EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tacaíocht dhaonnúil éigeandála laistigh den Aontas Eorpach

Tacaíocht dhaonnúil éigeandála laistigh den Aontas Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2016/369 maidir le tacaíocht éigeandála a sholáthar laistigh den Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Maidir le Rialachán (AE) 2016/369:

  • féachtar leis le sraith rialacha maidir le tacaíocht dhaonnúil* éigeandála a sholáthar do thíortha AE le linn tubaistí de dhéantús an duine nó tubaistí nádúrtha;
  • cuirtear i bhfeidhm é i gcás nach imleor ionstraimí eile;
  • tacaítear agus comhlánaítear leis gníomhartha thír an Aontais Eorpaigh nó thíortha an Aontais Eorpaigh a bhíonn buailte.

I ndiaidh na ráige de COVID-19 in 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2020/521 lena ngníomhachtaítear bearta tacaíochta éigeandála faoi Rialachán (AE) 2016/369. Mairfidh tréimhse an ghníomhachtaithe ón 1 Feabhra 2020 go dtí 31 Eanáir 2022.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá an Ionstraim um Thacaíocht Éigeandála a cruthaíodh faoin riachtanas seo bunaithe ar riachtanais agus féachtar léi beatha daoine a chaomhnú, angar daoine a chosc agus dínit an duine a chaomhnú.
  • Déanann an Chomhairle cinneadh faoi ghníomhachtú na tacaíochta éigeandála faoin rialachán seo ar bhonn togra ón gCoimisiún Eorpach.
  • Ní mór don Choimisiún monatóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí ar tugadh maoiniú ina leith agus measúnú foriomlán maidir leis an tacaíocht a tugadh le linn gníomhachtú áirithe nó maidir le tograí chun deireadh a chur le tacaíocht a chur i láthair na Comhairle tráth nach déanaí ná 12 mhí i ndiaidh ghníomhachtú na tacaíochta éigeandála.
  • Ní mór don Choimisiún a áirithiú nach mbeidh cistí arna n-úsáid faoin rialachán seo faoi thionchar calaoise, éillithe nó gníomhaíochta mídhleathaí ar bith eile a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais AE.
  • Tá sé beartaithe leis an rialachán seo ionstraimí cistiúcháin eile de chuid AE a chomhlánú, amhail an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste um Shlándáil Inmheánach agus an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí.

Bearta speisialta maidir le COVID-19

  • Tríd an Ionstraim um Thacaíocht Éigeandála, tá €2.7 billiún á shlógadh ag an Aontas Eorpach. Bainfear úsáid as é sin chun tacaíocht cúraim sláinte éigeandála a mhaoiniú, amhail:
    • acmhainní riachtanacha a fháil, a stoc-charnadh agus a dháileadh i gcomhar;
    • forbairt cógas agus modhanna tástála a neartú;
    • ospidéil shealadacha a chruthú agus saoráidí sealadacha coraintín a chur ar bun; agus
    • cabhair a thabhairt chun othair a iompar chuig ospidéil trasteorann ina mbeidh acmhainn ar fáil.
  • Beifear ábalta gníomhaíochtaí eile a mhaoiniú chomh maith ag brath ar riachtanais thíortha AE, ospidéal, dochtúirí agus othar de réir mar a thiocfaidh siad chun cinn.
  • Féadfaidh an Coimisiún eagraíochtaí comhpháirtíochta a mhaoiniú chomh maith, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha, sainseirbhísí thíortha AE, údaráis náisiúnta agus comhlachtaí poiblí eile, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí.
  • Rinneadh réimse thairbhithe féideartha an chúnaimh airgeadais maidir le gníomhaíochtaí arna maoiniú tríd an Ionstraim um Thacaíocht Éigeandála a leathnú de dheasca phaindéim COVID-19. Nuair is cuí agus is gá maidir le gníomhaíocht a chur chun feidhme, d’fhéadfadh sé go mbeadh eagraíochtaí ina bhfuil eintitis ag a bhfuil an saineolas is gá, nó atá gníomhach in earnáil na fóirithinte tubaistí incháilithe, amhail:
    • soláthraithe seirbhíse príobháideacha;
    • monaróirí trealaimh; agus
    • eolaithe agus institiúidí taighde.
  • Áirítear iad seo a leanas ar na roghanna éagsúla atá ar fáil chun na soláthairtí agus na seirbhísí a fháil atá de dhíth chun tacaíocht éigeandála a sholáthar:
    • comhsholáthar ón gCoimisiún agus ó thíortha AE;
    • soláthar ón gCoimisiún thar ceann thíortha AE;
    • soláthar ón gCoimisiún; agus
    • díol, tabhairt nó ligean ar cíos na soláthairtí agus na seirbhísí faighte do thíortha AE nó d’eagraíochtaí comhpháirtíochta arna roghnú ag an gCoimisiún.
  • D’fhéadfaí suas le 100% de chostais díreacha agus indíreacha a bhaineann le gníomhaíochtaí arna maoiniú ag an Ionstraim um Thacaíocht Éigeandála a bheith clúdaithe faoi mhaoiniú na hIonstraime um Thacaíocht Éigeandála go dtí deireadh thréimhse an ghníomhachtaithe. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist le costais dhíreacha:
    • ceannach, ullmhú, bailiú, iompar, stóráil agus dáileadh earraí agus seirbhísí; agus
    • costais infheistíochta maidir le gníomhaíochtaí nó tionscadail a bhaineann go díreach le haidhmeanna an ghníomhachtaithe ábhartha maidir leis an Ionstraim um Thacaíocht Éigeandála a bhaint amach.
  • Chun dlús a chur le dámhachtain agus feidhmíocht conarthaí a bhíonn mar thoradh ar nósanna imeachta um sholáthar, ceadaítear leis an rialachán maoluithe áirithe ó Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, Rialachán Airgeadais AE (féach an achoimre).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

  • Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/369 ón 16 Márta 2016.
  • Tá feidhm ag Rialachán Leasaitheach (AE) 2020/521 ón 1 Feabhra 2020.

CÚLRA

Ba é cás na ndídeanaithe agus na himirce a bhain leis an Aontas Eorpach an phríomhchúis leis an rialachán seo a glacadh in 2016. Bhí an tAontas Eorpach, agus go háirithe an Ghréig, faoi bhrú ollmhór ag an am de bharr líon mór dídeanaithe agus imirceach a tháinig a raibh cabhair dhaonnúil de dhíth go práinneach orthu. Leithdháil an Coimisiún Eorpach beagnach €650 milliún ó 2016 go 2019 ar eagraíochtaí comhpháirtíochta chun tacú le dídeanaithe agus imircigh sa Ghréig.

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Tacaíocht dhaonnúil: tá bia, dídean, uisce, cógais agus bearta cosanta ar roinnt de na cineálacha cabhrach daonnúla is féidir a chur ar fáil do phobail a bhíonn thíos le tubaiste.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle an 15 Márta 2016 maidir le tacaíocht éigeandála a sholáthar laistigh den Aontas (IO L 70, 16.3.2016, lgh. 1-6)

Rinneadh leasuithe leanúnacha ar Rialachán (CE) 2016/369 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, Rialachán (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lgh. 1-222)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle a ghabhann leis an togra i ndáil le Rialachán ón gComhairle maidir le tacaíocht éigeandála a sholáthar laistigh den Aontas Eorpach (COM(2016) 116 final, 2.3.2016)

Nuashonraithe 18.05.2020

Top