EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Protecting biodiversity from invasive alien species
An bhithéagsúlacht a chosaint ar speicis choimhthíocha ionracha
An bhithéagsúlacht a chosaint ar speicis choimhthíocha ionracha
Leagtar amach leis rialacha maidir leis an drochthionchar ar an mbithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais gaolmhara mar gheall ar thabhairt isteach agus scaipeadh speiceas coimhthíoch ionrach* san Aontas Eorpach (AE). D’fhéadfadh speicis choimhthíocha ionracha drochthionchar suntasach a bheith acu ar shláinte an duine agus ar an ngeilleagar.
Liosta de speicis choimhthíocha ionracha
Ceadanna
Pleananna gníomhaíochta náisiúnta
Laistigh de 3 bliana ó na speicis a liostú, ní mór do na Ballstáit pleananna gníomhaíochta a bhunú agus a chur chun feidhme chun déileáil le príomhbhealaí leathadh na speiceas coimhthíoch ionrach ar a gcríocha. Déantar é sin chun cosc a chur ar thabhairt isteach agus leathadh neamhbheartaithe na speiceas coimhthíoch ionrach atá liostaithe ina gcríocha.
Speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní ar bhonn réigiúnach agus speicis choimhthíocha ionracha dhúchasacha
D’fhéadfadh speicis choimhthíocha ionracha teacht as réigiún amháin den Aontas Eorpach agus fadhbanna a chruthú i réigiún eile den Aontas Eorpach. Sa chás sin, arna iarraidh sin ag na Ballstáit lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún ról a imirt lena áirithiú go n-oibreoidh na Ballstáit lena mbaineann le chéile chun déileáil leis an bhfadhb.
Córais faireachais
Laistigh de 18 mí ón liosta speiceas coimhthíoch ionrach a ghlacadh, ní mór do na Ballstáit córais faireachais a bhunú trína mbaileofar agus trína dtaifeadfar sonraí maidir le speicis choimhthíocha ionracha a bheith ar fáil sa timpeallacht.
Rialuithe oifigiúla
Faoin 2 Eanáir 2016, ní foláir go mbeadh struchtúir lánfheidhmiúla curtha ar bhun ag na Ballstáit chun na rialuithe oifigiúla is gá a dhéanamh chun cosc a chur ar speicis choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach san Aontas Eorpach d’aon turas. Tá feidhm ag na rialuithe oifigiúla sin maidir leis na catagóirí earraí a thagann faoi na cóid ainmníochta comhcheangailte a ndéantar tagairt dóibh i liosta an Aontais.
Luathbraith agus díothú tapa speiceas coimhthíoch ionrach nuabhunaithe
I ndiaidh aon bhreathnóireacht nua (an chéad bhreathnóireacht nó an chéad bhreathnóireacht i ndiaidh díothaithe) de speiceas coimhthíoch ionrach atá liostaithe i mBallstát nó i gcuid dá chríoch, ní mór é a dhíothú go tapa. Féadfar díothú a bhaint amach trí bhearta marfacha nó neamh-mharfacha.
Bainistíocht speiceas coimhthíoch ionrach forleitheadach
Athshlánú éiceachóras a bhfuil dochar déanta dóibh
Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun cuidiú a thabhairt le téarnamh éiceachórais atá díghrádaithe, damáistithe nó millte ag speiceas coimhthíoch ionrach atá liostaithe.
Bearta idirthréimhseacha
Gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe
Le Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 tugtar cumhachtaí cur chun feidhme agus tarmligthe don Choimisiún.
Tá sé i bhfeidhm ón 01 Eanáir 2015.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lgh. 35-55).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/968 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le measúnuithe riosca i ndáil le speicis choimhthíocha ionracha (IO L 174, 10.7.2018, lgh. 5-11).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1454 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2017 lena sonraítear na formáidí teicniúla le haghaidh tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 208, 11.8.2017, lgh. 15-27).
Rialachán cur chun feidhme (AE) 2016/1141 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2016 lena nglactar liosta de na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 189, 14.7.2016, lgh. 4-8).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán cur chun feidhme (AE) 2016/145 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2016 lena nglactar formáid an doiciméid atá mar fhianaise ar an gcead a d’eisigh údaráis inniúla Ballstát lena gceadaítear do bhunaíochtaí gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh maidir le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 30, 5.2.2016, lgh. 1-6).
Nuashonraithe 03.08.2022