EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ainmhithe a chosaint tráth a maraithe

Ainmhithe a chosaint tráth a maraithe

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 maidir le hainmhithe a chosaint tráth a maraithe

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

  • Tugtar isteach leis rialacha leasa maidir le marú ainmhithe a choimeádtar ar mhaithe le bia agus táirgí amhail fionnadh agus leathar a tháirgeadh. Cuimsítear leis freisin marú ainmhithe ar fheirmeacha i gcomhthéacsanna eile amhail cásanna rialaithe galair.
  • Ní bhaineann an rialachán le hainmhithe a mharaítear san fhiántas, nó mar chuid de thurgnaimh eolaíochta, fiach, imeachtaí cultúrtha nó spóirt agus eotanáis arna déanamh ag tréidlia, ná le héanlaithe clóis, coiníní ná giorriacha do thomhaltas teaghlaigh príobháideach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór ainmhithe a spáráil ar aon phian, anacra nó fulaing atá inseachanta le linn a maraithe. Ní mór do ghnóthais, amhail oibreoirí seamlais, a áirithiú:

  • go dtugtar compord agus cosaint fhisiciúil d’ainmhithe, go gcoimeádtar iad glan, go gcosnaítear iad ó ghortú, agus go láimhseáiltear iad agus go dtugtar cóiríocht dóibh agus a ngnáth-iompraíocht á cur san áireamh;
  • nach léiríonn ainmhithe aon chomharthaí de phian inseachanta nó eagla nó iompraíocht neamhghnách;
  • nach bhfulaingíonn ainmhithe de bharr easpa fhada beatha nó uisce;
  • go gcosnaítear ainmhithe ó idirghníomhaíocht inseachanta le hainmhithe eile a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dóibh.

Na saoráidí a úsáidtear chun ainmhithe a mharú, ní mór dóibh bheith in ann na coinníollacha sin a chomhlíonadh i rith na bliana ar fad.

Modhanna srianta agus stiúdta

Leagtar amach sa rialachán rialacha mionsonraithe maidir le hainmhithe a shrianadh agus a stiúdadh, lena n-áirítear oiliúint oibreoirí agus cothabháil chuí trealaimh. Cuimsítear leis feidhmiú modhanna éagsúla i gcás ainmhithe éagsúla. Go sonrach, is gá d’ainmhithe stiúdta bheith gan aithne go dtí go maraítear iad, mura n-úsáidtear modhanna ar leith atá leagtha síos de réir gnásanna reiligiúnacha, agus is gá iad a mharú i seamlas.

Deimhniú inniúlachta

Ní fhéadfaidh ach daoine a bhfuil an inniúlacht chuí acu ainmhithe a mharú agus oibríochtaí gaolmhara a dhéanamh ionas go ndéanfar é sin gan aon phian, anacra nó fulaing inseachanta a chur ar na hainmhithe. Bíonn deimhnithe inniúlachta ar leith ag teastáil le haghaidh oibríochtaí áirithe, mar shampla:

  • aire d’ainmhithe agus a láimhseáil sula sriantar iad;
  • srianadh ainmhithe ar mhaithe lena stiúdadh nó lena marú;
  • stiúdadh ainmhithe agus measúnú ar stiúdadh éifeachtach;
  • ainmhithe beo a gheimhliú nó a ardú nó an fhuil a bhaint astu;
  • marú de réir cleachtas reiligiúnach.

Ar an deimhniú sláinte a ghabhann le feoil a iompórtáiltear ó thíortha lasmuigh d’AE, ní mór a dheimhniú gur comhlíonadh na ceanglais choibhéiseacha.

Seamlais

Is ann do rialacha mionsonraithe maidir le seamlais a thógáil, leis an trealamh iontu agus lena n-oibríochtaí. Ní mór d’oibreoirí seamlais monatóireacht sheasta a dhéanamh ar na nósanna imeachta, agus ní mór dóibh freisin Oifigeach Leasa Ainmhithe a cheapadh chun cabhrú leis an gcomhlíonadh a áirithiú. Cuimsítear na modhanna srianta seo a leanas i measc na modhanna a bhfuil cosc orthu:

  • ainmhithe a bhfuil aithne iontu a chur ar crochadh nó a ardú;
  • na géaga nó na cosa a chlampáil nó a cheangal go meicniúil;

Tá eisceachtaí ann ina gceadaítear an t-ainmhí a chasadh bunoscionn i gcás éanlaithe clóis nó i gcomhthéacs maraithe de réir gnásanna reiligiúnacha.

An líon ainmhithe a laghdú* agus marú éigeandála

Ní mór plean gníomhaíochta a bheith i bhfeidhm chun comhlíonadh an rialacháin a áirithiú sula gcuirtear tús le haon oibríocht chun an líon ainmhithe a laghdú. Anuas air sin, is gá oibríochtaí den chineál sin a thuairisciú gach bliain. Ní mór na gnéithe seo a leanas go háirithe a chuimsiú sa tuairisc:

  • na cúiseanna leis an líon ainmhithe a laghdú;
  • líon agus speiceas na n-ainmhithe a maraíodh;
  • na modhanna stiúdta agus maraithe a úsáideadh;
  • deacrachtaí a tháinig chun cinn agus réitigh chun fulaing na n-ainmhithe i gceist a laghdú a oiread agus is féidir.

I gcás ina bhfuil drochphian ar na hainmhithe nó i gcás ina bhfuil siad ag fulaingt go mór, ní mór do choimeádaí na n-ainmhithe sin gach beart riachtanach a dhéanamh chun na hainmhithe a mharú a luaithe is féidir.

Neamhchomhlíonadh agus pionóis

Ní mór do thíortha AE a áirithiú go gcuirtear na rialacha chun feidhme agus go bhfuil sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • nósanna imeachta a athrú, nó moill nó stop a chur leis an táirgeadh;
  • minicíocht na seiceálacha a mhéadú;
  • deimhnithe inniúlachta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar.

Ní mór do phionóis a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2013.

CÚLRA

In Airteagal 13 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tugadh isteach an t-aitheantas gur neacha mothaitheacha* iad ainmhithe.

Féach Marú agus Stiúdadh ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Líon ainmhithe a laghdú: an próiseas a bhaineann le hainmhithe a mharú ar chúiseanna sláinte phoiblí, sláinte ainmhithe, leas ainmhithe, nó comhshaoil faoi stiúir na n-údarás inniúil.

* Neach mothaitheach: neach atá in ann pian agus fulaing fhisiciúil agus shíceolaíoch a bhrath.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2009 maidir le hainmhithe a chosaint tráth a maraithe (IO L 303, 18.11.2009, lgh. 1-30)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le córais chun ainmhithe buaibheacha a shrianadh trína chasadh bunoscionn nó a shrianadh i riocht mínádúrtha ar bith (COM(2016) 48 final an 8.2.2016)

Nuashonraithe 23.05.2016

Top