Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhar idir tíortha AE ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Comhar idir údaráis náisiúnta maidir le dlíthe cosanta tomhaltóirí' for an updated information about the subject.

Comhar idir tíortha AE ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a chur i bhfeidhm

CAD É IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach leis gréasán ar fud AE d’údaráis atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dlíthe cosanta tomhaltóirí.
  • Tá feidhm aige maidir le sáruithe trasteorann ar an dlí tomhaltóirí a dhéantar in AE amháin.
  • Déanfar é a aisghairm le Rialachán (AE) 2017/2394 (Comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí) agus cuirfear an Rialachán sin ina ionad ón 17 Eanáir 2020.

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhair idir údaráis i dtíortha AE

Ainmníonn gach tír AE an t–údarás náisiúnta a bheidh freagrach as dlíthe um chosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, a ghlacfaidh páirt sa ghréasán um chomhar forfheidhmiúcháin. I ngach tír, áirithíonn oifig idirchaidrimh aonair comhordú idir na húdaráis náisiúnta.

Leis an ngréasán féadfaidh údaráis náisiúnta faisnéis a mhalartú agus comhoibriú lena gcomhghleacaithe i dtíortha eile AE chun bac a chur ar sháruithe ar an dlí tomhaltóirí.

Cumhdaítear sa rialachán cásanna a bhaineann le comhleasanna tomhaltóirí agus éascaítear leis comhoibriú idir údaráis chun bac a chur ar sháruithe ar an dlí tomhaltóirí i gcás go bhfuil an gnólacht agus an tomhaltóir lonnaithe i dtíortha éagsúla.

Tá ceanglais faisnéise i gCinneadh 2007/76/CE, mar shampla an t–íosmhéid faisnéise a chaithfear a sholáthar i gcúnamh frithpháirteach* agus i bhfoláirimh, na tréimhsí ama nach mór cloí leo, rochtain ar fhaisnéis agus úsáid teangacha.

Tá feidhm ag comhar idir údaráis náisiúnta maidir le reachtaíocht tomhaltóirí ina gclúdaítear, mar shampla:

Cúnamh frithpháirteach agus gníomhaíochtaí AE

Féadfaidh gach údarás cúnamh a iarraidh ó bhaill eile den ghréasáin chun imscrúdú a dhéanamh agus stop a chur le sáruithe féideartha ar chearta tomhaltóirí.

Lena chois sin, chun bac a chur ar sháruithe a tharlaíonn ag an am céanna i roinnt tíortha AE nó i ngach tír AE, féadfaidh na húdaráis an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh amhail scuab-imscrúduithe*, a bhaineann le scagadh ar fud AE ar láithreáin ghréasáin earnála faoi leith (aerthicéid, ráthaíochtaí earraí leictreonacha tomhaltóirí, áirithintí taistil, trédhearcacht praghsanna, etc.) faoi oibríocht bhliantúil faoi stiúir an Choimisiúin Eorpaigh;
  • glacadh le cuir chuige chomhpháirteacha, i gcomhar leis an gCoimisiún, maidir le dlíthe cosanta tomhaltóirí a chur i bhfeidhm i ndáil le fadhb áirithe.

Na chéad chinn de na gníomhaíochtaí comhordaithe* sin atá clúdaithe i gceannacháin ionaipe i gcluichí ar líne.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 29 Nollaig 2005 seachas na rialacha maidir le cúnamh frithpháirteach atá i bhfeidhm ón 29 Nollaig 2006.

CÚLRA

Le haghaidh tuileadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cúnamh frithpháirteach: féadfaidh údarás inniúil i dtír ina bhfuil sárú á dhéanamh ar chearta tomhaltóirí a iarraidh ar a chomhghleacaí sa tír ina bhfuil an trádálaí bunaithe faisnéis a sholáthar maidir le sárú líomhnaithe nó beart a dhéanamh chun bac a chur ar an sárú dlí sin.
Scuab-imscrúdú: tacar seiceálacha a dhéantar ar láithreáin ghréasáin ag an am céanna chun sáruithe ar dhlí tomhaltóirí AE in earnáil faoi leith a shainaithint. Comhordaíonn an Coimisiún Eorpach na scuab-imscrúduithe agus déanann údaráis náisiúnta forfheidhmiúcháin sna tíortha rannpháirteacha iad go comhuaineach.
Gníomhaíochtaí comhordaithe: cur chuige coiteann na húdaráis forfheidhmithe náisiúnta maidir leis an dlí um chosaint tomhaltóirí a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le sáruithe ar fud na hEorpa ar an dlí tomhaltóirí. Tacaíonn an Coimisiún Eorpach leis na gníomhaíochtaí sin.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (an Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí) (IO L 364, 9.12.2004, lgh. 1-11)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lgh. 1-26)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2007/76/CE ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2006 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as na dlíthe um chosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú i ndáil le cúnamh frithpháirteach (IO L 32, 6.2.2007, lgh. 192-197)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 11.06.2019

Top