EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Nós imeachta údaraithe maidir le breiseáin, einsímí agus blastáin

Nós imeachta údaraithe maidir le breiseáin, einsímí agus blastáin

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia

Rialachán (AE) 2019/1381 maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú riosca an Aontais Eorpaigh sa bhiashlabhra

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

  • Tugtar isteach le Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 nós imeachta údaraithe comhchuibhithe, éifeachtach, tapa agus trédhearcach maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia in AE, arb é is aidhm leis saorghluaiseacht bia a éascú agus sláinte na dtomhaltóirí a áirithiú. Ní bhaineann sé le blastáin deataigh.
  • Tá an nós imeachta bunaithe ar mheasúnú riosca a dhéanann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA), a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, agus mar thoradh air sin déantar liosta Comhphobail (AE) a nuashonrú do gach ceann de na 3 chatagóir substainte.
  • Le Rialachán leasaitheach (AE) 2019/1381 tugtar rialacha nua isteach maidir le trédhearcacht agus rúndacht i measúnú riosca.

PRÍOMHPHOINTÍ

Nós imeachta comhchoiteann

  • Níl ach substaintí atá údaraithe do mhargadh an Aontais Eorpaigh ar an liosta AE, a nuashonraítear ar thionscnamh an Choimisiúin Eorpaigh, de chuid tír AE nó páirtí leasmhar eile trí iarratas oifigiúil.
  • Cuireann an Coimisiún iarratais ar aghaidh chun substaintí a áireamh ar an liosta chuig EFSA le haghaidh measúnú riosca (rud atá éigeantach i gcás go bhféadfaí dul i gcion ar shláinte an duine). Ní mór do EFSA freagairt laistigh de 9 mí de ghnáth. I gcásanna a bhfuil bonn cirt leo nuair a iarrann EFSA faisnéis bhreise ó iarratasóirí, féadfar an tréimhse a shíneadh. Foilsíonn EFSA, faoi leasú 2019, aon fhaisnéis bhreise a sholáthraíonn an t-iarratasóir.
  • Eisíonn an Coimisiún dréacht-rialachán lena nuashonraítear liosta an Aontais Eorpaigh laistigh de 9 mí ó thuairim EFSA a fháil.
  • Féadfaidh an Coimisiún an próiseas a stopadh ag am ar bith. I gcásanna práinneacha, tá socruithe speisialta ann chun cur le coinníollacha maidir le substaintí ar an liosta, chun iad a bhaint nó a athrú.
  • Faigheann an Coimisiún cúnamh ón mBuanchoiste um Phlandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha agus liosta an Aontais Eorpaigh á nuashonrú.

Cur chun feidhme

Bhí 2 bhliain ag an gCoimisiún ó glacadh na rialachán maidir le breiseáin, einsímí agus blastáin, tar éis dul i gcomhairle le EFSA maidir le measúnú riosca, chun críoch a chur leis an gcaoi a ndéileálfadh sé le hiarratais, lena n–áirítear:

  • ábhar, dréachtú agus cur i láthair;
  • bailíocht na n–iarratas a sheiceáil;
  • an cineál faisnéise atá le háireamh.

Trédhearcacht

  • Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, cinntíonn EFSA trédhearcacht a ghníomhaíochtaí de réir Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.
  • Le Rialachán leasaitheach (AE) 2019/1381 tugtar rialacha nua isteach maidir le trédhearcacht lena gceanglaítear ar EFSA, i gcás ina n–iarrann an Coimisiún a thuairim, an t–iarratas a dhéanamh poiblí gan mhoill, lena n–áirítear faisnéis tacaíochta ábhartha agus faisnéis bhreise a sholáthraíonn an t–iarratasóir, chomh maith lena thuairimí eolaíochta. Foilsíonn EFSA aon iarratas a thuairim chomh maith le haon síneadh ar theorainneacha ama dá chuid oibre.

Rúndacht

  • Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, féadfaidh iarratasóirí a iarraidh go gcaithfí le codanna áirithe dá n–iarratais faoi rún, mar aon le bonn cirt infhíoraithe.
  • Le Rialachán leasaitheach (AE) 2019/1381 féadfaidh EFSA rúndacht a dheonú dóibh seo a leanas, más infheidhme, má léiríonn an t–iarratasóir go bhféadfaidh an nochtadh sin dochar mór a dhéanamh dá leasanna (seachas faisnéis a bhaineann le measúnú sábháilteachta):
    • faisnéis a sholáthraítear ar ábhar a úsáidtear chun an tsubstaint lena mbaineann a mhonarú;
    • faisnéis faoi na hábhair nó na táirgí a bhfuil sé ar intinn ag an iarratasóir an tsubstaint a úsáid iontu;
    • faisnéis anailíseach mhionsonraithe ar inathraitheacht agus ar chobhsaíocht baisceanna táirgeachta aonair.

Éigeandálaí

Má bhaineann éigeandáil le substaint ar an liosta, tionscnaíonn an Coimisiún nósanna imeachta sábháilteachta bia EFSA.

Comhreachtaíocht

Glacadh le rialachán 2008 ag an am céanna leis an gcomhreachtaíocht seo a leanas, a dtugtar níos mó eolais ina leith sna 3 chatagóir:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ón 20 Eanáir 2009.

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1381 ón 27 Márta 2021.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe coiteann maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lgh. 1-6)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1331/2008 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú riosca an Aontais sa bhiashlabhra agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003, Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, Rialachán (AE) 2015/2283 agus Treoir 2001/18/CE (IO L 231, 6.9.2019, lgh. 1-28)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (IO L 354, 31.12.2008, lgh. 7-15)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lgh. 16-33)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia ina bhfuil airíonna blaistithe lena n–úsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 2232/96 agus (CE) Uimh 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lgh. 34-50)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair sábháilteachta bia (IO L 31, 1.2.2002, lgh. 1-24)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 01.10.2020

Top