála a chur ar bun nó ina bhfuil sé beartaithe ag roinnt rialaitheoirí feidhmchlár coiteann nó timpeallacht choiteann próiseála a thabhairt isteach in earnáil tionscail nó i roinn tionscail trí chéile nó le haghaidh gníomhaíocht chothrománach atá in úsáid go forleathan.

(93)

I gcomhthéacs ghlacadh an dlí Ballstáit ar a bhfuil comhlíonadh chúraimí an údaráis phoiblí nó an chomhlachta phoiblí bunaithe agus lena rialaítear an oibríocht shonrach próiseála nó sraith d'oibríochtaí i gceist, féadfaidh na Ballstáit a mheas gur gá measúnú den sórt sin a dhéanamh sula ndéantar na gníomhaíochtaí próiseála.

(94)

I gcás ina léirítear le measúnú tionchair ar chosaint sonraí go mbeadh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha ag gabháil leis an bpróiseáil, in éagmais na gcoimircí, na mbeart slándála agus na sásraí a bheartaítear leis an riosca a mhaolú, agus i gcás ina bhfuil an rialaitheoir den tuairim nach bhféadfaí an riosca a mhaolú ar bhealach réasúnach ó thaobh na dteicneolaíochtaí atá ar fáil agus ó thaobh na gcostas chur chun feidhme, ba cheart dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta sula gcuirfí tús le gníomhaíochtaí próiseála. Is dóigh do dtiocfaidh ardriosca den sórt sin as cineálacha áirithe próiseála sonraí pearsanta agus as méid agus as minicíocht na próiseála, a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh freisin do chearta agus do shaoirsí an duine nádúrtha nó a d'fhéadfadh cur as do chearta agus do shaoirsí an duine nádúrtha sin. Ba cheart don údarás maoirseachta freagairt don iarraidh ar chomhairliúchán laistigh de thréimhse shonraithe. Mura mbeidh freagairt ann ón údarás maoirseachta laistigh den tréimhse sin, ba cheart nár dhochar é sin d'aon idirghabháil ón údarás maoirseachta i gcomhréir leis na cúraimí sin atá air agus leis na cumhachtaí sin atá aige a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n-áirítear an chumhacht cosc a chur ar oibríochtaí próiseála. Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin sin, féadfar an toradh ar mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéantar maidir leis an bpróiseáil a chur faoi bhráid an údaráis mhaoirseachta, go háirithe na bearta atá beartaithe leis an riosca do chearta agus do shaoirsí na ndaoine nádúrtha a mhaolú.

(95)

Ba cheart don phróiseálaí cuidiú leis an rialaitheoir, más gá agus arna iarraidh sin dó nó di, agus é á áirithiú ag an rialaitheoir go bhfuil na hoibleagáidí a eascraíonn as measúnuithe tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh agus as réamhchomhairliúchán leis an údarás maoirseachta á gcomhlíonadh.

(96)

D'fhonn a áirithiú go bhfuil an phróiseáil a bheartaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo agus, go háirithe, chun an riosca atá ann don ábhar sonraí a mhaolú, ba cheart dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta freisin agus beart reachtach nó beart rialála á ullmhú, ar beart é lena bhforáiltear do phróiseáil sonraí pearsanta.

(97)

I gcás inar údarás poiblí a dhéanann an phróiseáil, cé is moite de chúirteanna nó d'údaráis bhreithiúnacha neamhspleácha agus iad ag gníomhú dóibh ina gcáil bhreithiúnach, i gcás inar rialaitheoir a dhéanann an phróiseáil san earnáil phríobháideach, rialaitheoir arb iad oibríochtaí próiseála dá dteastaíonn faireachán rialta córasach ar na hábhair sonraí ar mhórscála, nuair arb éard atá i gcroíghníomhaíochtaí an rialaitheora nó an phróiseálaí, catagóirí speisialta sonraí pearsanta agus sonraí a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta, ba cheart duine a bhfuil saineolas ar dhlí agus ar chleachtas na cosanta sonraí aige nó aici a bheith de chúnamh ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh inmheánach an Rialacháin seo. San earnáil phríobháideach, baineann croíghníomhaíochtaí an rialaitheora leis na príomhghníomhaíochtaí atá aige nó aici agus ní bhaineann siad le próiseáil sonraí pearsanta mar ghníomhaíochtaí coimhdeacha. Ba cheart an leibhéal saineolais is gá a chinneadh, go háirithe, de réir na n-oibríochtaí próiseála sonraí atá á ndéanamh agus de réir na cosanta atá de dhíth ar na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí. Ba cheart d'oifigigh cosanta sonraí den sórt sin a bheith in ann a ndualgais agus a gcúraimí a chomhlíonadh ar bhealach neamhspleách, bíodh siad fostaithe ag an rialaitheoir nó ná bíodh.

(98)

Ba cheart comhlachais nó comhlachtaí eile a dhéanann ionadaíocht thar ceann catagóirí rialaitheoirí nó próiseálaithe a spreagadh cóid iompair a tharraingt suas, laistigh de theorainneacha an Rialacháin seo, ionas go n-éascófar cur chun feidhme an Rialacháin seo, ag cur san áireamh shaintréithe sonracha na próiseála a dhéantar in earnálacha áirithe agus riachtanais shonracha na micrifhiontar, na bhfiontar beag agus na bhfiontar meánmhéide. Le cóid iompair den sórt sin, d'fhéadfaí go háirithe na hoibleagáidí atá ar rialaitheoirí agus ar phróiseálaithe a chalabrú, agus an riosca ar dócha a thiocfaidh as an bpróiseáil á chur san áireamh, ar riosca é atá ann do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha.

(99)

Agus cód iompair á tharraingt suas, nó nuair a bheadh cód den sórt sin á leasú nó á leathnú, ba cheart do chomhlachais agus do chomhlachtaí eile a dhéanann ionadaíocht thar ceann catagóirí rialaitheoirí nó próiseálaithe dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear ábhair sonraí nuair is féidir, agus ba cheart dóibh aird a thabhairt ar aighneachtaí a gheofar agus tuairimí a léireofar mar fhreagra ar na comhairliúcháin sin.

(100)

Chun trédhearcacht agus comhlíonadh an Rialacháin seo a fheabhsú, ba cheart spreagadh a thabhairt chun sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí a bhunú, a fhágann go bhféadfadh ábhair sonraí measúnú a dhéanamh go gasta ar an leibhéal cosanta sonraí a bhaineann le táirgí agus seirbhísí ábhartha.

(101)

Tá gá le sreabha sonraí pearsanta chuig tíortha atá taobh amuigh den Aontas agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó na tíortha agus ó na heagraíochtaí sin chun trádáil idirnáisiúnta agus comhar idirnáisiúnta a leathnú amach. Tá dúshláin nua tagtha chun cinn mar gheall ar mhéadú i sreabha den sórt sin agus is cúis imní sin maidir le cosaint sonraí pearsanta. Nuair a aistrítear sonraí pearsanta ón Aontas chuig rialaitheoirí, próiseálaithe nó faighteoirí eile i dtríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, áfach, níor cheart an bonn a bhaint de leibhéal cosanta na ndaoine nádúrtha a ráthaítear san Aontas leis an Rialachán seo, lena n-áirítear i gcásanna ina ndéantar sonraí pearsanta a aistriú ón tríú tír nó ón eagraíocht idirnáisiúnta chuig rialaitheoirí, próiseálaithe sa tríú tír chéanna nó i dtríú tír eile nó san eagraíocht idirnáisiúnta chéanna nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta. Ar aon nós, ní fhéadfar aistrithe chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéanamh ach má chomhlíontar an Rialachán seo ina iomláine. Níorbh fhéidir aistriú a dhéanamh ach más rud é, faoi réir fhorálacha eile an Rialacháin seo, go ndéanann an rialaitheoir nó an próiseálaí na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a chomhlíonadh.

(102)

Tá an Rialachán seo gan dochar do chomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha a rialaíonn aistriú sonraí pearsanta, lena n-áirítear coimircí iomchuí do na hábhair sonraí. Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích a bhfuil aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta mar chuid díobh, fad nach ndéanann comhaontuithe den sórt sin difear don Rialachán seo ná d'aon fhorálacha eile de chuid dhlí an Aontais agus go n-áirítear leo leibhéal leordhóthanach cosanta do chearta bunúsacha na n-ábhar sonraí do na sonraí.

(103)

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, agus bheadh feidhm ag an gcinneadh sin ar fud an Aontais, go gcuireann tríú tír, críoch nó earnáil shonraithe i dtríú tír, nó eagraíocht idirnáisiúnta, leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil, rud a sholáthraíonn deimhneacht dhlíthiúil agus aonfhoirmeacht dhlíthiúil ar fud an Aontais maidir leis an tríú tír nó leis an eagraíochtaí idirnáisiúnta a mheastar go gcuireann siad leibhéal cosanta den sórt sin ar fáil. I gcásanna den sórt sin, féadfar sonraí pearsanta a aistriú chuig an tír sin nó chuig an eagraíocht idirnáisiúnta sin gan an gá aon údarú breise a fháil. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh freisin, tar éis dó fógra in leith agus ráiteas iomlán lena leagtar amach na cúiseanna a thabhairt don tríú tír nó don eagraíocht idirnáisiúnta, cinneadh den sórt sin a chúlghairm.

(104)

I gcomhréir leis na bunluachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, go háirithe cosaint chearta an duine, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh, agus measúnú á dhéanamh aige ar thríú tír nó ar chríoch nó ar earnáil shonraithe i dtríú tír, an tslí ina ndéanann tríú tír ar leith an smacht reachta, rochtain ar cheartas mar aon leis na noirm agus na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus an dlí ginearálta agus an dlí earnála atá aici, lena n-áirítear reachtaíocht a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, le cosaint agus leis an tslándáil náisiúnta mar aon leis an ord poiblí agus leis an dlí coiriúil, a urramú. Agus cinneadh leordhóthanachta maidir le críoch nó le hearnáil shonraithe i dtaca le tríú tír á ghlacadh, ba cheart a chur san áireamh critéir shoiléire oibiachtúla, amhail gníomhaíochtaí sonracha próiseála agus raon feidhme na gcaighdeán dlíthiúil is infheidhme agus na reachtaíochta atá i bhfeidhm sa tríú tír. Ba cheart don tríú tír ráthaíochtaí a thabhairt lena n-áiritheofaí leibhéal leordhóthanach cosanta arb ionann é go bunúsach agus an leibhéal a áirithítear laistigh den Aontas, go háirithe i gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta in earnáil ar leith nó i roinnt earnálacha ar leith. Go háirithe, ba cheart don tríú tír maoirseacht neamhspleách éifeachtach ar chosaint sonraí a áirithiú agus ba cheart di foráil a dhéanamh maidir le sásraí comhair leis na húdaráis na mBallstát um chosaint sonraí, agus ba cheart cearta éifeachtacha in-fhorfheidhmithe agus sásamh éifeachtach riaracháin agus sásamh éifeachtach breithiúnach a thabhairt do na hábhair sonraí.

(105)

Seachas na gealltanais idirnáisiúnta a rinne an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta, ba cheart don Choimisiún oibleagáidí a chur san áireamh a eascraíonn as rannpháirtíocht na tríú tíre nó na heagraíochta idirnáisiúnta i gcórais iltaobhacha nó réigiúnacha go háirithe maidir le cosaint sonraí pearsanta, mar aon le cur chun feidhme oibleagáidí den sórt sin. Ba cheart, go háirithe, aontachas na tríú tíre do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 28 Eanáir 1981 maidir le Daoine Aonair a Chosaint i ndáil le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch agus don Phrótacal Forlíontach a ghabhann leis a chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an mBord agus a leordhóthanaí atá an leibhéal cosanta i dtríú tíortha nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta á mheas aige.

(106)

Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú na gcinntí ar leibhéal na cosanta i dtríú tír,,i gcríoch nó in earnáil shonraithe i dtríú tír, nó in eagraíocht idirnáisiúnta, agus ba cheart dó faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú cinntí arna nglacadh ar bhonn Airteagal 25(6) nó Airteagal 26(4) de Rialachán 95/46/CE. Ina chuid cinntí leordhóthanachta, ba cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh do shásra maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a bhfeidhmiú. Ba cheart an t-athbhreithniú tréimhsiúil sin a dhéanamh i gcomhairle leis an tríú tír nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta i dtrácht agus ba cheart gach forbairt ábhartha sa tríú tír nó san eagraíocht idirnáisiúnta a chur san áireamh. Chun faireachán a dhéanamh agus chun na hathbhreithnithe tréimhsiúla a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún machnamh a dhéanamh ar thuairimí agus ar thorthaí Pharlaimint na hEorpa agus ar thuairimí agus ar thorthaí na Comhairle, chomh maith le tuairimí agus torthaí comhlachtaí agus foinsí ábhartha eile. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh, laistigh de thréimhse réasúnach ama, ar fheidhmiú na gcinntí sin agus aon torthaí ábhartha a thuairisciú don Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) mar a bhunaítear faoin Rialachán seo, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

(107)

Féadfaidh an Coimisiún a aithint nach bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta ar shonraí á áirithiú a thuilleadh i dtríú tír, i gcríoch nó in earnáil shonraithe i dtríú tír, nó in eagraíocht idirnáisiúnta. Mar gheall air sin, ba cheart aistriú sonraí pearsanta chuig an tríú tír sin nó chuig an eagraíocht idirnáisiúnta sin a thoirmeasc, mura gcomhlíontar na ceanglais sa Rialachán seo a bhaineann le haistrithe atá faoi réir coimircí leordhóthanacha, lena n-áirítear rialacha ceangailteacha corparáídeacha, agus maoluithe i gcomhair staideanna áirithe. Sa chás sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le comhairliúcháin idir an Coimisiún agus tríú tíortha den sórt sin nó eagraíochtaí idirnáisiúnta den sórt sin. Ba cheart don Choimisiún, ar bhealach tráthúil, an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta a chur ar an eolas faoi na fáthanna agus dul i gcomhairle léi chun an cor a leigheas.

(108)

In éagmais cinneadh leordhóthanachta, ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí bearta a dhéanamh chun an easpa cosanta i dtríú tír a chúiteamh trí choimircí iomchuí a chur i bhfeidhm don ábhar sonraí. Féadfar a áireamh ar na coimircí iomchuí sin úsáid rialacha ceangailteacha corparáideacha, clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag an gCoimisiún, clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag údarás maoirseachta nó clásail chonarthacha arna n-údarú ag údarás maoirseachta. Leis na coimircí sin, ba cheart comhlíonadh na gceanglas maidir le cosaint sonraí agus cearta na n-ábhar sonraí a áirithiú ar bhealach a bheidh comhoiriúnach le próiseáil laistigh den Aontas, lena n-áirítear fáil a bheith ar chearta in-fhorfheidhmithe na n-ábhar sonraí agus ar leigheasanna éifeachtacha dlí, lena n-áirítear an ceart sásamh éifeachtach riaracháin nó sásamh breithiúnach éifeachtach a fháil agus cúiteamh a éileamh, san Aontas nó i dtríú tír. Ba cheart go mbainfidís go háirithe le comhlíonadh na bprionsabal ginearálta a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus le prionsabail na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú. Féadfaidh údaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí aistrithe a dhéanamh freisin le húdaráis phoiblí nó le comhlachtaí poiblí i dtríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil dualgais chomhfhreagracha orthu nó a bhfuil feidhmeanna comhfhreagracha acu, lena n-áirítear ar bhonn forálacha atá le cur isteach i socruithe riaracháin, amhail meamraim tuisceana, lena ndéantar foráil do chearta in-fhorfheidhmithe éifeachtacha do na hábhair sonraí. Ba cheart údarú an údaráis inniúil mhaoirseachta a fháil tráth a ndéanfar foráil do na coimircí i socruithe riaracháin nach bhfuil ceangailteach ó thaobh an dlí de.

(109)

Cé go bhféadfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí úsáid a bhaint as clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag an gCoimisiún nó ag údarás maoirseachta, níor cheart go dtuigfí leis sin nach féidir le rialaitheoirí ná le próiseálaithe na clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí a chur san áireamh i gconradh níos leithne, amhail i gconradh idir an próiseálaí agus próiseálaí eile, ná nach féidir leo clásail eile ná coimircí breise a chur isteach fad nach dtiocfaidh siad salach, go díreach ná go hindíreach, ar na clásail chonarthacha chaighdeánacha arna nglacadh ag an gCoimisiún nó ag údarás maoirseachta ar choinníoll nach ndéanfaidh siad dochar do chearta ná do shaoirsí bunúsacha na n-ábhar sonraí do na sonraí. Ba cheart rialaitheoirí agus próiseálaithe a spreagadh coimircí breise a chur ar fáil trí ghealltanais chonarthacha lena ndéanfaí clásail chaighdeánacha maidir le cosaint a fhorlíonadh.

(110)

Ba cheart do ghrúpa gnóthas, nó do ghrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu a bheith in ann úsáid a bhaint as rialacha ceangailteacha corparáideacha formheasta dá aistrithe idirnáisiúnta ón Aontas go heagraíochtaí sa ghrúpa céanna gnóthas, nó i ngrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, ar choinníoll go n-áirítear i rialacha corparáideacha den sórt sin na prionsabail bhunriachtanacha uile agus na cearta in-fhorfheidhmithe uile chun coimircí iomchuí a áirithiú d'aistrithe nó do chatagóirí aistrithe sonraí pearsanta.

(111)

Ba cheart foráil a dhéanamh go bhféadfaí sonraí a aistriú i gcúinsí áirithe i gcás ina bhfuil toiliú sainráite tugtha ag an ábhar sonraí, i gcás ina bhfuil an t-aistriú ócáideach agus riachtanach i ndáil le conradh nó le héileamh dlíthiúil, bíodh sin i nós imeachta breithiúnach nó ná bíodh, nó bíodh sé i nós imeachta riaracháin nó in aon nós imeachta lasmuigh den chúirt nó ná bíodh, lena n-áirítear nósanna imeachta os comhair comhlachtaí rialála. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin go bhféadfaí sonraí a aistriú i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le forais thábhachtacha leasa phoiblí a leagtar síos le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó i gcás ina ndéantar an t-aistriú ó chlár arna bhunú le dlí agus a bheartaítear chun go bhféadfaidh an pobal nó daoine a bhfuil leas dlisteanach acu é a cheadú. Sa chás deireanach sin, níor cheart aistriú den sórt sin a bheith ag baint leis na sonraí pearsanta ina n-iomláine ná le catagóirí iomlána na sonraí atá sa chlár agus, i gcás ina mbeartaítear go bhféadfaidh daoine a bhfuil leas dlisteanach acu an clár a cheadú, níor cheart an t-aistriú a dhéanamh ach arna iarraidh sin do na daoine sin nó más iad siúd atá le bheith ina bhfaighteoirí, agus lán-aird á tabhairt ar leasanna agus ar chearta bunúsacha an ábhair sonraí.

(112)

Ba cheart feidhm a bheith ag na maoluithe sin, go háirithe maidir le haistrithe sonraí a bhfuil gá leo agus atá riachtanach ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí, mar shampla i gcásanna malartaithe idirnáisiúnta sonraí idir údaráis iomaíochta, idir riaracháin chánach nó idir riaracháin chustaim, idir údaráis mhaoirseachta airgeadais, idir seirbhísí atá inniúil ar ábhair maidir leis an tslándáil shóisialta, nó maidir leis an tsláinte phoiblí, mar shampla i gcás rianú teagmhála maidir le galair thógálacha nó chun dópáil sa spórt a laghdú agus/nó a dhíothú. Ba cheart a mheas go bhfuil aistriú sonraí pearsanta dleathach freisin i gcás inar gá é a dhéanamh chun leas a chosaint ar leas é atá riachtanach do leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine eile, lena n-áirítear sláine fhisiciúil nó saol, mura bhféadfaidh an t-ábhar sonraí toiliú a thabhairt. In éagmais cinneadh leordhóthanachta, féadfaidh dlí an Aontais nó dlí Ballstáit, ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí, teorannacha a leagan síos go sainráite ar aistriú catagóirí sonracha sonraí chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi fhorálacha den sórt sin. Aon aistriú chuig eagraíocht dhaonnúil idirnáisiúnta a dhéantar maidir le sonraí pearsanta ábhair sonraí nach bhfuil ar a chumas nó ar a cumas, ó thaobh fisiciúil nó dlíthiúil, toiliú a thabhairt, d'fhonn tasc atá riachtanach faoi Choinbhinsiúin na Ginéive a chomhlíonadh nó d'fhonn an dlí daonnúil idirnáisiúnta is infheidhme i gcoinbhleachtaí armtha a chomhlíonadh, d'fhéadfaí a mheas go bhfuil an t-aistriú sin riachtanach ar chúis thábhachtach a bhaineann le leas an phobail nó mar go bhfuil sé ríthábhachtach ó thaobh leas an ábhair sonraí.

(113)

Maidir le haistrithe is féidir a cháiliú mar aistrithe neamhatriallacha agus nach mbaineann ach le líon teoranta ábhar sonraí, d'fhéadfaí iad a dhéanamh freisin chun críocha na leasanna dlisteanacha tathantacha atá á saothrú ag an rialaitheoir, nuair nach bhfuil sáraíocht ag leasanna nó ag cearta agus ag saoirsí an ábhair sonraí ar na leasanna sin agus nuair atá measúnú déanta ag an rialaitheoir ar na himthosca ar fad a bhaineann le haistriú na sonraí. Ba cheart don rialaitheoir aird ar leith a thabhairt ar chineál na sonraí pearsanta, ar chuspóir agus ar ré na hoibríochta próiseála a bheartaítear nó na n-oibríochtaí próiseála a bheartaítear, agus freisin ar an staid sa tír thionscnaimh, sa tríú tír agus i dtír an chinn scríbe, agus ba cheart dó coimircí oiriúnacha a chur ar fáil chun cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil lena sonraí pearsanta a chosaint. Níor cheart a bheith in ann aistrithe den sórt sin a dhéanamh ach amháin i gcásanna iarmharacha nuair nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na forais eile maidir le haistriú. Chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, ba cheart ionchais dhlisteanacha na sochaí a chur san áireamh maidir le heolas a mhéadú. Ba cheart don rialaitheoir an t-údarás maoirseachta agus an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas maidir leis an aistriú.

(114)

Ar aon chaoi, i gcás nach bhfuil aon chinneadh glactha ag an gCoimisiún maidir leis an leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí i dtríú tír, ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí úsáid a bhaint as réitigh lena gcuirtear cearta in-fhorfheidhmithe éifeachtacha ar fáil do na hábhair sonraí i ndáil leis an bpróiseáil a dhéantar ar a gcuid sonraí san Aontas a luaithe a ndéantar na sonraí sin a aistriú le go leanfaidh siad de leas a bhaint as cearta bunúsacha agus as coimircí.

(115)

Glacann roinnt tríú tíortha dlíthe, rialacháin agus gníomhartha dlí eile a cheaptar le gníomhaíochtaí próiseála sonraí daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha a rialáil go díreach faoi dhlínse na mBallstát. D'fhéadfaí a áireamh leis sin breithiúnais ó chúirteanna nó ó bhinsí nó cinntí ó údaráis riaracháin i dtríú tíortha lena gceanglaítear ar rialaitheoir nó ar phróiseálaí sonraí pearsanta a aistriú nó a nochtadh, agus nach bhfuil bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach, i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an tAontas nó Ballstát. D'fhéadfadh sé go sárófaí dlí idirnáisiúnta dá gcuirfí na dlíthe, na rialacháin agus na gníomhartha dlí eile sin i bhfeidhm lasmuigh de dhlínse na dtíortha sin agus d'fhéadfadh sé cur isteach ar an gcosaint do dhaoine nádúrtha a áirithítear san Aontas leis an Rialachán seo. Níor cheart aistrithe a cheadú ach i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha an Rialacháin seo maidir le haistrithe chuig tríú tíortha. Féadfaidh an cás a bheith amhlaidh, inter alia, má tá gá leis an nochtadh ar fhoras tábhachtach leasa phoiblí a aithnítear i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.

(116)

Nuair a aistrítear sonraí pearsanta thar theorainneacha lasmuigh den Aontas, d'fhéadfaí daoine nádúrtha a chur i mbaol breise maidir lena gcumas cearta cosanta sonraí a fheidhmiú go háirithe chun iad féin a chosaint ar úsáid mhídhleathach nó nochtadh mídhleathach na faisnéise sin. Ag an am céanna, d'fhéadfadh sé nach mbeadh údaráis mhaoirseachta in ann gearáin a leanúint ná imscrúduithe a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar lasmuigh dá dteorainneacha. D'fhéadfadh sé freisin go gcuirfí isteach ar iarrachtaí na n-údarás sin a bheith ag obair le chéile sa chomhthéacs trasteorann mar gheall ar easpa cumhachtaí coisctheacha nó feabhais, mar gheall ar shocruithe neamhréireacha dlí, agus,mar gheall ar bhacainní praiticiúla amhail srianta ó thaobh acmhainní. Dá bhrí sin, is gá comhar níos dlúithe a chur chun cinn i measc údaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí chun cuidiú leo faisnéis a mhalartú agus imscrúduithe a dhéanamh lena gcomhpháirtithe idirnáisiúnta. Chun sásraí comhair idirnáisiúnta a fhorbairt chun cúnamh frithpháirteach idirnáisiúnta a éascú agus a chur ar fáil chun forfheidhmiú a dhéanamh ar reachtaíocht don chosaint ar shonraí pearsanta, ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis mhaoirseachta faisnéis a mhalartú agus comhoibriú i ngníomhaíochtaí a bhaineann lena gcuid cumhachtaí a fheidhmiú le húdaráis inniúla i dtríú tíortha, ar bhonn na cómhalartachta agus i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(117)

Cuid fhíor-riachtanach de chosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta is ea údaráis mhaoirseachta a bhunú sna Ballstáit, ar údaráis iad a bhfuil an chumhacht acu a gcúraimí agus a gcumhachtaí a chomhlíonadh ar shlí atá go hiomlán neamhspleách. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann níos mó ná údarás maoirseachta amháin a bhunú, d'fhonn struchtúr bunreachtúil, eagraíochtúil agus riaracháin an Bhallstáit a léiriú.

(118)

Níor cheart a thabhairt le tuiscint, toisc údaráis mhaoirseachta a bheith neamhspleách, nach féidir iad a bheith faoi réir sásraí rialaithe nó sásraí faireacháin maidir lena gcaiteachas airgeadais nó faoi réir athbhreithniú breithiúnach.

(119)

I gcás ina mbunaíonn Ballstát roinnt údarás maoirseachta, ba cheart dó sásraí a bhunú le dlí chun rannpháirtíocht éifeachtach na n-údarás maoirseachta sin a áirithiú sa sásra comhsheasmhachta. Ba cheart don Bhallstát sin, go háirithe, an t-údarás maoirseachta a cheapadh a bheidh ina phríomhphointe teagmhála maidir le rannpháirtíocht éifeachtach na n-údarás sin sa sásra, chun comhar sciobtha rianúil a áirithiú le húdaráis mhaoirseachta eile, leis an mBord agus leis an gCoimisiún.

(120)

Ba cheart na hacmhainní airgeadais agus na hacmhainní daonna, an t-áitreabh agus an bonneagar atá riachtanach chun go gcomhlíonfaidh siad a gcúraimí go héifeachtach a chur ar fáil do gach údarás maoirseachta, lena n-áirítear na cinn a bhaineann le cúnamh frithpháirteach agus leis an gcomhar le húdaráis mhaoirseachta eile ar fud an Aontais. Ba cheart do gach údarás maoirseachta buiséad bliantúil poiblí ar leith a bheith aige, ar buiséad é a d'fhéadfadh a bheith mar chuid de bhuiséad foriomlán an stáit nó mar chuid den bhuiséad náisiúnta foriomlán.

(121)

Ba cheart na coinníollacha ginearálta do chomhalta nó do chomhaltaí an údaráis mhaoirseachta a leagan síos le dlí i ngach Ballstát agus ba cheart foráil a dhéanamh leo, go háirithe, go ndéanfaidh parlaimint, rialtas nó ceannaire Stáit an Bhallstáit na comhaltaí sin a cheapadh, trí bhíthin nós imeachta trédhearcach, ar bhonn togra ón rialtas, ó chomhalta de chuid an rialtais, ón bparlaimint nó ó sheomra den pharlaimint, nó go ndéanfaidh comhlacht neamhspleách ar a gcuirtear de chúram faoi dhlí Ballstáit iad a cheapadh. D'fhonn neamhspleáchas an údaráis mhaoirseachta a áirithiú, ba cheart do chomhalta nó do chomhaltaí an údaráis mhaoirseachta gníomhú go hionraic, ba cheart dóibh staonadh ó aon ghníomh nach luíonn lena ndualgais agus níor cheart dóibh gabháil d'aon slí bheatha nach luíonn leis na dualgais sin le linn a dtéarma oifige, bíodh sí sochrach nó ná bíodh. Ba cheart a fhoireann féin a bheith ag an údarás maoirseachta, arna roghnú ag an údarás maoirseachta nó ag comhlacht neamhspleách arna bhunú le dlí Ballstáit, ar cheart dó bheith faoi réir stiúradh eisiach chomhalta nó chomhaltaí an údaráis mhaoirseachta.

(122)

Ba cheart do gach údarás maoirseachta a bheith inniúil ar chríoch a Bhallstáit féin chun na cumhachtaí a thugtar dó agus na cúraimí a chuirtear air a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart a chumhdach leis sin, go háirithe, an phróiseáil i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí bunaíochta an rialaitheora nó an phróiseálaí ar chríoch a Bhallstáit féin, an phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéanann údaráis phoiblí nó comhlachtaí príobháideacha ag gníomhú dóibh chun leas an phobail, próiseáil lena ndéantar difear d'ábhair sonraí ar a chríoch nó próiseáil a dhéanann rialaitheoir nó próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas le linn dó díriú ar na hábhair sonraí atá ina gcónaí ina chríoch. Ba cheart a áireamh leis sin gearáin arna dtaisceadh ag ábhar sonraí a láimhseáil, imscrúduithe a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus feasacht an phobail a chur chun cinn maidir le rioscaí, rialacha, coimircí agus cearta i ndáil leis an bpróiseáil ar shonraí pearsanta.

(123)

Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha de bhun an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin ar fud an Aontais, d'fhonn daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú laistigh den mhargadh inmheánach. Chun na críche sin, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta comhoibriú lena chéile agus leis an gCoimisiún, agus gan gá ar bith le comhaontú idir Ballstáit maidir le cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil ná le comhar den sórt sin.

(124)

I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta de chuid rialaitheora nó próiseálaithe san Aontas agus i gcás ina bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó, nó i gcás ina ndéanann an phróiseáil a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíocht aonair de chuid rialaitheora nó próiseálaithe difear suntasach do na hábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin, nó ar dócha go ndéanfaidh sé difear suntasach dóibh, is é an t-údarás maoirseachta do phríomhbhunaíocht an rialaitheora nó an phróiseálaí nó do bhunaíocht aonair an rialaitheora nó an phróiseálaí ar cheart dó gníomhú mar phríomhúdarás. Ba cheart dó comhoibriú leis na húdaráis eile lena mbaineann, toisc go bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí ar chríoch a mBallstáit, toisc go ndéantar difear suntasach do na hábhair sonraí a bhfuil cónaí orthu ar a gcríoch, nó toisc gur taisceadh gearán leo. Chomh maith leis sin, i gcás ina bhfuil gearán taiscthe ag ábhar sonraí nach bhfuil cónaí air nó uirthi sa Bhallstát sin, ba cheart an t-údarás maoirseachta, a bhfuil an gearán sin taiscthe leis, a bheith ina údarás maoirseachta lena mbaineann freisin. Mar chuid dá chúraimí treoirlínte a eisiúint maidir le haon cheist lena gcumhdaítear cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart an Bord a bheith in ann treoirlínte a eisiúint, go háirithe maidir leis na critéir a bheidh le cur san áireamh d'fhonn a fháil amach an ndéanann an phróiseáil atá i gceist difear suntasach d'ábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin agus faoina bhfuil i gceist le hagóid ábhartha réasúnaithe.

(125)

Ba cheart don phríomhúdarás a bheith inniúil ar chinntí ceangailteacha a ghlacadh maidir le bearta lena gcuirtear i bhfeidhm na cumhachtaí a thugtar dó i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ina cháil mar phríomhúdarás, ba cheart don údarás maoirseachta dlúthpháirt a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann agus iad a chomhordú go dlúth sa phróiseas cinnteoireachta. I gcás ina gcinntítear diúltú do ghearán an ábhair sonraí, go hiomlán nó go páirteach, ba cheart don údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis an cinneadh sin a ghlacadh.

(126)

Ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta agus do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann an cinneadh sin a chomhaontú go comhpháirteach agus ba cheart é a dhíriú ar phríomhbhunaíocht nó ar bhunaíocht aonair an rialaitheora nó an phróiseálaí agus ba cheart é a bheith ceangailteach ar an rialaitheoir agus ar an bpróiseálaí. Ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíontar an Rialachán seo agus go gcuirtear chun feidhme an cinneadh ar thug an príomhúdarás maoirseachta fógra ina leith do phríomhbhunaíocht an rialaitheora nó an phróiseálaí i ndáil leis na gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar san Aontas.

(127)

Maidir le gach údarás maoirseachta nach bhfeidhmíonn mar an príomhúdarás maoirseachta, ba cheart dó a bheith inniúil chun cásanna áitiúla a láimhseáil, i gcás ina bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin, ach nach mbaineann ábhar an phróiseála shonraigh ach leis an bpróiseáil a dhéantar i mBallstát aonair agus nach mbaineann an phróiseáil ach le hábhair sonraí sa Bhallstát aonair sin, mar shampla, i gcás ina mbaineann an t-ábhar le sonraí pearsanta fostaithe a phróiseáil i gcomhthéacs sonrach fostaíochta Ballstáit. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don údarás maoirseachta an príomhúdarás maoirseachta a chur ar an eolas faoin ábhar gan mhoill. Tar éis dó a bheith curtha ar an eolas, ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta a chinneadh cé acu an ndéanfaidh sé an cás a láimhseáil de bhun na forála maidir le comhar idir an príomhúdarás maoireachta agus an t-údarás maoireachta eile lena mbaineann (“an sásra maidir le hionaid ilfhreastail”), nó ar cheart don údarás maoirseachta a chuir ar an eolas é an cás a láimhseáil ar an leibhéal áitiúil. Agus cinneadh á dhéanamh an ndéanfaidh sé an cás a láimhseáil, ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta a chur san áireamh an bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí i mBallstát an údaráis mhaoirseachta a chuir ar an eolas é, d'fhonn forfheidhmiú éifeachtach cinnidh i leith an rialaitheora nó an phróiseálaí a áirithiú. I gcás ina gcinneann an príomhúdarás maoirseachta go ndéanfaidh sé an cás a láimhseáil, ba cheart an deis a bheith ag an údarás maoirseachta a chuir ar an eolas é dréacht le haghaidh cinnidh a thíolacadh, agus ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta lánaird a thabhairt ar an dréacht sin agus a dhréachtchinneadh á ullmhú aige faoi chuimsiú an tsásra sin maidir le hionaid ilfhreastail.

(128)

Níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir leis an bpríomhúdarás maoirseachta ná ag an sásra maidir le hionaid ilfhreastail i gcás inarb iad údaráis phoiblí nó comhlachtaí príobháideacha a dhéanann an phróiseáil ar mhaithe le leas an phobail. I gcásanna den sórt sin, ba cheart gurb é údarás maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás poiblí nó an comhlacht príobháideach bunaithe an t-aon údarás maoirseachta atá inniúil ar na cumhachtaí a thugtar dó a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán sin.

(129)

D'fhonn faireachán agus forfheidhmiú comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart na cúraimí céanna agus na cumhachtaí éifeachtacha céanna a bheith ag na húdaráis mhaoirseachta i ngach Ballstát, lena n-áirítear cumhachtaí imscrúdaithe, cumhachtaí ceartaitheacha agus pionóis, agus cumhachtaí údaraithe agus comhairliúcháin, go háirithe i gcásanna gearán ó dhaoine nádúrtha, agus gan dochar do chumhachtaí na n-údarás ionchúisimh faoi dhlí Ballstáit, chun na húdaráis bhreithiúnacha a chur ar an eolas faoi aon sárú a dhéantar ar an Rialachán seo agus chun imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh. Ba cheart a áireamh ar chumhachtaí den sórt sin freisin an chumhacht teorainn shealadach nó teorainn bhuan, lena n-áirítear toirmeasc, a fhorchur ar phróiseáil. Féadfaidh na Ballstáit cúraimí eile a shonrú a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta faoin Rialachán seo. Maidir leis na cumhachtaí sin atá ag na húdaráis mhaoirseachta, ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir le coimircí iomchuí nós imeachta a leagtar amach i ndlí an Aontais agus i ndlí Ballstáit, ar bhealach atá neamhchlaon agus cóir agus laistigh de thréimhse réasúnach ama. Ba cheart, go háirithe, gach beart a bheith iomchuí, riachtanach agus comhréireach d'fhonn a áirithiú go gcomhlíontar an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt ar dhálaí gach cáis faoi leith, an ceart atá gach duine chun éisteacht a fháil a urramú sula nglactar aon bheart aonair a dhéanfadh dochar dó nó di agus costais iomarcacha agus míchaoithiúlachtaí thar meán a sheachaint do na daoine lena mbaineann. Ba cheart cumhachtaí imscrúdaithe a bhaineann le rochtain ar áitreabh a fheidhmiú i gcomhréir le ceanglais shonracha i ndlí nós imeachta Ballstáit, amhail an ceanglas maidir le réamhúdarú breithiúnach a fháil. Maidir le gach beart a dhéanann an t-údarás maoirseachta atá ceangailteach de réir dlí, ba cheart dó a bheith i scríbhinn agus a bheith soiléir agus gan athbhrí, ba cheart a shonrú leis an t-údarás maoirseachta a d'eisigh an beart agus dáta eisiúna an bhirt, ba cheart é a bheith sínithe ag ceannaire an údaráis mhaoirseachta nó ag comhalta de chuid an údaráis mhaoirseachta arna údarú ag an gceannaire, ba cheart na cúiseanna leis an mbeart a thabhairt, agus ba cheart freisin tagairt a dhéanamh don cheart chun leigheas éifeachtach a fháil. Níor cheart, leis an méid sin, cosc a chur ar cheanglais bhreise de bhun dlí nós imeachta Ballstáit. Le cinneadh ceangailteach de réir dlí a ghlacadh, tugtar le tuiscint go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le hathbhreithniú breithiúnach i mBallstát an údaráis mhaoirseachta a ghlac an cinneadh.

(130)

I gcás nach é an príomhúdarás maoirseachta é an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis, ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta comhoibriú go dlúth leis an údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis i gcomhréir leis na forálacha maidir le comhar agus comhsheasmhacht a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta, agus bearta á ndéanamh aige a cheaptar chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu, lena n-áirítear fíneálacha riaracháin a ghearradh, lánaird a thabhairt ar thuairim an údaráis mhaoirseachta ar taisceadh an gearán leis, ar údarás é ar cheart dó a bheith inniúil i gcónaí aon imscrúdú a dhéanamh ar chríoch a Bhallstáit féin i gcomhar leis an bpríomhúdarás maoirseachta.

(131)

I gcás inar cheart d'údarás maoirseachta eile gníomhú mar phríomhúdarás maoirseachta maidir le gníomhaíochtaí próiseála an rialaitheora nó an phróiseálaí ach nach mbaineann ábhar nithiúil gearáin nó an sárú a d'fhéadfadh a bheith ann ach amháin le gníomhaíochtaí próiseála an rialaitheora nó an phróiseálaí sa Bhallstát inar taisceadh an gearán nó inar braitheadh an sárú a d'fhéadfadh a bheith ann agus nach mbíonn éifeacht shuntasach ag an ábhar nó nár dócha go mbeadh éifeacht shuntasach ag an ábhar ar ábhair sonraí i mBallstáit eile, ba cheart don údarás maoirseachta a fhaigheann an gearán nó a bhraitheann staideanna lena bhféadfadh sáruithe ar an Rialachán seo a bheith i gceist, nó a chuirtear ar an eolas ar shlí eile faoi staideanna lena bhféadfadh sáruithe ar an Rialachán a bheith i gceist, réiteach síochánta leis an rialaitheoir a lorg agus, i gcás ina dteipfidh air sin, ba cheart dó réimse iomlán a chumhachtaí a fheidhmiú. Ba cheart a áirithiú leis sin: an phróiseáil shonrach a dhéantar i gcríoch Bhallstáit an údaráis mhaoirseachta nó i ndáil le hábhair sonraí ar chríoch an Bhallstáit sin; an phróiseáil a dhéantar i gcomhthéacs thairiscint earraí nó seirbhísí a dhírítear go sonrach ar ábhair sonraí ar chríoch Bhallstáit an údaráis mhaoirseachta; nó an phróiseáil nach mór a mheasúnú agus na hoibleagáidí ábhartha dlíthiúla faoi dhlí Ballstáit á gcur san áireamh.

(132)

Sna gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis mhaoirseachta chun feasacht a ardú i measc an phobail, ba cheart bearta sonracha a áireamh atá dírithe ar rialaitheoirí agus próiseálaithe, lena n-áirítear micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, mar aon le daoine nádúrtha go háirithe i gcomhthéacs an oideachais.

(133)

Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta cuidiú le chéile i dtaca lena gcúraimí a chomhlíonadh agus ba cheart dóibh cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú sa mhargadh inmheánach. Féadfaidh údarás maoirseachta a iarrann cúnamh frithpháirteach beart sealadach a ghlacadh más rud é nach bhfaigheann sé aon fhreagra ar iarraidh ar chúnamh frithpháirteach laistigh de mhí amháin tar éis dó an iarraidh sin a fháil ón údarás maoirseachta eile.

(134)

Ba cheart do gach údarás maoirseachta, i gcás inarb iomchuí, páirt a ghlacadh in oibríochtaí comhpháirteacha le húdaráis mhaoirseachta eile,. Ba cheart é a bheith d'oibleagáid ar an údarás maoirseachta iarrtha freagairt don iarraidh laistigh de thréimhse shonraithe ama.

(135)

Chun a áirithiú go gcuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais, ba cheart sásra comhsheasmhachta le haghaidh comhar idir na húdaráis mhaoirseachta a bhunú. Ba cheart feidhm a bheith ag an sásra sin go háirithe i gcás ina mbeartaíonn údarás maoirseachta beart a ghlacadh a cheaptar chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige maidir le hoibríochtaí próiseála lena ndéantar difear substaintiúil do líon suntasach ábhar sonraí i mBallstáit éagsúla. Ba cheart feidhm a bheith aige freisin i gcás ina n-iarrann aon údarás maoirseachta lena mbaineann nó an Coimisiún go ndéanfaíábhar den sórt a láimhseáil sin faoi chuimsiú an tsásra comhsheasmhachta. Ba cheart an sásra sin a bheith gan dochar d'aon bhearta a fhéadfaidh an Coimisiún a dhéanamh i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoi na Conarthaí.

(136)

Agus an sásra comhsheasmhachta á chur i bhfeidhm aige, ba cheart don Bhord tuairim a eisiúint, laistigh de thréimhse shocraithe ama, má chinneann tromlach dá chomhaltaí amhlaidh nó má iarrann aon údarás maoirseachta lena mbaineann nó an Coimisiún air déanamh amhlaidh. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Bhord cinntí a ghlacadh freisin, atá ceangailteach de réir dlí, i gcás ina bhfuil díospóidí ann idir údaráis mhaoirseachta. Chun na críche sin, ba cheart dó, i bprionsabal trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, cinntí a eisiúint, atá ceangailteach de réir dlí, i gcásanna a shonraítear go soiléir agus ina bhfuil tuairimí contrártha i measc údaráis mhaoirseachta, go háirithe faoi chuimsiú an tsásra maidir le comhar idir an príomhúdarás maoirseachta agus údaráis mhaoirseachta lena mbaineann maidir le tuillteanais an cháis, go háirithe an bhfuil sárú ar an Rialachán seo ann nó nach bhfuil.

(137)

D'fhéadfadh sé go mbeadh gá práinneach le dul i mbun gnímh chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint, go háirithe nuair a bheadh baol ann go gcuirfí isteach go mór ar fhorfheidhmiú na gceart de chuid ábhar sonraí. Dá bhrí sin, ba cheart údarás maoirseachta a bheith in ann bearta sealadacha cuí-réasúnaithe a ghlacadh ar a chríoch agus tréimhse shonraithe bailíochta leo nár cheart a bheith níos faide ná trí mhí.

(138)

Ba cheart cur i bhfeidhm sásra den sórt sin a bheith ina choinníoll do dhlíthiúlacht birt a ceapadh chun go mbeadh éifeachtaí dlíthúla ag údarás maoirseachta sna cásanna sin ina bhfuil sé éigeantach an sásra a chur i bhfeidhm. I gcásanna eile atá ábhartha maidir le gníomhaíochtaí trasteorann, ba cheart an sásra maidir le comhar idir an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineanna a chur i bhfeidhm agus d'fhéadfaí cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil agus oibríochtaí comhpháirteacha a chur ar siúl idir na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar bhonn déthaobhach nó ar bhonn iltaobhach gan an sásra comhsheasmhachta a chur ag obair.

(139)

D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a chur chun cinn, ba cheart an Bord a chur ar bun mar chomhlacht neamhspleách de chuid an Aontais. Chun a chuid cuspóirí a chomhlíonadh, ba cheart pearsantacht dhlítheanach a bheith ag an mBord. Ba cheart do Chathaoirleach an Bhoird ionadaíocht a dhéanamh thar a cheann. Ba cheart don Bhord teacht in ionad na Meithle um Chosaint Daoine Aonair i ndáil le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil a bunaíodh le Treoir 95/46/CE. Ba é ba cheart a bheith ar an mBord ceann údaráis mhaoirseachta ó gach Ballstát agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó a n-ionadaithe faoi seach. Ba cheart don Choimisiún páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an Bhoird gan cearta vótála a bheith aige agus ba cheart cearta sonracha vótála a bheith ag an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí. Ba cheart don Bhord rannchuidiú leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí chomhairle a chur ar an gCoimisiún, go háirithe maidir le leibhéal na cosanta i dtríú tíortha nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus trí chomhar idir na húdaráis mhaoirseachta a chur chun cinn ar fud an Aontais. Ba cheart don Bhord gníomhú go neamhspleách agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige.

(140)

Ba cheart do rúnaíocht arna soláthar ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí cúnamh a thabhairt don Bhord. Maidir le foireann an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí atá bainteach leis na cúraimí a thugtar don Bhord leis an Rialachán seo a chur i gcrích, ba cheart di na cúraimí atá uirthi a chomhlíonadh go heisiach faoi threoracha Chathaoirleach an Bhoird agus ba cheart di tuarascáil a chur chuig an gCathaoirleach sin.

(141)

Ba cheart an ceart a bheith ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta aonair, go háirithe sa Bhallstát sin ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, agus ba cheart an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil a bheith aige nó aici i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt má mheasann an t-ábhar sonraí go bhfuil a chearta nó a cearta faoin Rialachán seo á sárú nó mura ngníomhaíonn an t-údarás maoirseachta i leith gearáin, má dhiúltaíonn sé do ghearán go páirteach nó go hiomlán nó má dhíbheann sé go páirteach nó go hiomlán é nó mura ngníomhaíonn sé i gcás inar gá dul i mbun gníomhaíocht den sórt sin chun cearta an ábhair sonraí a chosaint. Ba cheart an t-imscrúdú i ndiaidh gearáin a dhéanamh, faoi réir athbhreithniú breithiúnach, a mhéid is iomchuí sa chás sonrach sin. Ba cheart don údarás maoirseachta an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoin dul chun cinn a dhéantar maidir leis an ngearán agus faoi thoradh an ghearáin laistigh de thréimhse réasúnta. Más gá tuilleadh imscrúdaithe nó tuilleadh comhordaithe a dhéanamh le húdarás maoirseachta eile, ba cheart faisnéis a thabhairt don ábhar sonraí idir an dá linn. Chun tíolacadh gearán a éascú, ba cheart do gach údarás maoirseachta bearta a ghlacadh amhail foirm le gearán a dhéanamh a chur ar fáil a fhéadfar a líonadh isteach go leictreonach freisin, gan modhanna eile cumarsáide a eisiamh.

(142)

I gcás ina measann ábhar sonraí go bhfuil a chearta nó a cearta faoin Rialachán seo á sárú, ba cheart an ceart a bheith aige nó aici sainordú a thabhairt do chomhlacht, d'eagraíocht nó do chomhlachas seachbhrabúsach a bhunaítear i gcomhréir le dlí Ballstáit, a bhfuil cuspóirí reachtúla chun leas an phobail aige nó aici agus atá gníomhach sa réimse maidir le sonraí pearsanta a chosaint, gearán a chur faoi bhráid údarás maoirseachta ar a shon nó ar a son, agus ba cheart an ceart a bheith aige nó aici an ceart chun leigheas breithiúnach a fháil a fheidhmiú ar son ábhar sonraí nó an ceart chun cúiteamh a fháil ar son ábhar sonraí, má dhéantar foráil don chás deireanach sin i ndlí Ballstáit. Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh go mbeadh sé de cheart ag comhlacht, ag eagraíocht nó ag comhlachas den sórt sin gearán a thaisceadh sa Bhallstát sin, neamhspleách ar shainordú ábhair sonraí, i mBallstát den sórt sin, agus go mbeadh an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil aige nó aici i gcás ina bhfuil cúiseanna ann lena meas gur sáraíodh cearta ábhair sonraí mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta a sháraíonn an Rialachán seo. Ní fhéadfaidh an comhlacht, an eagraíocht nó an comhlachas sin cúiteamh a éileamh thar ceann an ábhair sonraí go neamhspleách ar shainordú an ábhair sonraí.

(143)

Tá an ceart ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach caingean a thionscnamh chun cinntí de chuid an Bhoird a neamhniú os comhair na Cúirt Breithiúnais faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 263 CFAE. Mar sheolaithe cinntí den sórt sin, ní mór do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann, ar mian leo agóid a dhéanamh in aghaidh na gcinntí, caingean a thionscnamh laistigh de dhá mhí tar éis fógra a fháil fúthu, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE. I gcás chinntí an Bhoird a bhfuil baint dhíreach phearsanta acu le rialaitheoir, próiseálaí nó an gearánach, féadfaidh an gearánach sin caingean a thionscnamh le haghaidh neamhniú i gcoinne na gcinntí sin agus ba cheart dóibh amhlaidh a dhéanamh laistigh de dhá mhí tar éis a fhoilsithe ar shuíomh gréasáin an Bhoird, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE. Gan dochar don cheart sin faoi Airteagal 263 CFAE, ba cheart leigheas éifeachtach breithiúnach a bheith ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach os comhair na cúirte náisiúnta inniúla in aghaidh cinneadh ó údarás maoirseachta a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige a bhaineann leis an duine sin. Baineann cinneadh den sórt sin go háirithe le feidhmiú cumhachtaí imscrúdaitheacha, ceartaitheacha agus údaraithe ag an údarás maoirseachta nó le gearáin a dhíbhe nó a dhiúltú. Mar sin féin, ní chuimsítear leis an gceart an chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil bearta a dhéanann údaráis mhaoirseachta nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí de, amhail tuairimí a d'eisigh an t-údarás maoirseachta nó comhairle a thug sé. Ba cheart imeachtaí i gcoinne údarás maoirseachta a thabhairt os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás maoirseachta bunaithe agus ba cheart iad a dhéanamh i gcomhréir le dlí nós imeachta an Bhallstáit sin. Ba cheart do na cúirteanna sin dlínse iomlán a fheidhmiú ar cheart a bheith ar áireamh inti dlínse chun scrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna uile fírice agus dlí atá ábhartha maidir leis an díospóid atá os a gcomhair.

Má dhéanann údarás maoirseachta gearán a dhiúltú nó a dhíbhe, féadfaidh an gearánach imeachtaí a thionscnamh os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát céanna. I gcomhthéacs na leigheasanna breithiúnacha a bhaineann leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, is iad na cúirteanna náisiúnta a mheasann go bhfuil gá le cinneadh maidir leis an gceist ionas go bhféadfaidís breithiúnas a thabhairt, féadfaidh siad, nó sa chás dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, ní mór dóibh, a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais réamhrialú a thabhairt ar léiriú dhlí an Aontais, lena n-áirítear an Rialachán seo. Thairis sin, i gcás ina ndéantar cinneadh ó údarás maoirseachta lena gcuirtear chun feidhme cinneadh an Bhoird a agóid os comhair cúirt náisiúnta agus i gcás ina bhfuil bailíocht chinneadh an Bhoird faoi shaincheist, níl sé de chumhacht ag an gcúirt náisiúnta sin a dhearbhú go bhfuil cinneadh an Bhoird neamhbhailí agus ní mór di ceist na bailíochta a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le Airteagal 267 CFAE arna leiriú ag an gCúirt Bhreithiúnais é, i gcás ina measann sí an cinneadh a bheith neamhbhailí. Mar sin féin, ní fhéadfaidh cúirt náisiúnta ceist faoi bhailíocht chinneadh an Bhoird a tharchur ar iarraidh ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a raibh an deis aige nó aici caingean a thabhairt ar mhaithe leis an gcinneadh sin a chur ar neamhní, go háirithe más rud é gur bhain an cinneadh sin leis nó léi go díreach nó go leithleach, ach nach ndearna sé nó sí amhlaidh laistigh den tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 263 CFAE.

(144)

I gcás ina bhfuil cúis ag cúirt ar tugadh imeachtaí os a comhair i gcoinne cinneadh ó údarás maoirseachta le creidiúint go bhfuil imeachtaí maidir leis an bpróiseáil chéanna, amhail an t-ábhar céanna maidir le próiseáil ag an rialaitheoir céanna nó ag an bpróiseálaí céanna, nó an chúis chéanna chaingne, á dtabhairt os comhair cúirt inniúil i mBallstát eile, ba cheart di dul i dteagmháil leis an gcúirt sin le dearbhú go bhfuil imeachtaí gaolmhara den sórt sin ann. Más rud é go bhfuil imeachtaí gaolmhara ar feitheamh os comhair cúirt i mBallstát eile, féadfaidh aon chúirt seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar a himeachtaí nó féadfaidh sí, arna iarraidh sin ag ceann de na páirtithe, dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin ar tugadh imeacht os a comhair más rud é go bhfuil dlínse i leith na n-imeachtaí atá i gceist ag an gcúirt sin agus go gceadaítear faoina dlí imeachtaí gaolmhara den sórt sin a chomhdhlúthú. Meastar imeachtaí a bheith gaolmhar má bhíonn baint chomh dlúth sin acu le chéile go bhfuil sé fóirsteanach iad a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile chun an baol a sheachaint go dtabharfaí breithiúnais bunoscionn le chéile dá mbeadh imeachtaí ar leithligh ann.

(145)

Maidir le himeachtaí i gcoinne rialaitheora nó próiseálaí, ba cheart rogha a bheith ag an ngearánaí caingean a thabhairt os comhair na gcúirteanna sna Ballstáit ina bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí nó sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an ábhar sonraí, ach amháin más údarás poiblí de chuid Ballstáit atá ag gníomhú i bhfeidhmiú a chumhachtaí poiblí é an rialaitheoir.

(146)

Ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí aon damáiste a d'fhéadfadh duine a fhulaingt de bharr próiseáil a sháraíonn an Rialachán seo a chúiteamh. Ba cheart an rialaitheoir nó an próiseálaí a dhíolmhú ón dliteanas má chruthaíonn sé nach bhfuil sé freagrach ar shlí ar bith as an damáiste. Ba cheart coincheap an damáiste a léiriú go leathan i bhfianaise chásdlí na Cúirte Breithiúnais ar shlí ina léireofaí go hiomlán cuspóirí an Rialacháin seo. Tá sé sin gan dochar d'éilimh maidir le damáiste a thagann as sárú na rialacha eile atá ann i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit. Áirítear freisin ar phróiseáil a sháraíonn an Rialachán seo próiseáil a sháraíonn na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le dlí Ballstáit lena sonraítear rialacha an Rialacháin seo. Ba cheart do na hábhair sonraí cúiteamh iomlán agus éifeachtach a fháil as an damáiste a d'fhulaing siad. I gcás ina bhfuil rialaitheoirí nó próiseálaithe páirteach sa phróiseáil céanna, ba cheart gach rialaitheoir nó gach próiseálaí a chur faoi dhliteanas i leith iomlán an damáiste. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil siad uamtha leis na himeachtaí breithiúnacha céanna, i gcomhréir le dlí Ballstáit, féadfar cúiteamh a chionroinnt de réir fhreagracht gach rialaitheora nó fhreagracht gach próiseálaí maidir leis an damáiste a rinneadh mar thoradh ar an bpróiseáil, ar choinníoll go n-áirithítear cúiteamh iomlán agus éifeachtach don ábhar sonraí a d'fhulaing an damáiste. Féadfaidh aon rialaitheoir nó próiseálaí a d'íoc cúiteamh iomlán imeachtaí iontaofa a thionscnamh ina dhiaidh sin i gcoinne rialaitheoirí nó próiseálaithe eile atá páirteach sa phróiseáil chéanna.

(147)

Nuair atá rialacha sonracha maidir le dlínse sa Rialachán seo, go háirithe maidir le himeachtaí lena lorgaítear leigheas breithiúnach, lena n-áirítear cúiteamh, i gcoinne rialaitheora nó próiseálaí, níor cheart, le rialacha maidir le dlínse ghinearálta amhail na cinn sin atá i Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), dochar a dhéanamh do chur i bhfeidhm rialacha sonracha den sórt sin.

(148)

D'fhonn forfheidhmiú rialacha an Rialacháin seo a neartú, ba cheart pionóis, lena n-áirítear fíneálacha riaracháin, a fhorchur má dhéantar aon sárú ar an Rialachán, de bhreis ar na bearta iomchuí sin a fhorchuireann an t-údarás maoirseachta de bhun an Rialacháin seo nó in ionad na mbeart sin. I gcás mionsáruithe nó más rud é go mbeadh an fhíneáil ar dóigh go bhforchuirfí ina ualach díréireach ar dhuine nádúrtha, féadfar iomardú a eisiúint in ionad fíneála. Mar sin féin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar chineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe, ar ghné intinniúil an tsáraithe, ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh chun an damáiste a fulaingíodh a mhaolú, ar mhéid freagrachta nó ar aon sáruithe ábhartha roimhe sin, ar an mbealach ina bhfuair an t-údarás maoirseachta eolas faoin sárú, ar chomhlíonadh na mbeart a ordaíodh i gcoinne an rialaitheora nó an phróiseálaí, ar chloí le cód iompair agus ar aon ghné ghéaraitheach nó aon ghné mhaolaitheach eile. Ba cheart forchur pionós, lena n-áirítear fíneálacha riaracháin, a bheith faoi réir coimircí iomchuí nós imeachta i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus i gcomhréir leis an gCairt, lena n-áirítear cosaint éifeachtach bhreithiúnach agus próis chuí.

(149)

Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann na rialacha maidir le pionóis choiriúla a leagan síos do sháruithe ar an Rialachán seo, lena n-áirítear do sháruithe ar rialacha náisiúnta a ghlactar de bhun an Rialacháin seo agus laistigh de theorainneacha an Rialacháin seo. Féadfar ceadú faoi na pionóis choiriúla sin freisin go gcaillfear na brabúis a fhaightear trí sháruithe ar an Rialachán seo. Níor cheart, áfach, gurb é an toradh a bheadh ar phionóis choiriúla a fhorchur le haghaidh sáruithe ar rialacha náisiúnta den sórt sin agus a bheadh ar phionóis riaracháin a fhorchur go sárófaí prionsabal ne bis in idem, mar a léiríonn an Chúirt Bhreithiúnais é.

(150)

Chun pionóis riaracháin a neartú agus a chomhchuibhiú le haghaidh sáruithe ar an Rialachán seo, ba cheart an chumhacht a bheith ag gach údarás maoirseachta fíneálacha riaracháin a ghearradh. Ba cheart a léiriú sa Rialachán seo sáruithe agus an uasteorainn agus na critéir chun na fíneálacha riaracháin a bhaineann leo a shocrú, ar cheart don údarás maoirseachta inniúil iad a chinneadh i ngach cás aonair, agus na himthosca ábhartha uile den staid shonrach á gcur san áireamh, agus aird chuí á tabhairt go háirithe ar chineál, ar thromaíocht agus ar fhad an tsáraithe agus ar a iarmhairtí agus ar na bearta a dhéantar chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo agus chun iarmhairtí an tsáraithe a chosc nó a mhaolú. I gcás ina ngearrtar fíneálacha riaracháin ar ghnóthas, ba cheart gnóthas a thuiscint mar ghnóthas i gcomhréir le hAirteagal 101 agus le hAirteagal 102 CFAE chun na gcríoch sin. I gcás ina ngearrtar fíneálacha riaracháin ar dhaoine nach gnóthas iad, ba cheart don údarás maoirseachta aird a thabhairt ar an leibhéal ginearálta ioncaim sa Bhallstát chomh maith le staid eacnamaíoch an duine agus méid iomchuí na fíneála á mheas aige. Féadfar an sásra comhsheasmhachta a úsáid freisin chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach fíneálacha riaracháin a chur chun cinn. Ba cheart gur faoin mBallstát a bheadh sé cinneadh a dhéanamh ar cheart d'údaráis phoiblí a bheith faoi réir fíneálacha riaracháin agus a mhéid ba cheart dóibh a bheith faoi réir na bhfíneálacha sin. Le fíneáil riaracháin a ghearradh nó le foláireamh a thabhairt, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm cumhachtaí eile de chuid na n-údarás maoirseachta ná do chur i bhfeidhm pionós eile faoin Rialachán seo.

(151)

Le córas dlí na Danmhairge agus le córas dlí na hEastóine, ní cheadaítear fíneálacha riaracháin mar a leagtar amach sa Rialachán seo. Féadfar na rialacha maidir le fíneálacha riaracháin a chur i bhfeidhm ar chaoi go ndéanfaidh na cúirteanna náisiúnta inniúla an fhíneáil a ghearradh mar phionós coiriúil, i gcás na Danmhairge, agus go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta an fhíneáil a ghearradh faoi chreat nós imeachta maidir le hoilghníomh, i gcás na hEastóine, ar an gcoinníoll gurb ionann an éifeacht a bheadh ag cur i bhfeidhm na rialacha ar an gcaoi sin sna Ballstáit sin agus an éifeacht a bheadh ag fíneálacha riaracháin arna ngearradh ag údaráis mhaoirseachta. Dá bhrí sin, ba cheart do na cúirteanna náisiúnta inniúla aird a thabhairt ar an moladh ón údarás maoirseachta a thionscnaíonn an fhíneáil. Ar aon chaoi, ba cheart na fíneálacha a ghearrtar a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(152)

I gcás nach ndéanann an Rialachán seo pionóis riaracháin a chomhchuibhiú nó nuair is gá i gcásanna eile, mar shampla i gcásanna sáruithe tromchúiseacha ar an Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit córas a chur chun feidhme a dhéanfadh foráil do phionóis a bheadh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart cineál pionós den sórt sin, bíodh siad mar phionóis choiriúla nó mar phionóis riaracháin, a chinneadh faoi dhlí Ballstáit.

(153)

Le dlí Ballstáit, ba cheart réiteach a dhéanamh idir na rialacha lena rialaítear saoirse tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear léiriú iriseoireachta, acadúil, ealaíne agus/nó liteartha a nochtadh, agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint de bhun an Rialacháin seo. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críoch iriseoireachta, nó chun críocha léiriú acadúil, ealaíne nó liteartha, agus chun na críocha sin amháin, ba cheart an phróiseáil sin a bheith faoi réir maoluithe nó díolúintí ó fhorálacha áirithe de chuid an Rialacháin seo mas gá chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun saoirse nochtadh tuairimí agus fáil faisnéise, mar a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt. Ba cheart feidhm a bheith aige sin go háirithe maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sa réimse closamhairc agus i gcartlann nuachta agus leabharlanna preasa. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh lena leagtar síos na díolúintí agus na maoluithe a bhfuil gá leo chun cothromaíocht a áirithiú idir na cearta bunúsacha sin. Ba cheart do na Ballstáit díolúintí agus maoluithe den sórt sin a ghlacadh maidir le prionsabail ghinearálta, le cearta an ábhair sonraí, leis an rialaitheoir agus leis an bpróiseálaí, le haistriú sonraí pearsanta go tríú tíortha nó go heagraíochtaí idirnáisiúnta, leis na húdaráis mhaoirseachta neamhspleácha, le comhar agus comhsheasmhacht, agus le staideanna sonracha próiseála sonraí. I gcás ina bhfuil díolúintí nó maoluithe den sórt sin éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, ba cheart feidhm a bheith ag dlí Ballstáit an Bhallstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir. Chun an tábhacht a bhaineann leis an gceart chun saoirse nochtadh tuairimí i ngach sochaí dhaonlathach a chur san áireamh, ní mór coincheapa a bhaineann leis an tsaoirse sin, amhail iriseoireacht, a léiriú ar bhonn leathan.

(154)

Leis an Rialachán seo is féidir prionsabal na rochtana poiblí ar dhoiciméid oifigiúla a chur san áireamh agus an Rialachán á chur i bhfeidhm. Féadfar rochtain phoiblí ar dhoiciméid oifigiúla a mheas mar bheith chun leas an phobail. Ba cheart d'údarás poiblí nó do chomhlacht poiblí bheith in ann na sonraí pearsanta atá i ndoiciméid atá i seilbh an údaráis sin nó an chomhlachta sin a nochtadh go poiblí má fhoráiltear don nochtadh sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an t-údarás poiblí nó an comhlacht poiblí faoina réir. Le dlíthe den sórt sin, ba cheart an rochtain phoiblí ar dhoiciméid oifigiúla agus athúsáid fhaisnéis na hearnála poiblí a thabhairt chun réitigh leis an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus, dá bhrí sin, féadfar foráil a dhéanamh leo don tabhairt chun réitigh is gá leis an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint de bhun an Rialacháin seo. Sa chomhthéacs sin, ba cheart na húdaráis uile agus na comhlachtaí eile a chumhdaítear le dlí Ballstáit maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid a áireamh sa tagairt d'údaráis phoiblí agus do chomhlachtaí poiblí. Maidir le Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), fágtar ina iomláine leibhéal na cosanta do dhaoine nádúrtha i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi fhorálacha dhlí an Aontais agus dlí Ballstáit, agus ní dhéantar dochar don leibhéal sin ar bealach ar bith, agus go háirithe ní athraítear leis na hoibleagáidí ná na cearta a leagtar amach sa Rialachán seo. Go háirithe, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir sin maidir le doiciméid a bhfuil rochtain orthu eisiata nó srianta de bhua na réimeas rochtana ar fhorais sonraí pearsanta a chosaint, agus níor cheart feidhm a bheith aici maidir le codanna de dhoiciméid ar féidir rochtain a fháil orthu de bhua na réimeas sin ina bhfuil sonraí pearsanta, ar sainíodh athúsáid na sonraí sin de réir dlí mar athúsáid atá contrártha leis an dlí a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.

(155)

Le dlí Ballstáit nó le comhaontuithe comhchoiteanna, lena n-áirítear “comhaontuithe oibre”, féadfar foráil a dhéanamh do rialacha sonracha maidir le sonraí pearsanta na bhfostaithe a phróiseáil i gcomhthéacs na fostaíochta, go háirithe do na coinníollacha faoina bhféadfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs na fostaíochta bunaithe ar thoiliú an fhostaí, chun críocha na hearcaíochta, feidhmiú an chonartha fostaíochta, lena n-áirítear urscaoileadh na n-oibleagáidí arna leagan síos de réir dlí nó comhaontuithe comhchoiteanna, bainistiú, pleanáil agus eagrú na hoibre, comhionannas agus éagsúlacht san ionad oibre, sláinte agus slándáil ar obair, agus chun cearta agus sochair a bhaineann le fostaíocht a fheidhmiú agus tairbhiú díobh, ar bhonn aonair nó comhchoiteann, agus chun deireadh a chur leis an gcaidreamh fostaíochta.

(156)

Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, ba cheart an phróiseáil sin a bheith faoi réir coimircí iomchuí do chearta agus do shaoirsí an ábhair sonraí de bhun an Rialacháin seo. Leis na coimircí sin, ba cheart a áirithiú go bhfuil bearta teicniúla agus bearta eagraíochtúla i bhfeidhm chun, go háirithe, prionsabal an íoslaghdaithe sonraí a áirithiú. Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh tráth a mbeidh measúnú déanta ag an rialaitheoir an féidir na críocha sin a chomhlíonadh trí phróiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta nach féidir na hábhair sonraí a aithint leo nó nach féidir na hábhair sonraí a aithint leo a thuilleadh, ar an gcoinníoll gurb ann do choimircí iomchuí (amhail, mar shampla, ainm bréige a chur i bhfeidhm ar na sonraí). Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do choimircí iomchuí chun sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh. Ba cheart údarás a thabhairt do na Ballstáit sonraíochtaí agus maoluithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha sonracha agus faoi réir coimircí iomchuí do na hábhair sonraí, maidir leis na ceanglais faisnéise agus cearta a chur ar fáil go ndéanfaí ceartú, léirscriosadh, ligean i ndearmad, srianadh ar phróiseáil, agus chun iniomparthacht sonraí, agus chun agóid a dhéanamh agus sonraí pearsanta á bpróiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh. Leis na coinníollacha agus leis na coimircí atá i gceist, d'fhéadfaí go mbeadh nósanna imeachta sonracha ann do na hábhair sonraí chun na cearta sin a fheidhmiú más iomchuí amhlaidh i bhfianaise na gcríoch a lorgaítear tríd an bpróiseáil shonrach in éineacht le bearta teicniúla agus eagraíochtúla lena ndírítear ar phróiseáil sonraí pearsanta a laghdú agus prionsabail na comhréireachta agus an riachtanais á saothrú. An phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta chun críocha eolaíochta, ba cheart reachtaíocht ábhartha eile, amhail reachtaíocht maidir le trialacha cliniciúla, a chomhlíonadh léi freisin.

(157)

Trí fhaisnéis ó chlárlanna a chúpláil, is féidir le taighdeoirí eolas nua a fháil a bhfuil ardluach leis i dtaca le riochtaí sláinte forleathana amhail galar cardashoithíoch, an ailse agus an dúlagar. Ar bhonn na gclárlann, is féidir torthaí an taighde a fheabhsú, toisc go mbaintear leas as daonra níos mó. Laistigh den eolaíocht shóisialta, tá taighdeoirí in ann eolas ríthábhachtach a fháil, ó thaighde a dhéantar ar bhonn na gclárlann, faoin gcomhghaolú fadtéarmach atá ag roinnt coinníollacha sóisialta amhail dífhostaíocht agus oideachas mar aon le coinníollacha eile sa saol. Le torthaí taighde a fhaightear ó chlárlanna, cuirtear dlútheolas ardchaighdeáin ar fáil, ar féidir a bheith mar bhunús chun beartas eolasbhunaithe a fhoirmliú agus a chur chun feidhme, feabhas a chur ar mhianach saoil do líon mór daoine agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht na seirbhísí sóisialta. D'fhonn taighde eolaíoch a éascú, féadtar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha taighde eolaíoch, faoi réir coinníollacha iomchuí agus coimircí iomchuí a leagtar amach i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit.

(158)

I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha cartlannú a dhéanamh, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil sin freisin, ag cur san áireamh nár cheart go mbeadh feidhme ag an Rialachán seo maidir le daoine éagtha. Údaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí nó príobháideacha a bhfuil taifid atá chun leas an phobail ina seilbh acu, ba cheart iad a bheith ina seirbhísí a bhfuil sé d'oibleagáid dhlíthiúil orthu, de bhun dlí an Aontais nó dlí Ballstáit, taifid a fháil, a chaomhnú, a eagrú, a chur in iúl, a chur chun cinn, a scaipeadh, cur síos a dhéanamh, breithmheas a thabhairt orthu agus rochtain orthu a chur ar fáil, ar taifid iad a bhfuil luach marthanach ar baint leo chun leas ginearálta an phobail. Ba cheart freisin údarás a thabhairt do na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfaí sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh chun críocha cartlannú a dhéanamh, mar shampla d'fhonn faisnéis shonrach a chur ar fáil a bhaineann le hiompar polaitiúil faoi iar-réimis ollsmachtacha stáit, le cinedhíothú, le coireanna in aghaidh an chine dhaonna, go háirithe an tUileloscadh, nó le coireanna cogaidh.

(159)

I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha taighde eolaíoch, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil sin. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta chun críocha taighde eolaíoch a léiriú ar bhonn leathan, lena n-áirítear, mar shampla, forbairt teicneolaíochta agus léiriú teicneolaíochta, taighde bunúsach, taighde feidhmeach agus taighde a chistítear go poiblí, agus ba cheart freisin aird a thabhairt ar chuspóir an Aontais faoi Airteagal 179(1) CFAE maidir le Limistéar Eorpach Taighde a ghnóthú. Ar na críocha taighde eolaíoch ba cheart a áireamh freisin staidéir a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí. Chun na sainiúlachtaí a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha taighde eolaíoch a chomhlíonadh, ba cheart feidhm a bheith ag coinníollacha sonracha, go háirithe maidir le sonraí pearsanta a fhoilsiú nó a nochtadh ar shlí eile i gcomhthéacs críocha taighde eolaíochta. Más é toradh an taighde eolaíoch, go háirithe sa chomhthéacs sláinte, is cúis le tuilleadh beart chun leas an ábhair sonraí, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha ginearálta an Rialacháin seo i bhfianaise na mbeart sin.

(160)

I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha taighde stairiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil sin. Ba cheart a áireamh leis sin taighde stairiúil agus taighde chun críoch ginealach, agus é á chur san áireamh nár cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le daoine éagtha.

(161)

Chun críche toiliú a thabhairt maidir le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí taighde eolaíoch i dtrialacha cliniciúla, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(162)

I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críoch staidrimh, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil sin. Ba cheart a chinneadh le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, faoi chuimsiú theorainneacha an Rialacháin seo, ábhar staidrimh, rialú rochtana, sonraíochtaí chun sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch staidrimh agus bearta iomchuí chun cearta agus saoirsí an ábhair sonraí a choimirciú agus chun rúndacht staidrimh a áirithiú. Ciallaíonn críocha staidrimh aon oibríocht maidir le sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil atá riachtanach le haghaidh suirbhéanna staidrimh nó le haghaidh torthaí staidrimh a tháirgeadh. Féadfar na torthaí staidrimh sin a úsáid tuilleadh chun críocha éagsúla, lena n-áirítear críoch taighde eolaíoch. Tugann an chríoch staidrimh le tuiscint nach sonraí pearsanta a bhíonn mar thoradh ar phróiseáil chun críocha staidrimh ach sonraí comhiomlána, agus nach mbaintear úsáid as an toradh sin ná as na sonraí pearsanta chun tacú le bearta nó le cinntí a bhaineann le haon duine nádúrtha ar leith.

(163)

Ba cheart cosaint a dhéanamh ar an bhfaisnéis rúnda a bhailíonn an tAontas agus na húdaráis náisiúnta staidrimh chun staidreamh Eorpach oifigiúil agus staidreamh náisiúnta oifigiúil a tháirgeadh. Ba cheart staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh mar a leagtar amach in Airteagal 338(2) CFAE, agus ba cheart do staidreamh náisiúnta dlí Ballstáit a chomhlíonadh. Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), foráiltear do thuilleadh sonraíochtaí maidir le rúndacht staidrimh do staidreamh Eorpach.

(164)

Maidir le cumhachtaí na n-údarás maoirseachta rochtain a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí ar shonraí pearsanta agus ar a n-áitreabh, féadfaidh na Ballstáit rialacha sonracha a ghlacadh de réir dlí, faoi chuimsiú theorainneacha an Rialacháin seo, chun na hoibleagáidí rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí coibhéiseacha rúndachta eile a choimirciú, a mhéid is gá sin chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus oibleagáid rúndachta gairmiúla. Tá an méid sin gan dochar do na hoibleagáidí atá ann cheana ar na Ballstáit rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil a ghlacadh i gcás ina gceanglaítear a leithéid le dlí an Aontais.

(165)

Urramaítear leis an Rialachán seo stádas eaglaisí agus stádas comhlachas nó pobal reiligiúnach sna Ballstáit faoin dlí bunreachtúil atá ann cheana agus ní dhéanann sé aon dochar do na stádais sin, mar a aithnítear in Airteagal 17 CFAE.

(166)

Chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh, eadhon cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint agus go háirithe a gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún. Go háirithe, ba cheart gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i ndáil le critéir agus le ceanglais maidir le sásraí deimhniúcháin, le faisnéis atá le léiriú trí dheilbhíní caighdeánaithe agus le nósanna imeachta maidir leis na deilbhíní sin a chur ar fáil. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach tráthúil iomchuí.

(167)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún nuair a fhoráiltear dóibh sin sa Rialachán seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar bhearta sonracha do mhicrifhiontair, d'fhiontair bheaga agus d'fhiontair mheánmhéide.

(168)

Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le clásail chaighdeánacha chonarthacha idir rialaitheoirí agus próiseálaithe agus idir próiseálaithe; le cóid iompair; le caighdeáin theicniúla agus sásraí deimhniúcháin; le leibhéal cosanta leordhóthanach a bheith ar fáil i dtríú tír, i gcríoch nó in earnáil shonraithe sa tríú tír sin, nó in eagraíocht idirnáisiúnta; le clásail chaighdeánacha maidir le cosaint; le formáidí agus nósanna imeachta chun faisnéis a mhalartú idir rialaitheoirí, próiseálaithe agus údaráis mhaoirseachta le haghaidh rialacha ceangailteacha corparáideacha; le cúnamh frithpháirteach; agus leis na socruithe le haghaidh faisnéis a mhalartú trí mhodhanna leictreonacha idir údaráis mhaoirseachta, agus idir údaráis mhaoirseachta agus an Bord.

(169)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é go nochtar leis an bhfianaise atá ar fáil nach ndéanann tríú tír, críoch nó earnáil shonraithe sa tríú tír sin nó eagraíocht idirnáisiúnta leibhéal leordhóthanach cosanta a áirithiú, agus go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais práinne.

(170)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon, leibhéal coibhéiseach cosanta do dhaoine nádúrtha agus saorshreabhadh sonraí pearsanta ar fud an Aontais a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(171)

Ba cheart Treoir 95/46/CE a aisghairm leis an Rialachán seo. Ba cheart aon phróiseáil atá á déanamh cheana féin ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a thabhairt i gcomhréir leis an Rialachán seo laistigh de thréimhse dhá bhliain tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm. I gcás ina bhfuil próiseáil bunaithe ar thoiliú de bhun Threoir 95/46/CE, ní gá don ábhar sonraí a thoiliú nó a toiliú a thabhairt an athuair i gcás ina bhfuil an bealach inar tugadh an toiliú i gcomhréir le coinníollacha an Rialacháin seo, sa chaoi go bhféadfaidh an rialaitheoir leanúint den phróiseáil sin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Maidir le cinntí ón gCoimisiún a glacadh cheana agus le húdaruithe ó údaráis mhaoirseachta atá bunaithe ar Threoir 95/46/CE, leanfaidh siad d'fheidhm a bheith acu go dtí go ndéanfar iad a leasú nó a aisghairm nó go dtí go gcuirfear gníomh nua ina n-ionad.

(172)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim an 7 Márta 2012 (17).

(173)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na hábhair uile a bhaineann le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil, ar ábhair iad nach bhfuil faoi réir oibleagáidí sonracha a bhfuil an cuspóir céanna acu is atá leagtha amach i dTreoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), lena n-áirítear na hoibleagáidí atá ar an rialaitheoir agus cearta daoine nádúrtha. Chun an gaol idir an Rialachán seo agus Treoir 2002/58/CE a shoiléiriú, ba cheart an Treoir sin a leasú dá réir sin. A luaithe agus a ghlacfar an Rialachán seo, ba cheart Treoir 2002/58/CE a athbhreithniú go háirithe chun comhréireacht leis an Rialachán seo a áirithiú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

1.   Sa Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus rialacha maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

2.   Leis an Rialachán seo, cosnaítear cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus go háirithe a gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint.

3.   Ní chuirfear srian le saorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas ná ní chuirfear toirmeasc uirthi ar chúiseanna a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.

Airteagal 2

Raon feidhme ábhartha

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:

(a)

má dhéantar an phróiseáil mar chuid de ghníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais;

(b)

má dhéanann na Ballstáit an phróiseáil agus iad i mbun gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 2 de Theideal V CAE;

(c)

má dhéanann duine nádúrtha an phróiseáil agus an duine sin i mbun gníomhaíocht atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin;

(d)

má dhéanann údaráis inniúla an phróiseáil ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin.

3.   Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, ag comhlachtaí, ag oifigí agus ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais atá infheidhme maidir leis an bpróiseáil sin, déanfar iad a chur in oiriúint do phrionsabail agus do rialacha an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 98.

4.   Is gan dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE, go háirithe maidir leis na rialacha dliteanais a bhaineann le soláthraithe idirmheánacha seirbhíse in Airteagal 12 go hAirteagal 15 den Treoir sin.

Airteagal 3

Raon feidhme críochach

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta de chuid rialaitheora nó próiseálaithe atá lonnaithe san Aontas, is cuma cé acu an ndéantar an phróiseáil san Aontas nó nach ndéantar.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le próiseáil arna déanamh ag rialaitheoir nó ag próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas ar shonraí pearsanta ábhar sonraí atá san Aontas, i gcás ina mbaineann na gníomhaíochtaí próiseála leis an méid seo a leanas:

(a)

seirbhísí nó earraí a thairiscint d'ábhair sonraí den chineál sin san Aontas, is cuma an gá don ábhar sonraí íocaíocht a dhéanamh; nó

(b)

faireachán a dhéanamh ar iompar na ndaoine sin chomh fada agus a dhéantar a n-iompar siúd laistigh den Aontas.

3.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag rialaitheoir nach bhfuil bunaithe san Aontas ach atá bunaithe in áit a bhfuil feidhm ag dlí Ballstáit de bhua dlí poiblí idirnáisiúnta.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha saineathanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

(2)

ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

(3)

ciallaíonn “srianadh ar phróiseáil” sonraí pearsanta stóráilte a mharcáil agus é d'aidhm leis sin teorainn a chur leis an bpróiseáil a dhéanfar orthu sa todhchaí;

(4)

ciallaíonn “próifíliú” aon chineál próiseála uathoibrithe a dhéantar ar shonraí pearsanta arb éard í úsáid na sonraí sin chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe pearsanta áirithe a bhaineann le duine nádúrtha, go háirithe chun anailís a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le feidhmíocht an duine nádúrtha sin ag an obair, le staid eacnamaíoch, le sláinte, le roghanna pearsanta, le hábhair spéise, le hiontaofacht, le hiompar, le suíomh nó le gluaiseachtaí an duine nádúrtha sin nó chun na gnéithe sin a thuar;

(5)

ciallaíonn “ainm bréige a chur i bhfeidhm” próiseáil a dhéantar ar chaoi nach féidir na sonraí a chur i leith ábhair sonraí ar leith a thuilleadh gan faisnéis bhreise a úsáid, ar choinníoll go gcoimeádtar faisnéis bhreise den sórt sin ar leithligh agus go bhfuil sí faoi réir bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú nach gcuirtear na sonraí pearsanta i leith duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta;

(6)

ciallaíonn “córas comhdúcháin” aon sraith struchtúraithe de shonraí pearsanta a bhfuil rochtain orthu de réir critéir shonracha, is cuma má tá an sraith sin lárnaithe, díláraithe nó scaipthe ar bhonn feidhmeach nó geografach;

(7)

ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

(8)

ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;

(9)

ciallaíonn “faighteoir” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó comhlacht eile, dá nochtar na sonraí pearsanta, bíodh siad ina dtríú páirtí nó ná bíodh. Maidir le húdaráis phoiblí a fhéadfaidh sonraí pearsanta a fháil faoi chuimsiú fiosrúchán ar leith i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, ní mheasfar gur faighteoirí iad; comhlíonfaidh an phróiseáil a dhéanfaidh na húdaráis phoiblí sin ar na sonraí sin na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí de réir na gcríoch atá leis an bpróiseáil;

(10)

ciallaíonn “tríú páirtí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó comhlacht eile seachas an t-ábhar sonraí, an rialaitheoir, an próiseálaí agus daoine a údaraítear, faoi údarás díreach an rialaitheora nó an phróiseálaí, chun na sonraí a phróiseáil;

(11)

ciallaíonn “toiliú” an ábhair sonraí aon chur in iúl atá sonrach, feasach agus gan athbhrí, a dhéanann an t-ábhar sonraí a thabhairt faoi shaoirse, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, á rá gur mian leis nó léí aontú le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi;

(12)

ciallaíonn “sárú i ndáil le sonraí pearsanta” sárú ar shlándáil as a dtiocfaidh scrios, cailleadh, athrú, nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach;

(13)

ciallaíonn “sonraí géiniteacha” sonraí pearsanta a bhaineann le tréithe géiniteacha duine nádúrtha a fuarthas le hoidhreacht nó a fuarthas, a thugann faisnéis uathúil faoi fhiseolaíocht nó sláinte an duine nádúrtha sin agus arb é atá iontu an toradh, go háirithe, ar anailís arna déanamh ar shampla bitheolaíoch ón duine nádúrtha atá i gceist;

(14)

ciallaíonn “sonraí bithmhéadracha” sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, ar sonraí iad lena gceadaítear nó lena ndeimhnítear sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha;

(15)

ciallaíonn “sonraí a bhaineann leis an tsláinte” sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte fhisiciúil nó mheabhrach duine nádúrtha, lena n-áirítear soláthar seirbhísí cúraim sláinte, lena nochtar faisnéis faoina stádas sláinte;

(16)

ciallaíonn “príomhbhunaíocht”:

(a)

maidir le rialaitheoir a bhfuil bunaíochtaí i níos mó ná Ballstát amháin aige, an áit a bhfuil a riarachán lárnach san Aontas, mura rud é go nglactar na cinntí maidir le críocha agus modhanna próiseála na sonraí pearsanta i mbunaíocht eile de chuid an rialaitheora san Aontas agus go bhfuil an chumhacht ag an mbunaíocht sin chun a chur faoi deara cinntí den sórt sin a chur chun feidhme, agus sa chás sin meastar gurb í an bhunaíocht a ghlac cinntí den sórt sin an phríomh-bhunaíocht;

(b)

i ndáil le próiseálaí a bhfuil bunaíochtaí i níos mó ná Ballstát amháin aige, an áit a bhfuil a riarachán lárnach san Aontas, nó mura bhfuil aon riarachán lárnach ag an bpróiseálaí san Aontas, bunaíocht an phróiseálaí san Aontas ina ndéantar na príomhghníomhaíochtaí próiseála i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta de chuid an phróiseálaí a mhéid atá an próiseálaí faoi réir oibleagáidí sonracha faoin Rialachán seo;

(17)

ciallaíonn “ionadaí” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a dhéanann ionadaíocht thar ceann an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir lena n-oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo, agus atá ceaptha i scríbhinn ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí de bhun Airteagal 27;

(18)

ciallaíonn “fiontar” duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, is cuma faoi fhoirm dhlíthiúil na gníomhaíochta sin, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí nó comhlachais a bhíonn ag gabháil go rialta do ghníomhaíocht eacnamaíoch;

(19)

ciallaíonn “grúpa gnóthas” gnóthas rialaitheach agus a ghnóthais atá faoi rialú;

(20)

ciallaíonn “rialacha ceangailteacha corparáideacha” beartais um chosaint sonraí pearsanta a gcloíonn rialaitheoir nó próiseálaí atá bunaithe ar chríoch Ballstáit leo, ar beartais iad le haghaidh aistrithe sonraí pearsanta nó sraith d'aistrithe sonraí pearsanta chuig rialaitheoir nó chuig próiseálaí i dtríú tír amháin nó níos mó laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu;

(21)

ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

(22)

ciallaíonn “údarás maoirseachta lena mbaineann” údarás maoirseachta a mbaineann próiseáil somraí pearsanta leis mar gurb amhlaidh:

(a)

go bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe ar chríoch Bhallstáit an údaráis mhaoirseachta sin;

(b)

go bhfuil éifeacht shubstainteach nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil ar ábhair sonraí atá ina gcónaí i mBallstát an údaráis mhaoirseachta sin; nó

(c)

go ndearnadh gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta sin;

(23)

ciallaíonn “próiseáil trasteorann” ceann acu seo:

(a)

próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochtaí i níos mó ná Ballstát amháin de chuid rialaitheora nó próiseálaí san Aontas, i gcás ina bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin; nó

(b)

próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar san Aontas a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta aonair de chuid rialaitheora nó próiseálaí san Aontas ach a bhfuil éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil sin ar ábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach aici orthu.

(24)

ciallaíonn “agóid ábhartha réasúnaithe” agóid i gcoinne dréachtchinneadh i dtaca le cibé an ann do shárú ar an Rialachán seo nó nach ann dó, nó an gcomhlíonann an gníomhaíocht a bheartaítear i dtaca leis an rialaitheoir nó leis an bpróiseálaí an Rialachán seo, agóid a thaispeánann go soiléir suntasacht na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an dréachtchinneadh maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha ábhar sonraí agus, i gcás inarb infheidhme, saorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas;

(25)

ciallaíonn “seirbhís de chuid na sochaí faisnéise” seirbhís mar a shainmhínítear í i bpointe (b) d'Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

(26)

ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht agus a gcuid fochomhlachtaí a rialaítear leis an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn chomhaontaithe idir dhá thír nó níos mó.

CAIBIDIL II

Prionsabail

Airteagal 5

Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta

1.   Maidir le sonraí pearsanta:

(a)

déanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhair sonraí (“dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht”);

(b)

déanfar iad a bhailiú chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin; tuilleadh próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch agus stairiúil nó chun críocha staidrimh, ní mheasfar, i gcomhréir le hAirteagal 89(1), go bhfuil sí ar neamhréir leis na críocha tosaigh (“teorannú de réir cuspóra”);

(c)

beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil (“íoslaghdú sonraí”);

(d)

beidh siad cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádfar suas le dáta iad; déanfar gach beart réasúnta chun a áirithiú go léirscriostar nó go gceartaítear sonraí pearsanta míchruinne gan mhoill, ag féachaint do na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil (“cruinneas”);

(e)

déanfar iad a choinneáil i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach; féadfar sonraí pearsanta a stóráil le haghaidh tréimhsí níos faide a mhéid nach ndéanfar na sonraí sin a phróiseáil ach amháin chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 89(1) faoi réir chur chun feidhme na mbeart iomchuí teicniúil agus eagraíochtúil a cheanglaítear leis an Rialachán seo d'fhonn cearta agus saoirsí an ábhair sonraí a choimirciú (“teorannú stórála”);

(f)

déanfar iad a phróiseáil ar chaoi go n-áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scrios nó damáiste de thaisme, agus úsáid á baint as bearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla (“sláine agus rúndacht”);

2.   Is é an rialaitheoir a bheidh freagrach as mír 1 a chomhlíonadh, agus beidh sé in ann an comhlíonadh sin a thaispeáint (“cuntasacht”).

Airteagal 6

Dleathacht na próiseála

1.   Ní bheidh an phróiseáil dleathach ach amháin má tá feidhm, agus a mhéid atá feidhm, le ceann díobh seo a leanas ar a laghad:

(a)

tá toiliú tugtha ag an ábhar sonraí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha;

(b)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh ar páirtí ann an t-ábhar sonraí a chomhlíonadh nó chun bearta a dhéanamh arna iarraidh sin ag an ábhar sonraí sula ndéanfaidh sé nó sí conradh;

(c)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh;

(d)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint;

(e)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir;

(f)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag tríú páirtí, seachas i gcás ina mbeidh sáraíocht ag na leasanna sin ar leasanna nó ar chearta bunúsacha agus ar shaoirsí bunúsacha an ábhair sonraí, lena gceanglaítear go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe más leanbh é an t-ábhar sonraí.

Ní bheidh feidhm ag pointe (f) den chéad fhomhír maidir le próiseáil a dhéanann údaráis phoiblí i gcomhlíonadh a gcúraimí.

2.   Féadfaidh na Ballstáit forálacha níos sonraí a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach chun cur i bhfeidhm rialacha an Rialacháin seo a oiriúnú i ndáil le próiseáil chun pointe (c) agus pointe (e) de mhír 1 a chomhlíonadh trí chinneadh níos cruinne a dhéanamh maidir le ceanglais shonracha don phróiseáil agus do na bearta eile chun próiseáil dhleathach agus chothrom a áirithiú lena n-áirítear le haghaidh cásanna sonracha próiseála eile dá bhforáiltear i gCaibidil IX.

3.   Déanfar an bunús don phróiseáil dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (e) de mhír 1 a leagan síos leis méid seo a leanas:

(a)

dlí an Aontais; nó

(b)

dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.

Cinnfear críoch na próiseála sa bhunús dlí sin nó, maidir leis an bpróiseáil dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, beidh ga léi le haghaidh cúram chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir. Féadfaidh forálacha sonracha a bheith sa bhunús dlí sin chun cur i bhfeidhm rialacha an Rialacháin seo a oiriúnú, lena n-áirítear na coinníollacha ginearálta lena rialaítear dlíthiúlacht na próiseála sonraí ag an rialaitheoir; an cineálacha sonraí atá faoi réir a bpróiseála; na hábhair sonraí lena mbaineann; na heintitis a bhféadfar na sonraí pearsanta a nochtadh dóibh agus na críocha ar chucu a bhféadfar iad a nochtadh dóibh; an teorannú de réir cuspóra; tréimhsí stórála; agus oibríochtaí próiseála agus nósanna imeachta próiseála, lena n-áirítear bearta chun próiseáil dhleathach agus chothrom a áirithiú, amhail iad sin do staideanna sonracha próiseála eile dá bhforáiltear i gCaibidil IX. Comhlíonfaidh dlí an Aontais nó dlí Ballstáit cuspóir a bhaineann le leas an phobail agus beidh sé i gcomhréir leis an aidhm dhleathach atá á saothrú.

4.   I gcás nach bhfuil an phróiseáil chun críche eile seachas an chríoch ar chuici a bailíodh na sonraí pearsanta bunaithe ar thoiliú an ábhair sonraí nó ar dhlí de chuid an Aontais nó ar dhlí Ballstáit atá mar bheart riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 23(1) a choimirciú, déanfaidh an rialaitheoir, d'fhonn fáil amach an bhfuil críoch na próiseála ag luí leis na críocha sin ar chucu a bailíodh na sonraí pearsanta ar an gcéad dul síos, na nithe seo a leanas, inter alia, a chur san áireamh:

(a)

aon nasc idir na críocha ar bailíodh na sonraí pearsanta chucu agus na críocha atá leis an tuilleadh próiseála atá beartaithe;

(b)

an comhthéacs inar bailíodh na sonraí pearsanta, go háirithe maidir leis an ngaol idir na hábhair sonraí agus an rialaitheoir;

(c)

cineál na sonraí pearsanta, go háirithe an ndéantar catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil, de bhun Airteagal 9, nó an ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus coireanna a phróiseáil, de bhun Airteagal 10;

(d)

na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ann do na hábhair sonraí ag an tuilleadh próiseála atá beartaithe;

(e)

an bhfuil coimircí iomchuí ann, ar a bhféadfar a áirithiú criptiú a dhéanamh nó ainm bréige a chur i bhfeidhm.

Airteagal 7

Coinníollacha maidir le toiliú

1.   I gcás ina mbíonn an phróiseáil bunaithe ar thoiliú, beidh an rialaitheoir in ann a thaispeáint gur thug an t-ábhar sonraí toiliú go ndéanfaí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil.

2.   Más i gcomhthéacs dearbhú i scríbhinn a bhaineann le hábhair eile freisin a thugann an t-ábhar sonraí toiliú, déanfar an iarraidh ar an toiliú a chur i láthair ar bhealach soiléir is féidir a dhealú ó na hábhair eile, i bhfoirm intuigthe a bhfuil rochtain shimplí uirthi, agus friotal soiléir simplí á úsáid. Aon chuid den dearbhú arb ionann í agus sárú ar an Rialachán seo agus dar thug an t-ábhar sonraí toiliú, ní bheidh sí ina cheangal.

3.   Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí a thoiliú nó a toiliú a tharraingt siar aon am is mian leis nó léi. Má tharraingítear siar toiliú ní dhéanfar difear do dhlíthiúlacht na próiseála atá bunaithe ar an toiliú sin a tugadh sular tarraingíodh siar é. Sula ndéanfaidh an t-ábhar sonraí toiliú a thabhairt, cuirfear ar an eolas faoin méid sin é nó í. Beidh sé chomh héasca céanna toiliú a tharraingt siar agus a bheidh sé é a thabhairt.

4.   Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil toiliú tugtha faoi shaoirse, cuirfear san áireamh go huile agus go hiomlán, inter alia, an é an ndéantar comhlíonadh conartha, lena n-áirítear seirbhís a sholáthar, coinníollach ar an toiliú le próiseáil sonraí pearsanta, ar próiseáil í nach bhfuil riachtanach chun an conradh sin a chomhlíonadh.

Airteagal 8

Na coinníollacha is infheidhme maidir le toiliú linbh i dtaca le seirbhísí na sochaí faisnéise

1.   I gcás go mbeidh feidhm ag pointe (a) d'Airteagal 6(1), maidir le seirbhísí na sochaí faisnéise a thairiscint go díreach do leanbh, beidh próiseáil sonraí pearsanta linbh dleathach I gcás ian mbeidh an leanbh os cionn 16 bliana d'aois. Má tá an leanbh faoi bhun 16 bliana d'aois, ní bheidh an phróiseáil sin dleathach ach amháin má thugann nó má údaraíonn, agus a mhéid a thugann nó a údaraíonn, sealbhóir na freagrachta tuismitheoireachta as an leanbh an toiliú sin.

Féadfaidh ballstáit a fhoráil le dlí d'aois is oige chun na gcríoch sin, ar choinníoll nach bhfuil an aois sin faoi bhun 13 bliana d'aois.

2.   I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an rialaitheoir iarrachtaí réasúnta a fhíorú gur thug nó gur údaraigh sealbhóir na freagrachta tuismitheoireachta as an leanbh toiliú, agus cuirfear an teicneolaíocht a bheidh ar fáil san áireamh.

3.   Ní dhéanfaidh mír 1 difear do dhlí ginearálta na gconarthaí sna Ballstáit, amhail na rialacha maidir le bailíocht, déanamh nó éifeacht conartha i ndáil le leanbh.

Airteagal 9

Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil

1.   Toirmeascfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, agus toirmeascfar próiseáil ar shonraí géiniteacha, ar shonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, ar shonraí a bhaineann leis an tsláinte nó ar shonraí a bhaineann le saol gnéis agus le gnéaschlaonadh duine nádúrtha.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás go mbeidh feidhm ag ceann amháin díobh seo leanas:

(a)

thug an t-ábhar sonraí toiliú sainráite go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a phróiseáil ar mhaithe le críoch sonraithe amháin nó níos mó, seachas i gcás ina bhfuil foráil déanta i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit nach bhféadfaidh an t-ábhar sonraí an toirmeasc dá dtagraítear i mír 1 a chur i leataobh;

(b)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáidí an rialaitheora nó an ábhair sonraí a chomhlíonadh agus chun cearta sonracha an rialaitheora nó an ábhair sonraí a fheidhmiú i réimse dhlí na fostaíochta agus na slándála sóisialta agus cosanta sóisialta a mhéid atá údaraithe le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó le comhaontú comhchoiteann de bhun dlí Ballstáit lena bhforáiltear do choimircí iomchuí do chearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí;

(c)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint, i gcás nach féidir leis an t-ábhar sonraí toiliú a thabhairt go fisiciúil nó go dlíthiúil;

(d)

déanann fondúireacht, comhlachas nó aon chomhlacht seachbhrabúsach eile an phróiseáil agus é nó í i mbun gníomhaíochtaí dlisteanacha le coimircí iomchuí, ar fondúireacht, comhlachas nó comhlacht é nó í lena mbaineann aidhm pholaitiúil, fhealsúnach, reiligiúnach nó ceardchumannachais, agus ar choinníoll nach mbaineann an phróiseáil ach le comhaltaí nó le hiar-chomhaltaí an chomhlachta nó le daoine a mbíonn teagmháil rialta acu leis an gcomhlacht maidir lena chuspóirí agus ar choinníoll nach nochtar na sonraí pearsanta lasmuigh den chomhlacht sin gan toiliú ó na hábhair sonraí;

(e)

baineann an phróiseáil le sonraí pearsanta is follas gur chuir an duine is ábhar dóibh ar fáil go poiblí;

(f)

is gá an phróiseáil a dhéanamh le héilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint nó tráth ar bith a mbíonn na cúirteanna ag gníomhú faoina gcumas breithiúnach;

(g)

is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna leasa an phobail, ar bhonn dhlí an Aontais nó dlí Ballstáit a bheidh ar comhréir leis an aidhm atá á saothrú, a urramóidh éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus a fhorálfaidh do bhearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí a choimirciú;

(h)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha leighis choiscthigh nó ceirde, chun measúnú a dhéanamh ar chumas oibre an fhostaí, diagnóis leighis, cúram sláinte nó cóireáil shóisialta a sholáthar nó bainistiú córas nó seirbhísí cúram sláinte nó sóisialta ar bhonn dhlí an Aontais nó ar bhonn dlí Ballstáit nó de bhun conartha ar shínigh ábhar na sonraí le gairmí sláinte é agus faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá dtagraítear i mír 3;

(i)

is gá an phróiseáil a dhéanamh ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí, amhail cosaint i gcoinne bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte nó chun ardchaighdeáin cáilíochta agus slándála a áirithiú do chúram sláinte agus do tháirgí íocshláinte nó d'fheistí leighis, ar bhonn dhlí an Aontais nó ar bhonn dhlí Ballstáit lena ndéantar foráil do bhearta oiriúnacha agus sonracha chun go ndéanfar cearta agus saoirsí an ábhair sonraí, go háirithe an rúndacht ghairmiúil, a choimirciú;

(i)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 89(1) bunaithe ar dhlí an Aontais nó ar dhlí Ballstáit a bheidh ar comhréir leis an aidhm atá á saothrú, a urramóidh éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus a fhorálfaidh do bhearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an duine is ábhar don na sonraí a choimirciú.

3.   Féadfar sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil chun na críocha dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 2 nuair a dhéanann gairmí na sonraí sin a phróiseáil nó nuair a dhéantar iad a phróiseáil faoi fhreagracht gairmí, ar gairmí é atá faoi réir oibleagáide rúndachta gairmiúla faoi dhlí an Aontais nó Ballstáit nó faoi rialacha arna mbunú ag comhlachtaí náisiúnta inniúla nó má phróiseálann duine eile iad atá faoi réir oibleagáide rúndachta freisin faoi dhlí an Aontais nó dhlí Ballstáit nó faoi rialacha arna mbunú ag comhlachtaí náisiúnta inniúla.

4.   Féadfaidh na Ballstáit tuilleadh coinníollacha, lena n-áirítear teorainneacha, a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach i ndáil le sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha nó sonraí a bhaineann leis an tsláinte a phróiseáil.

Airteagal 10

Sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus coireanna a phróiseáil

Ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus coireanna nó le bearta slándála gaolmhara bunaithe ar Airteagal 6(1) a phróiseáil ach amháin faoi rialú údaráis oifigiúil nó nuair atá an phróiseáil sin údaraithe le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit lena bhforáiltear do choimircí iomchuí do chearta agus saoirsí ábhar sonraí. Ní choinneofar aon chlár cuimsitheach de chiontuithe coiriúla ach faoi rialú údaráis oifigiúil.

Airteagal 11

Próiseáil nach ngabhann ceanglas sainaitheanta léi

1.   Mura mbeidh ceanglas ar an rialaitheoir, maidir leis na críocha a ndéanann sé sonraí pearsanta a phróiseáil lena n-aghaidh, an t-ábhar sonraí a shainaithint nó nach bhfuil na ceanglais sin air níos mó, ní bheidh sé d'oibleagáid ar an rialaitheoir tuilleadh faisnéise a choimeád, a fháil nó a phróiseáil d'fhonn go sainaithneoidh sé, d'aon toisc chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, an t-ábhar sonraí.

2.   Más rud é, i gcásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go bhféadfaidh an rialaitheoir a thaispeáint nach bhfuil sé in ann an t-ábhar sonraí a shainaithint, cuirfidh an rialaitheoir an méid sin in iúl dá réir don ábhar sonraí, más féidir. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 15 go hAirteagal 20 ach amháin i gcás go soláthraíonn an t-ábhar sonraí tuilleadh faisnéise lena gcumasaítear é a shainaithint, chun críocha a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoi na hairteagail sin.

CAIBIDIL III

Cearta an ábhair sonraí

Roinn 1

Trédhearcacht agus módúlachtaí

Airteagal 12

Faisnéis thrédhearcach, cumarsáid agus módúlachtaí i dtaca le feidhmiú chearta an ábhair sonraí

1.   Déanfaidh an rialaitheoir na bearta is iomchuí chun aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 agus aon chumarsáid faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22 agus faoi Airteagal 34 a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta, a sholáthar don ábhar sonraí i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, a mbaintear feidhm inti as teanga shoiléir agus as gnáthfhriotal, go háirithe maidir le haon fhaisnéis atá dírithe go sonrach ar leanbh. Is i scríbhinn a chuirfear an fhaisnéis ar fáil, nó trí mheán eile, lena n-áirithítear, i gcás inarb iomchuí i bhfoirm leictreonach. Nuair a iarrann an t-ábhar sonraí amhlaidh, féadfar an fhaisnéis a sholáthar ó bhéal, ar choinníoll gur deimhníodh céannacht an ábhair sonraí ar mhodh eile.

2.   Éascóidh an rialaitheoir feidhmiú chearta an ábhair sonraí faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22. I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2), ní dhiúltóidh an rialaitheoir beart a dhéanamh ar iarraidh a fháil ón ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22, ach amháin má thaispeánann an rialaitheoir nach bhfuil sé in ann an t-ábhar sonraí a shainaithint.

3.   Soláthróidh an rialaitheoir faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht a rinneadh i dtaca le hiarraidh faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22 don ábhar sonraí agus déanfaidh sé sin gan mhoill mhíchuí agus in aon chás laistigh d'aon mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh dhá mhí eile ar a mhéid nuair is gá, agus castacht agus líon na n-iarrataí á gcur san áireamh. Cuirfidh an rialaitheoir an ábhair sonraí ar an eolas faoi aon síneadh den sórt sin mar aon leis na cúiseanna a bhí leis an moill laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. I gcás ina ndéanann an t-ábhar sonraí an iarraidh i bhfoirm leictreonach, cuirfear an fhaisnéis ar fáil i bhfoirm leictreonach, i gcás inarb indéanta sin, mura rud é go n-iarrann an t-ábhar sonraí a mhalairt.

4.   Mura ndéanann an rialaitheoir aon ghníomhaíocht arna hiarraidh sin don ábhar sonraí, cuirfidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí ar an eolas gan mhoill agus ar a dhéanaí laistigh d'aon mhí amháin ón iarraidh a fháil, faoi na cúiseanna nach ndearnadh aon gníomhaíocht agus cuirfidh sé ar an eolas é faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh le údarás maoirseachta agus leigheas breithiúnach a lorg.

5.   Cuirfear faisnéis a sholáthraítear faoi Airteagal 13 agus Airteagal 14 ar fáil saor in aisce mar aon le haon chumarsáid agus aon ghníomh a dhéanfar faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22 agus faoi Airteagal 34. I gcás inar léir go follasach go bhfuil iarrataí ón ábhar sonraí gan bhunús nó iomarcach, go háirithe toisc go bhfuil siad athráiteach, féadfaidh an rialaitheoir ceann acu seo a leanas a dhéanamh:

(a)

táille réasúnach a ghearradh chun na costais a bhaineann leis an bhfaisnéis a chur ar fáil nó as gníomhaíocht a dhéanamh mar a iarradh a chur san áireamh; nó

(b)

diúltóidh sé gníomhú ar an iarratas.

Is faoin rialaitheoir a bheidh sé a thaispeáint go bhfuil an iarraidh go follasach gan bhunús nó go bhfuil sí iomarcach.

6.   Gan dochar d'Airteagal 11, i gcás ina bhfuil an rialaitheoir réasúnta amhrasach maidir le céannacht an duine nádúrtha a dhéanann an iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 15 go dtí Airteagal 21, féadfaidh an rialaitheoir a iarraidh go soláthrófaí tuilleadh faisnéise, ar gá í chun go ndeimhneofaí céannacht an ábhair sonraí.

7.   An fhaisnéis a chuirfear ar fáil do na hábhair sonraí de bhun Airteagal 13 agus Airteagal 14, féadfar í a sholáthar in éineacht le deilbhíní caighdeánaithe chun forléargas suntasach ar an bpróiseáil atá beartaithe a thabhairt ar bhealach atá sofheicthe, intuisceana agus inléite go soiléir. I gcás ina ndéantar na deilbhíní a chur i láthair go leictreonach, beidh siad inléite ag meaisín.

8.   Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 92 chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le tíolacadh ag na deilbhíní agus na nósanna imeachta i ndáil le soláthar deilbhíní caighdeánaithe.

Roinn 2

Faisnéis agus rochtain ar shonraí pearsanta

Airteagal 13

An fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás go mbailítear sonraí ón ábhar sonraí

1.   I gcás go mbailítear sonraí pearsanta ábhar sonraí ón ábhar sonraí, tabharfaidh an rialaitheoir an fhaisnéis uile faoin méid seo a leanas don ábhar sonraí tráth a fhaighfear na sonraí pearsanta:

(a)

céannacht agus sonraí teagmhála an rialaitheora agus, i gcás inarb ábhartha, céannacht agus sonraí teagmhála ionadaí an rialaitheora;

(b)

sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí,i gcás inarb ábhartha;

(c)

críocha na próiseála dá bhfuil na sonraí pearsanta beartaithe chomh maith leis an mbunús dlí don phróiseáil;

(d)

i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (f) d'Airteagal 6(1), na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag triú páirtí;

(d)

i gcás inarb infheidhme, faighteoirí na sonraí pearsanta nó catagóirí fhaighteoirí na sonraí pearsanta, más ann dóibh;

(e)

i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta agus cibé arb ann nó nach ann do chinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún, nó i gcás na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 46 nó in Airteagal 47, nó sa dara fomhír d'Airteagal 49(1), tagairt do na coimircí iomchuí nó oiriúnacha agus na bealaí inar féidir chun cóip díobh a fháil nó an áit inar cuireadh iad ar fáil;

2.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh an rialaitheoir tráth a fhaighfear sonraí pearsanta don ábhar sonraí, an fhaisnéis bhreise sin is gá chun próiseáil chothrom agus thrédhearcach a áirithiú:

(a)

tréimhse stórála na sonraí pearsanta, nó murarb indéanta sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;

(b)

is ann don cheart rochtain ar shonraí pearsanta a bhaineann leis ábhar sonraí agus go ndéanfaí ceartú nó léirscriosadh na sonraí sin, a iarraidh ar an rialaitheoir, nó srianadh ar phróiseáil maidir leis an ábhar sonraí agus is ann don cheart agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála chomh maith leis an gceart chun iniomparthacht sonraí;

(c)

i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (a) d'Airteagal 6(1) nó ar phointe (a) d'Airteagal 9(2), beidh sé de cheart an toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, gan difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht na próiseála atá bunaithe ar an toiliú sin a fháil roimh an tarraingt siar a dhéanamh;

(d)

an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta;

(e)

an ceanglas reachtach nó conarthach é an ceanglas sonraí pearsanta a sholáthar, nó an ceanglas é ar gá é le go ndéanfaí i gconradh, agus an bhfuil oibleagáid ar an ábhar sonraí na sonraí pearsanta sin a sholáthar mar aon leis na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ann i gcás nár soláthraíodh na sonraí sin; agus

(f)

is ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú, dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus (4) agus, sna cásanna sin ar a laghad, d'fhaisnéis fhónta faoin loighic a bheidh i gceist, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheadh aici ar an ábhar sonraí.

3.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir na sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh chun críche seachas an chríoch dar bailíodh na sonraí pearsanta, cuirfidh an rialaitheoir, sula ndéanfar an tuilleadh próiseála sin, faisnéis ar fáil don ábhar sonraí faoin gcríoch eile sin mar aon le haon fhaisnéis bhreise ábhartha dá dtagraítear i mír 2.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1, mír 2 ná mír 3 i gcás go bhfuil an fhaisnéis ag an ábhar sonraí cheana agus a mhéid go bhfuil.

Airteagal 14

An fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás nár bailíodh na sonraí ón ábhar sonraí

1.   I gcás nár bailíodh na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, soláthróidh an rialaitheoir an fhaisnéis seo a leanas don ábhar sonraí:

(a)

céannacht agus sonraí teagmhála an rialaitheora agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus sonraí teagmhála ionadaí an rialaitheora;

(b)

sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí, más ann dó, más infheidhme;

(c)

críocha na próiseála dá bhfuil na sonraí pearsanta beartaithe chomh maith leis an mbunús dlí don phróiseáil;

(d)

catagóirí na sonraí pearsanta lena mbaineann;

(e)

faighteoirí nó catagóirí fhaighteoirí na sonraí pearsanta, más ann dóibh;

(f)

i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir sonraí pearsanta a aistriú chuig faighteoir i dtríú tír nó in eagraíocht idirnáisiúnta agus cibé arb ann nó nach ann do chinneadh leordhóthanachta, nó i gcás na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 46 nó in Airteagal 47, nó sa dara fomhír d'Airteagal 49(1), tagairt do na coimircí iomchuí nó oiriúnacha agus na bealaí chun cóip díobh a fháil nó cá bhfuil siad ar fáil.

2.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh an rialaitheoir don ábhar sonraí an fhaisnéis a leanas is gá chun próiseáil chothrom agus thrédhearcach a áirithiú maidir leis an ábhar sonraí:

(a)

tréimhse stórála na sonraí pearsanta, nó murarb indéanta sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;

(b)

i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (f) d'Airteagal 6(1), na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag triú páirtí;

(c)

is ann don cheart rochtain ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhair sonraí agus ceartú nó léirscriosadh na sonraí pearsanta sin, a iarraidh ar an rialaitheoir, nó srianadh ar phróiseáil maidir leis an ábhar sonraí agus is ann don cheart agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála chomh maith leis an gceart chun iniomparthacht sonraí;

(d)

i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (a) d'Airteagal 6(1) nó ar phointe (a) d'Airteagal 9(2), beidh sé de cheart an toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, gan difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht na próiseála atá bunaithe ar an toiliú sin a fháil roimh an tarraingt siar a dhéanamh;

(e)

an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta;

(f)

an fhoinse as ar tháinig na sonraí pearsanta, agus más infheidhme, ar tháinig na sonraí as foinsí a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu; agus

(g)

is ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus (4) agus sna cásanna sin ar a laghad, d'fhaisnéis a bhaineann leis an loighic a bheidh i gceist, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheadh aici ar an ábhar sonraí.

3.   Soláthróidh an rialaitheoir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2:

(a)

laistigh de thréimhse réasúnta tar éis na sonraí pearsanta a fháil, ach faoi cheann mí amháin ar a dhéanaí, ag féachaint do na himthosca sonracha ina ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil;

(b)

má tá na sonraí pearsanta le húsáid chun cumarsáid a dhéanamh leis an ábhar sonraí, ar a dhéanaí tráth a dhéantar an chéad chumarsáid leis an ábhar sonraí; nó

(c)

sa chás go bhfuil sé beartaithe na sonraí pearsanta a nochtadh d'fhaighteoir eile, ar a dhéanaí tráth a nochtar na sonraí i gcéad uair.

4.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir na sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh chun críche seachas an chríoch ina bhfuarthas na sonraí pearsanta, cuirfidh an rialaitheoir, sula ndéanfar an tuilleadh próiseála sin, faisnéis ar fáil don ábhar sonraí faoin gcríoch eile sin mar aon le haon fhaisnéis ábhartha bhreise dá dtagraítear i mír 2.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 4 i gcás agus a mhéid gur fíor an méid seo a leanas:

(a)

tá an fhaisnéis faighte cheana ag an ábhar sonraí;

(b)

tá sé dodhéanta an fhaisnéis sin a chur ar fáil nó bhainfeadh iarracht dhíréireach lena cur ar fáil go háirithe nó chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí a leagtar síos in Airteagal 89(1) nó a mhéid is dócha nach féidir a chun na críocha sin h a ghnóthú de bharr an oibleagáíd dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó go ndéanfar an gnóthú sin a lagú go mór.;Sna cásanna sin déanfaidh an rialaitheoir na bearta is gá chun cearta, saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint, lena n-áirítear an fhaisnéis an fhaisnéis a chur ar fáil go poiblí;

(c)

leagtar síos fáil nó nochtadh na sonraí go sainráite le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir agus lena bhforáiltear do bhearta iomchuí chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint;

(d)

i gcás nach mór na sonraí pearsanta a choimeád faoi rún faoi réir oibleagáid rúndachta gairmiúla arna rialú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, lena n-áirítear oibleagáid rúndachta reachtúil.

Airteagal 15

Ceart rochtana don ábhar sonraí

1.   Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí deimhniú a fháil ón rialaitheoir á rá an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi á bpróiseáil nó nach bhfuil, agus, i gcás inarb amhlaidh an cás, rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta sin agus ar an bhfaisnéis seo a leanas:

(a)

críocha na próiseála;

(b)

catagóirí na sonraí pearsanta lena mbaineann;

(c)

na faighteoirí nó na catagóirí faighteora a nochtadh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh, go háirithe faighteoirí i dtríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(d)

i gcás inar féidir, an tréimhse a meastar go stórálfar na sonraí pearsanta lena linn, nó murar féidir é sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;

(e)

is ann don cheart a iarraidh ar an rialaitheoir go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a shrianadh agus is ann don cheart agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil den sórt sin;

(f)

an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta;

(g)

i gcás nach mbailítear na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, aon fhaisnéis atá ar fáil maidir lena bhfoinse;

(h)

is ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú, dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus (4) agus, sna cásanna sin ar a laghad, d'fhaisnéis a bhaineann leis an loighic a bheidh i gceist, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheadh aici ar an ábhar sonraí.

2.   I gcás go n-aistrítear sonraí pearsanta go dtí tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí faisnéis a fháil maidir leis na coimircí iomchuí, de bhun Airteagal 46, a bhaineann leis an aistriú.

3.   Cuirfidh an rialaitheoir cóip de na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil ar fáil. Le haghaidh tuilleadh cóipeanna a d'iarrfadh an t-ábhar sonraí, féadfaidh an rialaitheoir táille réasúnach a ghearradh bunaithe ar chostais riaracháin. I gcás ina ndéanann an t-ábhar sonraí trí mhean leictreonach, agus mura n-iarrann an t-ábhar sonraí a mhalairt, cuirfear an fhaisnéis ar fáil i bhfoirm leictreonach a úsáidtear go coitianta.

4.   An ceart chun cóip a fháil dá dtagraítear i mír 3, ní dhéanfar dochar do chearta ná do shaoirsí daoine eile leis.

Roinn 3

Ceartú agus léirscriosadh

Airteagal 16

An ceart go ndéanfaí ceartúcháin

Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go gceartóidh an rialaitheoir sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis nó léi gan aon mhoill mhíchuí. Agus na críocha dár ndearnadh an phrósieáil a gcur san áireamh, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go ndéanfar sonraí neamhiomlána a chomhlánú, lena n-áirítear de bhíthin soláthair ráitis fhorlíontaigh.

Airteagal 17

An ceart go ndéanfaí léirscriosadh (“an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad”)

1.   Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go léirscriosfaidh an rialaitheoir sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi gan mhoill mhíchuí agus beidh sé d'oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí pearsanta a léirscriosadh gan mhoill mhíchuí i gcás go mbeidh feidhm ag ceann de na forais seo a leanas:

(a)

níl na sonraí riachtanach a thuilleadh i ndáil leis na críocha ar chucu a bailíodh iad nó a próiseáladh iad;

(b)

tarraingíonn an t-ábhar sonraí siar a thoiliú a bhfuil an phróiseáil bunaithe air i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 6(1) nó le pointe (a) d'Airteagal 9(2) agus i gcás nach bhfuil aon fhoras dlíthiúil eile leis an bpróiseáil;

(c)

déanann an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne na próiseála de bhun Airteagal 21(1) agus ní ann d'fhorais dhlisteanacha sháraitheacha maidir leis an bpróiseáil, nó déanann an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne na próiseála de bhun Airteagal 21(2);

(d)

rinneadh próiseáil mhídhleathach ar na sonraí pearsanta;

(e)

is gá na sonraí pearsanta a léirscriosadh le go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir;

(f)

bailíodh na sonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí na sochaí faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a thairiscint.

2.   I gcás inar chuir an rialaitheoir na sonraí pearsanta ar fáil don phobal agus ina bhfuil sé d'oibleagáid air de bhun mhír 1 na sonraí pearsanta a léirscriosadh, déanfaidh an rialaitheoir, agus an teicneolaíocht atá ar fáil agus costas an chur chun feidhme á gcur san áireamh, bearta réasúnta, lena n-áirítear bearta teicniúla, chun na rialaitheoirí a bhfuil próiseáil á déanamh acu a chur ar an eolas faoi go bhfuil sé iarrtha ag an ábhar sonraí go ndéanfadh rialaitheoirí den sórt sin aon nasc leis na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh nó aon chóip nó aon mhacasamhlú de na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 a mhéid go bhfuil an phróiseáil sin riachtanach sna cásanna seo a leanas:

(a)

chun an ceart ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a fheidhmiú;

(b)

chun go gcomhlíonfar oibleagáid dhlíthiúil lena n-éilítear próiseáil le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir;

(c)

ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí i gcomhréir le pointe (h) agus le pointe (i) d'Airteagal 9(2) chomh maith le hAirteagal 9(3);

(d)

chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 89(1) a mhéid is dócha nach féidir cuspóirí na próiseala sin a ghnóthú nó go ndéanfaí dochar dá ngnóthú de bharr an chirt dá dtagraítear i mír 1; nó

(e)

chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.

Airteagal 18

An ceart go gcuirfí srian le próiseáil

1.   Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go gcuirfidh an rialaitheoir srian le próiseáil i gcásanna ina bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

cuireann an t-ábhar sonraí i gcoinne chruinneas na sonraí pearsanta ar feadh tréimhse le go bhféadfaidh an rialaitheoir cruinneas na sonraí pearsanta a fhíorú;

(b)

i gcás ina bhfuil an phróiseáil neamhdhleathach agus ina gcuireann an t-ábhar sonraí i gcoinne léirscriosadh na sonraí pearsanta agus ina n-iarrann sé go gcuirfear srian lena n-úsáid in áit iad a scriosadh;

(c)

níl na sonraí de dhíth ar an rialaitheoir a thuilleadh chun críocha na próiseála, ach tá siad de dhíth ar an ábhar sonraí chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint; nó

(d)

tá curtha i gcoinne próiseála ag an ábhar sonraí de bhun Airteagal 21(1) go dtí go bhfíorófar an mbeidh sáraíocht ag forais dhlisteanacha an rialaitheora ar fhorais dhlisteanacha an ábhair sonraí.

2.   I gcás gur srianadh an phróiseáil faoi mhír 1, ní fhéadfar sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil, seachas iad a stóráil, ach amháin le toiliú an ábhair sonraí nó le go ndéanfar éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint nó le go gcosnófaí cearta duine eile nádúrtha nó dlisteanach nó ar chúiseanna a bhaineann le leas tábhachtach de chuid pobal an Aontais nó de chuid pobal Ballstáit.

3.   Ábhar sonraí a fuair an srianadh ar phróiseáil de bhun mhír 1, cuirfidh an rialaitheoir ar an eolas é sula gcuirfear deireadh leis an srianadh ar phróiseáil.

Airteagal 19

An oibleagáid fógra a thabhairt go ndearnadh sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó próiseáil a shrianadh

Tabharfaidh an rialaitheoir fógra do gach faighteoir ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh má ceartaíodh nó má léirscriosadh nó má srianadh próiseáil a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 16, Airteagal 17(1) agus Airteagal 18, ach amháin má tá sé dodhéanta é sin a dhéanamh nó má tá iarracht dhíréireach ag baint leis. Déanfaidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoi na faighteoirí sin má iarrann an t-ábhar sonraí go ndéanfar amhlaidh.

Airteagal 20

An ceart chun iniomparthacht sonraí

1.   Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a fháil, ar sonraí iad a chuir sé nó sí ar fáil do rialaitheoir, agus an méid sin i bhformáid atá struchtúrtha agus a úsáidtear go coiteann agus atá inléite ag meaisín agus ba cheart a cheadú don ábhar sonraí é a tharchur chuig rialaitheoir eile gan bhacainn ón rialaitheoir ar tugadh na sonraí pearsanta dó, i gcás:

(a)

ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar thoiliú de bhun phointe (a) d'Airteagal 6(1) nó ar phointe (a) d'Airteagal 9(2) nó ar chonradh de bhun phointe (b) d'Airteagal 6(1); agus

(b)

go ndéantar an phróiseáil trí mhodhanna uathoibrithe.

2.   Agus an ceart chun iniomparthacht sonraí de bhun mhír 1 á fheidhmiú aige nó aici, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí a chur faoi deara go dtarchuirfear na sonraí pearsanta go díreach ó rialaitheoir amháin go rialaitheoir eile i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil.

3.   Is gan dochar d'Airteagal 17 a bheidh feidhmiú an chirt sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Ní bheidh feidhm ag an gceart sin maidir leis an bpróiseáil sin a bheidh riachtanach chun cúram a chur i gcrích a dhéanfar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir.

4.   Ní dhéanfaidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 dochar do chearta ná do shaoirsí daoine eile.

Roinn 4

An ceart chun agóid a dhéanamh agus cinnteoireacht aonair uathoibrithe

Airteagal 21

An ceart chun agóid a dhéanamh

1.   Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh, ar fhorais a bhaineann lena staid leithleach féin, ag am ar bith, i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi féin agus é arna bhunú ar phointe (e) nó nó ar phointe (f) d'Airteagal 6(1), lena n-áirítear próifíliú bunaithe ar na forálacha sin. Ní phróiseálfaidh an rialaitheoir na sonraí pearsanta a thuilleadh mura rud é go dtaispeánfaidh an rialaitheoir go bhfuil forais dhlisteanacha thathantacha leis an bpróiseáil a dhéanamh ar forais iad a bhfuil sáraíocht acu ar leasanna, ar chearta agus ar shaoirsí an ábhair sonraí nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.

2.   I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha margaíocht dhíreach, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh am ar bith i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi chun críocha na margaíochta sin, lena n-áirítear próifíliú a mhéid is a bhaineann sé le margaíocht dhíreach den chineál sin.

3.   I gcás go ndéanfaidh an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne próiseála chun críocha na margaíochta, ní dhéanfar na sonraí pearsanta a phróiseáil chun na críocha sin a thuilleadh.

4.   Ar a dhéanaí, ag an tráth a rachfar i dteagmháil den chéad uair leis an ábhar sonraí, déanfar an ceart dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a thabhairt go follasach ar aire don ábhar sonraí agus cuirfear faoina bhráid é go soiléir agus beidh sé scartha amach ó aon fhaisnéis eile.

5.   I gcomhthéacs seirbhísí na sochaí faisnéise a úsáid, agus d'ainneoin Threoir 2002/58/CE, féadfaidh an t-ábhar sonraí a cheart nó a ceart chun agóid a dhéanamh a fheidhmiú trí mhodhanna uathoibrithe lena n-úsáidtear sonraíochtaí teicniúla.

6.   I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil, nó chun críocha staidrimh de bhun Airteagal 89(1), beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí, ar fhorais a bhaineann lena staid leithleach féin, agóid a dhéanamh i gcoinne sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi féin a phróiseáil, ach amháin i gcás gur gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail.

Airteagal 22

Cinnteoireacht aonair uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú

1.   Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí gan a bheith faoi réir cinneadh a bhunaítear ar an bpróiseáil uathoibrithe amháin, lena n-áirítear próifíliú, a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla aige a bhaineann leis nó léi nó lena n-imrítear éifeacht shuntasach, air nó uirthi.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 más fíor an méid seo a leanasi dtaca leis an gcinneadh:

(a)

tá sé riachtanach chun conradh a dhéanamh nó a fheidhmiú idir an t-ábhar sonraí agus rialaitheoir sonraí;

(b)

údaraítear é faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir agus lena leagtar síos freisin bearta iomchuí chun cearta agus saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú; nó

(c)

tá sé bunaithe ar thoiliú sainráite an ábhair sonraí.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) de mhír 2, cuirfidh an rialaitheoir sonraí bearta iomchuí chun feidhme chun cearta agus saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú, ar a laghad ceart an rialaitheora chun idirghabháil daoine a fháil, chun a dhearcadh nó a dearcadh a chur in iúl agus chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh.

4.   Cinntí dá dtagraítear i mír 2, ní bheidh siad bunaithe ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1), ach amháin sa chás go bhfuil feidhm ag pointe (a) nó ag pointe (g) d'Airteagal 9(2) agus go mbeidh bearta iomchuí ann chun cearta agus saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú.

Roinn 5

Srianta

Airteagal 23

Srianta

1.   Féadfar le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a bhfuil an rialaitheoir sonraí nó an próiseálaí faoina réir, trí bheart reachtach, srian a chur le raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagail 12 go 22 agus in Airteagal 34, agus in Airteagal 5 a mhéid a chomhfhreagraíonn a forálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 12 go hAirteagal 22, nuair a urramaíonn an srian sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach, chun an méid seo a leanas a choimirciú:

(a)

an tslándáil náisiúnta;

(b)

an chosaint;

(c)

an tslándáil phoiblí;

(d)

cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin;

(e)

cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas ginearálta phobal an Aontais nó Ballstáit, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, lena n-áirítear ábhair airgeadaíochta, bhuiséadacha agus chánachais, sláinte phoiblí agus slándáil shóisialta;

(f)

neamhspleáchas na mbreithiúna agus imeachtaí breithiúnacha a chosaint;

(g)

chun a áirithiú go ndéantar sáruithe eitice a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh i gcás gairmeacha rialáilte;

(h)

feidhm faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) agus i bpointe (g);

(i)

an t-ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint;

(j)

éileamh faoin dlí sibhialta a fhorfheidhmiú.

2.   Go háirithe, beidh forálacha sonracha in aon bheart reachtach dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb ábhartha, maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála,

(b)

catagóirí na sonraí pearsanta,

(c)

raon feidhme na srianta a thugtar isteach,

(d)

na coimircí chun droch-úsáid a chosc nó chun rochtain nó aistriú mídhleathach a chosc;

(e)

sonrú an rialaitheora nó na gcatagóirí rialaitheoirí,

(f)

na tréimhsí stórála agus na coimircí is infheidhme agus cineál, raon feidhme agus críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála á gcur san áireamh;

(g)

na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí do na sonraí; agus

(h)

an ceart atá agna hábhair sonraí go gcuirfear ar an eolas iad faoin srian, ach amháin dá ndéanfadh an ceart sin dochar do chríoch an tsriain.

CAIBIDIL IV

Rialaitheoir agus próiseálaí

Roinn 1

Oibleagáidí ginearálta

Airteagal 24

Freagracht an rialaitheora

1.   Agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh aige, mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad a d'fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, cuirfidh an rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme le háirithiú agus le bheith in ann a thaispeáint go ndéantar an phróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfar na bearta sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá.

2.   Áireofar sna bearta dá dtagraítear i mír 1 go gcuirfidh an rialaitheoir beartais iomchuí um chosaint sonraí chun feidhme má tá sin comhréireach i dtaca le gníomhaíochtaí próiseála.

3.   Má chloítear le cóid fhormheasta iompair amhail dá dtagraítear in Airteagal 40 nó le sásraí formheasta deimhniúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 42, féadfar sin a úsáid mar ghné lena thaispeáint go gcomhlíontar oibleagáidí an rialaitheora.

Airteagal 25

Cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú

1.   Agus an úrscothacht, an costas a bhaineann le cur chun feidhme agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh, mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha a bhaineann leis an bpróiseáil, ar rioscaí iad a d'fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, déanfaidh an rialaitheoir, tráth chinneadh na modhanna chun an phróiseáil a dhéanamh agus tráth na próiseála féin, bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme, amhail ainm bréige a chur i bhfeidhm, a cheaptar chun na prionsabail a bhaineann le cosaint sonraí a chur chun feidhme, amhail íoslaghdú sonraí, ar bhealach éifeachtach agus na coimircí is gá a chomhtháthú sa phróiseáil d'fhonn ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus cearta na n-ábhar sonraí a chosaint.

2.   Cuirfidh an rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme lena áirithiú nach bpróiseáiltear, mar réamhshocrú, ach na sonraí pearsanta sin atá riachtanach i gcás gach cuspóra shonraigh atá leis an bpróiseáil. Tá feidhm ag an oibleagáid sin maidir leis an méid sonraí a bhailítear, an oiread próiseálaa dhéantar orthu, an tréimhse a stóráiltear iad lena linn agus an rochtain atá orthu. Áiritheofar le bearta den sórt sin, go háirithe, nach gcuirfear sonraí pearsanta ar fáil mar réamhshocrú do líon éiginnte daoine nádúrtha gan idirghabháil ón duine aonair.

3.   Féadfar leas a bhaint as sásra formheasta deimhniúcháin de bhun Airteagal 42 mar ghné lena thaispeáint go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 26

Rialaitheoirí comhpháirteacha

1.   I gcás ina gcinneann dhá rialaitheoir nó níos mó go comhpháirteach críocha agus bealaí na próiseála, beidh siad ina rialaitheoirí comhpháirteacha. Cinnfidh siad, ar bhealach trédhearcach, na freagrachtaí a bheidh orthu faoi seach maidir leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, go háirithe maidir le feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí agus na dualgais a bheidh orthu faoi seach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 a chur ar fáil, trí chomhshocrú eatarthu, murar rud é gur le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a chinntear na freagrachtaí atá ar na rialaitheoirí faoi seach, nó a mhéid ar leis na dlíthe sin a chinntear na freagrachtaí atá orthu, agus ar faoina réir atá na rialaitheoirí. Faoin gcomhshocrú, féadfar pointe teagmhála a ainmniú do na hábhair sonraí.

2.   Maidir leis an gcomhshocrú dá dtagraítear i mír 1, leireofar ann róil agus gaoil faoi seach na rialaitheoirí comhpháirteacha i leith na n-ábhar sonraí. Cuirfear buneolas maidir leis an gcomhshocrú sin ar fáil don ábhar sonraí.

3.   Beag beann ar théarmaí an chomhshocraithe dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo i ndáil le gach rialaitheoir ar leithligh agus i gcoinne gach rialaitheora.

Airteagal 27

Ionadaithe do rialaitheoirí nódo phróiseálaithe nach bhfuil bunaithe san Aontas

1.   I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 3(2), déanfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí ionadaí a ainmniú, i scríbhinn, san Aontas.

2.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo maidir leid an méid seo a leanas:

(a)

próiseáil a dhéantar go hócáideach agus nach n-áirítear leis sin, ar mhórscála, próiseáil catagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) nó próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10 agus nach dóigh go mbeidh riosca ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine, ag féachaint do chineál, do raon feidhme agus do chríocha na próiseála; nó

(b)

údarás nó comhlacht poiblí.

3.   Beidh an t-ionadaí bunaithe i gceann amháin de na Ballstáit ina bhfuil na hábhair sonraí a bpróiseáiltear a sonraí pearsanta i ndáil le hearraí nó seirbhísí a chur ar fáil dóibh, nó a ndéantar faireachán ar a n iompar.

4.   Tabharfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí sainordú go rachaidh na húdaráis mhaoirseachta agus na hábhair sonraí go háirithe, de bhreis ar an rialaitheoir nó an próiseálaí nó ina n-ionad siúd, i dteagmháil leis an ionadaí maidir leis na saincheisteanna uile a bhaineann leis an bpróiseáil, d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

5.   Ní dochar do chaingean dlí a d'fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne an rialaitheora féin nó an phróiseálaí féin an rialaitheoir nó an próiseálaí do cheapadh ionadaí.

Airteagal 28

An próiseálaí

1.   I gcás ina mbeidh próiseáil le déanamh thar ceann rialaitheora, ní bhainfidh an rialaitheoir úsáid ach as próiseálaithe a thugann ráthaíochtaí leordhóthanacha go gcuirfear bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme sa dóigh is go gcomhlíonfaidh an phróiseáil ceanglais an Rialacháin seo agus a áirithiú go gcosnófar cearta an ábhair sonraí.

2.   Ní fhostóidh próiseálaí cúnamh próiseálaí eile, gan údarú sonrach nó ginearálta a fháil ón rialaitheoir i scríbhinn. sin, i gcás údaraithe sonraigh nó ghinearálta, déanfaidh an próiseálaí an rialaitheoir a chur ar an eolas i gcónaí maidir le haon athrú a bheadh beartaithe a bhaineann le próiseálaithe a chur leis nó in ionad próiseálaithe eile, sa chaoi go mbeadh deis ag an rialaitheoir agóid a dhéanamh i gcoinne athruithe den chineál sin.

3.   Rialófar an phróiseáil a dhéanfaidh próiseálaí le conradh nó le gníomh dlí eile faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit atá ina cheangal ar an bpróiseálaí i dtaca leis an rialaitheoir ó thaobh dlí agus ina leagtar amach ábhar agus fad na próiseála, cineál agus críoch na próiseála, cineál na sonraí pearsanta agus catagóirí na n-ábhar sonraí do na sonraí agus oibleagáidí agus cearta an rialaitheora. Foráilfear sa chonradh nó sa ghníomh dlíthiúil eile go ndéanfaidh an próiseálaí an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

ní phróiseálfaidh sé na sonraí pearsanta ach amháin ar threoracha doiciméadaithe a fháil ón rialaitheoir chuige sin, lena n-áirítear maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, mura n-éilítear an phróiseáil sin a dhéanamh faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit ar faoina réir atá an próiseálaí; agus sa chás sin, cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir in iúl faoin gceanglas dlíthiúil sin sula ndéanfar an phróiseáil, ach amháin mura gcoisctear an fhaisnéis sin faoin dlí sin ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí;

(b)

áiritheoidh sé go bhfuil gealltanas rúndachta tugtha ag na daoine atá údaraithe chun na sonraí pearsanta a phróiseáil nó go bhfuil siad faoi cheangal oibleagáide rúndachta reachtúla iomchuí;

(c)

déanfaidh sé gach beart is gá de bhun Airteagal 32;

(d)

urramóidh sé na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 agus 4 faoina bhfostófar próiseálaí eile;

(e)

agus cineál na próiseála á chursan áireamh, cuideoidh sé leis an rialaitheoir, a mhéid is féidir, trí bhearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a bhaineann le comhlíonadh oibleagáid an rialaitheora iarrataí a fhreagairt maidir le feidhmiú chearta an ábhair sonraí a leagtar amach i gCaibidil III;

(f)

cúnamh a thabhairt don rialaitheoir chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí de bhun Airteagal 32 go hAirteagal 36, á chur san áireamh dó cineál na próiseála agus an fhaisnéis atá ar fáil don phróiseálaí;

(g)

ar rogha an rialaitheora, tabharfaidh sé na sonraí pearsanta uile ar ais don rialaitheoir nó scriosfaidh sé iad, tar éis dheireadh sholáthar na seirbhísí a bhaineann leis an bpróiseáil sonraí agus na cóipeanna atá ar marthain a scriosadh, mura rud é go n-éilíonn dlí an Aontais nó dlí Ballstáit go ndéanfar na sonraí údarú sonrach nó ginearálta sin a stóráil; agus

(h)

cuirfidh sé ar fáil don rialaitheoir an fhaisnéis uile is gá chun comhlíonadh na n-oibleagáidí atá leagtha síos san Airteagal seo a thaipseáint agus ceadóidh sé go ndéanfaidh an rialaitheoir nó iniúchóir eile dá dtabharfaidh an rialaitheoir sainordú, iniúchtaí, lena n-áirítear cigireachtaí, agus beidh baint aige leis na hiniúchtaí agus leis na cigireachtaí sin.

I dtaca le pointe (h) den chéad fhomhír, cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir ar an eolas láithreach, más rud é, ina thuairim, go sáraíonn treoir an Rialachán seo nó forálacha maidir le cosaint sonraí de chuid an Aontais nó Ballstáit.

4.   I gcás ina bhfostóidh próiseálaí cúnamh próiseálaí eile d'fhonn gníomhaíochtaí sonracha próiseála a chur i gcrích thar ceann an rialaitheora, déanfar na hoibleagáidí cosanta sonraí céanna atá leagtha amach sa chonradh nó i ngníomh dlíthiúil eile idir an rialaitheoir agus an próiseálaí dá dtagraítear i mír 2 a fhorchur ar an bpróiseálaí eile, trí chonradh nó trí ghníomh dlíthiúil eile faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit, lena dtabharfar go háirithe ráthaíochtaí leordhóthanacha go gcuirfear na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme sa dóigh is go gcomhlíonfaidh an phróiseáil ceanglais an Rialacháin seo. I gcás ina mainníonn an próiseálaí eile a oibleagáidí cosanta sonraí a chomhlíonadh, beidh an chéad phróiseálaí go hiomlán dlite don rialaitheoir as feidhmiú oibleagáidí an phróiseálaí eile.

5.   Má chloíonn próiseálaí le cód formheasta iompair amhail dá dtagraítear in Airteagal 40 nó le sásra deimhniúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 42, féadfar sin a úsáid mar eilimint le ráthaíochtaí leordhóthanacha iomchuí amhail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 4 den Airteagal seo a thaispeáint.

6.   Gan dochar do chonradh aonair idir an rialaitheoir agus an próiseálaí, féadfaidh an conradh nó an gníomh dlíthiúil eile dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo a bheith bunaithe, go hiomlán nó go páirteach, ar chlásail chaighdeánacha chonarthacha dá dtagraítear i mír 7 agus i mír 8 den Airteagal seo, lena n-áirítear nuair atá siad mar chuid de dheimhniúchán a dheonaítear don rialaitheoir nó don phróiseálaí de bhun Airteagal 42 agus Airteagal 43.

7.   Féadfaidh an Coimisiún clásail chaighdeánacha chonarthacha a leagan síos le haghaidh na n-ábhar dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

8.   Féadfaidh údarás maoirseachta clásail chaighdeánacha chonarthacha a ghlacadh le haghaidh na n-ábhar dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 i gcomhréir leis an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63.

9.   Is i scríbhinn, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, a bheidh an conradh nó an gníomh dlíthiúil eile dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4.

10.   Gan dochar d'Airteagal 82, d'Airteagal 83 agus d'Airteagal 84, má sháraíonn próiseálaí an Rialachán seo trí chríocha agus modhanna na próiseála a chinneadh, measfar gur rialaitheoir é an próiseálaí i ndáil leis an bpróiseáil sin.

Airteagal 29

Próiseáil faoi údarás an rialaitheora nó an phróiseálaí

An próiseálaí ná aon duine atá ag gníomhú faoi údarás an rialaitheora nó an phróiseálaí, agus a bhfuil rochtain aige nó aici ar shonraí pearsanta, ní dhéanfaidh sé nó sí na sonraí sin a phróiseáil ach amháin ar threoracha a fháil chuige sin ón rialaitheoir, mura rud é go n-éilítear sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit.

Airteagal 30

Taifid de ghníomhaíochtaí próiseála

1.   Coimeádfaidh gach rialaitheoir agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaí an rialaitheora taifead de ghníomhaíochtaí próiseála atá faoina chúram. Áireofar an fhaisnéis uile eo a leanas sa taifead sin:

(a)

ainm agus sonraí teagmhála an rialaitheora agus, i gcás inarb infheidhme, ainm agus sonraí teagmhála aon rialaitheora chomhpháirtigh, ainm agus sonraí teagmhála ionadaí an rialaitheora agus an oifigigh cosanta sonraí;

(b)

críocha na próiseála;

(c)

tuairisc ar na catagóirí ábhar sonraí agus ar na catagóirí sonraí pearsanta;

(d)

na catagóirí faighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh, lena n-áirítear faighteoirí i dtríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(e)

i gcás in arb infheidhme, aistrithe sonraí pearsanta go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin a ainmniú agus, i gcás aistrithe dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 49(1), na doiciméid maidir le coimircí oiriúnacha;

(f)

más féidir, na teorainneacha ama atá beartaithe chun catagóirí éagsúla sonraí a léirscriosadh;

(g)

más féidir, cur síos ginearálta ar na bearta teicniúla agus eagraíochtúla dá dtagraítear in Airteagal 32(1).

2.   Coimeádfaidh gach próiseálaí agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaí an phróiseálaí taifead ar na catagóirí uile gníomhaíochtaí próiseála, ar gníomhaíochtaí iad a dhéantar thar ceann an rialaitheora agus áireofar an méid seo a leanas sa taifead sin:

(a)

ainm agus sonraí teagmhála an phróiseálaí nó na bpróiseálaithe agus ainm agus sonraí teagmhála gach rialaitheora ar thar a cheann atá an próiseálaí ag feidhmiú, agus, i gcás inarb infheidhme, ainm agus sonraí teagmhála ionadaí an rialaitheora nó an phróiseálaí, agus an oifigigh cosanta sonraí;

(b)

catagóirí na próiseála a rinneadh thar ceann gach rialaitheora;

(c)

i gcás in arb infheidhme, aistrithe sonraí pearsanta go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin a ainmniú agus, i gcás aistrithe dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 49(1), na doiciméid maidir le coimircí oiriúnacha;

(d)

más féidir, cur síos ginearálta ar na bearta teicniúla agus eagraíochtúla dá dtagraítear in Airteagal 32(1).

3.   Is i scríbhinn, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, a bheidh na taifid dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

4.   Cuirfidh an rialaitheoir nó an próiseálaí agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaí an rialaitheora nó ionadaí an phróiseálaí, an taifead ar fáil don údarás maoirseachta, arna iarraidh sin.

5.   Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 maidir le fiontar nó le heagraíocht ina bhfostaítear níos lú ná 250 duine ach amháin murar dócha é go ngabhann riosca do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí leis an bpróiseáil a bhíonn ar bun ann, nach ndéantar an phróiseáil go hócáideach, go n-áirítear sa phróiseáil catagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) nó próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10.

Airteagal 31

Comhar leis an údarás maoirseachta

Comhoibreoidh an rialaitheoir agus an próiseálaí agus, i gcás inarb infheidhme, a n-ionadaithe, arna iarraidh sin, leis an údarás maoirseachta chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh.

Roinn 2

Slándáil sonraí pearsanta

Airteagal 32

Slándáil na próiseála

1.   Agus an úrscothacht, na costais a bhaineann leis an gcur chun feidhme, agus cineál, comhthéacs, raon feidhme agus cuspóirí na próiseála á gcur san áireamh mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad a d'fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, cuirfidh an rialaitheoir agus an próiseálaí bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun leibhéal slándála a áirithiú is iomchuí don riosca sin, lena n-áirítear, inter alia, de réir mar is iomchuí:

(a)

ainm bréige a chur i bhfeidhm agus criptiú a dhéanamh i ndáil le sonraí pearsanta;

(b)

an cumas rúndacht leanúnach, sláine, infhaighteacht agus athléimneacht na gcóras agus na seirbhísí próiseála a áirithiú;

(c)

an cumas infhaighteacht agus rochtain ar shonraí pearsanta a athshlánú ar mhodh tráthúil sa chás ina dtarlaíonn teagmhas fisiciúil nó teicniúil;

(d)

próiseas chun tástáil, measúnú agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil chun slándáil na próiseála a áirithiú.

2.   Agus measúnú á dhéanamh ar leibhéal iomchuí slándála, tabharfar aird go háirithe ar na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil, go háirithe scrios, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach.

3.   Má chloítear le cód formheasta iompair amhail dá dtagraítear in Airteagal 40 nó le sásra formheasta deimhniúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 42, féadfar sin a úsáid mar eilimint lena thaispeáint go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

4.   Déanfaidh an rialaitheoir agus an próiseálaí bearta lena áirithiú nach ndéanann aon duine nádúrtha atá ag gníomhú faoi údarás an rialaitheora nó an phróiseálaí agus a bhfuil rochtain aige ar shonraí pearsanta na sonraí sin a phróiseáil ach amháin ar threoracha a fháil chuige sin ón rialaitheoir, seachas más gá dó nó di sin a dhéanamh faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit.

Airteagal 33

Fógra a thabhairt don údarás maoirseachta faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta

1.   I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta, tabharfaidh an rialaitheoir, gan aon mhoill mhíchuí agus, más féidir, tráth nach déanaí ná 72 uair tar éis dó bheith ar an eolas faoin sárú sin, fógra a thabhairt don údarás maoirseachta atá inniúil i gcomhréir le hAirteagal l55, mura rud é, nach dócha go mbeidh riosca ann, mar thoradh ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha. Gabhfaidh na cúiseanna a bhí leis an mhoill leis an bhfógra don údarás maoirseachta i gcás nach dtugtar an fógra sin laistigh de 72 uair.

2.   Cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir ar an eolas gan mhoill mhíchuí a luaithe a thuigeann sé gur tharla sárú i ndáil le sonraí pearsanta.

3.   Leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

tabharfar tuairisc ar an gcineál sáraithe atá ann i ndáil le sonraí pearsanta, lena n-áirítear, nuair is féidir, na catagóirí agus neas-líon na n-ábhar sonraí lena mbaineann agus catagóirí agus neas-líon na dtaifead sonraí pearsanta lena mbaineann;

(b)

cuirfear ainm agus sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí in iúl nó luafar pointe teagmhála eile ónar féidir tuilleadh eolais a fháil;

(c)

tabharfar tuairisc ar iarmhairtí dóchúla an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta; agus

(d)

tabharfar tuairisc ar na bearta atá déanta ag an rialaitheoir nó atá beartaithe aige a dhéanamh le haghaidh a tbabhairt ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, bearta chun aon éifeachtaí díobhálacha a d'fhéadfadh a bheith ag an sárú a mhaolú.

4.   I gcás nach féidir, agus a mhéid nach féidir, an fhaisnéis a chur ar fáil ag an am céanna, féadfar an fhaisnéis a sholáthar i gcéimeanna gan tuilleadh moille míchuí.

5.   Déanfaidh an rialaitheoir aon sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta a dhoiciméadú, arb iad na fíricí a bhaineann leis an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, na héifeachtaí a bhaineann leis agus na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh. Leis an doiciméadacht sin, cuirfear ar chumas an údaráis mhaoirseachta a fhíorú an bhfuil an tAirteagal seo á chomhlíonadh.

Airteagal 34

Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí

1.   I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta ar dóchúil go mbeadh ardriosca ann dá bharr do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, cuirfidh an rialaitheoir in iúl don ábhar sonraí, gan mhoill mhíchuí, gur tharla an sárú sin.

2.   Nuair a chuirtear in iúl don ábhar sonraí gur tharla sárú, mar a thagraítear dó i mír 1 den Airteagal seo, tabharfar tuairisc i bhfriotal soiléir, follasach, ar chineál an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis agus na bearta dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 33(3).

3.   Ní bheidh gá leis an eolas sin a chur in iúl mar a thagraítear dó i mír 1 má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil bearta iomchuí cosanta, idir theicneolaíoch agus eagraíochtúil, curtha chun feidhme ag an rialaitheoir agus gur cuireadh na bearta sin i bhfeidhm maidir leis na sonraí pearsanta a raibh tionchar ag an sárú i ndáil le sonraí pearsanta orthu, go háirithe na bearta sin a fhágann nach mbeidh duine ar bith nach bhfuil údaraithe chun rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta in ann iad a thuiscint, amhail criptiú;

(b)

gur ghlac an rialaitheoir bearta ina dhiaidh sin lena n-áiritheofaí nach móide go dtarlódh an t-ardriosca do chearta ná do shaoirsí na n-ábhar sonraí mar a thagraítear dó i mír 1 a thuilleadh; nó

(c)

go mbeadh iarracht neamhréireach ag teastáil chuige. I gcás den sórt sin, eiseofar teachtaireacht phoiblí nó glacfar beart atá comhchosúil leis trína dtabharfar fógra do na hábhar sonraí ar bhealach atá chomh héifeachtúil céanna.

4.   Más rud é nár chuir an rialaitheoir in iúl fós an sárú i ndáil le sonraí pearsanta don ábhar sonraí, féadfaidh an t-údarás maoirseachta, tar éis breithniú a dhóchúla atá sé go dtarlódh ardriosca de bharr an tsáraithe i dtaca le sonraí pearsanta, a cheangal air é a chur in iúl nó féadfaidh sé a chinneadh go bhfuil aon cheann de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3 á chomhlíonadh.

Roinn 3

Measúnú tionchair ar chosaint sonraí agus réamhchomhairliúchán

Airteagal 35

Measúnú tionchair ar chosaint sonraí

1.   I gcás inar dóchúil go dtarlódh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha de bharr chineál na próiseála, go háirithe próiseáil ina n-úsáidfí nuatheicneolaíochtaí, déanfaidh an rialaitheoir, sula ndéanfar an phróiseáil, measúnú ar thionchar na n-oibríochtaí próiseála a bheartaítear a dheanamh ar chosaint na sonraí pearsanta, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh. Le measúnú aonair, féadfar tabhairt faoi shraith d'oibríochtaí próiseála comhchosúla a bhfuil ardrioscaí comhchosúla ag baint leo.

2.   Rachaidh an rialaitheoir i gcomhairle leis an oifigeach cosanta sonraí, má tá ceann ceaptha, agus measúnú tionchair ar chosaint sonraí á dhéanamh.

3.   An measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá dtagraítear i mír 1, beidh gá leis go háirithe i gcásanna:

(a)

meastóireacht chórasach, chuimsitheach a bheith á déanamh ar na gnéithe pearsanta a bhaineann le daoine nádúrtha, ar measúnú é atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe lena n-áirítear próifíliú, agus a mbeidh cinntí á mbunú air a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla acu do dhuine nádúrtha nó a mbeidh éifeachtaí suntasacha comhchosúla acu ar an duine nádúrtha;

(b)

próiseáil mhórscála ar chatagóirí speisialta de shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1), nó ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10; nó

(c)

faireachán córasach mórscála ar limistéir atá inrochtana don phobal.

4.   Bunóidh an t-údarás maoirseachta liosta de na cineálacha oibríochtaí próiseála atá faoi réir an cheanglais maidir le measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh de bhun mhír 1 agus cuirfidh sé an liosta sin ar fáil don phobal. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta na liostaí sin chuig an mBord dá dtagraítear in Airteagal 68.

5.   Féadfaidh an t-údarás maoirseachta liosta a leagan amach agus a chur ar fáil go poiblí de na cineálacha oibríochtaí próiseála nach gá measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh ina leith. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta na liostaí sin chuig an mBord.

6.   Sula nglacfar na liostaí dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5, cuirfidh an t-údarás inniúil maoirseachta an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63 i bhfeidhm i gcás ina bhfuil baint ag an liosta le gníomhaíochtaí próiseála a bhaineann le hearraí nó seirbhísí a chur ar fáil d'ábhair sonraí, nó a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar iompar na ndaoine sin i mBallstáit éagsúla, nó i gcás ina bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí próiseála a d'fhéadfadh cur isteach ar shaorghluaiseacht sonraí pearsanta san Aontas.

7.   Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa mheasúnú:

(a)

tuairisc chórasach ar na hoibríochtaí próiseála atá beartaithe agus críocha na próiseála agus, más infheidhme, na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir;

(b)

measúnú ar riachtanas agus comhréireacht na n-oibríochtaí próiseála i gcomhréir leis na críocha;

(c)

measúnú ar na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí dá dtagraítear i mír 1; agus

(d)

na bearta a cheaptar a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí, lena n-áirítear coimircí, bearta slándála agus sásraí chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú agus chun a thaispeáint go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh, cearta agus leasanna dlisteanacha ábhar sonraí agus daoine eile lena mbaineann á gcur san áireamh.

8.   Maidir leis na rialaitheoirí agus na próiseálaithe ábhartha a bheith ag comhlíonadh na gcód iompair formheasta dá dtagraítear in Airteagal 40, cuirfear é sin san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar thionchar na n-oibríochtaí próiseála a dhéanann na rialaitheoirí nó na próiseálaithe sin, go háirithe chun críocha measúnú tionchair ar chosaint sonraí.

9.   I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an rialaitheoir ar ábhair sonraí nó ar a n-ionadaithe a dtuairimí a thabhairt maidir leis an bpróiseáil atá beartaithe, gan dochar do chosaint leasanna tráchtála nó poiblí ná do shlándáil oibríochtaí próiseála.

10.   I gcás ina bhfuil bunús dlí ag an bpróiseáil de bhun phointe (c) nó (e) d'Airteagal 6(1) i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit ar faoina réir atá an rialaitheoir, agus go rialaíonn an dlí sin an oibríocht próiseála shonrach nó an sraith d'oibríochtaí atá i gceist, agus ina bhfuil measúnú tionchair ar chosaint sonraí déanta cheana mar chuid de mheasúnú ginearálta tionchair i gcomhthéacs ghlacadh an bhunúis dlí sin, ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 7, mura measann na Ballstáit go bhfuil sé riachtanach measúnú den sórt sin a dhéanamh sula rachfar i mbun na ngníomhaíochtaí próiseála.

11.   I gcás inar gá, déanfaidh an rialaitheoir athbhreithniú chun a mheas an bhfuil an phróiseáil á déanamh i gcomhréir leis an measúnú tionchair ar chosaint sonraí, ar a laghad nuair a bhíonn athrú sa riosca a bhaineann le hoibríochtaí próiseála.

Airteagal 36

Réamhchomhairliúchán

1.   Rachaidh an rialaitheoir i gcomhairle leis an údarás maoirseachta sula ndéanfar an phróiseáil i gcás ina léirítear sa mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí faoi Airteagal 35 gur dóchúil go mbainfeadh ardriosca leis an bpróiseáil in éagmais bearta a bheadh le glacadh ag an rialaitheoir chun an riosca sin a mhaolú.

2.   I gcás ina measann an t-údarás maoirseachta go sáródh an phróiseáil atá beartaithe agus dá dtagraítear i mír 1 an Rialachán seo, go háirithe i gcás nach sainaithníonn an rialaitheoir an riosca go leordhóthanach nó nach ndéanann sé an riosca a mhaolú go leordhóthanach, cuirfidh an t-údarás maoirseachta comhairle i scríbhinn ar fáil don rialaitheoir, laistigh de thréimhse ocht seachtaine ar a laghad ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil, agus, nuair is infheidhme ar an bpróiseálaí, féadfaidh sé aon cheann de na cumhachtaí atá aige dá dtagraítear in Airteagal 58 a úsáid. Féadfar síneadh sé seachtaine a chur leis an tréimhse sin, agus castacht na próiseála atá beartaithe á cur san áireamh. Cuirfidh an t-údarás maoireseachta an rialaitheoir agus, i gcás inarb infheidhme, an próiseálaí ar an eolas faoi aon síneadh den sórt sin agus faoi na cúiseanna a bhí leis an moill laistigh de mhí amháin ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil. Féadfar na tréimhsí sin a chur ar fionraí go dtí go mbeidh faisnéis a d'iarr an t-údarás maoirseachta chun críocha an chomhairliúcháin faighte aige.

3.   Nuair a rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás maoirseachta de bhun mhír 1, cuirfidh an rialaitheoir an méid a leanas ar fáil don údarás maoirseachta:

(a)

nuair is infheidhme, freagrachtaí faoi seach an rialaitheora, na rialaitheoirí comhpháirteacha agus na bpróiseálaithe a dhéanann an phróiseáil, go háirithe le haghaidh próiseáil laistigh de ghrúpa gnólachtaí;

(b)

críocha agus modhanna na próiseála beartaithe;

(c)

na bearta agus coimircí dá bhforáiltear chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint de bhun an Rialacháin seo;

(d)

nuair is infheidhme, sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí;

(e)

an measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 35; agus

(f)

aon fhaisnéis eile a iarrann an t-údarás maoirseachta.

4.   Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an údarás maoirseachta agus togra á ullmhú acu le haghaidh bearta reachtacha atá le glacadh ag parlaimint náisiúnta nó le haghaidh beart rialála bunaithe ar bheart reachtach den sórt sin, a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta.

5.   D'ainneoin mhír 2, féadfar, le dlí Ballstáit, a cheangal ar na rialaitheoirí dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, agus údarú a fháil uaidh roimh ré, i dtaobh sonraí pearsanta a phróiseáil ionas go bhféadfadh an rialaitheoir cúram éigin a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail, lena n-áirítear an phróiseáil i ndáil le coimirce shóisialta agus sláinte phoiblí.

Roinn 4

Oifigeach cosanta sonraí

Airteagal 37

An t-oifigeach cosanta sonraí a ainmniú

1.   Ceapfaidh an rialaitheoir agus an próiseálaí oifigeach cosanta sonraí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

tá an phróiseáil á déanamh ag údarás nó comhlacht poiblí, ach amháin cúirteanna ag gníomhú faoina gcumas breithiúnach;

(b)

is é atá i bpríomhghníomhaíochtaí an rialaitheora nó an phróiseálaí oibríochtaí próiseála lena gceanglaítear, de bhua chineál, raon feidhme agus/nó chuspóirí na n-oibríochtaí, go ndéantar faireachán rialta agus córasach mórscála ar na hábhair sonraí; nó

(c)

is é atá i bpríomhghníomhaíochtaí an rialaitheora nó an phróiseálaí próiseáil mhórscála ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta de bhun Airteagal 9 agus ar shonraí a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10.

2.   Féadfaidh grúpa gnóthas oifigeach cosanta sonraí amháin a cheapadh ar choinníoll go bhfuil rochtain éasca ar oifigeach cosanta sonraí ó gach ceann de na bunaíochtaí.

3.   I gcás inar údarás nó comhlacht poiblí é an rialaitheoir nó an próiseálaí, féadfar an t-aon oifigeach amháin cosanta sonraí a cheapadh i gcás na n-údarás éagsúil nó na gcomhlachtaí éagsúla sin, agus struchtúr eagraíochtúil agus méid na n-údarás nó na gcomhlachtaí á gcur san áireamh.

4.   I gcásanna seachas na cásanna dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí nó comhlachais agus comhlachtaí eile a dhéanann ionadaíocht thar ceann catagóirí rialaitheoirí nó próiseálaithe, oifigeach cosanta sonraí a cheapadh, nó i gcás inar gceanglaítear sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, ceapfaidh siad é. Féadfaidh an t-oifigeach cosanta sonraí gníomhú do chomhlachais agus do chomhlachtaí eile mar sin a dhéanann ionadaíocht thar ceann rialaitheoirí nó próiseálaithe.

5.   Ceapfar an t-oifigeach cosanta sonraí bunaithe ar bhonn cháilíochtaí gairmiúla an duine agus, go háirithe, ar an méid saineolais atá ag an duine maidir le dlí agus cleachtais um chosaint sonraí agus ar chumas an duine na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 39 a chomhlíonadh.

6.   Féadfaidh sé gur comhalta foirne de chuid an rialaitheora nó an phróiseálaí é an t-oifigeach cosanta sonraí, nó d'fhéadfadh an t-oifigeach na cúraimí sin a chomhlíonadh ar bhonn conartha seirbhíse.

7.   Foilseoidh an rialaitheoir nó an próiseálaí ainm agus sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí agus cuirfidh sé iad in iúl don údarás maoirseachta.

Airteagal 38

Post an oifigigh cosanta sonraí

1.   Áiritheoidh an rialaitheoir agus an próiseálaí go bhfuil baint ag an oifigeach cosanta sonraí, go cuí agus go tráthúil, le gach saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

2.   Tacóidh an rialaitheoir agus an próiseálaí leis an oifigeach cosanta sonraí agus na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 39 á gcur i gcrích aige trí na hacmhainní is gá a chur ar fáil dó chun na cúraimí sin a chur i gcrích agus áiritheoidh siad go mbeidh rochtain aige ar shonraí pearsanta agus ar oibríochtaí próiseála, agus chun a shaineolas nó a saineolas a choinneáil.

3.   Áiritheoidh an rialaitheoir agus an próiseálaí nach bhfaighidh an t-oifigeach cosanta sonraí treoir ar bith maidir leis na cúraimí sin a chur i gcrích. Ní ghearrfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí pionós air nó uirthi ná ní chuirfidh siad as a phost nó a post é nó í as na cúraimí atá air nó uirthi a dhéanamh. Tabharfaidh an t-oifigeach cosanta sonraí tuairisc go díreach do leibhéal bainistíochta is airde an rialaitheora nó an phróiseálaí.

4.   Féadfaidh ábhair sonraí dul i dteagmháil leis an oifigeach cosanta sonraí maidir le haon saincheist a bhaineann le próiseáil a sonraí agus maidir le feidhmiú a gceart faoin Rialachán seo.

5.   Beidh an t-oifigeach cosanta sonraí faoi cheangal sicréideachta nó rúndachta maidir le comhlíonadh a chúraimí nó a cúraimí, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit.

6.   Féadfaidh an t-oifigeach cosanta sonraí cúraimí eile agus dualgais eile a chomhlíonadh. Áiritheoidh an rialaitheoir nó an próiseálaí nach n-eascraíonn coinbhleacht leasa as na cúraimí ná as na dualgais sin.

Airteagal 39

Cúraimí an oifigigh cosanta sonraí

1.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar a laghad ag an oifigeach cosanta sonraí:

(a)

fógra a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí agus do na fostaithe a dhéanann an phróiseáil, agus comhairle a chur orthu siúd chomh maith, faoi na hoibleagáidí atá orthu de bhun an Rialacháin seo agus de bhun dlí eile de chuid an Aontais um chosaint sonraí nó de bhun fhorálacha eile Ballstáit um chosaint sonraí;

(b)

faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, ar chomhlíonadh dlí eile de chuid an Aontais um chosaint sonraí nó ar chomhlíonadh fhorálacha eile Ballstáit um chosaint sonraí, agus ar chomhlíonadh bheartais an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir le cosaint sonraí pearsanta, lena n- freagrachtaí a shannadh, cur leis an bhfeasacht agus oiliúint a chur ar chomhaltaí foirne atá bainteach le hoibríochtaí próiseála, agus maidir leis na hiniúchtaí gaolmhara;

(c)

comhairle a thabhairt nuair a iarrtar sin air maidir leis an measúnú tionchair ar chosaint sonraí agus faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht de bhun Airteagal 33;

(d)

comhoibriú leis an údarás maoirseachta; agus

(e)

gníomhú mar an pointe teagmhála don údarás maoirseachta i dtaobh saincheisteanna a bhaineann leis an bpróiseáil, lena n-áirítear an réamhchomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 36, agus dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, maidir le haon ábhar eile.

2.   Agus a chúraimí nó a cúraimí á ndéanamh ag an oifigeach cosanta sonraí, tabharfaidh sé nó sí aird chuí ar na rioscaí a bhaineann le hoibríochtaí próiseála, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh.

Roinn 5

Cóid iompair agus deimhniú

Airteagal 40

Cóid iompair

1.   Tabharfaidh na Ballstáit, na húdaráis mhaoirseachta, an Bord agus an Coimisiún spreagadh chun cóid iompair a tharraingt suas a chuideoidh le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo, agus sainairíonna na n-earnálacha éagsúla próiseála á gcur san áireamh mar aon le riachtanais sonracha na micreafhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide.

2.   Féadfaidh comhlachais agus comhlachtaí eile a dhéanann ionadaíocht do chatagóirí rialaitheoirí nó próiseálaithe cóid iompair a ullmhú, a leasú nó síneadh a chur leo chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a shonrú, amhail i dtaca leis an méid seo a leanas:

(a)

próiseáil chothrom thrédhearcach;

(b)

na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag rialaitheoirí i gcomhthéacsanna sonracha;

(c)

bailiú sonraí pearsanta;

(d)

ainm bréige a chur i bhfeidhm ar shonraí pearsanta;

(e)

an fhaisnéis a sholáthraítear don phobal agus d'ábhar sonraí;

(f)

feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí;

(g)

faisnéis a sholáthraítear do leanaí, agus cosaint leanaí, agus an bealach a ndéantar an toiliú a fháil ó shealbhóirí fhreagracht tuismitheora an linbh;

(h)

na bearta agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 24 agus in Airteagal 25 agus na bearta chun slándáil na próiseála dá dtagraítear in Airteagal 32 a áirithiú;

(i)

fógra faoi sháruithe i ndáil le sonraí pearsanta a thabhairt d'údaráis mhaoirseachta agus na sáruithe sin i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl do na hábhair sonraí;

(j)

sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta; nó

(k)

imeachtaí lasmuigh den chúirt agus nósanna imeachta eile um réiteach díospóide chun díospóidí idir rialaitheoirí agus ábhair sonraí i dtaca le próiseáil a réiteach, gan dochar do chearta na n-ábhar sonraí de bhun Airteagal 77 agus Airteagal 79.

3.   De bhreis ar rialaitheoirí nó próiseálaithe atá faoi réir an Rialacháin seo do chloí leo, féadfaidh rialaitheoiri nó próiseálaíthe nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo cloí le cóid iompair a fhormheastar de bhun mhír 5 den Airteagal seo agus a bhfuil bailíocht ghinearálta acu de bhun mhír 9 den Airteagal seo, féadfaidh rialaitheoirí nó próiseálaithe nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo de bhun Airteagal 3 na cóid sin a chomhlíonadh freisin d'fhonn na coimircí iomchuí a sholáthar faoi chuimsiú chreat aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta faoi na téarmaí dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 46(2). Déanfaidh rialaitheoirí nó próiseálaithe den sórt sin gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe, trí ionstraimí conarthacha nó trí ionstraimí eile atá ceangailteach ó thaobh dlí de, chun na coimircí iomchuí sin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i ndáil le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí.

4.   I gcód iompair dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo beidh sásraí trína mbeidh an chomhlacht dá dtagraítear in Airteagal 41(1) in ann faireachán éigeantach a dhéanamh féachaint an bhfuil a fhorálacha á gcomhlíonadh ag na rialaitheoirí agus ag na próiseálaithe a ghabhann orthu féin é a chur i bhfeidhm, gan dochar do chúraimí ná do chumhachtaí na n-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó 56.

5.   Comhlachais agus comhlachtaí eile dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhfuil sé beartaithe acu cód iompair a ullmhú nó cód iompair atá ann a leasú nó síneadh a chur leis, cuirfidh siad an dréachtchód, an leasú nó an síneadh faoi bhráid an údaráis mhaoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55. Tabharfaidh an t-údarás maoirseachta tuairim faoin Rialachán seo a bheith nó gan a bheith i gcomhréir leis an dréachtchód, leis an leasú nó leis an síneadh, agus formhuineoidh sé an dréachtchód, an leasú nó an síneadh sin má chinneann sé go bhfuil coimircí iomchuí leordhóthanacha á gcur ar fáil aige.

6.   I gcás ina bhformheastar an dréachtchód, an leasú nó an síneadh de bhun mhír 5, agus i gcás nach mbaineann an cód iompair lena mbaineann le gníomhaíochtaí próiseála i roinnt Ballstát, cláróidh agus foilseoidh an t-údarás maoirseachta an cód.

7.   I gcás ina mbaineann dréachtchód iompair le gníomhaíochtaí próiseála i roinnt Ballstát, déanfaidh an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 an cód a chur faoi bhráid an Bhoird, sula bhformheasfaidh sé an dréachtchód, an leasú nó an síneadh, de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 63 agus tabharfaidh an Bord tuairim an bhfuil an dréachtchód, an leasú nó an síneadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó, sa chás dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, an soláthraítear coimircí iomchuí leis.

8.   I gcás ina ndeimhnítear leis an tuairim dá dtagraítear i mír 7 go bhfuil an dréachtchód, an leasú nó an síneadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó, sa chás dá dtagraítear i mír 3, go gcuirtear coimircí iomchuí ar fáil leo, cuirfidh an Bord a thuairim faoi bhráid an Choimisiúin.

9.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh go mbeidh bailíocht ghinearálta san Aontas ag an cód iompair, an leasú nó an síneadh atá formheasta agus a cuireadh faoina bhráid de bhun mhír 8 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

10.   Áiritheoidh an Coimisiún go bpoibleofar go cuí na cóid fhormheasta ar cinneadh bailíocht ghinearálta a bheith ag baint leo i gcomhréir le mír 9.

11.   Déanfaidh an Bord na cóid iompair, na leasuithe agus na síntí uile atá formheasta a thiomsú i gclár agus cuirfidh sé ar fáil don phobal iad trí bhíthin bealaí iomchuí.

Airteagal 41

Faireachán a dhéanamh ar chóid fhormheasta iompair

1.   Gan dochar do chúraimí ná do chumhachtaí an údaráis mhaoirseachta atá inniúil faoi Airteagal 57 agus Airteagal 58, comhlacht a bhfuil leibhéal iomchuí saineolais aige maidir le hábhar an chóid agus a bhfuil creidiúnú aige chun na críche sin ón údarás inniúil maoirseachta, féadfaidh sé faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an chóid iompair de bhun Airteagal 40.

2.   Féadfar creidiúnú a thabhairt do chomhlacht amhail dá dtagraítear i mír 1 chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cóid iompair, más fíor an méid seo a leanas maidir leis an gcomhlacht sin:

(a)

tá sé taispeáinte aige go bhfuil sé neamhspleách agus go bhfuil saineolas aige maidir le hábhar an chóid chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta;

(b)

tá nósanna imeachta bunaithe aige a chuirfeadh ar a chumas incháilitheacht na rialaitheoirí agus na bpróiseálaithe lena mbaineann a mheas chun an cód a chur i bhfeidhm, faireachán a dhéanamh ar a mhéid atá forálacha an chóid á gcomhlíonadh acu agus athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar fheidhmiú an chóid;

(c)

tá nósanna imeachta agus struchtúir bunaithe aige chun gearáin a láimhseáil maidir le sáruithe ar an gcód nó maidir leis an mbealach ar chuir an rialaitheoir nó an próiseálaí an cód i bhfeidhm nó maidir leis an mbealach a bhfuil sé á chur i bhfeidhm acu, agus na nósanna imeachta sin agus na struchtúir sin a chur in iúl ar bhealach trédhearcach do na hábhair sonraí agus don phobal; agus

(d)

tá sé taispeáinte aige chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta nach ngabhann coinbhleachtaí leasa leis na cúraimí ná leis na dualgais atá air.

3.   Cuirfidh an t-údarás inniúil maoirseachta na dréachtchritéir maidir le creidiúnú a thabhairt do chomhlacht amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoi bhráid an Bhoird de bhun an tsásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63.

4.   Gan dochar do chúraimí agus cumhachtaí an údaráis inniúil maoirseachta ná d'fhorálacha Chaibidil VIII, glacfaidh comhlacht amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, bearta faoi leith, faoi réir coimircí iomchuí, i gcás ina sáróidh rialaitheoir nó próiseálaí an cód, lena n-áirítear an rialaitheoir nó an próiseálaí lena mbaineann a chur ar fionraí nó a eisiamh ón gcód. Cuirfidh sé na bearta sin in iúl don údarás inniúil maoirseachta mar aon leis na cúiseanna ar ghlac sé iad.

5.   Cúlghairfidh an t-údarás inniúil maoirseachta an creidiúnú a thabharfar do chomhlacht amhail dá dtagraítear i mír 1 mura gcomhlíontar coinníollacha an chreidiúnaithe nó mura mbíonn na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh, nó más rud é go sáraíonn bearta a ghalcann an comhlacht an Rialachán seo.

6.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an bpróiseáil a dhéanann údaráis phoiblí agus comhlachtaí poiblí.

Airteagal 42

Deimhniú

1.   Tabharfaidh na Ballstáit, na húdaráis mhaoirseachta, an Bord agus an Coimisiún spreagadh, go háirithe ar leibhéal an Aontais, chun sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí a bhunú, ionas go bhféadfar a thaispeáint go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag oibríochtaí próiseála a dhéanann rialaitheoirí agus próiseálaithe. Cuirfear na riachtanais shonracha a bheidh ag micrifhiontar agus ag fiontair bheaga agus meánmhéide san áireamh.

2.   De bhreis ar rialaitheoirí nó próiseálaithe atá faoi réir an Rialachain seo do chloí le sásraí deimhniúcháin um chosaint soraí, séalaí nó marcanna cosanta sonraí arna bhformheas de bhun mhír 5 den Airteagal seo, féadfaidh rialaitheoirí nó próiseálaithe nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo de bhun Airteagal 3 faoi chuimsiú aistrithe sonraí pearsanta go tríú tíortha agus go heagraíochtaí idirnáisiúnta faoi na téarmaí dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 46(2) iad a bhunú chun a thaispeáint go bhfuil coimircí iomchuí arna soláthar acu. Déanfaidh rialaitheoirí nó próiseálaithe den sórt sin gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe, trí ionstraimí conarthacha nó trí ionstraimí eile atá ceangailteach ó thaobh an dlí de, chun na coimircí iomchuí sin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i ndáil le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí.

3.   Is deimhniú deonach a bheidh i gceist agus beidh sé ar fáil trí phróiseas atá trédhearcach.

4.   Le deimhniú de bhun an Airteagail seo, ní laghdaítear an fhreagracht atá ar an rialaitheoir ná ar an bpróiseálaí an Rialachán seo a chomhlíonadh agus is gan dochar é do chúraimí agus do chumhachtaí na n-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó 56.

5.   Maidir le deimhniú de bhun an Airteagail seo, is iad na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43 a eiseoidh é, nó is é an t-údarás maoirseachta a eiseoidh é, ar bhonn na gcritéar arna bhformheas ag an údarás inniúil maoirseachta sin de bhun Airteagal 58(3) nó ag an mBord de bhun Airteagal 63. I gcás ina bhformheasann an Bord na critéir, féadfaidh sé go dtiocfaidh comhdheimhniú, an Séala Eorpach Cosanta Sonraí, mar thoradh air sin.

6.   An rialaitheoir nó an próiseálaí a chuireann an phróiseáil a dhéanann sé faoi bhráid an tsásra deimhniúcháin, cuirfidh sé an fhaisnéis go léir is gá maidir lena ghníomhaíochtaí próiseála ar fáil don chomhlacht deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43, nó nuair is infheidhme, don údarás inniúil maoirseachta agus tabharfaidh sé gach rochtain dóibh ar a ghníomhaíochtaí próiseála d'fhonn dul i mbun an nós imeachta deimhniúcháin.

7.   Eiseofar deimhniú don rialaitheoir nó do phróiseálaí ar feadh uastréimhse trí bliana agus féadfar é a athnuachan, faoi na coinníollacha céanna, fad a leanfar de na ceanglais ábhartha a chomhlíonadh. I gcás inarb infheidhme, tarraingeoidh na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43 deimhniú siar, nó tarraingeoidh an t-údarás inniúil maoirseachta siar é i gcás nach bhfuil na ceanglais le haghaidh deimhniúcháin á gcomhlíonadh nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh.

8.   Déanfaidh an Bord na sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí ar fad agus na séalaí agus marcanna cosanta sonraí ar fad a thiomsú i gclár agus cuirfidh sé ar fáil don phobal iad trí aon bhealach iomchuí.

Airteagal 43

Comhlachtaí deimhniúcháin

1.   Gan dochar do chúraimí agus cumhachtaí an údaráis inniúil mhaoirseachta faoi Airteagal 57 agus Airteagal 58, déanfaidh comhlachtaí deimhniúcháin a bhfuil leibhéal iomchuí saineolais acu i ndáil le cosaint sonraí, tar éis dóibh an t-údarás maoirseachta a chur ar an eolas le go mbeidh sé in ann a chumhachtaí a fheidhmiú de bhun phointe (h) d'Airteagal 58(2) nuair is gá sin, an deimhniú a eisiúint agus a athnuachan. Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go bhfuil na comhlachtaí deimhniúcháin sin creidiúnaithe ag ceann amháin nó ag an dá cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó Airteagal 56;

(b)

an comhlacht náisiúnta um chreidiúnú arna ainmniú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) i gcomhréir le EN-ISO/IEC 17065/2012 mar aon leis na ceanglais bhreise a shuí an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó Airteagal 56.

2.   Ní dhéanfar creidiúnú a thabhairt do na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an mír sin ach amháin más fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá sé taispeáinte acu go bhfuil siad neamhspleách agus go bhfuil saineolas acu maidir le hábhar an deimhnithe chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta;

(b)

ghabh siad de láimh na critéir a urramú dá dtagraítear in Airteagal 42(5) agus a d'fhormheas an t-údarás maoirseachta atá inniúil de réir Airteagal 55 nó Airteagal 56 nó a d'fhormheas an Bord de bhun Airteagal 63;

(c)

tá nósanna imeachta curtha ar bun acu chun séalaí agus marcanna cosanta sonraí a eisiúint, a athbhreithniú go tráthrialta agus a tharraingt siar;

(d)

tá nósanna imeachta agus struchtúir bunaithe acu chun gearáin a láimhseáil maidir le sáruithe ar an deimhniú nó maidir leis an mbealach ar chuir an rialaitheoir nó an próiseálaí an deimhniú i bhfeidhm nó maidir leis an mbealach a bhfuil sé á chur i bhfeidhm acu, agus na nósanna imeachta sin agus na struchtúir sin a chur in iúl ar bhealach trédhearcach do na hábhair sonraí agus don phobal; agus

(e)

tá sé taispeáinte acu chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta nach ngabhann coinbhleachtaí leasa leis na cúraimí ná leis na dualgais atá orthu.

3.   Déanfar creidiúnú na gcomhlachtaí deimhniúcháin amhail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo ar bhonn na gcritéar a d'fhormheas an t-údarás maoirseachta atá inniúil de réir Airteagal 55 nó Airteagal 56 nó a d'fhormheas an Bord de bhun Airteagal 63. I gcás creidiúnú de bhun phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, déanfar, leis na ceanglais sin, na ceanglais dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus na rialacha teicniúla lena ndéantar cur síos ar mhodhanna agus ar nósanna imeachta na gcomhlachtaí deimhniúcháin a chomhlánú.

4.   Beidh na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 freagrach as measúnú ceart a dhéanamh, a mbeidh an deimhniú nó tarraingt siar an deimhnithe mar thoradh air, gan dochar don fhreagracht atá ar an rialaitheoir nó ar an bpróiseálaí an Rialachán seo a chomhlíonadh. Eiseofar an creidiúnú le haghaidh uastréimhse cúig bliana agus féadfar é a athnuachan faoi na coinníollacha céanna ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.

5.   Tabharfaidh na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 na cúiseanna do na húdaráis inniúla mhaoirseachta ar tugadh nó nar tarraingíodh siar an deimhniú a iarradh dá mbarr.

6.   Poibleoidh an t-údarás maoirseachta na ceanglais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 42(5), i bhfoirm a bhfuil sé easca rochtain a fháil uirthi. Cuirfidh na húdaráis mhaoirseachta na ceanglais agus na critéir sin chuig an mBord. Déanfaidh an Bord na sásraí deimhniúcháin ar fad agus na séalaí cosanta sonraí a thiomsú i gclár agus cuirfidh sé ar fáil don phobal iad trí aon bhealach iomchuí.

7.   Gan dochar do Chaibidil VIII, cúlghairfidh an t-údarás inniúil maoirseachta nó an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta creidiúnú a thug sé do chomhlacht deimhniúcháin de bhun mhír 1 den Airteagal seo mura gcomhlíontar na coinníollacha don chreidiúnú nó mura mbíonn na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh, nó más rud é go sáraíonn na bearta a dhéanann comhlacht deimhniúcháin an Rialachán seo.

8.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 92, chun na critéir agus na ceanglais atá le cur san áireamh leis na sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 42(1).

9.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos caighdeáin theicniúla do shásraí deimhniúcháin agus do shéalaí agus marcanna cosanta sonraí, agus do shásraí chun na sásraí deimhniúcháin, séalaí agus marcanna sin a chur chun cinn agus a aithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

CAIBIDIL V

Aistrithe sonraí pearsanta go tríú tíortha nó go heagraíochtaí idirnáisiúnta

Airteagal 44

Prionsabal ginearálta maidir le haistrithe

Aon sonraí pearsanta atá á bpróiseáil nó atá beartaithe lena bpróiseáil tar éis iad a aistriú go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta, ní dhéanfar iad a aistriú ach amháin má chomhlíonann an rialaitheoir agus an próiseálaí, faoi réir na bhforálacha eile atá sa Rialachán seo, na coinníollacha atá leagtha síos sa Chaibidil seo, lena n-áirítear na coinníollacha a bhaineann le sonraí pearsanta a aistriú ar aghaidh ón tríú tír nó ón eagraíocht idirnáisiúnta chuig tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta eile. Cuirfear na forálacha ar fad sa Chaibidil seo i bhfeidhm chun a áirithiú nach mbaintear an bonn den leibhéal cosanta do dhaoine nádúrtha a ráthaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 45

Aistrithe ar bhonn cinneadh leordhóthanachta

1.   Féadfar sonraí pearsanta a aistriú go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta i gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún go n-áirithíonn tríú tír, an críoch nó an earnáil shonraithe, laistigh den tríú tír sin, nó an eagraíocht idirnáisiúnta atá i gceist, go bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil. Ní gá aon údarú sonrach a fháil i gcás aistriú den sórt sin.

2.   Agus a leordhóthanaí atá an leibhéal cosanta á mheas ag an gCoimisiún cuirfidh sé na nithe seo a leanas, go háirithe, san áireamh:

(a)

an smacht reachta, an urraim do chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, reachtaíocht ábhartha, idir ghinearálta agus earnálach, lena n-áirítear i ndáil leis an tslándáil phoiblí, cosaint, an tslándáil náisiúnta agus an dlí coiriúil agus rochtain na n-údarás poiblí ar shonraí pearsanta, maille le cur chun feidhme na reachtaíochta seo, rialacha um chosaint sonraí, rialacha gairmiúla agus bearta slándála, lena n-áirítear rialacha maidir le sonraí pearsanta a aistriú ar aghaidh go tríú tír eile nó go heagraíocht idirnáisiúnta eile, ar rialacha iad atá á gcomhlíonadh sa tír sin nó san eagraíocht idirnáisiúnta sin, an cásdlí, chomh maith le cearta éifeachtacha in-fhorfheidhmithe a bheith ar fáil d'ábhair sonraí agus sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach do na hábhair sonraí agus a bhfuil a sonraí pearsanta á n-aistriú;

(b)

ceann amháin nó níos mó d'údaráis neamhspleácha mhaoirseachta a bheith sa tríú tír agus é/iad ag feidhmiú go maith nó a mbeidh eagraíocht idirnáisiúnta faoina réir agus é mar fhreagracht orthu a áirithiú go bhfuil na rialacha maidir le cosaint sonraí á gcomhlíonadh agus á bhforfheidhmiú, lena n-áirítear cumhachtaí iomchuí forfheidhmithe chun comhairle a chur ar na hábhair sonraí agus cúnamh a thabhairt dóibh chuige sin, agus chun comhar a áirithiú le húdaráis mhaoirseachta an Aontais agus na mBallstát;

(c)

na tiomantais idirnáisiúnta atá glactha ag an tríú tír nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann, nó oibleagáidí eile a eascraíonn as coinbhinsiúin nó ionstraimí atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus óna rannpháirtíocht i gcórais réigiúnacha nó i gcórais iltaobhacha, go háirithe a bhaineann le sonraí pearsanta a chosaint.

3.   Tar éis dó leordhóthanacht leibhéal na cosanta a mheas, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, go n-áirithítear i dtríú tír, i gcríoch nó in earnáil shonraithe amháin nó níos mó i dtríú tír, nó in eagraíocht idirnáisiúnta, go bhfuil leibhéal cosanta leordhóthanach inti laistigh de réir bhrí mhír 2 den Airteagal seo.Forálfar, leis an ngníomh cur chun feidhme, do shásra chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh, ar a laghad uair amháin gach ceithre bliana, ina gcuirfear san áireamh na forbairtí ábhartha uile sa tríú tír sin nó san eagraíocht idirnáisiúnta sin. Sa ghníomh cur chun feidhme, sonrófar cur i bhfeidhm críochach agus earnálach an ghnímh, agus, i gcás inarb infheidhme, ainmneofar an t-údarás maoirseachta nó na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

4.   Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn leanúnach, faireachán ar fhorbairtí i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an gcaoi a bhfheidhmeodh na cinntí a ghlactar de bhun mhír 3 den Airteagal seo agus na cinntí a ghlactar ar bhonn Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE.

5.   Sa mhéid is gá, cinnfidh an Coimisiún, i gcás ina léireoidh an fhaisnéis atá ar fáil, go háirithe tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, nach n-áirithítear a thuilleadh leibhéal leordhóthanach cosanta i dtríú tír, i gcríoch ná in earnáil shonraithe sa tríú tír sin, ná in eagraíocht idirnáisiúnta, de bhrí mhír 2 den Airteagal seo, a mhéid is féidir, déanfaidh sé an cinneadh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a aisghairm, a leasú nó a chur ar fionraí trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme gan éifeacht chúlghabhálach a bheith aige. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

Ar mhórchúiseanna prainne a bhfuil bonn cirt cuí leo, déanfaidh an Coimsiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhéir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 93(3).

6.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an tríú tír nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta féachaint an bhféadfaí an méid ba chúis leis an gcinneadh a rinneadh de bhun mhír 5 seo a leigheas.

7.   Is gan dochar a bheidh cinneadh de bhun mhír 5 den Airteagal seo d'aistrithe sonraí pearsanta go dtí an tríú tír, go dtí an chríoch nó go hearnáil shonraithe amhain nó níos mó laistigh den tríú tír sin, nó go dtí an eagraíocht idirnáisiúnta de bhun Airteagal 46 go hAirteagal 49.

8.   Déanfaidh an Coimisiún liosta a fhoilsiú, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar a shuíomh gréasáin, de na tríú tíortha, de na críocha agus de na hearnálacha sonraithe i dtríú tír agus de na heagraíochtaí idirnáisiúnta ar chinn an Coimisiún ina leith go raibh nó nach raibh a leibhéil chosanta leormhaith.

9.   Beidh feidhm ag cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE go dtí go ndéanfar iad a leasú, a ionadú nó a aisghairm le Cinneadh ón gCoimisiún arna nglacadh i gcomhréir le mír 3 nó mír 5 den Airteagal seo.

Airteagal 46

Aistrithe faoi réir coimircí iomchuí

1.   I gcás nach mbeidh cinneadh déanta de bhun Airteagal 45(3), ní fhéadfaidh rialaitheoir ná próiseálaí sonraí pearsanta a aistriú go tríú tír ná go heagraíocht idirnáisiúnta ach amháin má tá coimircí iomchuí soláthraithe ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí, agus ar an gcoinníoll go bhfuil cearta in-fhorfheidhmithe agus réitigh éifeachtacha dlí ar fáil d'ábhair sonraí.

2.   Féadfar foráil a dhéanamh do na coimircí iomchuí dá dtagraítear i mír 1, gan aon údarú sonrach a bheith ag teastáil ó údarás maoirseachta, trí:

(a)

ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí agus in-fhorfheidhmithe idir údaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí;

(b)

rialacha ceangailteacha corparáideacha i gcomhréir le hAirteagal 47;

(c)

clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2);

(d)

clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag údarás maoirseachta agus arna bhformheas ag an gCoimisiún de bhun an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2);

(e)

cód iompair formheasta de bhun Airteagal 40 i dteannta gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí sa tríú tír na coimircí iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí; nó

(f)

sásra deimhniúcháin formheasta de bhun Airteagal 42 i dteannta le gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí sa tríú tír na coimircí iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí.

3.   Faoi réir an údaraithe ón údarás inniúil maoirseachta, féadfar foráil a dhéanamh freisin do na coimircí iomchuí dá dtagraítear i mír 1, go háirithe, ó:

(a)

clásail chonarthacha idir an rialaitheoir nó an próiseálaí agus an rialaitheoir, an próiseálaí nó faighteoir na sonraí pearsanta sa tríú tír nó san eagraíocht idirnáisiúnta; nó

(b)

forálacha le cur isteach i socruithe riaracháin idir údaráis phoiblí nó comhlachtaí, lena n-áirítear cearta éifeachtacha in-fhorfheidhmithe do na hábhair sonraí.

4.   Cuirfidh an t-údarás maoirseachta an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63 i bhfeidhm sna cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

5.   Leanfaidh údaruithe ó Bhallstát nó ó údarás maoirseachta de bheith bailí ar bhonn Airteagal 26(2) de Threoir 95/46/CE go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta sin iad a leasú nó a aisghairm nó go gcuirfidh sé údaruithe eile ina n-ionad, más gá. Beidh feidhm ag na cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 26(4) de Threoir 95/46/CE go dtí go ndéanfar iad a leasú, a athchur nó a aisghairm, más gá, le Treoir ón gCoimisiún arna nglacadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 47

Rialacha ceangailteacha corporáideacha

1.   Formheasfaidh an t-údarás inniúil maoirseachta rialacha ceangailteacha corparáideacha i gcomhréir leis an sásra comhsheasmhachta a leagtar amach in Airteagal 63, ar choinníoll:

(a)

go mbeidh siad ceangailteach ó thaobh dlí agus go mbeidh feidhm acu maidir le gach comhalta lena mbaineann i ngrúpa gnóthas, nó i ngrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, lena n-áirítear a gcuid fostaithe,agus go ndéanfaidh gach comhalta iad a fhorfheidhmiú;

(b)

go dtabharfaidh siad cearta in-fhorfheidhmithe go sainráite d'ábhar sonraí maidir lena sonraí pearsanta a phróiseáil; agus

(c)

go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais atá leagtha síos i mír 2.

2.   Leis na rialacha ceangailteacha corparáideacha dá dtagraítear i mír 1, sonrófar ar a laghad:

(a)

struchtúr agus sonraí teagmhála an ghrúpa gnóthas, nó an ghrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu agus struchtúr agus sonraí teagmhála gach comhalta den ghrúpa sin;

(b)

na haistrithe sonraí nó na sraith d'aistrithe sonraí, lena n-áirítear na catagóirí sonraí pearsanta, an cineál próiseála agus críocha na próiseála sin, an cineál ábhair sonraí lena mbainfidh agus ainm nó ainmneacha an tríú tír nó na dtríú tíortha;

(c)

iad a bheith de chineál ceangailteach ó thaobh dlí, go hinmheánach agus go seachtrach;

(d)

cur i bhfeidhm na bprionsabal ginearálta maidir le cosaint sonraí, go háirithe teorannú de réir cuspóra, íoslaghdú sonraí, tréimhsí teoranta stórála, cáilíocht sonraí, cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú, an bunús dlí atá leis an próiseáil, próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta, bearta chun slándáil sonraí a áirithiú agus na ceanglais maidir le sonraí a aistriú ar aghaidh chuig comhlachtaí nach bhfuil faoi cheangal na rialacha ceangailteacha corparáideacha;

(e)

cearta na n-ábhar sonraí maidir le próiseáil agus na modhanna chun na cearta sin a fheidhmiú, lena n-áirítear an ceart gan a bheith faoi réir cinntí atá bunaithe ar phróifíliú, lena n-áirítear próifíliú i gcomhréir le hAirteagal 22, an ceart gearán a thaisceadh leis an údarás inniúil maoirseachta agus le cúirteanna inniúla na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 79, agus an ceart chun sásaimh, agus, nuair is iomchuí, an ceart chun cúiteamh a fháil de bharr sárú ar na rialacha ceangailteacha corparáideacha;

(f)

go nglacann an rialaitheoir nó an próiseálaí atá bunaithe ar chríoch Ballstáit le dliteanas i gcás ina sáraíonn aon chomhalta lena mbaineann nach bhfuil bunaithe san Aontas na rialacha ceangailteacha corparáideacha; ní bheidh an rialitheoir nó an próisealaí díolmhaithe ón dliteanas sin, go páirteach nó go hiomlán, ach amháin má chruthaíonn sé nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith freagrach as an imeacht ba shiocair leis an damáiste;

(g)

an bealach a gcuirtear an fhaisnéis faoi na rialacha ceangailteacha corparáideacha, agus faoi na forálacha dá dtagraítear i bpointí (d), (e) agus (f) den mhír seo go háirithe, ar fáil do na hábhair sonraí chomh maith le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 14;

(h)

cúraimí aon oifigigh cosanta sonraí a cheaptar i gcomhréir le hAirteagal 37, nó aon duine nó aon eintitis eile atá i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha ceangailteacha corparáideacha laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, chomh maith le faireachán ar oiliúint agus ar an dóigh a ndéileáiltear le gearáin;

(i)

na nósanna imeachta um ghearáin;

(j)

na sásraí laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu lena n-áirithítear go bhfíoraítear comhlíonadh na rialacha ceangailteacha corparáideacha. Áireofar ar na sásraí sin iniúchtaí ar chosaint sonraí agus modhanna lena n-áirithítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha chun cearta an ábhair sonraí a chosaint. Ba cheart torthaí an fhíoraithe sin a chur in iúl don duine nó don eintiteas dá dtagraítear i bpointe (h) agus do bhord an ghnóthais rialaithe de ghrúpa gnóthas nóde ghrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, agus ba cheart iad a bheith ar fáil arna iarraidh sin don údarás inniúil maoirseachta;

(k)

na sásraí chun athruithe ar na rialacha a thaifeadadh agus a thuairisciú agus chun tuairisc a thabhairt don údarás maoirseachta faoi na hathruithe sin;

(l)

an sásra don chomhar leis an údarás maoirseachta chun comhlíonadh a áirithiú i gcás gach comhalta den ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, go háirithe trí thorthaí na bhfíoruithe ar na bearta dá dtagraítear i bpointe (j) den mhír seo a chur ar fáil don údarás maoirseachta;

(m)

na sásraí chun aon cheanglais dlí a bhfuil comhalta den ghrúpa gnóthas nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu faoina réir i dtríú tír a thuairisciú don údarás inniúil maoirseachta, ar dóchúil go mbeadh éifeacht shuntasach dhíobhálach aige ar na ráthaíochtaí dá bhforáiltear leis na rialacha ceangailteacha corparáideacha; agus

(n)

an oiliúint iomchuí i ndáil le cosaint sonraí do phearsanra a bhfuil rochtain bhuan nó rialta acu ar shonraí pearsanta.

3.   Féadfaidh an Coimisiún an fhormáid agus na nósanna imeachta a shonrú maidir le faisnéis a mhalartú idir rialaitheoirí, próiseálaithe agus údaráis mhaoirseachta i gcás rialacha ceangailteacha corparáideacha de réir bhrí an Airteagail seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

Airteagal 48

Aistrithe nó nochtadh sonraí nach bhfuil údaraithe le dlí an Aontais

Aon bhreithiúnas cúirte nó binse agus aon chinneadh ó údarás riaracháin tríú tíre a cheanglaíonn ar rialaitheoir nó ar phróiseálaí sonraí pearsanta a aistriú nó a nochtadh, ní aithneofar iad ná ní bheidh siad in-fhorfheidhmithe ar aon bhealach ach amháin má tá siad bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh i ndáil le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, atá i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an tAontas nó Ballstát, gan dochar d'aon fhorais eile a bheadh ann le haghaidh aistrithe de bhun na Caibidle seo.

Airteagal 49

Maoluithe i gcásanna sonracha

1.   In éagmais cinneadh leordhóthanachta de bhun Airteagal 45(3), nó in éagmais coimircí iomchuí de bhun Airteagal 46, lena n-áirítear rialacha ceangailteacha corparáideacha, ní dhéanfar aistriú sonraí pearsanta ná sraith d'aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír ná chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin ar cheann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur thoiligh an t-ábhar sonraí go follasach leis an aistriú atá beartaithe, tar éis é a bheith curtha ar an eolas go bhféadfaidh rioscaí bheith ag baint le haistrithe den sórt sin don ábhar sonraí in éagmais cinneadh leordhóthanachta agus in éagmais coimircí iomchuí;

(b)

gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun conradh idir an t-ábhar sonraí agus an rialaitheoir a chomhlíonadh nó chun bearta réamhchonarthacha a chur chun feidhme arna iarraidh sin don ábhar sonraí;

(c)

gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun conradh, arna dhéanamh chun leasa an ábhair sonraí, idir an rialaitheoir agus duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thabhairt i gcrích nó a chomhlíonadh;

(d)

gur gá an t-aistriú a dhéanamh ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí;

(e)

gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint;

(f)

gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó daoine eile a chosaint, i gcás nach féidir leis an ábhar sonraí toiliú a thabhairt go fisiciúil nó go dlíthiúil; nó

(g)

go ndéantar an t-aistriú ó chlár arna cheapadh, de réir dhlí an Aontais nó dlí Ballstáit, chun faisnéis a chur ar fáil don phobal, ar clár é a fhéadfaidh an pobal i gcoitinne a cheadú nó a fhéadfaidh aon duine a thaispeánann leas dlisteanach a cheadú, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha maidir le comhairliúchán atá leagtha síos le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit comhlíonta sa chás áirithe.

I gcás nach bhféadfaí aistriú a bhunú ar fhoráil in Airteagal 45 nó in Airteagal 46, lena n-áirítear forálacha rialacha ceangailteacha corparáideacha, agus nach bhfuil aon cheann de na maoluithe do chásanna sonracha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo infheidhme mura aistriú atarlaitheach é, mura mbaineann sé ach le líon teoranta ábhar sonraí, más gá é chun críocha na leasanna dlisteanacha tathantacha atá á saothrú ag an rialaitheoir agus nach bhfuil sáraíocht ag leasanna, cearta nó saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí orthu, agus measúnú déanta ag an rialaitheoir ar na himthosca ar fad a bhaineann le haistriú na sonraí pearsanta agus, ar bhonn an mheasúnaithe sin go bhfuil coimircí oiriúnacha soláthraithe aige i ndáil le cosaint sonraí pearsanta. Maidir le pointe (h) den chéad fhomhír, cuirfidh an rialaitheoir an t-údarás maoirseachta ar an eolas faoin aistriú. Chomh maith leis an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 agus Airteagal 14, cuirfidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí ar an eolas maidir leis an aistriú agus maidir leis na leasanna dlisteanacha tathantacha atá á saothrú

2.   Ní áireofar na sonraí pearsanta ar fad ná na catagóirí sonraí pearsanta ar fad atá sa chlár i gcás aistrithe de bhun phointe (g) den chéad fhomhír de mhír 1. I gcás ina bhfuil sé beartaithe go bhféadfaidh daoine a bhfuil leas dlisteanach acu an clár a cheadú, ní dhéanfar an t-aistriú ach ar iarraidh ó na daoine sin nó má tá siad le bheith ina bhfaighteoirí.

3.   Ní bheidh feidhm ag pointí (a), (b), (c) den chéad fhomhír de mhír 1 ná ag an dara fomhír de mhír 1 maidir le gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis phoiblí i bhfeidhmiú a gcumhachtaí poiblí.

4.   Déanfar an leas poiblí dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 1 a bheith aitheanta i ndlí an Aontais nó i ndlí an Bhallstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.

5.   In éagmais cinneadh leordhóthanachta, féadfaidh dlí an Aontais nó dlí Ballstáit, ar chúiseanna tábhachtacha leasa phoiblí, teorannacha a leagan síos go sainráite ar aistriú catagóirí sonracha sonraí pearsanta chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta. Cuirfidh na Ballstáit forálacha den sórt sin in iúl don Choimisiún.

6.   Déanfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí an measúnú agus na coimircí oiriúnacha dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo a dhoiciméadú sna taifid dá dtagraítear in Airteagal 30.

Airteagal 50

Comhar idirnáisiúnta chun sonraí pearsana a chosaint

Maidir le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, déanfaidh an Coimisiún agus údaráis mhaoirseachta bearta iomchuí:

(a)

chun sásraí comhair idirnáisiúnta a fhorbairt chun forfheidhmiú éifeachtach reachtaíochta i ndáil le cosaint sonraí pearsana a éascú;

(b)

chun cúnamh frithpháirteach idirnáisiúnta a sholáthar i bhforfheidhmiú reachtaíochta chun sonraí pearsanta a chosaint, lena n-áirítear trí fhógra a thabhairt, trí ghearáin a chur ar aghaidh, trí chúnamh imscrúdaitheach agus malartú faisnéise, faoi réir coimircí iomchuí chun sonraí pearsanta agus cearta agus saoirsí bunúsacha eile a chosaint;

(c)

chun geallsealbhóirí ábhartha a chur i mbun díospóireachta agus i mbun gníomhaíochtaí atá dírithe ar chomhar idirnáisiúnta a chur chun cinn i bhforfheidhmiú reachtaíochta chun sonraí pearsana a chosaint;

(d)

chun malartú agus doiciméadú reachtaíochta agus cleachtais um chosaint sonraí pearsanta a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir le heasaontachtaí breithiúnacha le tríú tíortha.

CAIBIDIL VI

Údaráis mhaoirseachta neamhspleácha

Roinn 1

Stádas neamhspleách

Airteagal 51

An t-údarás maoirseachta

1.   Déanfaidh gach Ballstát foráil go mbeidh údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú san Aontas (“údarás maoirseachta”).

2.   Cuirfidh gach údarás maoirseachta le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais. Chun na críche sin, beidh comhar idir na húdaráis mhaoirseachta féin agus idir iad féin agus an Coimisiún i gcomhréir le Caibidil VII.

3.   I gcás ina bhfuil níos mó ná údarás maoirseachta amháin bunaithe i mBallstát, ainmneoidh an Ballstát sin an t-údarás maoirseachta atá chun ionadaíocht ar na húdaráis sin ar an mBord agus leagfaidh sé an sásra amach lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh na húdaráis eile na rialacha a bhaineann leis an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63.

4.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha dá dhlí a ghlacfaidh siad de bhun na Caibidle seo, faoin 25 Bealtaine 2018, agus tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.

Airteagal 52

Neamhspleáchas

1.   Agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, gníomhóidh gach údarás maoirseachta ar shlí a bheidh go hiomlán neamhspleách.

2.   Comhalta nó comhaltaí de gach údarás maoirseachta, beidh siad saor i gcónaí ó thionchar seachtrach, idir thionchar díreach agus indíreach, nuair a bheidh na cúraimí atá orthu á gcomhlíonadh acu agus nuair a bheidh na cumhachtaí atá acu á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus ní iarrfaidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon duine.

3.   Staonfaidh comhalta nó comhaltaí gach údaráis mhaoirseachta ó aon ghníomh nach luíonn lena ndualgais agus ní ghabhfaidh siad d'aon slí bheatha nach luíonn leis na dualgais sin le linn a dtéarma oifige, bíodh sí sochrach nó neamhshochrach.

4.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcuirfear acmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an t-áitreabh agus an bonneagar atá de dhíth ar an údarás maoirseachta ar fáil do gach údarás acu chun a chúraimí a chomhlíonadh agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear na cúraimí agus na cumhachtaí sin nach mór a chur i gcrích i gcomhthéacs an chúnaimh fhrithpháirtigh agus an chomhair agus i gcomhthéacs rannpháirtíochta ar an mBord.

5.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh a fhoireann féin ag gach údarás maoirseachta, arna roghnú aige féin, ar foireann í a bheidh faoi réir stiúradh ag comhalta nó comhaltaí an údaráis mhaoirseachta lena mbaineann.

6.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh gach údarás maoirseachta faoi réir rialú airgeadais nach ndéanann difear dá neamhspleáchas agus áiritheoidh siad go bhfuil buiséad poiblí bliantúil ar leith ag gach údarás maoirseachta, buiséad a fhéadfaidh a bheith mar chuid de bhuiséad foriomlán an stáit nó den bhuiséad foriomlán náisiúnta.

Airteagal 53

Coinníollacha ginearálta do chomhaltaí an údaráis mhaoirseachta

1.   déanfaidh na Ballstáit foráil go bhfuil gach comhalta dá n-údaráis maoirseachta le ceapadh trí nós imeachta trédhearcach agus gur ceann díobh seo a leanas a cheapfaidh é:

a bparlaimint;

a rialtas;

a gceann Stáit; nó

comhlacht neamhspleách ar a gcuirtear de chúraman ceapachán a dhéanamh faoi dhlí Ballstáit,

2.   Beidh na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna is gá, go háirithe i réimse na cosanta sonraí pearsanta, ag gach comhalta d'fhonn na dualgais atá air a chomhlíonadh agus d'fhonn na cumhachtaí atá aige a fheidhmiú.

3.   Tiocfaidh deireadh le dualgais an chomhalta má théann a théarma oifige in éag, má éiríonn sé as oifig nó i gcás scoir éigeantaigh, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit lena mbaineann.

4.   Ní dhéanfar comhalta a chur as oifig ach amháin i gcásanna mí-iompair thromchúisigh nó mura gcomhlíonann an comhalta a thuilleadh na coinníollacha atá riachtanach do chomhlíonadh na ndualgas.

Airteagal 54

Rialacha maidir leis an údarás maoirseachta a bhunú

1.   Forálfaidh gach Ballstát le dlí do gach ceann den mhéid seo a leanas:

(a)

bunú gach údaráis mhaoirseachta;

(b)

cáilíochtaí agus coinníollacha incháilitheachta atá riachtanach le bheith ceaptha mar chomhalta de gach údarás maoirseachta;

(c)

na rialacha agus na nósanna imeachta chun comhalta nó comhaltaí gach údaráis mhaoirseachta a cheapadh;

(d)

fad an téarma don chomhalta nó do chomhaltaí gach údaráis mhaoirseachta, téarma nach lú ná ceithre bliana, seachas i gcás an chéad cheapacháin tar éis an 24 Bealtaine 2016, arbh fhéidir tréimhse níos gairide a bheith i gceist le cuid de sa chás inar gá sin chun neamhspleáchas an údaráis mhaoirseachta a chosaint trí nós imeachta ceapacháin a bheidh agaithe;

(e)

na téarmaí athcheapacháin a d'fhéadfadh comhalta nó comhaltaí gach údaráis mhaoirseachta a bheith incháilithe lena n-aghaidh, agus, i gcás ina mbeidh sé nó siad incháilithe, líon na dtéarmaí; agus

(f)

na coinníollacha lena rialaítear oibleagáidí comhalta nó comhaltaí agus foireann gach údaráis mhaoirseachta, aon toirmisc ar ghníomhaíochtaí, agus gairmeacha beatha agus sochair nach bhfuil ag luí leis na hoibleagáidí sin le linn an téarma oifige agus ina dhiaidh agus rialacha lena rialaítear scor na fostaíochta.

2.   Beidh comhalta nó comhaltaí agus foireann gach údaráis mhaoirseachta, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, faoi réir dualgas rúndachta gairmiúla, le linn agus i ndiaidh a dtéarma oifige, maidir le haon fhaisnéis rúnda a dtagann siad uirthi le linn dóibh bheith ag comhlíonadh a ndualgas nó ag feidhmiú a gcumhachtaí. Le linn a dtéarma oifige, bainfidh an dualgas rúndachta gairmiúla sin go háirithe le sáruithe ar an Rialachán seo a bheith á dtuairisciú ag daoine nádúrtha le linn a dtéarma oifige.

Cuid 2

Inniúlacht, cúraimí agus cumhachtaí

Airteagal 55

Inniúlacht

1.   Beidh gach údarás maoirseachta inniúil chun na cúraimí a sannadh dó a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a tugadh dó a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo ar chríoch a Bhallstáit féin.

2.   I gcás inarb iad údaráis phoiblí nó comhlachtaí príobháideacha a bheidh ag gníomhú ar bhonn phointe (c) nó phointe (e) d'Airteagal 6(1) a dhéanfaidh an phróiseáil, is é údarás maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann a bheidh inniúil. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 56.

3.   Ní bheidh údaráis mhaoirseachta inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála cúirteanna atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach.

Airteagal 56

Inniúlacht an príomhúdaráis mhaoirseachta

1.   Gan dochar d'Airteagal 51, beidh údarás maoirseachta na príomhbhunaíochta nó na bunaíochta aonair de chuid an rialaitheora nó de chuid an phróiseálaí inniúil chun gníomhú mar phríomhúdarás maoirseachta ar an bpróiseáil trasteorann arna déanamh ag an rialaitheoir sin nó ag an bpróiseálaí sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 60.

2.   De mhaolú ar mhír 1, beidh gach údarás maoirseachta inniúil chun gearán a láimhseáil arna thaisceadh leis nó sárú ionchasach ar an Rialachán seo, má bhaineann ábhar an cháis le bunaíocht sa Bhallstát dá chuid agus léi sin amháin nó má tá éifeacht shubstainteach aige sin ar ábhair sonraí ina Bhallstát agus sa Bhallstát sin amháin.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh an t-údarás maoirseachta an príomhúdarás maoirseachta ar an eolas faoin ábhar sin gan mhoill. Laistigh de thréimhse trí seachtaine tar éis dó a bheith curtha ar an eolas, déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta cinneadh cibé acu an ndéanfaidh sé an cás a láimhseáil nó nach ndéanfaidh i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 60, agus é á chur san áireamh cibé acu an bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí i mBallstát an údaráis mhaoirseachta a chuir ar an eolas é nó nach bhfuil.

4.   I gcás ina gcinnfidh an príomhúdarás maoirseachta an cás a láimhseáil, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 54a. Féadfaidh an t-údarás maoirseachta a chuir an príomhúdarás maoirseachta ar an eolas dréacht le haghaidh cinnidh a chur faoi bhráid an phríomhúdaráis mhaoirseachta sin. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta an dréacht sin a chur san áireamh go hiomlán agus an dréachtchinneadh dá dtagraítear in Airteagal 60(3) á ullmhú aige.

5.   I gcás ina gcinnfidh an príomhúdarás maoirseachta gan an cás a láimhseáil, láimhseálfaidh an t-údarás maoirseachta a chuir an príomhúdarás maoirseachta ar an eolas an cás de réir Airteagal 61 agus Airteagal 62.

6.   Is é an príomhúdarás maoirseachta amháin a bheidh ina idirghabhálaí leis an rialaitheoir nó leis an bpróiseálaí i ndáil le próiseáil trasteorann arna déanamh ag an rialaitheoir sin nó ag an bpróiseálaí sin.

Airteagal 57

Cúraimí

1.   Gan dochar do chúraimí eile a leagtar amach faoin Rialachán seo, déanfaidh gach údarás maoirseoireachta an méid seo a leanas ina chríoch féin:

(a)

déanfaidh sé faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh sé é a fhorfheidhmiú;

(b)

déanfaidh sé feasacht agus tuiscint i measc an phobail a chur chun cinn maidir leis na rioscaí, leis na rialacha, leis na coimircí agus leis na cearta a bhaineann le próiseáil. Tabharfar aird ar leith ar ghníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le leanaí;

(c)

cuirfidh sé comhairle, i gcomhréir le dlí Ballstáit, ar an bparlaimint náisiúnta, ar an rialtas, agus ar institiúidí agus ar chomhlachtaí eile maidir le bearta reachtacha agus riaracháin a bhaineann le cearta agus le saoirsí daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil;

(d)

déanfaidh sé feasacht maidir lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo i measc rialaitheoirí agus próiseálaithe a chur chun cinn;

(e)

arna iarraidh sin air, soláthróidh sé faisnéis d'aon ábhar sonraí maidir lena gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo agus, más iomchuí, comhoibreoidh sé leis na húdaráis mhaoirseachta i mBallstáit eile chun na críche sin;

(f)

láimhseálfaidh sé gearáin arna dtaisceadh ag ábhar sonraí, nó ag comhlacht, eagraíocht nó comhlachas i gcomhréir le hAirteagal 80, agus déanfaidh sé imscrúdú, a mhéid is iomchuí, ar ábhar an ghearáin agus cuirfidh sé an gearánaí ar an eolas maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás maoirseachta eile;

(g)

oibreoidh sé i gcomhar le húdaráis mhaoirseachta eile agus roinnfidh sé faisnéis leo agus cuirfidh sé cúnamh frithpháirteach ar fáil dóibh, d'fhonn a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar bhonn comhsheasmhach;

(h)

déanfaidh sé imscrúduithe ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis a fuarthas ó údarás maoirseachta eile nó ó údarás poiblí eile;

(i)

déanfaidh sé faireachán ar fhorbairtí ábhartha, sa mhéid go bhfuil tionchar acu ar chosaint sonraí pearsanta, go háirithe forbairtí i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide agus i gcleachtais tráchtála;

(j)

glacfaidh sé na clásail chonarthacha chaighdeánacha dá dtagraítear in Airteagal 28(8) agus i bpointe (d) d'Airteagal 46(2);

(k)

bunóidh sé agus coimeádfaidh sé ar bun liosta i ndáil leis an gceanglas le haghaidh measúnú tionchair a dhéanamh ar chosaint sonraí de bhun Airteagal 35(4);

(l)

tabharfaidh sé comhairle maidir leis na hoibríochtaí próiseála dá dtagraítear in Airteagal 36(2);

(m)

spreagfaidh sé cóid iompair a tharraingt suas de bhun Airteagal 40(1) agus tabharfaidh sé tuairim fúthu agus formheasfaidh sé na cóid iompair sin a bhfuil coimircí leordhóthanacha ag gabháil leo, de bhun Airteagal 40(5);

(n)

spreagfaidh sé bunú sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí, agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí freisin, agus formheasfaidh sé na critéir deimhniúcháin de bhun Airteagal 42 (5);

(o)

i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sé athbhreithniú tréimhsiúil ar dheimhniúcháin a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 42(7);

(p)

dréachtóidh agus foilseoidh sé na critéir i ndáil le comhlacht a chreidiúnú chun faireachán a dhéanamh ar chóid iompair de bhun Airteagal 41 agus i ndáil le comhlacht deimhniúcháin de bhun Airteagal 43;

(q)

seolfaidh sé creidiúnú do chomhlacht chun faireachán a dhéanamh ar chóid iompair de bhun Airteagal 41 agus creidiúnú do chomhlacht deimhniúcháin de bhun Airteagal 43;

(r)

údaróidh sé na clásail chonarthacha agus na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 463;

(s)

déanfaidh sé rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas de bhun Airteagal 47;

(t)

rannchuideoidh sé le gníomhaíochtaí an Bhoird;

(u)

coimeádfaidh sé taifid inmheánacha ar sháruithe ar an Rialachán seo agus ar na bearta arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 58(2); agus

(v)

comhlíonfaidh sé aon chúraimí eile a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

2.   Déanfaidh gach údarás maoirseachta taisceadh na ngearán dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 1 a éascú trí bhearta amhail foirm le haghaidh gearán a dhéanamh, a fhéadfar a líonadh isteach go leictreonach freisin, gan modhanna eile cumarsáide a eisiamh.

3.   Comhlíonfaidh gach údarás maoirseachta a chúraimí gan aon chostas a ghearradh ar an ábhar sonraí ná, i gcás inarb infheidhme, ar an oifigeach cosanta sonraí.

4.   I gcás inar follasach go bhfuil iarrataí gan bhunús nó go bhfuil siad iomarcach, go háirithe mar gheall ar a atarlaithí atá siad, féadfaidh an t-údarás maoirseachta táille réasúnta a ghearradh ar bhonn na gcostas riaracháin, sin nó diúltú gníomhú de bhun na hiarrata. Is faoin údarás maoirseachta a bheidh sé a thaispeáint go bhfuil an iarraidh gan bhunús nó go bhfuil sí iomarcach.

Airteagal 58

Cumhachtaí

1.   Beidh na cumhachtaí imscrúdaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

(a)

ordú a thabhairt don rialaitheoir agus don phróiseálaí agus, i gcás inarb infheidhme, d'ionadaí an rialaitheora nó an phróiseálaí, aon fhaisnéis a éilíonn sé ar mhaithe lena chúraimí a chomhlíonadh a chur ar fáil dó;

(b)

imscrúduithe a dhéanamh i bhfoirm iniúchtaí ar chosaint sonraí;

(c)

athbhreithniú a dhéanamh ar dheimhnithe a eisíodh de bhun Airteagal 42(7);

(d)

fógra a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí faoi shárú a líomhnaítear a bheith déanta ar an Rialachán seo;

(e)

rochtain a fháil, ón rialaitheoir agus ón bpróiseálaí, ar na sonraí pearsanta ar fad agus ar gach faisnéis is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh; agus

(f)

rochtain a fháil ar aon áitreabh de chuid an rialaitheora agus an phróiseálaí, lena n-áirítear ar aon trealamh agus ar aon mhodh próiseála sonraí, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí nós imeachta náisiúnta Ballstáit.

2.   Beidh na cumhachtaí ceartaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

(a)

fógraí rabhaidh a thabhairt do rialaitheoir nó do phróiseálaí ina gcuirtear in iúl gur dóchúil go sárófar forálacha an Rialacháin seo leis na hoibríochtaí próiseála a bheartaítear;

(b)

iomarduithe a eisiúint do rialaitheoir nó do phróiseálaí i gcás ina bhfuil oibríochtaí próiseála tar éis forálacha an Rialacháin seo a shárú;

(c)

ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí iarrataí an ábhair sonraí a chomhlíonadh maidir lena chearta a fheidhmiú de bhun an Rialacháin seo;

(d)

ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí oibríochtaí próiseála a chur i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo agus, nuair is iomchuí, ar bhealach sonraithe agus laistigh de thréimhse shonraithe;

(e)

ordú a thabhairt don rialaitheoir sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí;

(f)

teorainn shealadach nó bhuan a fhorchur lena n-áirítear cosc ar phróiseáil;

(g)

ordú a thabhairt go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó go ndéanfaí próiseáil a shrianadh de bhun Airteagal 16, Airteagal 17 agus Airteagal 18 agus go gcuirfí na faighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta sin dóibh ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí sin de bhun Airteagal 17(2) agus Airteagal 19;

(h)

deimhniú a tharraingt siar nó ordú a thabhairt don chomhlacht deimhniúcháin deimhniú a tharraingt siar ar deimhniú é a eisíodh de bhun Airteagal 42 agus Airteagal 43, nó ordú a thabhairt don chomhlacht deimhniúcháin gan deimhniú a eisiúint mura bhfuil na ceanglais don deimhniú á gcomhlíonadh nó mura bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh;

(i)

fíneáil riaracháin a ghearradh de bhun Airteagal 83, de bhreis ar na bearta dá dtagraítear sa mhír seo nó ina n-ionad, ag brath ar dhálaí gach cáis faoi leith; agus

(j)

ordú a thabhairt sreabha sonraí chuig faighteoir i dtríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta a fhionraí.

3.   Beidh na cumhachtaí údaraithe agus comhairleacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

(a)

comhairle a thabhairt don rialaitheoir i gcomhréir leis an nós imeachta réamhchomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36;

(b)

tuairimí a thabhairt, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin air, don pharlaimint náisiúnta, do rialtas an Bhallstáit nó, i gcomhréir lei dlí Ballstáit, do na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile agus don phobal, maidir le haon saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta;

(c)

próiseáil dá dtagraítear in Airteagal 36(5) a údarú, má tá réamhúdarú den sórt sin riachtanach i ndlí an Bhallstáit;

(d)

tuairim a thabhairt agus dréachtchóid iompair a fhormheas de bhun Airteagal 40(5);

(e)

comhlachtaí deimhniúcháin a chreidiúnú de bhun Airteagal 43;

(f)

deimhnithe a eisiúint agus critéir deimhniúcháin a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 42(5);

(g)

clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 28(8) agus i bpointe (d) d'Airteagal 46(2) a ghlacadh;

(h)

clásail chonarthacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 46(3) a údarú;

(i)

socruithe riaracháin dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 46(3) a údarú;

(j)

rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas de bhun Airteagal 47.

4.   Beidh feidhmiú na gcumhachtaí a thabharfar don údarás maoirseachta de bhun an Airteagail seo faoi réir coimircí iomchuí, lena n-áirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí, atá leagtha síos i ndlí an Aontais agus i ndlí Ballstáit i gcomhréir leis an gCairt.

5.   Forálfaidh gach Ballstát le dlí go mbeidh de chumhacht ag a údarás maoirseachta sáruithe ar an Rialachán seo a thabahirt os comhair na n-údarás breithiúnach agus, i gcás inarb iomchuí, imeachtaí dlíthiúla a thosú nó dul ina mbun ar bhealach eile d'fhonn forálacha an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú.

6.   Féadfaidh gach Ballstát a fhoráil le dlí go mbeidh cumhachtaí breise ag a údarás maoirseachta chomh maith leo siúd dá dtagraítear i mír 1, 2 agus 3. Ní chuirfidh oibriú na gcumhachtaí sin isteach ar fheidhmiú éifeachtach Chaibidil VII.

Airteagal 59

Tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí

Déanfaidh gach údarás maoirseachta tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas maidir lena chuid gníomhaíochtaí, ina bhféadfar liosta de chineálacha sáruithe a dtugtar fógra fúthu agus de chineálacha beart arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 58(2) a áireamh. Tíolacfar na tuarascálacha chuig an bparlaimint náisiúnta, chuig an rialtas agus chuig údaráis eile faoi mar atá ceaptha le dlí Ballstáit. Déanfar iad a chur ar fáil don phobal, don Choimisiún agus don Bhord.

CAIBIDIL VII

Comhar agus comhsheasmhacht

Roinn 1

Comhar

Airteagal 60

Comhar idir an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann

1.   Comhoibreoidh an príomhúdarás maoirseachta leis na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann i gcomhréir leis an Airteagal seo d'fhonn teacht ar chomhdhearcadh. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann an fhaisnéis ábhartha ar fad a mhalartú lena chéile.

2.   Féadfaidh an príomhúdarás maoirseachta iarraidh ar údaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann, cúnamh frithpháirteach a thabhairt de bhun Airteagal 61 agus féadfaidh siad oibríochtaí comhpháirteacha de bhun Airteagal 62 a sheoladh, go háirithe chun imscrúduithe a dhéanamh nó chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm beart a bhaineann le rialaitheoir nó le próiseálaí atá bunaithe i gcríoch Bhallstáit eile.

3.   Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta an fhaisnéis ábhartha maidir leis an tsaincheist a chur in iúl, gan mhoill, do na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann. Cuirfidh sé dréachtchinneadh faoi bhráid na n-údarás maoirseachta eile lena mbaineann gan mhoill chun a dtuairimí a fháil agus tabharfaidh sé aird chuí ar na tuairimí atá acu.

4.   I gcás ina gcuirfidh aon cheann de na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agóid ábhartha réasúnaithe in iúl laistigh de cheithre seachtaine i gcoinne an dréachtchinnidh tar éis don phríomhúdarás dul i gcomhairle leo i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, cuirfidh an príomhúdarás maoirseachta an t-ábhar faoi bhráid an tsásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63, mura leanann sé an agóid ábhartha agus réasúnaithe nó má mheasann sé nach bhfuil an agóid ábhartha ná réasúnaithe.

5.   I gcás inar meabhair leis an bpríomhúdarás maoirseachta an agóid ábhartha agus réasúnaithe atá déanta a leanúint, cuirfidh sé dréachtchinneadh athbhreithnithe faoi bhráid na n-údarás maoirseachta eile lena mbaineann lena dtuairim a fháil. Beidh an dréachtchinneadh athbhreithnithe sin faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear i mír 4 laistigh de thréimhse coicíse.

6.   I gcás nach gcuirfidh aon cheann de na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agóid in aghaidh an dréachtchinnidh a thíolaic an príomhúdarás maoirseachta laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5, measfar go bhfuil an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar aon intinn lena chéile maidir leis an dréachtchinneadh sin agus beidh siad faoina cheangal.

7.   Glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta an cinneadh agus cuirfidh sé é sin in iúl do phríomhbhunaíocht nó do bhunaíocht aonair an rialaitheora nó an phróiseálaí, de réir mar a bheidh, agus cuirfidh sé na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agus an Bord ar an eolas maidir leis an gcinneadh, lena n-áirítear achoimre ar na fíricí agus ar na forais ábhartha. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta ar taisceadh gearán leis an gearánach ar an eolas maidir leis an gcinneadh.

8.   De mhaolú ar mhír 7, i gcás ina ndéanfar gearán a dhíbhe nó a dhiúltú, glacfaidh an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis an cinneadh sin agus tabharfaidh sé fógra don ghearánach maidir leis agus cuirfidh sé an rialaitheoir ar an eolas faoi.

9.   I gcás ina mbeidh an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar aon aigne maidir le codanna de ghearán a dhíbhe nó a dhiúltú, agus gníomhú maidir le codanna eile sa ghearán sin, glacfar cinneadh ar leithligh maidir le gach cuid den ábhar. Glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta an cinneadh maidir leis an gcuid a bhaineann le gníomhaíochtaí i ndáil leis an rialaitheoir, cuirfidh sé an méid sin in iúl do phríomhbhunaíocht nó do bhunaíocht aonair an rialaitheora nó an phróiseálaí atá ar chríoch a Bhallstáit féin agus cuirfidh sé an gearánach ar an eolas faoi, agus glacfaidh údarás maoirseachta an ghearánaigh an cinneadh maidir leis an gcuid a bhaineann le díbhe nó le diúltú an ghearáin sin, agus tabharfaidh sé fógra faoi don ghearánach sin, agus cuirfidh sé an rialaitheoir agus an próiseálaí ar an eolas faoi.

10.   Tar éis fógra a fháil maidir le cinneadh an phríomhúdaráis mhaoirseachta de bhun mhír 7, agus de bhun mhír 9, déanfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an cinneadh maidir le gníomhaíochtaí próiseála i gcomhthéacs a bhunaíochtaí go léir san Aontas. Tabharfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí fógra don phríomhúdarás maoirseachta faoi na bearta a ghlacfar chun an cinneadh a chomhlíonadh agus cuirfidh an príomhúdarás sin na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann ar an eolas.

11.   In imthosca eisceachtúla ina measfaidh údarás maoirseachta go bhfuil gá práinneach le gníomhú chun leasanna na n-ábhar sonraí a chosaint, beidh feidhm ag an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 66.

12.   Cuirfidh an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann an fhaisnéis atá riachtanach faoin Airteagal seo ar fáil dá chéile trí mhodhanna leictreonacha agus bainfear úsáid as formáid chaighdeánaithe chuige sin.

Airteagal 61

Cúnamh frithpháirteach

1.   Tabharfaidh údaráis mhaoirseachta faisnéis ábhartha agus cúnamh frithpháirteach dá chéile chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ar shlí chomhsheasmhach, agus cuirfidh siad bearta i bhfeidhm le go bhféadfar oibriú go héifeachtach i gcomhar lena chéile. Is é is mó a chumhdófar le cúnamh frithpháirteach, amhail iarrataí ar fhaisnéis agus bearta maoirseachta, amhail iarrataí ar réamhúdaruithe agus réamhchomhairliúcháin, cigireachtaí agus imscrúduithe.

2.   Déanfaidh gach údarás maoirseachta na bearta iomchuí uile is gá d'fhonn iarraidh ó údarás maoirseachta eile a fhreagairt agus déanfar é sin gan mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an iarraidh a fháil. Féadfar a áireamh sna bearta sin, go háirithe, faisnéis ábhartha a tharchur maidir le himscrúdú a dhéanamh.

3.   Cuimseofar san iarraidh ar chúnamh gach faisnéis is gá, lena n-áirítear cuspóir na hiarrata agus na cúiseanna atá léi. Úsáidfear an fhaisnéis a mhalartaítear chun na críche ar iarradh an fhaisnéis dá leith, agus chuige sin amháin.

4.   An t-údarás maoirseachta iarrtha, ní fhéadfaidh sé diúltú an iarraidh a chomhlíonadh ach amháin:

(a)

mura bhfuil sé inniúil ar ábhar na hiarrata nó ar na bearta a iarrfar air a fheidhmiú; nó

(b)

dá sáródh comhlíonadh na hiarrata an Rialachán seo dlí an Aontais nó dlí Ballstáit a bhfuil an t-údarás maoirseachta a fhaigheann an iarraidh faoina réir.

5.   Cuirfidh an t-údarás maoirseachta iarrtha an t-údarás maoirseachta iarrthach ar an eolas faoi thorthaí na hiarrata nó, de réir mar a bheidh, faoin dul chun cinn nó faoi na bearta atá déanta chun freagairt don iarraidh. I gcásanna diúltaithe faoi mhír 4, tabharfaidh an t-údarás maoirseachta iarrtha míniú ar na cúiseanna atá le haon diúltú iarraidh de bhun mhír 4 a chomhlíonadh.

6.   De ghnáth, is trí mhodhanna leictreonacha a sholáthróidh údaráis mhaoirseachta iarrtha an fhaisnéis a iarrfaidh údaráis mhaoirseachta eile agus bainfear úsáid as formáid chaighdeánaithe chuige sin.

7.   Ní ghearrfaidh údaráis mhaoirseachta táille as aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh siad de bhun cúnamh frithpháirteach a iarraidh. Féadfaidh údaráis mhaoirseachta rialacha a chomhaontú le chéile le go slánóidh údaráis mhaoirseachta eile iad maidir le caiteachas sonrach a éiríonn as cúnamh frithpháirteach a sholáthar i ndálaí eisceachtúla.

8.   I gcás nach soláthróidh údarás maoirseachta an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil ó údarás maoirseachta eile, féadfaidh an t-údarás maoirseachta iarrthach beart sealadach a ghlacadh i gcríoch a Bhallstáit féin i gcomhréir le hAirteagal 55(1). Sa chás sin, toimhdeofar gur comhlíonadh an gá práinneach maidir le gníomhú faoi Airteagal 66(1), agus go mbeidh gá le cinneadh ceangailteach práinneach ón mBord de bhun Airteagal 61(2).

9.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid agus na nósanna imeachta don chúnamh frithpháirteach dá dtagraítear san Airteagal seo a shonrú agus na socruithe maidir le faisnéis a mhalartú trí mhodhanna leictreonacha idir údaráis mhaoirseachta, agus idir údaráis mhaoirseachta agus an Bord, go háirithe an fhormáid chaighdeánaithe dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

Airteagal 62

Oibríochtaí comhpháirteacha na n-údarás maoirseachta

1.   Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta, i gcás inarb iomchuí, oibríochtaí comhpháirteacha a sheoladh, lena n-áirítear imscrúduithe comhpháirteacha agus bearta comhpháirteacha forfheidhmithe a mbeidh comhaltaí nó foireann údaráis mhaoirseachta na mBallstát eile bainteach leo.

2.   I gcás ina mbeidh bunaíochtaí ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí i roinnt Ballstát nó i gcás inar dócha go mbeidh tionchar nach beag ag oibríochtaí próiseála ar líon suntasach ábhar sonraí i mBallstát amháin nó níos mó, beidh sé de cheart ag údarás maoirseachta ó gach ceann de na Ballstáit sin a bheith rannpháirteach sna hoibríochtaí comhpháirteacha sin. Tabharfaidh an t-údarás maoirseachta atá inniúil de réir Airteagal 56(1) nó Airteagal 56(4) cuireadh don údarás maoirseachta ó gach ceann de na Ballstáit sin a bheith rannpháirteach sna hoibríochtaí comhpháirteacha agus freagróidh sé gan mhoill don iarraidh ó údarás maoirseachta maidir lena bheith rannpháirteach.

3.   Féadfaidh údarás maoirseachta, i gcomhréir le dlí Ballstáit, agus le húdarú an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh, cumhachtaí, lena n-áirítear cumhachtaí imscrúdaitheacha, a thabhairt do chomhaltaí nó d'fhoireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh atá i mbun oibríochtaí comhpháirteacha nó, a mhéid is a cheadaítear le dlí Bhallstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh, ceadú do chomhaltaí nó d'fhoireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh a gcumhachtaí imscrúdaitheacha a fheidhmiú i gcomhréir le dlí Bhallstát an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh. Ní fhéadfar na cumhachtaí imscrúdaitheacha sin a fheidhmiú ach amháin faoi threoir agus i láthair chomhaltaí nó fhoireann an údaráis mhaoirseachta óstaigh. Beidh comhaltaí nó foireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh faoi réir dhlí Ballstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh.

4.   I gcás inarb amhlaidh, i gcomhréir le mír 1, go bhfuil foireann údaráis mhaoirseachta tionscnaimh ag feidhmiú i mBallstát eile, glacfaidh Ballstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh freagracht as a ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear dliteanas, i leith aon damáiste a dhéanfaidh siad agus iad i mbun a n-oibríochtaí, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a mbeidh siad ag oibriú ar a chríoch.

5.   An Ballstát ar ina chríoch a rinneadh an damáiste, slánóidh sé an damáiste sin faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le damáiste a rinne a foireann féin. Ballstát an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh a ndearna a foireann féin damáiste do dhuine ar bith i gcríoch Bhallstáit eile, cúiteoidh sé leis an mBallstát eile sin ina iomláine aon suimeanna a d'íoc sé leis na daoine a bhí ina dteideal thar a gceann sin.

6.   Gan dochar d'fheidhmiú na gceart i leith tríú páirtithe agus cé is moite de mhír 5, staonfaidh gach Ballstát, sa chás dá bhforáiltear i mír 1, ó chúiteamh damáistí a d'fhulaing sé a iarraidh ar Bhallstát eile I dtaca le damáiste dá dtagraítear de bhun mhír 4.

7.   I gcás ina mbeidh oibríocht chomhpháirteach beartaithe agus nach gcomhlíonfaidh údarás maoirseachta laistigh de mhí amháin an oibleagáid a leagadh síos sa dara habairt de mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta eile beart sealadach a ghlacadh i gcríoch a Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 55. Sa chás sin, toimhdeofar gur comhlíonadh an gá práinneach atá le gníomhú faoi Airteagal 66(1) agus go bhfuil gá le tuairim ón mBord, nó cinneadh ceangailteach práinneach uaidh, de bhun Airteagal 66(2).

Roinn 2

Comhsheasmhacht

Airteagal 63

An sásra comhsheasmhachta

D'fhonn rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais, rachaidh na húdaráis mhaoirseachta i gcomhar lena chéile agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gCoimisiún, trí bhíthin an tsásra comhsheasmhachta mar a leagtar amach sa Roinn seo.

Airteagal 64

Tuairim an Bhoird

1.   I gcás ina mbeartóidh údarás inniúil maoirseachta aon cheann de na bearta anseo síos a ghlacadh, eiseoidh an Bord tuairim. Chun na críche sin, cuirfidh an t-údarás inniúil maoirseachta an dréachtchinneadh in iúl don Bhord, sna cásanna seo a leanas:

(a)

dírítear ann ar liosta de na hoibríochtaí próiseála a ghlacadh faoi réir an cheanglais le haghaidh measúnú tionchair ar chosaint sonraí, de bhun Airteagal 35(4);

(b)

baineann sé le hábhar de bhun Airteagal 40(7) féachaint an bhfuil dréachtchód iompair nó leasú nó síneadh ar chód iompair má chomhlíonann sé an Rialachán seo;

(c)

dírítear ann ar chritéir maidir le creidiúnú comhlachta a fhormheas de bhun Airteagal 41(3) nó maidir le comhlacht deimhniúcháin de Airteagal 43(3);

(d)

dírítear ann ar na clásail chaighdeánacha um chosaint sonraí dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 46(2) agus in Airteagal 28(8) a chinneadh;

(e)

dírítear ann ar chlásail chonarthacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 46(3) a údarú; nó

(f)

dírítear ann ar rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas de réir bhrí Airteagal 47.

2.   Féadfaidh údarás maoirseachta ar bith, Cathaoirleach an Bhoird nó an Coimisiún, a iarraidh go ndéanfaidh an Bord scrúdú ar aon ábhar a mbeidh feidhm ghinearálta aige nó ar aon ábhar a mbeidh éifeachtaí aige i níos mó ná Ballstát amháin d'fhonn tuairim a fháil, go háirithe i gcás nach gcomhlíonfaidh údarás inniúil maoirseachta na hoibleagáidí maidir le cúnamh frithpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 61 nó maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 62.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, déanfaidh an Bord tuairim a eisiúint ar an ábhar a cuireadh faoina bhráid ar an gcoinníoll nach mbeidh tuairim eisithe aige cheana féin maidir leis an gceist chéanna. Glacfar an tuairim sin laistigh de thréimhse ocht seachtaine, trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird. Féadfar síneadh breise sé seachtaine a chur leis an tréimhse sin agus castacht an ábhair á cur san áireamh. Maidir leis an dréachtchinneadh dá dtagraítear i mír 1 a scaipeadh ar chomhaltaí an Bhoird i gcomhréir le mír 5, comhalta nach bhfuil agóid déanta aige laistigh de thréimhse réasúnta arna sonrú ag an gCathaoirleach, measfar go dtoilíonn sé leis an dréachtchinneadh.

4.   Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis ábhartha a chur in iúl trí mheán leictreonach don Bhord, agus úsáid á baint as formáid chaighdeánaithe, lena n-áiritheofar, de réir mar a bheidh, achoimre ar na fíricí, an dréachtchinneadh, na forais is bonn leis an ngá atá le beart den sórt sin a achtú, agus na tuairimí ó údaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann.

5.   Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird, gan aon mhoill mhíchuí, na nithe seo a leanas a chur ar an eolas trí mheán leictreonach:

(a)

comhaltaí an Bhoird agus an Coimisiún faoi aon fhaisnéis ábhartha a cuireadh in iúl dó, agus úsáid á baint aige as formáid chaighdeánaithe chuige sin. Soláthróidh rúnaíocht an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí aistriúcháin den fhaisnéis ábhartha, nuair is gá; agus

(b)

an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear, de réir mar a bheidh, i mír 1 agus i mír 2, chomh maith leis an gCoimisiún faoin tuairim agus poibleoidh sé í.

6.   Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil maoirseachta a dhréachtchinneadh dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 3.

7.   Cuirfidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear i mír 1 an tuairim ón mBord san áireamh ina hiomláine agus cuirfidh sé in iúl trí mheán leictreonach do Chathaoirleach an Bhoird laistigh de choicís tar éis dó an tuairim a fháil cibé acu an seasfaidh sé leis an dréachtchinneadh nó an leasóidh sé é agus, i gcás inarb ann do leasuithe, cuirfidh an t-údarás maoirseachta an dréachtchinneadh leasaithe ar aghaidh freisin agus úsáid á baint as formáid chaighdeánaithe.

8.   I gcás ina gcuireann an t-údarás maoirseachta lena mbaineann in iúl do Chathaoirleach an Bhoird, laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, nach bhfuil sé ar intinn aige tuairim an Bhoird a leanuint, ina hiomláine nó go páirteach, agus na forais ábhartha á soláthar aige, beidh feidhm ag Airteagal 65(1).

Airteagal 65

Réiteach díospóide ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí

1.   D'fhonn a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gceart agus go comhsheasmhach i gcásanna aonair, déanfaidh an Bord cinneadh ceangailteach a ghlacadh sna cásanna seo a leanas:

(a)

más amhlaidh, i gcás dá dtagraítear in Airteagal 60(4), gur ardaigh údarás maoirseachta lena mbaineann agóid ábhartha agus réasúnaithe i gcoinne dréachtchinneadh ón bpríomhúdarás nó i gcás inar dhiúltaigh an príomhúdarás d'agóid den sórt sin ar an mbunús nach bhfuil sí ábhartha nó réasúnaithe. Bainfidh an cinneadh ceangailteach leis na ceisteanna go léir atá ina n-ábhar don agóid ábhartha réasúnaithe, go háirithe an ann do shárú ar an Rialachán seo;

(b)

i gcás ina mbeidh tuairimí contrártha maidir le cé acu ceann de na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann is inniúil maidir leis an bpríomhbhunaíocht;

(c)

I gcás nach n-iarrfaidh údarás inniúil maoirseachta tuairim an Bhoird sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 64(1), nó i gcás nach ndéanfaidh sé tuairim an Bhoird, a eisíodh faoi Airteagal 64, a leanuint. Sa chás sin, féadfaidh aon údarás maoirseachta lena mbaineann nó féadfaidh an Coimisiún an t-ábhar a chur in iúl don Bhord.

2.   Laistigh de mhí amháin iar dtarchur an ábhair, glacfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin go ceann mí eile i ngeall ar chastacht an ábhair. An cinneadh dá dtagraítear i mír 1, beidh sé réasúnaithe agus seolfar é chuig an príomhúdarás maoirseachta agus chuig na húdaráis mhaoirseachta uile lena mbaineann agus beidh sé ina cheangal orthu fairis sin.

3.   I gcás nach mbeidh an Bord in ann cinneadh a ghlacadh laistigh de na tréimhsí dá dtagraítear i mír 2, glacfaidh sé a chinneadh laistigh de choicís tar éis dheireadh an dara mí dá dtagraítear i mír 2 trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird. I gcás ina bhfuil deighilt idir comhaltaí an Bhoird, glacfar an cinneadh trí vóta óna Chathaoirleach.

4.   Ní dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann cinneadh a ghlacadh maidir leis an ábhar a cuireadh faoi bhráid an Bhoird faoi mhír 1 le linn na dtréimhsí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.

5.   Cuirfidh Cathaoirleach an Bhoird an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 in iúl do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann gan aon mhoill mhíchuí. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ina thaobh sin. Foilseofar an cinneadh gan mhoill ar shuíomh gréasáin an Bhoird tar éis don údarás maoirseachta fógra a thabhairt faoin gcinneadh críochnaitheach dá dtagraítear i mír 6.

6.   Glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta, nó, de réir mar a bheidh, an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis cinneadh críochnaitheach ar bhonn an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis don Bhord fógra a thabhairt maidir lena chinneadh. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta, nó, de réir mar a bheidh, an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis, an Bord a chur ar an eolas faoin dáta a gcuirfear fógra faoina chinneadh críochnaitheach chuig an rialaitheoir nó chuig an bpróiseálaí agus chuig an ábhar sonraí, faoi seach. Glacfar cinneadh críochnaitheach na n-údarás maoirseachta lena mbaineann faoi théarmaí Airteagal 60(7), (8) agus (9). Tagrófar sa chinneadh críochnaitheach don chinneadh dá dtagraítear i mír 1, agus sonrófar ann go ndéanfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhoird i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo. Ceanglófar leis an gcinneadh críochnaitheach an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 66

Nós imeachta práinne

1.   In imthosca eisceachtúla, má mheasann údarás maoirseachta lena mbaineann go bhfuil géarghá le gníomhú chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint, féadfaidh sé, de mhaolú ar an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63, 64 agus 65 nó de mhaolú ar an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 60, bearta sealadacha a ghlacadh láithreach bonn, ar bearta iad a cheapfar chun go mbeadh éifeachtaí dlí acu ar a chríoch féin agus tréimhse bailíochta, nach mó ná trí mhí, a bheith sonraithe ina leith. Déanfaidh an t-údarás maoirseachta na bearta sin agus na cúiseanna lena nglacadh a chur in iúl gan mhoill do na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann, don Bhord agus don Choimisiún.

2.   I gcás ina bhfuil beart déanta ag údarás maoirseachta de bhun mhír 1 agus ina measann sé gur gá bearta críochnaitheacha a ghlacadh ar bhonn práinne, féadfaidh sé tuairim phráinneach nó cinneadh ceangailteach práinneach a iarraidh ar an mBord, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an tuairim nó leis an gcinneadh sin a iarraidh.

3.   Féadfaidh aon údarás maoirseachta tuairim phráinneach nó cinneadh ceangailteach práinneach, de réir mar a bheidh, a iarraidh ar an mBord, i gcás nach bhfuil an beart cuí glactha ag údarás maoirseachta inniúil i gcásanna ina bhfuil gá práinneach le gníomhú, chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an tuairim sin nó leis an gcinneadh sin a iarraidh, lena n-áirítear leis an bpráinn atá le gníomhú.

4.   De mhaolú ar Airteagal 64(3) agus ar Airteagal 65(2), glacfar tuairim phráinneach nó cinneadh ceangailteach práinneach dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo laistigh de choicís, trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird.

Airteagal 67

Malartú faisnéise

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhfuil raon feidhme ginearálta leo a ghlacadh d'fhonn na socruithe a shonrú le haghaidh malartú faisnéise trí mhodhanna leictreonacha idir údaráis mhaoirseachta, agus idir údaráis mhaoirseachta agus an Bord, go háirithe an fhormáid chaighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 64.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

Cuid 3

An bord eorpach um chosaint sonraí

Airteagal 68

An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

1.   Bunaítear an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (an “Bord”) leis an Rialachán seo mar chomhlacht de chuid an Aontais agus beidh pearsantacht dhlíthiúil aige.

2.   Is é Cathaoirleach an Bhoird a dhéanfaidh ionadaíocht thar a cheann.

3.   Ar an mBord, beidh ceannaire ó údarás maoirseachta amháin ó gach Ballstát agus beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, nó a n-ionadaithe faoi seach.

4.   I gcás ina mbeidh níos mó ná údarás maoirseachta amháin i mBallstát freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha de bhun an Rialacháin seo, ceapfar ionadaí comhpháirteach i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin.

5.   Beidh sé de cheart ag an gCoimisiún a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus i gcruinnithe an Bhoird ach ní bheidh cead vótála aige. Déanfaidh an Coimisiún ionadaí a ainmniú. Déanfaidh cathaoirleach an Bhoird gníomhaíochtaí an Bhoird sin a chur in iúl don Choimisiún.

6.   Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 65, beidh cearta vótála ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le cinntí a bhaineann leis na prionsabail agus na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a fhreagraíonn go substaintiúil do na cinn sa Rialachán seo, agus maidir leis na cinntí sin amháin.

Airteagal 69

Neamhspleáchas

1.   Gníomhóidh an Bord go neamhspleách i bhfeidhmiú a chúraimí nó a chumhachtaí de bhun Airteagail 64, 65,66, 70 agus 71.

2.   Gan dochar d'iarrataí ón gCoimisiún dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 70(1) agus Airteagal 70(2), ní dhéanfaidh an Bord Eorpach, i bhfeidhmiú a chúraimí nó a chumhachtaí, treoracha a iarraidh ná a fháil ó aon duine.

Airteagal 70

Cúraimí an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí

1.   Áiritheoidh an Bord go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach. Chuige sin, déanfaidh an Bord, ar a thionscnamh féin, nó, i gcás inarb ábhartha, arna iarraidh sin don Choimisiún, an méid seo leanas go háirithe:

(a)

déanfaidh sé faireachán ar an Rialachán seo agus áiritheoidh sé go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm mar is ceart sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 64 agus in Airteagal 65, gan dochar do na cúraimí a bheidh ar na húdaráis náisiúnta mhaoirseachta;

(b)

comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le haon tsaincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta san Aontas, lena n-áirítear aon leasuithe atá beartaithe maidir leis an Rialachán seo;

(c)

comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis an bhformáid agus na nósanna imeachta le haghaidh faisnéis a mhalartú idir rialaitheoirí, próiseálaithe agus údaráis mhaoirseachta le haghaidh rialacha ceangailteacha corparáideacha;

(d)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr maidir le nósanna imeachta a bhaineann le naisc chuig sonraí pearsanta, agus cóipeanna nó macasamhlaithe na sonraí sin, a léirscriosadh ó sheirbhísí cumarsáide atá ar fáil go poiblí dá dtagraítear in Airteagal 17(2);

(e)

scrúdóidh sé, ar a thionscnamh féin, arna iarraidh sin do chomhalta dá chuid nó don Choimisiún, ceist ar bith lena gcumhdaítear cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr a eisiúint do na húdaráis mhaoirseachta d'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a spreagadh;

(f)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo d'fhonn na critéir agus na coinníollacha maidir le cinntí atá bunaithe ar phróifíliú de bhun Airteagal 22(2) a shonrú tuilleadh;

(g)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo le haghaidh na sáruithe ar na sonraí pearsanta a shuíomh agus le cinneadh a dhéanamh maidir leis an moill mhíchuí dá dtagraítear inAirteagal 33 (1) agus (2), agus maidir leis na himthosca ar leith ina gceanglaítear ar rialaitheoir nó próiseálaí fógraa a thbahairt maidir leis an sárú i ndáil le sonraí pearsantal;

(h)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo maidir leis na himthosca inar dócha go ráineodh ardriosca atá ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) i gcás ina ndéanfar sárú ar shonraí pearsanta.

(i)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo chun na critéir agus na ceanglais a shonrú tuilleadh maidir le haistrithe sonraí pearsanta atá bunaithe ar rialacha ceangailteacha corparáideacha a gcloíonn rialaitheoirí leo agus rialacha ceangailteacha corparáideacha a gcloíonn próiseálaithe leo agus maidir le tuilleadh ceanglas riachtanach chun a áirithiú go ndéanfar cosaint ar shonraí pearsanta na n-ábhar sonraí lena mbaineann, arb ábhar do na sonraí iad, dá dtagraítear in Airteagal 47;

(j)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den Airteagal seo ar mhaithe leis na critéir agus na ceanglais chun na haistrithe sonraí pearsanta arna mbunú ar Airteagal 49(1) a shonrú tuilleadh;

(k)

tarraingeoidh sé suas treoirlínte d'údaráis mhaoirseachta maidir le bearta dá dtagraítear inAirteagal 58 (1), (2) agus (4) a chur i bhfeidhm agus maidir le fíneálacha riaracháin a shocrú de bhun Airteagal 83;

(l)

athbhreithneoidh sé cur i bhfeidhm praiticiúil na dtreoirlínte, na moltaí agus na ndea-chleachtas dá dtagraítear i bpointe (e) agus i bpointe (f);

(m)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) de mhír 1 chun nósanna imeachta coiteanna a bhunú trína bhféadfaidh daoine nádúrtha tuairisciú a dhéanamh ar sháruithe ar an Rialachán seo de bhun Airteagal 54(2);

(n)

déanfaidh sé tarraingt suas na gcód iompair a spreagadh agus sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí a bhunú de bhun Airteagal 40 agus de bhun Airteagal 42;

(o)

déanfaidh sé creidiúnú ar na comhlachtaí deimhniúcháin agus déanfaidh sé athbhreithniú tréimhsiúil air de bhun Airteagal 43a agus coinneoidh sé clár poiblí de na comhlachtaí creidiúnaithe de bhun Airteagal 43(6), agus déanfaidh sé amhlaidh i leith na rialaitheoirí creidiúnaithe nó na bpróiseálaithe creidiúnaithe atá bunaithe i dtríú tíortha de bhun Airteagal 42(7);

(p)

sonróidh sé na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 43(3) i dtaca leis na comhlachtaí deimhniúcháin a chreidiúnú faoi Airteagal 42;

(q)

tabharfaidh sé tuairim don Choimisiún maidir leis na ceanglais deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(8);

(r)

tabharfaidh sé tuairim don Choimisiún maidir leis na deilbhíní dá dtagraítear in Airteagal 12(7);

(s)

tabharfaidh sé tuairim don Choimisiún le haghaidh measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht an leibhéil chosanta i dtríú tír nó in eagraíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear le haghaidh measúnú a dhéanamh féachaint an ndéanann nó nach ndéanann tríú tír, críoch nó earnáil shonraithe amháin nó níos mó sa tríú tír sin,, nó eagraíocht idirnáisiúnta, leibhéal leordhóthanach cosanta a áirithiú a thuilleadh. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún na doiciméid uile is gá, lena n-áirítear comhfhreagras le rialtas an tríú tír, dtaca leis an tríú tír sin, an críoch sin nó leis an earnáil phróiseála shonraithe sin nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta, a sholáthar don Bhord.

(t)

eiseoidh sé tuairimí ar dhréachtchinntí ó údaráis mhaoirseachta de bhun an tsásra comhsheasmhachta dá dtagraítear inAirteagal 64(1)ar ábhair a thíolacfar de bhun Airteagal 64(2) agus eiseoidh sé cinntí ceangailteacha de bhun Airteagal 65, lena n-áirítear i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 66;

(u)

déanfaidh sé an comhar agus an malartú éifeachtach déthaobhach agus iltaobhach faisnéise agus dea=chleachtas idir na húdaráis mhaoirseachta a chur chun cinn;

(v)

cuirfidh sé cláir choiteanna oiliúna chun cinn agus éascóidh sé malartuithe pearsanra idir na húdaráis mhaoirseachta agus, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha nó le húdaráis mhaoirseachta eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(w)

déanfaidh sé an malartú faisnéise agus doiciméad ar reachtaíocht agus ar chleachtas um chosaint sonraí a chur chun cinn le húdaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí ar fud an domhain.

(x)

tabharfaidh sé tuairimí uaidh maidir le cóid iompair arna dtarraingt suas ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 40(9); agus

(y)

coinneoidh sé clár leictreonach a mbeidh rochtain ag an bpobal air i dtaobh cinntí a rinne údaráis mhaoirseachta agus cúirteanna maidir le saincheisteanna a láimhseáladh sa sásra comhsheasmhachta.

2.   I gcás ina n-iarrann an Coimisiún comhairle ar an mBord, féadfaidh sé teorainn ama a shonrú, agus práinn an ábhair á cur san áireamh.

3.   Cuirfidh an Bord a thuairimí, a threoirlínte, a mholtaí agus a dhea-chleachtais ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 87 agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí iad.

4.   Rachaidh an Bord, i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus tabharfaidh sé an deis dóibh a mbarúlacha a thabhairt laistigh de thréimhse réasúnach. Déanfaidh an Bord, gan dochar d'Airteagal 76, torthaí an nós imeachta comhairliúcháin a chur ar fáil go poiblí.

Airteagal 71

Tuarascálacha

1.   Tarraingeoidh an Bord suas tuarascáil bhliantúil ar chosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil san Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta. Déanfar an tuarascáil a chur ar fáil go poiblí agus é a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

2.   Áireofar sa tuarascáil bhliantúil athbhreithniú ar chur i bhfeidhm praiticiúil na dtreoirlínte, na moltaí agus na ndea-chleachtas dá dtagraítear i bpointe (l) d'Airteagal 70(1), chomh maith leis na cinntí ceangailteacha dá dtagraítear in Airteagal 65.

Airteagal 72

Nós imeachta

1.   Déanfaidh an Bord a chuid cinntí trí thromlach simplí dá chomhaltaí, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo.

2.   Glacfaidh an Bord a rialacha nós imeachta féin trí thromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí agus eagróidh sé a shocruithe oibríochtúla féin.

Airteagal 73

Cathaoirleach

1.   Toghfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí cathaoirleach agus beirt leaschathaoirleach as measc a chomhaltaí trí thromlach simplí.

(2)   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an chathaoirligh agus na leaschathaoirleach, agus beidh an téarma sin inathnuaite aon uair amháin.

Airteagal 74

Cúraimí an Chathaoirligh

1.   Is iad na cúraimí seo a leanas a bheidh ar an gcathaoirleach:

(a)

cruinnithe an Bhoird a thionól agus a chlár oibre a ullmhú;

(b)

cinntí a ghlac an Bord de bhun Airteagal 65 a chur in iúl don phríomhúdarás maoirseachta agus do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann;

(c)

feidhmiú tráthúil chúraimí an Bhoird a áirithiú, go háirithe i ndáil leis an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 65.

2.   Déanfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí leithroinnt na gcúraimí idir an cathaoirleach agus na leaschathaoirligh a leagadh síos ina rialacha nós imeachta.

Airteagal 75

An Rúnaíocht

1.   Beidh rúnaíocht ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, a sholáthróidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

2.   Déanfaidh an rúnaíocht na cúraimí a bheidh uirthi a chomhlíonadh go heisiach faoi threoracha Chathaoirleach an Bhoird.

3.   Foireann sin an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an mBord faoin Rialachán seo a chur i gcrích, beidh sí faoi réir línte tuairiscithe ar leithligh seachas na cinn a bheidh ar an bhfoireann a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

4.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Bord agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, meabhrán tuisceana a bhunú agus a fhoilsiú, lena gcuirfear an tAirteagal seo chun feidhme, lena gcinnteofar téarmaí an chomhair eatarthu, agus a bheidh infheidhme maidir le foireann rúnaíocht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an mBord faoin Rialachán seo.

5.   Soláthróidh an rúnaíocht tacaíocht anailíseach, riaracháin agus lóistíochúil don Bhord.

6.   Beidh freagracht ar an rúnaíocht as an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

gnó laethúil an Bhoird;

(b)

an chumarsáid idir comhaltaí an Bhoird, a Cathaoirleach agus an Coimisiún;

(c)

cumarsáid le hinstitiúidí eile agus leis an bpobal;

(d)

úsáid modhanna leictreonacha don chumarsáid inmheánach agus sheachtrach;

(e)

faisnéis ábhartha a aistriú;

(f)

cruinnithe an Bhoird a ullmhú agus bearta leantacha a dhéanamh i ndáil leo;

(g)

tuairimí, cinntí ar réiteach díospóidí idir údaráis mhaoirseachta agus téacsanna eile a ghlacfaidh an Bord a ullmhú, a dhréachtú agus a fhoilsiú.

Airteagal 76

Rúndacht

1.   Beidh plé an Bhoird faoi rún i gcás go measann an Bord gur gá sin, de réir mar a bhforáiltear dó sin ina rialacha nós imeachta.

2.   Le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) rialófar rochtain ar dhoiciméid a chuirfear faoi bhráid chomhaltaí an Bhoird, agus a chuirfear faoi bhráid saineolaithe agus ionadaithe tríú páirtithe.

CAIBIDIL VIII

Leigheasanna, dliteanas agus pionóis

Airteagal 77

An ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta

1.   Gan dochar d'aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, ina (h)áit oibre nó áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann an t-ábhar sonraí go sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi an Rialachán seo.

2.   Cuirfidh an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis an gearánach ar an eolas maidir le dul chun cinn agus toradh an ghearáin, lena n-áirítear an fhéidearthacht leigheas breithiúnach a fháil de bhun Airteagal 78.

Airteagal 78

An ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne údarás maoirseachta

1.   Gan dochar do leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach ar bith eile, beidh an ceart ag gach duine nádúrtha nó dlíthiúil leigheas éifeachtach breithiúnach a fháil i gcoinne cinneadh a bhaineann leo a dhéanann údarás maoirseachta agus atá ina cheangal de réir dlí.

2.   Gan dochar d'aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach ar bith eile, beidh an ceart ag gach ábhar sonraí leigheas éifeachtach breithiúnach a bheith aige i gcás nach láimhseálann an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 agus Airteagal 56 gearán nó i gcás nach gcuireann sé an t-ábhar sonraí ar an eolas laistigh de thrí mhí maidir le dul chun cinn nó le toradh an ghearáin arna thaisceadh de bhun Airteagal 77.

3.   Tionscnófar imeachtaí i gcoinne údarás maoirseachta os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil an t-údarás maoirseachta bunaithe.

4.   I gcás imeachtaí a thionscnaítear i gcoinne cinneadh ó údarás maoirseachta ar thug an Bord tuairim nó cinneadh uaidh roimhe tríd an sásra comhsheasmhachta, cuirfidh an t-údarás maoirseachta an cinneadh nó an tuairim sin ar aghaidh chuig an gCúirt.

Airteagal 79

An ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne rialaitheoir nó próiseálaí

1.   Gan dochar d'aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach atá ar fáil, lena n-áirítear an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta de bhun Airteagal 77, beidh an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil ag gach ábhar sonraí i gcás ina measann sé nó sí gur sáraíodh a gcearta faoin Rialachán seo mar thoradh ar phróiseáil a shonraí paearsanta nóa sonraí pearsanta i nemahchomhlíonadh an Rialachain seo.

2.   Tionscnófar imeachtaí i gcoinne rialaitheoir nó próiseálaí os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí. De rogha air sin, féadfar na himeachtaí sin a thionscnamh os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an ábhar sonraí, ach amháin más údarás poiblí de chuid Ballstáit é an rialaitheoir nó an próiseálaí atá ag gníomhú i bhfeidhmiú a chumhachtaí poiblí.

Airteagal 80

Ionadaíocht d'ábhair sonraí

1.   Beidh an ceart ag an ábhar sonraí sainordú a thabhairt do chomhlacht, d'eagraíocht nó do chomhlachas seachbhrabúsach, atá comhdhéanta mar is ceart i gcomhréir le dlí Ballstáit, a bhfuil cuspóirí reachtacha chun leas an phobail aige nó aici, agus atá gníomhach sa réimse cosanta sonraí ó thaobh cearta agus saoirsí aahr sonraí a chosaint i ndáil lena sonraí pearsanta a chosaint, ar sainordú é chun an gearán a thaisceadh ar a shon nó ar a son, chun na cearta dá dtagraítear in Airteagal 77, in Airteagal 78 agus in Airteagal 79 a fheidhmiú ar a shon nó ar a son, agus chun an ceart cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 82 a fháil ar a shon nó ar a son i gcás ina bhforáiltear dó dó sin le dlí Ballstáit.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfuil sé de cheart ag aon chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, neamhspleách ar shainordú ábhair sonraí, gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 77, sa Bhallstát sin, agus na cearta dá dtagraítear in Airteagal 78 agus in Airteagal 79 a fheidhmiú má mheasann sé gur sáraíodh cearta ábhair sonraí faoin Rialachán seo mar thoradh ar an bpróiseáil.

Airteagal 81

Imeachtaí a chur ar fionraí

1.   I gcás ina mbeidh faisnéis ag cúirt inniúil Ballstáit faoi imeachtaí a bhaineann leis an ábhar céanna i ndáil le próiseáil ag an rialaitheoir céanna nó ag an bpróiseálaí céanna, ar imeachtaí iad atá ar feitheamh i gcúirt i mBallstát eile, rachaidh an chúirt inniúil i dteagmháil leis an gcúirt sin sa Bhallstát eile chun a dhearbhú gurb ann do na himeachtaí sin.

2.   I gcás ina mbeidh imeachtaí ar feitheamh i gcúirt i mBallstát eile, ar imeachtaí iad a bhaineann leis an ábhar céanna i ndáil le próiseáil ag an rialaitheoir céanna nó ag an bpróiseálaí céanna, féadfaidh aon chúirt inniúil, seachas an chéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair, na himeachtaí sin a chur ar fionraí.

3.   I gcás ina mbeidh na himeachtaí sin ar feitheamh ag an gcéad chéim, féadfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair dlínse a dhiúltú freisin, ar iarratas ó cheann de na páirtithe, má bhíonn dlínse ag an gcéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair i leith na gcaingne atá i gceist agus má cheadaíonn a dlí a gcomhdhlúthú.

Airteagal 82

An ceart chun cúiteamh a fháil agus dliteanas

1.   Aon duine a mbaineann damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó mar thoradh ar shárú an Rialacháin seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí as an damáiste a bhain dó.

2.   Aon rialaitheoir a bhfuil baint aige le próiseáil, beidh sé faoi dhliteanas i leith an damáiste a eascraíonn ó phróiseáil a sháraíonn an Rialachán seo. Ní bheidh próiseálaí faoi dhliteanas i leith an damáiste a rinneadh de bharr próiseála ach amháin i gcás nár chomhlíon sé oibleagáidí an Rialacháin seo atá dírithe go sonrach ar phróiseálaithe, nó i gcás inar ghníomhaigh sé lasmuigh de threoracha dleathacha an rialaitheora nó contrártha leo.

3.   Beidh rialaitheoir nó próiseálaí díolmhaithe ó dhliteanas faoi mhír 2 má chruthaíonn sé nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith freagrach as an imeacht ba shiocair leis an damáiste.

4.   I gcás ina bhfuil baint ag níos mó ná rialaitheoir nó próiseálaí amháin, nó ag rialaitheoir agus próiseálaí araon, leis an bpróiseáil chéanna agus i gcás ina bhfuil siad freagrach, faoi mhír 2 agus faoi mhír 3, as aon damáiste a raibh an phróiseáil ina chúis leis, beidh gach rialtheoir nó próisealaí faoi dhliteanas i leith iomlán an damáiste, ionas go n-áiritheofar go dtabharfar cúiteamh éifeachtach don ábhar sonraí.

5.   I gcás inar íoc rialaitheoir nó próiseálaí, i gcomhréir le mír 4, cúiteamh iomlán as an damáiste a rinneadh, beidh an rialaitheoir nó an próiseálaí sin i dteideal an chuid sin den chúiteamh a chomhfhreagraíonn dá chuid freagrachta i leith an damáiste i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, a éileamh ar ais ó na rialaitheoirí nó na próiseálaithe eile a raibh baint acu leis an bpróiseáil chéanna.

6.   Déanfar imeachtaí cúirte i ndáil le feidhmiú an chirt chun cúiteamh a fháil, a thionscnamh os comhair na gcúirteanna atá inniúil faoi dhlí an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 79(2).

Airteagal 83

Coinníollacha ginearálta maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh

1.   Áiritheoidh gach údarás maoirseachta, maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh de bhun an Airteagail seo i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo dá dtagraítear i mír 4, i mír agus i mír 6 go mbeidh an gearradh sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach i ngach cás aonair.

2.   Gearrfar fíneálacha riaracháin, ag brath ar dhálaí gach cáis aonair, de bhreis ar bhearta dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (h) agus i bpointe (j) d'Airteagal 58(2) nó ina n-ionad. Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh an ngearrfar fíneáil riaracháin agus nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a)

cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus cineál, raon feidhme nó cuspóir na próiseála lena mbaineann á gcur san áireamh chomh maith le líon na n-ábhar sonraí do shonraí a ndearnadh difear dóibh agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh;

(b)

cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí;

(c)

aon ghníomhaíocht a rinne an rialaitheoir nó an próiseálaí chun an damáiste a bhain do na hábhair sonraí a mhaolú;

(d)

méid na freagrachta atá ar an rialaitheoir nó ar an bpróiseálaí agus bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chuir siad chun feidhme de bhun Airteagal 25 agus Airteagal 32 á gcur san áireamh;

(e)

aon sáruithe ábhartha a rinne an rialaitheoir nó an próiseálaí roimhe seo;

(f)

a mhéid comhair a bhí ann leis an údarás maoirseachta, chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú;

(g)

na catagóirí de shonraí pearsanta a ndearna an sárú difear dóibh;

(h)

an bealach ina bhfuair an t-údarás maoirseachta eolas faoin sárú, go háirithe cibé ar chuir an rialaitheoir nó an próiseálaí an sárú in iúl, agus má rinne, a mhéid a cuireadh in iúl é;

(i)

i gcás inar ordaíodh bearta dá dtagraítear in Airteagal 58(2) i gcoinne an rialaitheora nó an phróiseálaí lena mbaineann maidir leis an ábhar céanna roimhe sin, ar comhlíonadh na bearta sin;

(j)

a mhéid a gcloítear le cóid iompair formheasta de bhun Airteagal 40 nó sásraí deimhniúcháin formheasta de bhun Airteagal 42; agus

(k)

aon imthosca ghéaraitheacha nó mhaolaitheacha eile is infheidhme i leith dálaí an cháis, amhail sochair airgeadais a gnóthaíodh, nó caillteanais a seachnaíodh, go díreach nó go hindíreach, as an sárú.

3.   Más rud é go sáraíonn rialaitheoir nó próiseálaí, d'aon ghnó nó le faillí, maidir leis na hoibríochtaí céanna próiseála, nó maidir le hoibríochtaí nasctha, roinnt forálacha den Rialachán seo, ní rachaidh méid iomlán na fíneála riaracháin thar an méid a shonraítear i leith an tsáraithe is tromchúisí.

4.   Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas, de réir mhír 2a, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 10 000 000 EUR, nó i gcás fiontair, suas le 2 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

(a)

na hoibleagáidí atá ar an rialaitheoir agus ar an bpróiseálaí de bhun Airteagal 8, Airteagal 11, Airteagal 25 go hAirteagal 26 agus Airteagal 42 agus Airteagal 43;

(b)

na hoibleagáidí atá ar an gcomhlacht deimhniúcháin de bhun Airteagal 42 agus Airteagal 43;

(c)

na hoibleagáidí atá ar an gcomhlacht faireacháin de bhun Airteagal 41(4);

5.   Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas, de réir mhír 2, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20 000 000 EUR, nó i gcás gnóthais, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

(a)

na bunphrionsabail le haghaidh próiseála, lena n-áirítear coinníollacha maidir le toiliú, de bhun Airteagail 5, 6, 7 agus 9;

(b)

cearta na n-ábhar sonraí de bhun Airteagail 12-22;

(c)

aistrithe sonraí pearsanta chuig faighteoir i dtríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta de bhun Airteagal 44 go hAirteagal 49;

(d)

aon oibleagáidí de bhun dlí Ballstáit arna nglacadh faoi Chaibidil IX;

(e)

neamh-chomhlíonadh ordaithe nó teorannaithe shealadaigh nó chinntithigh ar phróiseáil nó fionraí na sreabh sonraí ag an údarás maoirseachta de bhun Airteagal 58(2) nó mainneachtain rochtain a sholáthar de shárú ar Airteagal 58(1).

6.   Beidh neamhchomhlíonadh ordaithe ag an údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 58(2), i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20 000 000 EUR, nó i gcás fiontair, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

7.   Gan dochar do na cumhachtaí ceartúcháin atá ag údaráis mhaoirseachta de bhun Airteagal 58(2), féadfaidh gach Ballstát na rialacha a leagan síos faoi cibé an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, fíneálacha riaracháin a ghearradh ar údaráis phoiblí agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa Bhallstát sin.

8.   Beidh feidhmiú a chumhachtaí ag an údarás maoirseachta faoin Airteagal seo faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlí Ballstáit, lena n-áirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí.

9.   I gcás nach bhforáiltear i gcóras dlí an Bhallstáit do ghearradh fíneálacha riaracháin, féadfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm sa chaoi is go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta inniúil an gearradh sin a thionscnamh agus go ngearrfaidh cúirteanna náisiúnta inniúla é, agus é á áirithiú acu go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht choibhéiseach acu ar na fíneálacha riaracháin a ghearrfaidh na húdaráis mhaoirseachta. Ar aon chaoi, beidh na fíneálacha a ghearrfar éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit sin fógra don Choimisiún faoi fhorálacha a ndlíthe féin a ghlacann siad de bhun na mire seo faoin 25 Bealtaine 2018 ar a dhéanaí, agus tabharfaidh siad fógra freisin gan mhoill faoi aon dlí leasaitheach nó aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.

Airteagal 84

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis eile is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo, go hairithe sáruithe nach bhfuil faoi réir fínealacha ariaracháin de bhun Airteagal 83, agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin ina dhlí atá á nglacadh aige de bhun mhír 1, faoin 25 Bealtaine 2018 agus, tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear do na forálacha sin.

CAIBIDIL IX

Forálacha a bhaineann le cásanna sonracha próiseála

Airteagal 85

Próiseáil agus saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil

1.   Déanfaidh na Ballstáit réiteach de réir dlí idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint de bhun an Rialacháin seo agus an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear próiseáil chun críocha iriseoireachta agus chun críocha léirithe acadúil, ealaíne nó liteartha.

2.   I gcás próiseáil a dhéantar chun críocha iriseoireachta nó chun críche léirithe acadúil, ealaíne nó liteartha, déanfaidh na Ballstáit foráil do dhíolúintí nó do mhaoluithe ó Chaibidil II (prionsabail), Chaibidil III (cearta an ábhair sonraí ), Chaibidil IV (an rialaitheoir agus an próiseálaí), Chaibidil V (sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta), Chaibidil VI (údaráis mhaoirseachta neamhspleácha), Chaibidil VII (comhar agus comhsheasmhacht) agus Caibidil X (staideanna sonracha próiseála sonraí) má tá gá leo chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

3.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha ina dhlí atá glactha aige de bhun mhír 2 agus tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon dlí leasaitheach nó aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.

Airteagal 86

Próiseáil agus rochtain phoiblí ar dhoiciméid oifigiúla

Maidir le sonraí pearsanta atá i ndoiciméid oifigiúla a bhfuil seilbh ag údarás poiblí nó ag comhlacht poiblí nó comhlacht príobháideach orthu chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail, féadfaidh an t-údarás nó an comhlacht iad a nochtadh, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an t-údarás poiblí nó an comhlacht faoina réir, chun réiteach a dhéanamh idir rochtain phoiblí ar dhoiciméid oifigiúla agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 87

An uimhir aitheantais náisiúnta a phróiseáil

Féadfaidh na Ballstáit na coinníollacha sonracha a chinneadh chomh maith faoina bpróiseálfar uimhir aitheantais náisiúnta nó aon aitheantóir eile a bhfuil feidhm ghinearálta leis. Sa chás sin, ní úsáidfear an uimhir aitheantais náisiúnta nó aon aitheantóir eile a bhfuil feidhm ghinearálta leis ach amháin faoi na coimircí iomchuí do chearta agus saoirsí an ábhair sonraí de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 88

Próiseáil i gcomhthéacs na fostaíochta

1.   Féadfaidh na Ballstáit, leis an dlí nó le comhaontuithe comhchoiteanna, foráil a dhéanamh do rialacha níos sonraí chun a áirithiú go ndéanfar cearta agus saoirsí na bhfostaithe a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ó thaobh na fostaíochta de, go háirithe chun na críocha seo a leanas: earcaíocht, feidhmiú an chonartha fostaíochta, lena n-áirítear comhlíonadh na n-oibleagáidí arna leagan síos de réir dlí nó comhaontuithe comhchoiteanna, bainistiú, pleanáil agus eagrú na hoibre, comhionannas agus éagsúlacht san ionad oibre, sláinte agus slándáil ag an obair, cosaint maoin an fhostóra nó an chustaiméara agus feidhmiú agus tairbhiú de cheart agus de sochair a bhaineann le fostaíocht, ar bhonn aonair nó comhchoiteann, agus chun críoch deireadh a chur leis an gcaidreamh fostaíochta.

2.   Áireofar ar na rialacha sin bearta oiriúnacha agus sonracha chun dínit, cearta bunúsacha agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú, go háirithe maidir le trédhearcacht na próiseála, aistriú sonraí pearsanta laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, agus i gcórais faireacháin san ionad oibre.

3.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin ina dhlí atá á nglacadh aige de bhun mhír 1, faoin 25 Bealtaine 2018 agus, tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.

Airteagal 89

Coimircí agus maoluithe i ndail le próiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh

1.   Próiseáil chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, beidh sí faoi réir coimircí is iomchuí ó thaobh chearta agus saoirsí an ábhair sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo. Leis na coimircí sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh bearta teicniúla agus eagraíochtúla i bhfeidhm go háirithe chun a áirithiú go ndéanfar prionsabal an íoslaghdaithe sonraí a urramú. Féadfar a áireamh ar na bearta sin ainm bréige a chur i bhfeidhm, ar choinníoll gur féidir na críocha sin a chomhlíonadh ar an mbealach sin. I gcás gur féidir na críocha sin a chomhlíonadh trí thuilleadh próiseála, más próiseáil í sin nach gceadaítear léi aitheantas na n-ábhar sonraí a chur in iúl nó nach gcéadaítear sin a thuilleadh, is ar an mbealach sin a chomhlíonfar na críocha sin.

2.   I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit féadfar foráil a dhéanamh do mhaoluithe ó na cearta dá dtagraítear in Airteagal 15, 16, 18 agus 21 faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mhéid agus is dealraitheach go bhfágann cearta den sórt sin nach féidir na críocha sin a bhaint amach nó go gcuirfear bac tromchúiseach ar a mbaint amach, agus a mhéid a bhfuil gá le maoluithe den sórt sin chun na críocha sin a chomhlíonadh.

3.   I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, féadfar, le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, foráil a dhéanamh do mhaoluithe ó na cearta dá dtagraítear in Airteagal 15, 16, 18, 19, 20 agus 21 faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mhéid agus is dealraitheach go bhfágann cearta den sórt sin nach féidir na críocha sin a bhaint amach nó go gcuirfear bac tromchúiseach ar a mbaint amach, agus a mhéid a bhfuil gá le maoluithe den sórt sin chun na críocha sin a chomhlíonadh.

4.   I gcás ina bhfreastalaíonn próiseáil de chineál dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 ar chríoch eile ag an am céanna, ní bheidh feidhm ag na maoluithe ach amháin de phróiseáil a dhéanfar chun na gcríoch dá dtagraítear sna míreanna sin.

Airteagal 90

Oibleagáidí rúndachta

1.   Féadfaidh na Ballstáit rialacha sonracha a ghlacadh chun cumhachtaí na n-údarás maoirseachta a leagtar síos i bpointe (e) agus i bpointe (f) d'Airteagal 58(1) a leagan amach i ndáil le rialaitheoirí nó próiseálaithe atá faoi réir oibleagáid rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí rúndachta coibhéiseacha eile, faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit nó faoi rialacha a bhunaigh comhlachtaí náisiúnta inniúla, i gcás gur gá sin agus gur comhréireach é chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an oibleagáid rúndachta. Ní bheidh feidhm ag na rialacha sin ach maidir le sonraí pearsanta a fhaigheann an rialaitheoir nó an próiseálaí ó ghníomhaíocht atá cumhdaithe leis an oibleagáid rúndachta sin.

2.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na rialacha arna nglacadh de bhun mhír 1, faoin 25 Bealtaine 2018 ar a dhéanaí, agus tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear do na forálacha sin.

Airteagal 91

Rialacha cosanta sonraí atá ag eaglaisí agus comhlachais reiligiúnacha cheana

1.   I gcás ina gcuireann eaglaisí agus comhlachais nó pobail reiligiúnacha rialacha cuimsitheacha i bhfeidhm i mBallstát, tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar rialacha iad a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil, féadfaidh na rialacha sin leanúint d'fheidhm a bheith acu, ar choinníoll go ndéanfar iad a thabhairt i gcomhréir leis an Rialacháin seo.

2.   Maidir le heaglaisí agus comhlachais reiligiúnacha a chuireann rialacha cuimsitheacha i bhfeidhm i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, beidh siad faoi réir maoirseacht ag údarás maoirseachta neamhspleách a fhéadfadh a bheith sonrach, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil VI den Rialachán seo.

CAIBIDIL X

Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

Airteagal 92

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(8) agus in Airteagal 43(8) don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón 24 Bealtaine 2016.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(8) agus in Airteagal 43(8) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an gcinneadh an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 12(8), agus Airteagal 43(8) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí ó tugadh fógra i dtaobh an ghnímh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid ina choinne. Cuirfear trí mhí bhreise leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 93

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh.182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

CAIBIDIL XI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 94

Treoir 95/46/CE a aisghairm

1.   Déantar Treoir 95/46/CE a aisghairm an 25 Bealtaine 2018.

2.   Déanfar aon tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. Déanfar aon tagairtí don Mheitheal um Chosaint Daoine Aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil a bunaíodh le hAirteagal 29 de Threoir 95/46/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí a bhunaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 95

An gaol le Treoir 2002/58/CE

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo oibleagáidí breise a fhorchur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha i ndáil le próiseáil i dtaobh soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chuirtear ar fáil go poiblí i líonraí cumarsáide poiblí san Aontas, maidir le hábhair a bhfuil siad faoi réir oibleagáidí sonracha ina dtaobh a bhfuil an chríoch chéanna leo is atá leagtha amach i dTreoir 2002/58/CE.

Airteagal 96

An gaol le Comhaontuithe a tugadh i gcrích roimhe seo

Na comhaontuithe idirnáisiúnta faoinar aistríodh sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a thug na Ballstáit i gcrích roimh an 24 Bealtaine 2016 agus a chomhlíonann dlí an Aontais mar is infheidhme roimh an dáta sin, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm go dtí go leasófar iad, go gcuirfear comhaontuithe eile ina n-ionad nó go gcúlghairfear iad.

Airteagal 97

Tuarascálacha ón gCoimisiún

1.   Faoin 25 Bealtaine 2020, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Poibleofar na tuarascálacha.

2.   I gcomhthéacs na meastóireachtaí agus na n-athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an Coimisiún, go háirithe, cur i bhfeidhm agus feidhmiú na nithe seo a leanas:

(a)

Caibidil V maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe ó thaobh cinntí a ghlactar de bhun Airteagal 45(3) den Rialachán seo agus cinntí a ghlactar ar bhonn Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE;

(b)

Caibidil VII maidir le comhar agus comhsheasmhacht.

3.   Chun na críche mhír 1, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis mhaoirseachta.

4.   I gcur i gcrích na meastóireachtaí agus na n-athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na seasaimh agus na torthaí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile chomh maith.

5.   Más gá, tíolacfaidh an Coimisiún tograí iomchuí d'fhonn an Rialachán seo a leasú, ag cur san áireamh go háirithe an méid atá tite amach forbairtí i dteicneolaíocht na faisnéise agus i bhfianaise staid an dul chun cinn sa tsochaí faisnéise.

Airteagal 98

Athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí

Déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, tograí reachtacha a thíolacadh d'fhonn leasú a dhéanamh ar ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, d'fhonn cosaint aonfhoirmeach agus comhsheasmhach a áirithiú do dhaoine nádúrtha maidir le próiseáil. Bainfidh an méid sin go háirithe leis na rialacha a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil arna dhéanamh ag institiúidí, ag comhlachtaí agus ag gníomhaireachtaí an Aontais agus le rialacha maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Airteagal 99

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 25 Bealtaine 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 27 Aibreán 2016

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.A. HENNIS-PLASSCHAERT


(1)  IO C 229, 31.7.2012, lch. 90.

(2)  IO C 391, 18.12.2012, lch. 127.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 8 Aibreán 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Aibreán 2016.

(4)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(5)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (C(2003) 1422) (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(6)  Rialachán (CE) Uimh.45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(7)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghnoimhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (féach leathanach 89 den Iris Oifigiúil seo)

(8)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir um thrádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(9)  Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

(10)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair (IO L 354, 31.12.2008, lch. 70).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch 1).

(14)  Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 345, 31.12.2003, lch. 90).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE (IO L 158, 27.5.2014, lch. 1).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(17)  IO C 192, 30.6.2012, lch. 7.

(18)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(19)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).


Top