EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cosaint níos fearr d’íospartaigh fhoréigin

Cosaint níos fearr d’íospartaigh fhoréigin

Cuirtear an chosaint chéanna ar chiontóirí ar fáil d’íospartaigh fhoréigin, íospartaigh foréigin teaghlaigh agus íospartaigh na stalcaireachta ach go háirithe, i dtíortha uile an Aontais Eorpaigh (AE).

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh. 606/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le haitheantas frithpháirteach do bhearta cosanta in ábhair shibhialta

ACHOIMRE

Cuirtear an chosaint chéanna ar chiontóirí ar fáil d’íospartaigh fhoréigin, íospartaigh foréigin teaghlaigh agus íospartaigh na stalcaireachta ach go háirithe, i dtíortha uile an Aontais Eorpaigh (AE).

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN?

Cuirtear próiseas simplí deimnithe ar bun faoin rialachán seo. Faoin bpróiseas sin, déanfar ordú coiscthe, ordú cosanta nó ordú urchoisc, a eisítear i dtír AE amháin, a aithint go tapa agus go héasca ar fud AE.

Feidhmíonn sé i gcomhair le Treoir 2011/99/AE faoina mbunaítear sásra a ligeann do dhaoine a bhfuil ordú cosanta acu i dtír AE áirithe iarratas a chur isteach ar Ordú Cosanta Eorpach chun cosaint a fháil ar fud AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do dhuine atá cosanta ar mhaith leis nó léi cosaint a fháil freisin i dtír AE eile na rudaí seo a leanas a chur ar fáil d’údarás inniúil na tíre sin:

  • cóip bhailí den bheart cosanta;
  • an deimhniú a eisíodh sa tír thionscnaimh AE;
  • aistriúchán den deimhniú más gá, a cuireadh ar fáil ag an tír thionscnaimh AE tríd an bhfoirm chaighdeánach ilteangach a úsáid.

Cuirtear teorainn 12 mhí ón dáta eisiúna le bailíocht an deimhnithe i dtíortha AE eile, fiú má mhaireann an t-ordú cosanta ar feadh tréimhse níos faide.

Más féidir, ní mór don duine is cúis leis an riosca a bheith curtha ar an eolas faoin ordú cosanta chun an deimhniú a eisiúint i gcomhréir le dlí na tíre tionscnaimh AE. Cuirfear an duine sin ar an eolas freisin faoi eisiúint an deimhnithe agus faoina thionchar.

Más gá eilimintí fíriciúla an deimhnithe a athrú chun éifeacht iomlán a thabhairt don ordú sa tír AE lena mbaineann, déanfar é sin i gcomhréir le dlí na tíre sin. Ní mór an duine atá i mbaol a chur ar an eolas faoin athrú sin.

Is féidir diúltú don ordú a aithint nó a chur i bhfeidhm ar iarratas ón duine is cúis leis an riosca más rud é:

  • go bhfuil sé contrártha le beartas poiblí na tíre AE lena mbaineann;
  • go bhfuil sé contrártha le breithiúnas a thugtar nó a aithnítear sa tír AE sin.

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?

Ón 11 Eanáir 2015 ar aghaidh.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 606/2013

19.7.2013

-

IO L 181, 29.6.2013, lgh. 4-12

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir leis an ordú cosanta Eorpach (IO L 338, 21.12.2011, lgh. 2-18)

Nuashonraithe 10.06.2015

Top