EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Clár Eorpach um fhaireachán satailíte (Copernicus): gnéithe aeráide

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Clár spáis AE (2021–2027) — Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis' for an updated information about the subject.

Clár Eorpach um fhaireachán satailíte (Copernicus): gnéithe aeráide

Clár sibhialta is ea Copernicus ina n-úsáidtear teicneolaíocht satailíte chun faireachán a dhéanamh ar an gCruinne. Tugann sé faisnéis iontaofa agus cothrom le dáta maidir le staid ár gcomhshaoil trí athruithe san atmaisféar, in aigéin agus i mórchríocha a rianú go rialta. Tá na sonraí an-luachmhar chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus d’earnálacha chomh éagsúil le sláinte an duine agus turasóireacht.

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh. 377/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear Clár Copernicus agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 911/2010.

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Cuirtear creat dlíthiúil ar fáil ann le haghaidh clár Copernicus do 2014-20, lena leagtar síos na rialacha oibriúcháin agus lena mbunaítear a phríomhchuspóirí. Tá faireachán ar an athrú aeráide ar 1 réimse as 6 réimse dá bhfuil seirbhísí Copernicus deartha go sonrach. Is iad na réimsí eile: faireachán talún, muirí agus atmaisféir, práinnfhreagairt agus seirbhís slándála.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Soláthraíonn seirbhís an athraithe aeráide faisnéis chun tacú le beartais um oiriúnú agus um maolú chun dul in oiriúint don athrú aeráide, agus chun an iarmhairt a bhaineann leis a laghdú.
  • Dírítear inti ar athróga sár-riachtanacha i leith na haeráide (ECVanna), nó ar tháscairí, amhail méaduithe teochta, ardú leibhéal na farraige, oighearchlúideacha ag leá agus téamh an aigéin.
  • Úsáidtear innéacsanna aeráide inti - bunaithe ar thaifid teochta, frasaíochta agus triomaigh - chun tiomántóirí aeráide agus cásanna samplacha athraithe aeráide a shainaithint agus chun measúnú a dhéanamh ar an iarmhairt ar an tsochaí.
  • Cuireann Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin, faoin gcomhaontú i Samhain 2014 leis an gCoimisiún, an tseirbhís i bhfeidhm.
  • 3 bliana i ndiaidh tús a chur lena ngníomhaíochtaí, tá sí le cumas oibriúcháin a shroicheadh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Ón 1 Eanáir 2014.

CÚLRA

Baineann lucht déanta beartas agus údaráis phoiblí leas as na sonraí a sholáthraíonn Copernicus chun reachtaíocht agus beartais um chomhshaol a fhorbairt agus chun freagairt do thubaistí nádúrtha agus do ghéarchéimeanna daonnúla. Tá na torthaí ar fáil go hoscailte, rud a chuireann deiseanna gnó ar fáil do chuideachtaí Eorpacha, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (AE) Uimh. 377/2014

1.1.2014

-

IO L 122, 24.4.2014, lgh. 44-66

Nuashonraithe 23.04.2015

Top