EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Imeachtaí coiriúla — cosaintí nós imeachta do leanaí a bhfuil amhras fúthu nó atá cúisithe as coireanna a dhéanamh

Imeachtaí coiriúla — cosaintí nós imeachta do leanaí a bhfuil amhras fúthu nó atá cúisithe as coireanna a dhéanamh

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2016/800 maidir le cosaintí nós imeachta do leanaí ar amhrastaigh nó daoine cúisithe iad in imeachtaí coiriúla

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Bunaítear léi cosaintí nós imeachta* do leanaí* a bhfuil amhras fúthu nó atá cúisithe as cion coiriúil a dhéanamh. Tá na cosaintí sa bhreis ar na cosaintí atá i bhfeidhm maidir le haosaigh a bhfuil amhras fúthu nó atá cúisithe.
  • Tá sé ar an gcúigiú ceann de shraith beart chun íosrialacha a bhunú i gcomhair cearta nós imeachta ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) de réir Treochláir ó 2009.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is iad na príomhghnéithe a bhaineann leis an treoir go bhfuil ceart rochtana ar dhlíodóir agus an ceart cúnamh a fháil ó dhlíodóir ag leanaí. Tá an cúnamh ó dhlíodóir éigeantach nuair a thugtar os comhair cúirte iad chun cinneadh a dhéanamh maidir le hathchuir faoi choinneáil agus nuair atá siad faoi choinneáil. Ní fhéadfar téarma príosúin a ghearradh ar leanbh nár chabhraigh dlíodóir leis nó léi le linn na n-éisteachtaí cúirte.

Ní mór do thíortha AE a chinntiú chomh maith nach bhforchuirtear cailleadh saoirse, go háirithe coinneáil, ar leanaí ach sa chás nach bhfuil an dara rogha ann agus ar feadh na tréimhse iomchuí is gairide. Ba cheart leanaí a chuirtear faoi choinneáil a choinneáil ar leith ó aosaigh, mura meastar nach mbeadh sé ar mhaithe leis an leanbh nach ndéanfaí amhlaidh.

Cuimsítear cosaintí eile sa treoir chomh maith, amhail na cearta seo a leanas:

  • go gcuirfear ar an eolas go pras iad faoina gcearta agus faoi na gnéithe ginearálta a bhaineann le seoladh na n-imeachtaí;
  • go gcuirfear faisnéis ar fáil do thuismitheoir nó d’aosach cuí eile;
  • go mbeidh an duine sin in éineacht leis nó léi le linn éisteachtaí cúirte agus ag céimeanna eile de na himeachtaí;
  • measúnú aonair arna dhéanamh ag pearsanra cáilithe;
  • scrúdú leighis má tá a shaoirse nó a saoirse caillte ag an leanbh;
  • cosaint príobháideachais le linn imeachtaí coiriúla;
  • dul os comhair na cúirte go pearsanta;
  • bearta ceartaitheacha éifeachtacha*.

Ní mór inniúlacht shonrach nó rochtain ar shainoiliúint a bheith ag breithiúna, ionchúisitheoirí agus gairmithe eile a dhéileálann le himeachtaí coiriúla a bhaineann le leanaí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sé i bhfeidhm ón 10 Meitheamh 2016. Tá an treoir le corprú ag tíortha AE sa reachtaíocht náisiúnta faoin 11 Meitheamh 2019.

CÚLRA

Tuilleadh faisnéise:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cosaintí nós imeachta: sa chás seo, cosaintí lena gcinntítear go gcuirfear an fhaisnéis is gá ar fáil do leanaí chun tuiscint a fháil ar an dóigh an n-oibríonn an nós imeachta agus ar a gcearta dlíthiúla.

Leanaí: daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois.

Bearta ceartaitheacha éifeachtacha: an modh trína ndéanann cúirt ceart a fhorfheidhmiú, pionós a ghearradh, nó ordú cúirte eile a dhéanamh chun a toil a fhorchur.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le cosaintí nós imeachta do leanaí ar amhrastaigh nó daoine cúisithe iad in imeachtaí coiriúla (IO L 132, 21.5.2016, lgh. 1-20)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2010/64/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gceart i leith seirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin in imeachtaí coiriúla (IO L 280, 26.10.2010, lgh. 1-7)

Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla (IO L 142, 1.6.2012, lgh. 1-10)

Treoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart chun rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí an bharántais ghabhála Eorpaigh, agus maidir leis an gceart tríú páirtí a chur ar an eolas ar chailleadh saoirse agus cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalacha agus saoirse caillte aige/aici (IO L 294, 6.11.2013, lgh. 1-12)

Rialachán (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair le linn na trialach in imeachtaí coiriúla (IO L 65, 11.3.2016, lgh. 1-11)

Nuashonraithe 28.11.2016

Top