EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne an Éilithe

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne an Éilithe

ACHOIMRE AR:

Chinneadh 2008/801/CE ón gComhairle maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne an Éilithe a thabhairt i gcrích ar son an Chomhphobail Eorpaigh

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA CHINNEADH SEO?

Tugtar cead don Aontas Eorpach (AE) chun Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gCoinne an Éillithe a shíniú. Is í an aidhm atá ag an gcoinbhinsiún éilliú a chomhrac, bainistíocht cheart ar ghnóthaí poiblí a chur chun cinn agus comhar agus cúnamh teicniúil idirnáisiúnta a spreagadh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuirtear an coinbhinsiún i bhfeidhm maidir le cosc, le hiniúchadh agus le hionchúiseamh éillithe agus maidir le fáltais ó chionta a chalcadh, a urghabháil, a choigistiú agus a thabhairt ar ais.

Tá rialacha sa choinbhinsiún maidir le sciúradh airgid a chosc agus a chomhrac. Tá caighdeáin ann freisin maidir le cuntasaíocht san earnáil phríobháideach agus maidir le trédhearcacht agus rochtain chomhionann ag gach iarrthóir ar chonarthaí soláthair agus seirbhíse oibreacha poiblí.

Éilliú a chosc

Leagtar amach sa choinbhinsiún roinnt rialacha chun éilliú a chosc, lena n-áirítear:

  • beartais agus cleachtais choisctheacha a chur i bhfeidhm agus comhlachtaí a bhunú chun é sin a dhéanamh;
  • cóid iompair a chur i bhfeidhm le haghaidh oifigeach poiblí;
  • critéir oibiachtúla maidir le hoifigigh phoiblí a earcú agus ardú céime a thabhairt dóibh;
  • rialacha maidir le soláthar poiblí.

Moltar ann chomh maith:

  • trédhearcacht agus cuntasacht a chur chun cinn maidir le hairgeadas poiblí a bhainistiú, agus san earnáil phoiblí freisin;
  • caighdeáin níos déine cuntasaíochta agus iniúchóireachta;
  • rialacha chun neamhspleáchas na mbreithiúna a dhaingniú.

Coiriúlú

Moltar sa choinbhinsiún roinnt cionta coiriúla a chur ar bun, lena n-áirítear:

  • éilliú oifigeach poiblí náisiúnta nó eachtrach agus oifigeach d’eagraíochtaí poiblí idirnáisiúnta;
  • claonchasadh, mí-leithghabháil nó atreorú ag oifigeach poiblí ar aon mhaoin phoiblí nó phríobháideach;
  • mangaireacht tionchair (nuair a dhéanann duine a bhfuil tionchar aige/aici ar dhaoine eile an tionchar sin a mhalartú ar airgead ó dhuine a bhfuil tionchar á lorg aige/aici);
  • mí-úsáid stádais agus saibhriú aindleathach*.

Iarrtar sa choinbhinsiún cionta a dhéanamh de na nithe seo a leanas san earnáil phríobháideach:

  • claonchasadh,
  • éilliú,
  • sciúradh fáltas ó choireacht,
  • maoin ghoidte a láimhseáil,
  • bac a chur ar riaradh an cheartais,
  • páirt a ghlacadh i gclaonchasadh nó éilliú nó iarracht a dhéanamh dul i mbun na ngníomhaíochtaí sin.

Moltar gníomh breise dlíthiúil agus riaracháin sa choinbhinsiún freisin, lena n-áirítear:

  • a áirithiú gur féidir freagracht a chur ar chuideachtaí;
  • calcadh, urghabháil agus coigistiú a cheadú;
  • finnéithe, saineolaithe agus íospartaigh a chosaint;
  • na daoine a chuireann tuairiscí isteach a chosaint;
  • a áirithiú go bhfuil an ceart dlíthiúil ag cuideachtaí nó ag daoine a ndearnadh damáiste dóibh de bharr gnímh éillithe chun cúiteamh a éileamh;
  • comhar le húdaráis um fhorghníomhú an dlí a spreagadh.

Sócmhainní a aisghabháil

Sonraítear bearta sa choinbhinsiún chun sócmhainní a aisghabháil go díreach, agus leagtar amach ann conas is féidir é sin a dhéanamh trí chomhar idirnáisiúnta maidir le coigistiú. Tá rialacha sa choinbhinsiún freisin maidir le conas is ceart sócmhainní a thabhairt ar ais.

An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise

Tá an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar na ceisteanna sin sa mhéid go mbaineann siad le hinstitiúidí AE. Déantar iniúchadh ar chalaois i gcoinne bhuiséad AE, ar éilliú agus ar mhí-iompar tromchúiseach in institiúidí Eorpacha, agus forbraítear beartas frith-chalaoise don Choimisiún Eorpach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Cuireadh an cinneadh i bhfeidhm an 25 Meán Fómhair 2008.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHFHOCAIL

* Saibhriú aindleathach: nuair a bhaineann duine éigin tairbhe as rud éigin ar chostas duine éigin eile gan rud éigin ar chomhluach a thabhairt don duine sin.

GNÍOMH

Cinneadh 2008/801/CE ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2008 maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éilithe a thabhairt i gcrích ar son an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2008, lgh. 1-110)

Nuashonraithe 21.04.2016

Top