This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32006R1184
Cur i bhfeidhm rialacha áirithe AE maidir le hiomaíocht maidir le táirgí talmhaíochta
Leagtar síos ann na rialacha maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 101 go hAirteagal 106 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (Airteagal 81 go hAirteagal 86 roimhe seo den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach) — rialacha AE maidir le hiomaíocht — maidir leis an earnáil talmhaíochta.
Sonraítear sa rialachán go bhfuil feidhm ag Airteagal 101(1) agus Airteagal 102 CFAE sa réimse maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta ach amháin le haghaidh táirgí atá cumhdaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe.
Baineann dhá eisceacht ó na rialacha ginearálta leis. Is iad sin:
Is ag an gCoimisiún Eorpach amháin atá an chumhacht, faoi réir athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais AE, na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais a chomhlíonann na coinníollacha a shocrú le cinneadh nach mór é a fhoilsiú.
Tá sé i bhfeidhm ón 24 Lúnasa 2006.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle an 24 Iúil 2006 lena gcuirtear rialacha áirithe iomaíochta maidir le hiomaíocht i bhfeidhm maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta (Leagan códaithe) (IO L 214, 4.8.2006, lgh. 7-9)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 101 (iar-Airteagal 81 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 88-89)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 102 (iar-Airteagal 82 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 89)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 103 (iar-Airteagal 83 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 89-90)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 104 (iar-Airteagal 84 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 90)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 105 (iar-Airteagal 85 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 90)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 106 (iar-Airteagal 86 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 90-91)
Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1037/2001 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 671-854)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 1-21)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 25.05.2018