EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cosaint níos fearr d’íospartaigh in imeachtaí coiriúla

Cosaint níos fearr d’íospartaigh in imeachtaí coiriúla

ACHOIMRE AR:

Treoir 2012/29/AE – maidir le cearta íospartach na coireachta, maidir le tacaíocht a thabhairt dóibh agus maidir le hiad a chosaint

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

  • Aitheanta mar Threoir na nÍospartach, neartaítear léi na bearta náisiúnta atá ann cheana le híoschaighdeáin a chuirtear i bhfeidhm ar fud AE maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartach na coireachta i ngach tír AE.
  • Ní mór ceart a bheith ag íospartaigh:
    • rudaí a thuiscint agus a bheith tuigthe, agus teagmháil á déanamh acu le húdarás (m.sh. caint shoiléir shimplí)
    • eolas a fháil a luaithe is a dhéanann siad teagmháil le húdarás
    • gearán foirmiúil a dhéanamh agus admháil scríofa a fháil
    • d’ateangaireacht agus d’aistriúchán (le linn agallamh/don íospartach a bheith á cheistiú)
    • eolas a fháil faoin dul chun cinn sa chás
    • seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh a rochtain.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is iad príomhspriocanna na treorach ná a chinntiú go bhfaigheann íospartaigh na coireachta eolas cuí mar aon le tacaíocht agus cosaint chuí agus go bhféadfaidh siad bheith páirteach in imeachtaí coiriúla pé áit ar tharla an díobháil san AE.
  • Ní mór go gcinnteodh gach Ballstát den AE go ndéanfaí íospartaigh na coireachta a aithint agus go gcaithfí leo go hómósach, go híogair agus go gairmiúil de réir a riachtanais aonair agus gan idirdhealú ar bith (m.sh. bunaithe ar náisiúntacht, ar stádas cónaitheora, ar chine, ar chreideamh, ar aois, ar inscne, srl.).
  • Leagtar síos sa treoir íoschaighdeáin le haghaidh íospartach uile na coireachta beag beann ar náisiúntacht agus ar stádas cónaithe na n-íospartach. A luaithe is a dhéantar coir nó a thugtar faoi imeachtaí coiriúla san AE, ní mór go dtabharfaí don íospartach na cearta a chuirtear ar bun i dTreoir na nÍospartach. Faoin treoir sin, meastar gur íospartaigh iad gaolta na n-íospartach éagtha chomh maith.

Cuirtear na cearta seo ar bun faoin treoir:

  • Ní mór ceart a bheith ag na híospartaigh seo:
    • a gcás a thabhairt os comhair na cúirte
    • athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh na cúirte gan duine a ionchúiseamh
    • aisíocaíocht a fháil ar chostais
    • cúnamh dlí a fháil
    • maoin ghoidte a fháil ar ais.
  • Ní mór go ndéanfadh údaráis náisiúnta na deacrachtaí a thagann chun cinn nuair a bhíonn cónaí ar an íospartach i mBallstát eile den AE seachas an tír inar tharla an choir a laghdú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tháinig sé i bhfeidhm an 15 Samhain 2012. Bhí sé le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta an 16 Samhain 2015.

CÚLRA

Cuirtear an treoir in ionad Chinneadh Réime 2001/220/JHA ón AE maidir le stádas íospartach in imeachtaí coiriúla (2001/220/JHA).

  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach “Íospartaigh” ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

ACHT

Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, le tacaíocht agus le cosaint íospartaigh na coireachta agus a thagann in ionad Chinneadh Réime 001/220/JHA ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lgh. 57–73)

Nuashonraithe 15.02.2016

Top