EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An córas AE um rialú ar iascach

An córas AE um rialú ar iascach

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 lena mbunaítear córas chun comhlíonadh an chomhbheartais iascaigh a áirithiú

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Cuirtear córas ar bun faoin rialachán chun go ndéanfaidh údaráis náisiúnta rialacha an chomhbheartais iascaigh (CBI) a rialú, a iniúchadh agus a fhorfheidhmiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an chórais um rialú:
    • a áirithiú nach ndéantar ach na cainníochtaí ceadaithe éisc a ghabháil;
    • na sonraí riachtanacha a bhailiú chun deiseanna iascaireachta a bhainistiú;
    • ról na dtíortha AE agus an Choimisiúin Eorpaigh a shoiléiriú;
    • a áirithiú go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm ar an gcaoi chéanna ar na hiascaigh uile, agus go gcuirfear smachtbhannaí comhchuibhithe i bhfeidhm ar fud an Aontais;
    • a áirithiú gur féidir táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a rianú agus scrúdú a dhéanamh orthu i rith an slabhra an tsoláthair, ón eangach go dtí an pláta.
  • Baineann sé leis an méid a leanas:
    • gach gníomhaíocht iascaireachta in uiscí AE;
    • gníomhaíochtaí iascaireachta ag báid AE agus saoránaigh AE in uiscí AE agus in uiscí neamh-AE;
    • próiseáil agus margú táirgí iascaigh;
    • iascaireacht áineasa i gcomhair speiceas atá faoi réir pleananna aisghabhála.

Rialú agus faireachán

Cumhachtaí cigireachta

Is iad na tíortha AE atá freagrach as rialú agus forfheidhmiú an chombheartais iascaigh. Is féidir leis an gCoimisiún a chuid cigireachtaí neamhspleácha féin a dhéanamh, áfach, lena n–áirítear páirt a ghlacadh i gcigireachtaí náisiúnta lena fháil amach an bhfuil na rialacha á gcur chun feidhme i gceart ag údaráis náisiúnta, agus iniúchtaí a dhéanamh ar chóras rialaithe iascaigh náisiúnta thíortha an Aontais Eorpaigh.

Smachtbhannaí

  • Ní mór do thíortha AE bearta riaracháin iomchuí a ghlacadh amhail smachtbhannaí nó imeachtaí coiriúla sa chás go ndéantar na rialacha a shárú. I gcás sáruithe tromchúiseacha, ní mór do thíortha AE córas pointí pionóis a chur i bhfeidhm chomh maith i leith sealbhóirí ceadanna iascaireachta agus máistrí soithí iascaireachta. Má fhaigheann duine méid áirithe pointí féadfar an cead a chur ar fionraí nó é a aistarraingt ar deireadh de bharr roinnt cionta tromchúiseacha.
  • Is féidir smachtbhannaí a chur ar thíortha AE freisin má theipeann orthu rialacha an chomhbheartais iascaigh a chur i bhfeidhm i gceart, lena n–áirítear:
    • cúnamh ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh a choinneáil siar;
    • iascach a dhúnadh go dtí go ndéanfar an fhadhb a réiteach;
    • cuótaí a laghdú (i gcás ró–iascaireachta).
  • Má theipeann ar thír AE beart leordhóthanach a dhéanamh chun an fhadhb a réiteach, féadfaidh an Coimisiún an tír sin a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Bailiú sonraí

  • Ní mór do thíortha AE bunachar sonraí slán a bheith acu ina stóráiltear an fhaisnéis go léir a bhailítear agus a bhfreagrachtaí faoin rialachán á gcur i gcrích acu. Ní mór rochtain dhíreach a bheith ag an gCoimisiún ó áit ar bith ar an mbunachar sonraí sin. Ina theannta sin, ní mór do thíortha AE suíomh gréasáin oifigiúil a chruthú de na sonraí a bhailíonn siad, a bhfuil codanna slána agus codanna atá inrochtana go poiblí ann.
  • Cuirtear córas um chúnamh frithpháirteach agus malartú faisnéise idir na tíortha AE ar bun faoin rialachán freisin.

Comhordú

Déanann an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach feachtais chomhrialaithe a eagrú, ina nglacann cigirí ó thíortha éagsúla AE páirt. Eagraítear na feachtais sin chun comhoibriú níos dlúithe a spreagadh, mar aon le malartú dea-chleachtais.

Rialacha maidir le cláir shonracha rialaithe agus cigireachta le haghaidh iascaigh áirithe

  • I mí na Nollag 2018, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1986, gníomh cur chun feidhme lena leagtar amach cláir shonracha rialaithe agus cigireachta le haghaidh iascaigh áirithe agus lena n–aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/807/AE, Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/328/AE, Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/305/AE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/156/AE. Leis an gcinneadh cur chun feidhme leagtar síos rialacha le haghaidh cláir shonracha rialaithe agus cigireachta le haghaidh iascaigh áirithe, amhail:
  • Clúdaítear sna rialacha gnéithe amhail na gnéithe a leanas:
    • raon feidhme agus cuspóirí na gclár;
    • nósanna imeachta agus measúnú riosca i ndáil le pleananna comh-imlonnaithe;
    • straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha um bainistíocht riosca;
    • sprioc-thagarmharcanna;
    • comhar le tíortha AE eile agus le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad;
    • gníomhaíochtaí comhpháirteacha chigireachta agus faireachais;
    • malartú sonraí; agus
    • faisnéis agus meastóireacht.
  • I mí Mheán Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1320 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1986. Bhí an leasú sin riachtanach chun na cláir shonracha rialaithe agus cigireachta a ailíniú le bearta caomhnúcháin, bainistíochta iascach an Aontais Eorpaigh, go sonrach Rialachán (AE) 2019/1022. Ceanglaíodh leis sin stoic agus iascaigh bhreise a chuimsiú sa chlár sonrach rialaithe agus cigireachta don Mheánmhuir agus don Mhuir Dhubh chomh maith. Tagann Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1320 le moltaí GFCM a glacadh le déanaí chomh maith:
    • Moladh GFCM/43/2019/2 maidir le plean ilbhliantúil bainistíochta le haghaidh saothrú inbhuanaithe deargán i Muir Alboran (folimistéir gheografacha 1 go 3);
    • Moladh GFCM/43/2019/5 maidir le plean ilbhliantúil bainistíochta le haghaidh iascaigh ghrinnill inbhuanaithe deargán i Muir Aidriad (folimistéir gheografacha 17 agus 18);
    • Moladh GFCM/43/2019/6 maidir le bearta bainistíochta le haghaidh tráliascaigh inbhuanaithe a dhíríonn ar shéaclaí móra dearga agus ar shéaclaí gorma agus dearga i gCaolas na Sicile ((folimistéir gheografacha 12, 13, 14, 15 agus 16);
    • Moladh GFCM/43/2019/4 maidir le plean bainistíochta le haghaidh saothrú inbhuanaithe coiréalach dearg sa Mheánmhuir; agus
    • Moladh GFCM/43/2019/1 maidir le sraith de bhearta bainistíochta le haghaidh úsáid feistí comhthiomsaithe éisc ar ancaire in iascaigh dorád coiteann sa Mheánmhuir.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá an rialachán i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2010.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lgh. 1-50)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (IO L 83, 25.3.2019, lgh. 18-37)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1986 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena mbunaítear cláir shonracha rialaithe agus cigireachta d’iascaigh áirithe agus lena n–aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2012/807/AE, 2013/328/AE, 2013/305/AE agus 2014/156/AE (IO L 317, 14.12.2018, lgh. 29-46)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 22-61)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d’fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (IO L 112, 30.4.2011, lgh. 1-153)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lgh. 1-32)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 29.10.2020

Top