Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tearcghalair — feabhas a chur ar chúram agus ar mhianach saoil

Tearcghalair — feabhas a chur ar chúram agus ar mhianach saoil

 

ACHOIMRE AR:

Moladh (2009/C 151/02) – gníomhaíocht sa réimse na dtearcghalar

CAD IS AIDHM LEIS AN MOLADH?

Moladh 2014 ó thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le diagnóis a dhéanamh ar fhulangaithe, cóireáil a chur orthu agus cúram a dhéanamh díobh de thoradh ar straitéis AE maidir le tearcghalair a glacadh in 2008.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Pleananna agus straitéisí náisiúnta: tacaíonn an clár gníomhaíochta comhpháirtí EUCERD (Márta 2012 go Lúnasa 2015) le rialtais AE straitéisí náisiúnta a fhorbairt. Faoi thús 2014 , bhí pleananna náisiúnta ar bun ag 16 rialtas AE(i gcomparáid le ceithre in 2008) agus bhí dul chun cinn maith déanta ag seacht eile.
  • Sainmhíniú agus códú: do chúiseanna AE, ní théann tearcghalar i gcion ach ar 5 ar a mhéid as 10 000 duine. Tá bunachar sonraí bunaithe ag AE, Orphanet, a nascann le chéile breis agus 6 000 galar agus a fheidhmíonn i 7 dteanga. Faoi dheireadh na bliana 2013, bhí 2 512 eagraíocht ar leith d’othair tearcghalair aitheanta ann.
  • Taighde: tá maoiniú tugtha ag AE do bheagnach 120 tionscnamh taighde comhoibríoch le buiséad iomlán os cionn EUR 620 milliún. Go luath sa bhliain 2011, sheol sé an cuibhreannas taighde idirnáisiúnta ar thearcghalair (IRDiRC). Tá sé d’aidhm aige seo 200 teiripe nua a sholáthar faoi 2020. Tacaíonn sé le cláir agus bunachair othair a chruthú agus tá ardán Eorpach á fhorbairt aige um chlárú tearcghalair.
  • Lárionaid saineolais: tá an tionscadal 4 bliana um dea-chleachtais tearcghalair (Eanáir 2013-Nollaig 2016) atá á chómhaoiniú ag an AE, ag cuidiú le caighdeáin agus nósanna imeachta a fhorbairt do threoirlínte um chleachtas clinice. Sa bhliain 2013, cruthaíodh grúpa saineolaithe le comhairle a chur ar an gCoimisiún.

Tugtar léargas i dtuarascáil 2014 ar chur chun feidhme na straitéise tearcghalar go dtí seo. Díríonn sé seo ar aitheantas agus infheictheacht na tearcghalar a fheabhsú, bearta chun cuidiú le tíortha AE aghaidh a thabhairt ar an bhfeiniméan agus céimeanna chun comhar, comhordú agus rialú níos leithne a fhorbairt ar leibhéal AE.

CÚLRA

  • Tá thart ar 5 000 go 8 000 tearcghalar ann, a théann i gcion ar idir 27 agus 36 milliún duine in AE. Is minic a chaitheann na hothair blianta ag feitheamh ar dhiagnóis toisc go mbíonn líon beag díobh ann i dtéarmaí náisiúnta. Féadfaidh AE agus comhar idir na tíortha AE difear a dhéanamh trí fhaisnéis, saineolas, taighde agus údarú ar fud na hEorpa a chur le chéile do na cógais is fearr agus is féidir a bheith ann.
  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Moladh na Comhairle an 8 Meitheamh 2009 ar ghníomh i réimse na dtearcghalar (2009/C 151/02) (IO C 151, 3.7.2009, lgh. 7-10)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Tearcghalair - Dúshláin na hEorpa (COM(2008) 679 leagan deireanach, 11.11.2008)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Tuarascáil ar chur chun feidhme mholadh an Choimisiúin maidir le tearcghalair: dúshláin na hEorpa (COM(2008) 679 final) agus Mholadh na Comhairle an 8 Meitheamh 2009 ar ghníomh i réimse na dtearcghalar (2009/C 151/02) (COM(2014) 548 final an 5.9.2014)

Cinneadh an Choimisiúin 731/2013/AE an 30 Iúil 2013 lena mbunaítear grúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin maidir le tearcghalair agus lena ndéantar Cinneadh 2009/872/CE a aisghairm (IO C 219, 31.7.2013, lgh. 4-7)

Nuashonraithe 01.12.2016

Top