Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhar riaracháin i réimse na cánach breisluacha (CBL)

Comhar riaracháin i réimse na cánach breisluacha (CBL)

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach leis na nósanna imeachta lenar féidir le húdaráis Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) oibriú le chéile agus faisnéis a chomhroinnt maidir le cáin bhreisluacha (CBL) agus calaois CBL a chomhrac. Dá réir sin, áirithítear an méid seo a leanas leis:

  • go ndéanfar CBL a mheasúnú agus a chur i bhfeidhm mar is ceart;
  • go ndéanfar calaois CBL a bhrath agus a chosc;
  • go gcosnófar ioncam CBL.

PRÍOMHPHOINTÍ

Lároifigí idirchaidrimh aonair

Ní mór do gach Ballstát lároifig idirchaidrimh a ainmniú mar phointe teagmhála do na Ballstáit eile agus don Choimisiún Eorpach. Ní mór don oifig liosta oifigeach ainmnithe agus rannóg idirchaidrimh a choinneáil trína bhféadfaí faisnéis a chomhroinnt lena gcontrapháirteanna i mBallstáit eile. I gcás go bhfaigheann oifigigh nó rannóga idirchaidrimh iarratas nó freagra ar iarratas maidir le faisnéis a sheoladh, ní mór dóibh an lároifig idirchaidrimh a chur ar an eolas faoi.

Faisnéis a chomhroinnt

Féadfaidh tíortha faisnéis a iarraidh ar Bhallstát eile trí úsáid a bhaint as foirm chaighdeánach ionas go mbeidh siad ábalta idirbheart trasteorann a mheasúnú i gceart. Ní mór do na húdaráis iarrtha freagra a thabhairt ar na húdaráis iarrthacha laistigh de 3 mhí ó iarratas a fháil nó laistigh de 1 mhí amháin má tá an fhaisnéis ar fáil acu cheana.

Comhroinntear faisnéis áirithe go huathoibríoch sna cásanna seo a leanas:

  • i gcás go bhfuil faisnéis ón mBallstát tionscnaimh riachtanach do chóras rialaithe an Bhallstáit is ceann scríbe ina gcuirfear an cánachas i bhfeidhm;
  • i gcás go bhfuil cúis lena chreidiúint go ndearnadh sárú nó go ndéanfar sárú ar an reachtaíocht maidir le CBL sa Bhallstát is ceann scríbe;
  • i gcás go bhfuil baol ann go gcaillfí cáin sa Bhallstát is ceann scríbe.

Ní mór do na Ballstáit faisnéis a chomhroinnt go spontáineach chomh maith agus féadfaidh siad aiseolas a iarraidh ó na tíortha ina gcomhroinntear í.

Féadfaidh na Ballstáit diúltú d’fhaisnéis a thabhairt sna cásanna seo a leanas:

  • i gcás go bhforchuirtear ualach díréireach le hiarratais ar fhaisnéis laistigh de thréimhse shonrach ó údaráis iarrthacha;
  • níor bhain an t–údarás iarrthach triail as na gnáthfhoinsí faisnéise ar fad;
  • i gcás go nochtfaí rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil mar thoradh air nó i gcás go bhfuil sé in éadan an bheartais phoiblí.

Faisnéis a stóráil

Ní mór do gach Ballstát an fhaisnéis cothrom le dáta seo a leanas a stóráil ar feadh 5 bliana ar a laghad:

  • faisnéis arna soláthar sna ráitis achoimreacha (liostaí de na daoine ar sholáthair siad earraí dóibh) arna gcur isteach ag daoine inchánach atá sainaitheanta chun críocha CBL;
  • sonraí maidir le daoine ar eisigh an Ballstát uimhir aitheantais CBL chucu;
  • sonraí maidir le huimhreacha aitheantais CBL atá tagtha chun bheith neamhbhailí;
  • faisnéis maidir le daoine inchánach neamhbhunaithe.

Roinntear an fhaisnéis ansin leis na Ballstáit go léir trí chóras leictreonach, an córas r–Mhalartaithe faisnéise CBL (VIES).

Tugtar leasú isteach le Rialachán (AE) 2020/283 lena gceanglaítear ar an gCoimisiún lárchóras leictreonach faisnéise íocaíochta (CESOP), a fhorbairt, a chothabháil, a óstáil agus a bhainistiú go teicniúil chun imscrúdú a dhéanamh ar chalaois amhrasta CBL nó chun calaois CBL a bhrath. Stórálfaidh CESOP na sonraí íocaíochta a bhailíonn na Ballstáit agus comhiomlánóidh siad iad in aghaidh an tairbhí, agus déanfaidh sé iad a chros–seiceáil leis an bhfaisnéis eile a mhalartófar faoi Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. Ní chuirfear sonraí in CESOP ar fáil ach do shaineolaithe frithchalaoise na mBallstát. Beidh feidhm aige ón .

Le Treoir (AE) 2020/285 tugtar isteach rialacha simplithe chun an t–ualach riaracháin agus na costais chomhlíonta a laghdú do ghnólachtaí beaga agus chun timpeallacht chánach níos buntáistí a chruthú chun cabhrú leo fás agus trádáil thar theorainneacha ar bhealach níos éifeachtaí. Beidh gnólachtaí beaga in ann cáiliú do rialacha simplithe comhlíonta CBL i gcás ina bhfanfaidh a láimhdeachas bliantúil faoi bhun tairsí arna socrú ag an mBallstát lena mbaineann, nach mbeidh níos airde ná €85,000. Faoi choinníollacha áirithe, beidh gnólachtaí beaga ó Bhallstáit eile, nach sáraíonn an tairseach sin, in ann leas a bhaint as an scéim shimplithe, mura sáraíonn a láimhdeachas bliantúil iomlán san Aontas Eorpach ar fad €100,000. Tá feidhm ag na rialacha nua sin ón .

Aisíocaíochtaí CBL

Cuireann na Ballstáit na hiarratais ar aisíocaíochtaí CBL a fhaigheann siad ó na daoine inchánach atá bunaithe i mBallstáit eile ar aghaidh chuig údaráis Bhallstáit an aisíoca lena mbaineann. Déantar é sin ar mhodh leictreonach laistigh de 15 lá ón dáta a fhaightear an t-iarratas. Ní mór d’údaráis Bhallstáit an aisíoca údaráis na mBallstát eile a chur ar an eolas i gcás:

  • go dteastaíonn faisnéis chódaithe go leictreonach bhreise uathu maidir le cineál agus seirbhísí na n–iarratasóirí; nó
  • go n–éilíonn siad ar na hiarratasóirí cur síos a sholáthar maidir lena ngníomhaíochtaí gnó trí chóid chomhchuibhithe a úsáid.

Tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad

Má cheadaítear é le socruithe cúnaimh leis an tír lena mbaineann nach tír den Aontas Eorpach í, féadfaidh údarás ábhartha Ballstáit faisnéis a fhaigheann sé ón tír sin a chur ar aghaidh chuig aon Bhallstát eile a iarrfadh í nó chuig Ballstát ar bith eile a mbeadh suim acu inti. Féadfaidh údaráis na mBallstát faisnéis a chur ar aghaidh chuig tíortha nach tír den Aontas Eorpach í i gcás:

  • go dtugann an Ballstát óna dtionscnaíonn sí a chead;
  • gur chomhaontaigh an tír nach tír den Aontas Eorpach í comhoibriú i mbailiú faisnéise ar idirbhearta mírialta lena bhféadfaí an reachtaíocht maidir le CBL a shárú.

Calaois CBL a chomhrac

Bunaítear leis an rialachán Eurofisc, líonra saineolaithe frithchalaoise trínar féidir leis na Ballstáit sonraí CBL a phróiseáil i gcomhar lena chéile agus luathrabhaidh a mhalartú maidir le gnólachtaí a bhfuil amhras fúthu go bhfuil siad páirteach i gcalaois CBL. Comhordaíonn Eurofisc aon ghníomhaíocht leantach a thionscnaíonn údaráis chánach i ndiaidh a rabhaidh calaoise freisin. Féadfaidh Eurofisc comhoibriú le OLAF agus Europol nuair is gá chomh maith.

Tráchtáil leictreonach

Mar chuid de phacáiste beart chun córas CBL an Aontais Eorpaigh a nuachóiriú agus chun é a oiriúnú do ghnó trasteorann agus ríomhthráchtáil tomhaltóirí AE, leasaítear le Rialachán (AE) 2017/2454 Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 trí rialacha a thabhairt isteach lena méadófar an comhar riaracháin idir na Ballstáit. Le rialachán leasaitheach 2017 áirithítear go gcumhdaítear soláthairtí seirbhísí agus ciandíol earraí faoi Threoir (AE) 2017/2455 (lena leasaítear Treoir 2006/112/CE — féach an achoimre agus Treoir 2009/132/CE — féach an achoimre). Tá feidhm leis ó mhí Eanáir 2021.

I measc nithe eile, ceanglaítear leis an rialachán:

  • go soláthrófar an uimhir aitheantais faoina n–íoctar CBL roimh ré ionas go mbeidh na húdaráis chustaim ábalta a bailíocht a sheiceáil agus earraí á n–allmhairiú;
  • go mbeidh iarratais ar thaifid agus ar fhiosrúcháin riaracháin a dhéanfaidh na Ballstáit chuig daoine inchánach comhordaithe ag an tír aitheantais1.

Ag tús 2020, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/21, maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse CBL, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/194, lena leagtar síos mionsonraí faoi oibriú an mhionionaid ilfhreastail CBL le haghaidh díol earraí ar líne.

Cuidíonn an dá rialachán cur chun feidhme lena áirithiú go n–íocfar CBL i mBallstát an tomhaltóra deiridh, rud a fhágann go ndéantar dáileadh níos cothroime ar ioncam cánach i measc na mBallstát.

Mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, beidh feidhm ag na rialacha nua ríomhthráchtála CBL sin ón in ionad teacht i bhfeidhm ar an (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1318). Bhí an tréimhse bhreise ama sin riachtanach chun go bhféadfadh na Ballstáit go léir na córais TF riachtanacha a thabhairt chun críche chun na hathruithe sin a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Tír aitheantais. An Ballstát ina bhfuil an duine inchánach cláraithe chun úsáid a bhaint as an mionionad ilfhreastail.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, , lgh. 1-18).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 904/2010 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí

Top