This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Motor vehicle wheel guards
Rothghardaí mótarfheithiclí
Rothghardaí mótarfheithiclí
This summary has been archived and will not be updated. See 'Ceanglais chineálcheadaithe chun sábháilteacht ghinearálta feithiclí agus cosaint úsáideoirí soghonta bóithre a áirithiú' for an updated information about the subject.
Rothghardaí mótarfheithiclí
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) Uimh. 1009/2010 — ceanglais cineálcheadaithe do rothghardaí mótarfheithiclí áirithe
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
PRÍOMHPHOINTÍ
Leagtar amach leis an rialachán ceanglais maidir le cineálcheadú le haghaidh rothghardaí ar mhótarfheithiclí. Tá sé ina chuid de chur chun feidhme Rialachán (CE) 661/2009 maidir le mótarfheithiclí agus leantóirí sábháilte.
Cineál feithicle lena mbaineann
Baineann an rialachán seo le feithiclí i gcatagóir M1, i.e. feithiclí arna ndearadh agus arna dtógáil chun paisinéirí a iompar, a bhfuil 8 suíochán ar a mhéad iontu de bhreis ar an tiománaí.
Ceanglais le haghaidh rothghardaí
Rialacha maidir le cineálcheadú AE
Ní mór don mhonaróir feithicle iarratas a chur isteach ar chineálcheadú AE chuig an údarás inniúil. Ní mór an méid seo a leanas a bheith san iarratas:
Má mheasann an t–údarás inniúil go gcomhlíonann an fheithicil na ceanglais ar fad maidir le rothghardaí, ní mór dó cineálcheadú AE a cheadú agus uimhir chineálcheadaithe a eisiúint de réir Threoir 2007/46/CE maidir le cinealcheadú AE ar mhótarfheithiclí.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 30 Samhain 2010.
CÚLRA
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialacháin (AE) Uimh. 1009/2010 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2010 maidir le ceanglais cineálcheadaithe le do rothghardaí ar mhótarfheithiclí áirithe agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál-cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (OJ L 292, 10.11.2010, lgh. 21-29)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (OJ L 200, 31.7.2009, lgh. 1-24)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir 2007/46/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat maidir le formheas mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil leithleach le haghaidh feithiclí dá leithéid (Creat-Treoir) (IO L 263, 9.10.2007, lgh. 1-160)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 30.04.2019