Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tuairisceáin staidrimh i ndáil le hearraí agus paisinéirí a iompar de mhuir

Tuairisceáin staidrimh i ndáil le hearraí agus paisinéirí a iompar de mhuir

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/42/CE — tuairisceáin staidrimh i ndáil le hearraí agus paisinéirí a stopann ag calafoirt AE

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach inti conas a thiomsaíonn tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) staidreamh maidir le hiompar de mhuir earraí agus paisinéirí a stopann ag calafoirt AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Na sonraí

  • Baineann na sonraí staidrimh seo le faisnéis lasta agus paisinéirí, agus faisnéis maidir leis an soitheach féin. Sainítear saintréithe an bhailiúcháin sonraí sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an treoir seo, lena n-áirítear:
    • ollmheáchan agus cur síos ar na hearraí;
    • tuairisciú calafoirt;
    • cineál aicmiú lasta;
    • líon na bpaisinéirí;
    • cineál agus méid na soithí.
  • D’fhéadfaí soithí a mbaineann olltonnáiste faoi bhun 100 tona a fhágáil amuigh as an mbailiúchán sonraí.

Bailiúchán

  • Tá an Coimisiún Eorpach freagrach as liosta a dhréachtú de gach calafort AE a bhfuil sonraí achomair le cur ar fáil ina leith. Lena chois sin, ní mór do gach tír AE calafort ar bith a roghnú ón liosta seo a mbaineann an méid seo a leanas leo:
    • láimhseálann siad os cionn milliún tona earraí; nó,
    • taifeadann siad os cionn 200 000 gluaiseacht paisinéirí gach bliain.
  • Beidh na calafoirt a roghnófar faoi réir bailiúchán sonraí níos mionsonraithe ansin.

Na sonraí a chur ar aghaidh

  • Ní mór do thíortha AE torthaí an bhailiúcháin a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún (Eurostat):
    • laistigh de 5 mhí ó dheireadh na tréimhse breithnithe le haghaidh na sonraí a bhailítear ar bhonn ráithiúil;
    • laistigh de 8 mí le haghaidh sonraí a bhailítear ar bhonn bliantúil.
  • Ní mór do thíortha AE Eurostat a chur ar an eolas faoi na modhanna a úsáideadh chun na sonraí a thiomsú, chomh maith le sonraí ar bith ar athruithe substaintiúla ar na modhanna a úsáideadh. Ní mór do Eurostat na staitisticí cuí a bailíodh a fhoilsiú ansin.
  • Leasaíodh an treoir le Rialachán (AE) Uimh. 1090/2010 d’fhonn bailiúcháin sonraí maidir le hearraí a iompraítear de mhuir le soitheach farraige a chur ar aon dul le modhanna eile iompair.
  • Cinneadh 2010/216/AE lena leasaítear roinnt saintréithe teicniúla maidir leis an mbailiúchán sonraí, lena n-áirítear na cóid atá le húsáid le haghaidh náisiúntacht chlárúchán na soithí agus an struchtúr do thacair shonraí.
  • Cinneadh 2012/186/AE lena leasaítear cuid de na toisí staidrimh a úsáideadh sa bhailiúchán sonraí agus lena soiléirítear roinnt sainmhínithe agus cineálacha aicmiú lasta.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá Treoir 2009/42/CE i bhfeidhm ón . Is leagan athmhúnlaithe é de Threoir 95/64/CE — agus a leasuithe ina dhiaidh sin — a bhí le corprú sa dlí náisiúnta faoin .

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2009/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hearraí agus paisinéirí a iompar de mhuir (athmhúnlú) IO L 141, , lgh. 29-47)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/42/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí

Top