EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Treochlár maidir le Limistéar Iompair Eorpach Aonair: I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní

Treochlár maidir le Limistéar Iompair Eorpach Aonair: I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní

Is cuid bhunúsach den gheilleagar agus den sochaí é an t-iompar. Buíochas leis an iompar is féidir le daoine taisteal ó áit go háit, is féidir earraí a bhogadh trasna na hilchríche agus is féidir forás agus poist a chruthú. Ag an am céanna, ní mór don iompar a bheith inbhuanaithe ag brath ar shrianta méadaitheacha acmhainní agus comhshaoil.

GNÍOMH

Páipéar Bán: Treochlár maidir le Limistéar Iompair Eorpach Aonair - I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní (COM(2011) 144 final an 28.3.2011).

ACHOIMRE

Is cuid bhunúsach den gheilleagar agus den sochaí é an t-iompar. Buíochas leis an iompar is féidir le daoine taisteal ó áit go háit, is féidir earraí a bhogadh trasna na hilchríche agus is féidir forás agus poist a chruthú. Ag an am céanna, ní mór don iompar a bheith inbhuanaithe ag brath ar shrianta méadaitheacha acmhainní agus comhshaoil.

CÉARD A DHÉANANN AN TREOCHLÁR?

Leagtar amach sa treochlár 40 pointe faoin ngníomhaíocht shainiúil agus liostaítear ann freisin 131 thionscnamh nithiúil do na deich mbliana atá amach romhainn, chun córas iompair iomaíoch a chur ar bun a chuirfidh deireadh le mórscrogaill, córas a n-úsáidfear é chun daoine agus earraí a bhogadh go héifeachtúil agus go sábháilte san Aontais Eorpaigh (AE). Ba cheart go ndéanfaí spleáchas AE ar an ola allmhairithe a laghdú buíochas leis na tograí, go mbainfí amach soghluaisteacht chathrach atá saor ó CO2 go bunúsach i lárionaid mhóra uirbeacha faoi 2030 agus go laghdófaí astaíochtaí carbóin iompair 60 % faoi 2050.

PRÍOMHPHOINTÍ

Aithnítear na spriocanna seo a leanas san treochlár chun an ghníomhaíocht beartais a threorú:

  • úsáid gluaisteán peitril agus díosail sna cathracha a laghdú faoina leath faoi 2030, deireadh a chur le húsáid na ngluaisteán sin faoi 2050 agus soghluaisteacht chathrach atá saor ó CO2 a bhaint amach faoi 2030;
  • úsáid breoslaí inbhuanaithe ísealcharbóin san aeriompar a mhéadú go dtí 40 % faoi 2050;
  • astaíochtaí AE CO2 ó bhreoslaí longa a laghdú 40 % faoi 2050;
  • 30 % de lastas bóthair a bhogtar breis is 300 km a aistriú chuig modhanna iompair iarnróid agus uisce-iompartha faoi 2030 - breis is 50 % faoi 2050;
  • an líonra iarnróid ardluais reatha a mhéadú faoi thrí faoi 2030. Ba cheart don chuid is mó de phaisinéirí meánraoin taisteal ar an traein faoi 2050;
  • croí-líonra TEN-T atá ag feidhmiú go hiomlán a chur ar bun ar fud AE faoi 2030, a ionchorpraíonn gach mód iompair;
  • nasc a chruthú idir aerfoirt mhóra agus an gréasán iarnróid agus príomhchalafoirt agus an gréasán iarnróid agus uiscebhealaí intíre faoi 2050;
  • córais bainistíochta tráchta a thabhairt isteach do na modhanna éagsúla iompair, amhail iompar ar iarnród agus iompar ar bhóithre;
  • córas bainistíochta faisnéise agus íocaíochta um iompar ilmhódach a fhorbairt faoi 2020;
  • taismigh bóthair a laghdú faoi leath faoi 2020 agus beagnach go nialas faoi 2050;
  • an prionsabal íoc mar a úsáidtear (.i. is iad na daoine a úsáideann an bonneagar a íocann as) agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as (.i. is iad na daoine a chruthaíonn an truailliú a íocann as) a chur i bhfeidhm go hiomlán.

Iarrtar leis an straitéis uileghabhálach iompair seo córas iomaíoch iompair a chruthú a chuirfidh leis an tsoghluaisteacht, a chuirfidh deireadh le bacainní móra i bpríomhréimsí agus a chuirfidh le forás agus le fostaíocht faoi 2050. Cuireann na tionscnaimh seo a leanas, mar aon le tionscnaimh eile, leis an straitéis sin:

Féach láithreán gréasáin Téamaí iompair: straitéisí Eorpacha de chuid an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Nuashonraithe 08.05.2015

Top