Deimhnithe forlíontacha cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte agus táirgí cosanta plandaí
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 — deimhniú forlíontach cosanta i gcomhair táirgí cosanta plandaí
Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 — deimhniú forlíontach cosanta i gcomhair táirgí cógaisíochta
CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN SIN?
- Foráiltear leo cosaint bhreise do tháirgí sonracha cógaisíochta agus cosanta plandaí paitinnithe atá ceadaithe lena ndíol
- Tgadh isteach le Rialachán Leasaitheach (AE) 2019/933 tarscaoileadh déantúsaíochta maidir leis an gcosaint a thugtar le deimhniú forlíontach cosanta (SPC)* le haghaidh táirgí cógaisíochta a cheadóidh do chuideachtaí atá bunaithe in AE leagan cineálach nó comhchosúil de leigheas atá faoi chosaint SPC a mhonarú le linn théarma an deimhnithe:
- lena onnmhairiú chuig margadh neamh-AE; nó
- lena stoc-charnadh i rith 6 mhí dheireanacha SPC, sula gcuirtear isteach i margadh AE é.
- Tá an chosaint seo ón Aontas Eorpach ceaptha chun aon éagothromaíochtaí agus easnaimh i gcórais phaitinne náisiúnta táirgí cógaisíochta agus cosanta plandaí a chothromú.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Féadfaidh aon táirge cógaisíochta nó cosanta plandaí SPC a fháil, más rud é:
- go bhfuil sé faoi chosaint ag paitinn náisiúnta (an phaitinn bhunúsach);
- caithfidh sé údarú náisiúnta nó AE a bheith aige sula bhféadfar é a dhíol (údarú margaíochta); agus
- nach bhfuil deimhnithe leis cheana féin.
- Tugann an SPC na cearta céanna leis na cearta a sholáthraítear leis an bpaitinn bunúsach, seachas teorainneacha an tarscaoilte déantúsaíochta a mhínítear thuas.
- Ní mór an t–iarratas SPC a thaisceadh leis an oifig náisiúnta maoine tionscail ábhartha:
- laistigh de 6 mhí ón dáta a deonaíodh an phaitinn; nó
- i gcás ina bhfuarthas an t–údarú chun é a chur ar an margadh sula ndeonaítear an phaitinn bunúsach, laistigh de 6 mhí ón dáta a deonaíodh an phaitinn
- Tiocfaidh an deimhniú forlíontach cosanta i bhfeidhm nuair a rachaidh an phaitinn bhunúsach in éag, agus beidh sé bailí ar feadh tréimhse suas le 5 bliana. Ní mhairfidh an chosaint fhoriomlán is féidir a fháil faoi phaitinn agus faoin deimhniú forlíontach cosanta níos mó ná 15 bliana ó ndeonfar an chéad údarú margaíochta.
- Féadfar an SPC a shíneadh uair amháin ar feadh 6 mhí le haghaidh táirgí cógaisíochta do leanaí sa chás ina bhfuil plean imscrúdaithe péidiatraiceach ullmhaithe. Is é 15,5 bliain an chosaint fhoriomlán a sholáthraítear dá réir sin.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?
- Tá Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 i bhfeidhm ón 8 Feabhra 1997, seachas sna tíortha sin nár cumhdaíodh paitinniúlacht táirgí cosanta plandaí ina ndlí náisiúnta, i gcás go bhfuil sé i bhfeidhm ón 2 Eanáir 1998.
- Le Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 códaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1768/92 ón gComhairle. Tá sé i bhfeidhm ón 6 Iúil 2009.
- Tá Rialachán Leasaitheach (AE) 2019/933 i bhfeidhm ón 1 Iúil 2019.
CÚLRA
- Laghdaítear an tréimhse éifeachtach um chosaint paitinne mar gheall ar an tréimhse idir iarratas a dhéanamh ar phaitinn le haghaidh táirge nua cógaisíochta nó cosanta plandaí agus údarú a fháil chun é a chur ar an margadh. Tá sé mar aidhm ag an SPC an laghdú sin ar chosaint éifeachtach paitinne sna réimsí taighde seo a fhritháireamh chun nuálaíocht a spreagadh agus chun cosc a chur ar na tionscail sin bogadh ar shiúl ó thíortha AE.
- Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Deimhniú forlíontach cosanta: ceart maoine intleachtúla i gcás táirge sonrach a fheidhmíonn mar shíneadh ar phaitinn.
PRÍOMHDHOICIMÉID
Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le deimhniú forlíontach cosanta a chruthú i gcomhair táirgí cosanta plandaí (IO L 198, 8.8.1996, lgh. 30-35)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta i gcomhair táirgí íocshláinte (leagan códaithe) (IO L 152, 16.6.2009, lgh. 1-10)
Féach an leagan comhdhlúite.
DOICIMÉAD GAOLMHAR
Rialachán (AE) 2019/933 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta i gcomhair táirgí íocshláinte (IO L 153, 11.6.2019, lgh. 1-10)
Nuashonraithe 10.10.2019
Top