Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Plean gníomhaíochta um lóistíocht iompair lastais

Plean gníomhaíochta um lóistíocht iompair lastais

Is é lóistíocht iompair lastais tiománaí iomaíochas an Aontais Eorpaigh (AE). Cumhdaíonn sé pleanáil, eagrú, bainistíocht, rialú agus comhlíonadh oibríochtaí iompair earraí.

GNÍOMH

Cumarsáid ón gCoimisiún - Plean gníomhaíochta um lóistíocht iompair lastais (COM(2007) 607 final an 18 Deireadh Fómhair 2007).

ACHOIMRE

Is é lóistíocht iompair lastais tiománaí iomaíochas an Aontais Eorpaigh (AE). Cumhdaíonn sé pleanáil, eagrú, bainistíocht, rialú agus comhlíonadh oibríochtaí iompair earraí.

CAD A DHÉANTAR SA PHLEAN GNÍOMHAÍOCHTA?

Tá bearta gearrthéarmacha go meántéarmacha ann. Is sraith amháin de shraith tionscnamh beartais é atá seolta ag an gCoimisiún Eorpach chun feabhas a chur ar éifeachtacht agus inbhuanaitheacht an iompair lastais in AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • ríomh-Lastas: d’fhéadfadh úsáid teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFCanna) sreabhadh fisiceach earraí a bhfuil sreabhadh leictreonach gan pháipéar le gabháil leo a chumasú.
  • Caolais tráchta: sainaithníodh beagnach 500 díobh idir bhonneagar neamhleor go bacainní riaracháin. D’fhéadfaí dul i ngleic leo sin trí oiliúint do bhaill foirne oilte, trí úsáid a bhaint as táscaire feidhmíochta agus trí shonraí staitistiúla níos fearr.
  • Slabhraí iompair: ceanglais riaracháin a shimpliú trí dhoiciméad amháin a úsáid do gach cineál iompair agus d’fhéadfaí costais agus rómhaorlathas a laghdú le rialacha soiléire dliteanais.
  • Ualaí agus toisí: Cuirtear teorainneacha ar ualaí agus ar thoisí feithiclí faoi reachtaíocht AE. Mar sin féin, tugtar roinnt lánrogha fós d’údaráis náisiúnta maidir le gnéithe ualaigh. De bharr athbhreithniú ar an reachtaíocht in 2012 glacadh rialacha leasaithe AE in 2015. Tá sé mar aidhm leo sin feabhas a chur ar aeraidinimic feithiclí agus ar a n-éifeachtacht fuinnimh.
  • Lánaí iompair ghlais: leis na bealaí comhtháite seo bheifí ábalta lastas a iompar lena mbeadh tionchar comhshaoil laghdaithe trí theaglaim turais ghairide de mhuir, d’iarnród, de bhóthar agus d’uiscebhealaí, agus teicneolaíochtaí ábhartha (amhail TFCanna a úsáidtear i gcórais iompair chliste).
  • Lastas uirbeach: Bíonn bailte agus cathracha na hEorpa ina gcinn scríbe go minic do lastas a thaistilíonn achair fhada. Ba chóir é sin a chur san áireamh i bpleanáil bhaile.

Áirítear ar thionscnaimh AE eile lena mbaineann:

CÚLRA

Tá sé measta go gcuirfidh an tionscal lóistíochta beagnach 14 % le OTI an Aontais Eorpaigh. Tháinig fás suntasach air le blianta beaga anuas, go háirithe sa trádáil gabhdán. Tharla brú tráchta i roinnt calafort agus na ceantair mórthimpeall dá bharr.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Páipéar Bán: Treochlár um Limistéar Eorpach Iompair Aonair - I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní (COM(2011) 144 final an 28 Márta 2011).

Nuashonraithe 26.06.2015

Top