Seirbhísí satailíte soghluaiste (MSS) a roghnú agus a údarú
ACHOIMRE AR:
Cinneadh Uimh. 626/2008/CE maidir le córais a sholáthraíonn seirbhísí satailíte soghluaiste (MSS) a roghnú agus a údarú
Cinneadh Uimh. 2009/449/CE maidir le hoibreoirí seirbhísí uile-Eorpacha a sholáthraóonn MSS a roghnú
Cinneadh 2007/98/CE maidir le húsáid chomhchuibhithe speictream raidió sna bandaí minicíochta 2 Ghz le haghaidh córais a sholáthraíonn MSS a chur chun feidhme
Cinneadh 2011/667/AE maidir le modúlachtaí chun na rialacha maidir le forfheidhmiú a chur chun feidhme ar bhonn comhordaithe maidir le MSS
CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ?
-
Tá sé mar aidhm acu margadh inmheánach iomaíoch a éascú le haghaidh seirbhísí satailíte soghluaiste (MSS) agus cumhdach de réir a chéile a áirithiú i ngach áit san AE.
-
Bunaítear leo nós imeachta roghnúcháin MSSoperator ar leibhéal an AE agus rialacha comhchoiteanna údaraithe le haghaidh oibreoirí MSS le cur i bhfeidhm ag tíortha AE, agus é mar aidhm fhoriomlán úsáid éifeachtach a bhaint as speictream raidió
PRÍOMHPHOINTÍ
Sainmhínítear
córais satailíte shoghluaiste mar líonraí cumarsáide leictreonaí agus na saoráidí a ghabhann leo atá in ann seirbhísí cumarsáide raidió a sholáthar:
-
idir stáisiún talún soghluaiste agus stáisiúin spáis satailíte; nó
-
idir stáisiúin talún shogluaiste, ag úsáid cumarsáide trí stáisiúin spáis satailíte; nó
-
idir stáisiún talún shoghluaiste agus comhpháirteanna talún comhlántacha* suíomh fosaithe (cumarsáid a úsáid le stáisiún spáis satailíte amháin ar a laghad).
Leagtar amach i gCinneadh Uimh. 626/2008/CE
nósanna imeachta roghnúcháin agus údaraithe.
Nós imeachta roghnúcháin
-
Is é an Coimisiún Eorpach a eagraíonn an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh oibreoirí MSS, le cúnamh ón gCoiste Cumarsáide. Foilsítear na glaonna ar thairiscintí in
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
.
-
Bunaítear leis an gcinneadh nós imeachta roghnúcháin MSS-oibreora ar leibhéal an AE agus rialacha comhchoiteanna údaraithe le cur i bhfeidhm ag tíortha AE chun an banda minicíochta 2 GHz a úsáid, a chuimsíonn speictream raidió: ó 1980 go 2010 MHz le haghaidh cumarsáide talún go satailíte, agus 2170 go 2200 MHz le haghaidh cumarsáide satailíte go talamh, i gcomhréir le Cinneadh 2007/98/CE.
-
Ní mór d’oibreoirí a chuireann isteach iarratas a bheith bunaithe san AE, agus an speictream raidió a iarrtar a shainaithint, nár cheart a bheith níos mó ná 15 MHz do gach treo cumarsáide. Ní mór d’iarratasóirí tiomantas a thabhairt freisin maidir leis na nithe seo a leanas:
-
limistéar seirbhíse a chumhdach atá ar a laghad 60% d’achar comhiomlán talún thíortha an AE, ón uair a thosófar ar sholáthar MSS;
-
MSS a chur ar fáil i ngach tír san AE agus do 50% ar a laghad den daonra agus os cionn 60% ar a laghad d’achar comhiomlán talún gach tíre den AE tráth nach déanaí ná 7 mbliana ón tráth a roghnófar iad.
-
Cuimsítear sa nós imeachta roghnúcháin measúnú ar inniúlachtaí teicniúla agus tráchtála iarratasóirí agus ar cháilíocht theicniúil agus tráchtála an MSS a thairgtear freisin.
-
Foilsíonn an Coimisiún liosta de na hoibreoirí roghnaithe a chaithfidh údarú a fháil ansin ar leibhéal náisiúnta.
Údarú
-
Ráthaíonn tíortha AE an ceart do na hoibreoirí roghnaithe minicíochtaí raidió a úsáid le haghaidh MSS, faoi réir coinníollacha lena n-áirítear:
-
garspriocanna a leanúint maidir le comhoiriúnú na satailítí (comhtháthú na modúl cumarsáide agus seirbhíse) agus seoladh, comhordú minicíochta agus soláthar MSS laistigh de chríocha thíortha an AE sa 2 bhliain tar éis a roghnaithe;
-
ní mór d’oibreoirí roghnaithe na gealltanais a tugadh le linn an nós imeachta roghnúcháin a urramú agus tuarascáil bhliantúil a sholáthar d’údaráis náisiúnta;
-
deonaítear na cearta úsáide agus na húdaruithe go ceann 18 mbliana ón dáta roghnúcháin.
-
Eisíonn tíortha AE údaruithe freisin chun comhpháirteanna comhlántacha talún a úsáid.
Cinntear le Cinneadh 2009/449/CE
an méid seo a leanas:
-
Níl ICO Satellite Limited agus TerreStar Europe Limited incháilithe le haghaidh leithdháileadh speictrim raidió (toisc nár léirigh siad an leibhéal atá riachtanach maidir le forbairt theicniúil agus thráchtála ar a gcórais satailíte soghluaiste faoi seach agus níor cheart go mbeadh siad ina n-iarratasóirí incháilithe);
-
Tá Inmarsat Ventures Limited roghnaithe le haghaidh speictrim raidió ó 1980 go 1995 MHz le haghaidh cumarsáide talún go spás agus ó 2170 go 2185 MHz le haghaidh cumarsáide spáis go talamh;
-
Tá Solaris Mobile Limited roghnaithe le haghaidh speictrim raidió ó 1995 go 2010 MHz le haghaidh cumarsáide talún go spás agus ó 2185 go 2200 MHz le haghaidh cumarsáide spáis go talamh.
Cinntear le Cinneadh 2007/98/CE
an méid seo a leanas:
-
Ní mór do thíortha AE bandaí minicíochta 1980 go 2010 MHz agus 2170 go 2200 MHz a ainmniú le haghaidh MSS;
-
níor cheart go mbeadh aon úsáid eile de na bandaí seo ina cúis le trasnaíocht dhíobhálach agus ní féidir aon éileamh ar thrasnaíocht dhíobhálach de bharr MSS a dhéanamh;
-
is cuid dhílis den MSS aon stáisiún comhlántach ar talamh agus ní mór go rialófar é leis an gcóras céanna. Caithfidh sé an treo céanna tarchuir agus na codanna céanna de bhandaí minicíochta a úsáid agusatá in úsáid ag na comhpháirteanna satailíte gaolmhara.
Leagtar amach i gCinneadh 2011/667/AE
an chaoi a gcomhordaíonn tíortha AE freagairt fhorfheidhmithe i gcás sárú líomhnaithe ar choinníollacha comhchoiteanna údarú an oibreora MSS.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA GCINNTÍ?
-
Tá Cinneadh Uimh. 626/2008/CE i bhfeidhm ón 2 Iúil 2008. Tá leasuithe, lena n-áirítear rialacha agus forálacha coiste athbhreithnithe chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun rialacha forfheidhmithe a neartú, i bhfeidhm ón 26 Iúil 2019.
-
Tá Cinneadh 2009/449/CE i bhfeidhm ón 12 Meitheamh 2009.
-
Tá Cinneadh 2007/98/CE i bhfeidhm ón 14 Feabhra 2007.
-
Tá Cinneadh 2011/667/AE i bhfeidhm ón 11 Deireadh Fómhair 2011.
CÚLRA
-
Tugadh isteach Treoir 2002/21/CE (féach an achoimre) chun margadh inmheánach a chruthú le haghaidh MSS atá oscailte don iomaíocht agus chun éagothroime dhigiteach a laghdú trí chumhdach a fheabhsú de réir a chéile i réigiúin bheagfhorbartha den AE. Déanann an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (Treoir (AE) 2018/1972) í a aisghairm ón 21 Nollaig 2020.
-
Leanann na cinntí na treoirlínte i Rún Pharlaimint na hEorpa 2007 I dTreo Beartas Eorpach ar an mBeartas Speictream Raidió ina leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le hidirleathadh leathanbhanda, cumarsáide soghluaiste agus teicneolaíochtaí nua gan sreang chun cumhdach uilíoch a bhaint amach san AE. A bhuí le seirbhísí satailíte uile-Eorpacha féadtar freisin cumhdach geografach leathanbhanda a leathnú de réir thionscnamh i2010.
-
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Comhpháirteanna talún comhlántacha MSS: stáisiúin sheasta ar talamh, atá ceaptha chun infhaighteacht MSS a fheabhsú i gceantair gheografacha laistigh de lorg shatailít/shatailítí an chórais, i gcás nach mbeadh an cháilíocht riachtanach ag cumarsáid leis na stáisiúin spáis satailíte.
PRÍOMHDHOICIMÉID
Cinneadh Uimh. 626/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2008 maidir le roghnú agus údarú córas a sholáthraíonn seirbhísí satailíte soghluaiste (MSS) (IO L 172, 2.7.2008, lgh. 15-24)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh Uimh. 626/2008/CE a ionchorprú sa bhunthéacs. Luach doiciméadach amháin atá leis an leagan comhdhlúite seo.
Cinneadh 2009/449/CE ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2009 maidir le hoibreoirí córas uile-Eorpacha a sholáthraíonn seirbhísí satailíte soghluaiste (MSS) a roghnú (IO L 149, 12.6.2009, lgh. 65-68)
Cinneadh 2007/98/CE ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2007 maidir le húsáid chomhchuibhithe speictream raidió sna bandaí minicíochta 2 GHz chun córais a sholáthraíonn seirbhísí satailíte soghluaiste a chur i bhfeidhm (IO L 43, 15.2.2007, lgh. 32-34)
Cinneadh 2011/667/AE ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2011 maidir le modúlachtaí chun na rialacha maidir le forfheidhmiú a chur chun feidhme ar bhonn comhordaithe maidir le seirbhísí satailíte soghluaiste (MSS) de bhun Airteagal 9(3) de Chinneadh Uimh. 626/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 265, 11.10.2011, lgh. 25-27)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (Athmhúnlú) (IO L 321, 17.12.2018, pp. 36-214)
Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh Uimh. 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála don bheartas speictream raidió sa Chomhphobal Eorpach (Cinneadh maidir le Speictream Raidió) (IO L 108, 24.4.2002, lgh. 1-6)
Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála comhchoiteann le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Creat-Treoir) (IO L 108, 24.4.2002, lgh. 33-50)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 28.02.2020