Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Beo-acmhainní muirí san Antartach a chaomhnú

Beo-acmhainní muirí san Antartach a chaomhnú

 

ACHOIMRE AR:

An Coinbhinsiún maidir le beo–acmhainní Muirí san Antartach a chaomhnú

Cinneadh 81/691/CEE lena dtugtar i gcrích an Coinbhinsiún maidir le Beo–acmhainní Muirí san Antartach a chaomhnú

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN AGUS LEIS AN GCINNEADH

  • Is é is aidh, leis an gCoinbhinsiún gach beo–acmhainn muirí, lena n–áirítear iasc, moilisc, crústaigh agus éin, ó dheas ó dhomhanleithead 60o ó Dheas agus sa limistéar idir an domhanleithead sin agus an Choinbhéirseacht Antartach* atá ina gcuid den éiceachóras muirí Antartach. Chun críocha an Choinbhinsiúin, áirítear leis an téarmaí “caomhnú” úsáid réasúnach.
  • Leis an gcinneadh cuirtear an Coinbhinsiún i gcrích thar ceann an Aontais Eorpaigh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Chun an fiadhúlra muirí a chaomhnú, éilítear leis an gCoinbhinsiún nach mór do gach gníomhaíocht iascaireachta agus gach gníomhaíocht ghaolmhar cloí leis na prionsabail a leanas:

  • a áirithiú nach dtitfidh pobal speicis ar bith ar a ndírítear gníomhaíochtaí dá leithéid faoi na leibhéil a theastaíonn chun pobail sheasmhacha a choinneáil.
  • an caidreamh éiceolaíoch idir na pobail spriocdhírithe agus pobail spleácha agus ghaolmhara an fhiadhúlra mhuirí san Antartach a choinneáil, agus pobail ídithe a thabhairt ar ais go dtí na leibhéil atá sainithe thuas; agus
  • athruithe a chosc nó íoslaghdú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfaí athruithe ar an éiceachóras muirí nach bhféadfaí iad a aisiompú thar fiche nó tríocha bliain, ag cur tosca éagsúla san áireamh lena n–áirítear athruithe comhshaoil, ag féachaint go mbeifear ábalta beo–acmhainní muirí san Antartach a chaomhnú ar bhonn marthanach.

An Coimisiún um Chaomhnú Beo-Acmhainní Muirí Antartacha (CCAMLR) agus an Coiste Eolaíoch

  • Tá Coimisiún idirnáisiúnta, an CCAMLR, arna bhunú leis an gCoinbhinsiún, freagrach as na bearta um chaomhnú a ghlacadh ag a chruinnithe bliantúla a cheaptar chun beo-acmhainní muirí san Antartach a chaomhnú lena n–áirítear a n–úsáid réasúnach.
  • Comhlacht comhairleach is ea an Coiste Eolaíoch arna bhunú leis an gCoinbhinsiún chun fóram a sholáthar le haghaidh comhairliúcháin agus comhair maidir le bailiú, staidéar agus malartú faisnéise an fhiadhúlra mhuirí atá clúdaithe sa Choinbhinsiún. Agus a fheidhmeanna á bhfeidhmiú aige, cuireann an Coimisiún moltaí agus comhairle an Choiste Eolaíoch san áireamh go hiomlán.
  • I gCinneadh (AE) 2019/867, arna ghlacadh i mí na Bealtaine 2019, leagtar amach seasamh AE laistigh den Choimisiún le haghaidh na tréimhse 2019-2023

DÁTA THEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an 7 Aibreán 1982.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Coinbhéirseacht Antartach: líne ar a gceanglaítear na pointí a leanas feadh línte domhanleithid agus fadlínte domhanfhaid:

50oS, 0o; 50oS, 30oE; 45oS, 30oE; 45oS, 80oE; 55oS, 80oE; 55oS, 150oE; 60oS, 150oE; 60oS, 50oW; 50oS, 50oW; 50oS, 0o.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Coinbhinsiún maidir le Beo–acmhainní Muirí san Antartach a chaomhnú (IO L 252, 5.9.1981, lgh. 27-35)

Cinneadh 81/691/CEE ón gComhairle an 4 Meán Fómhair 1981 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le Beo–acmhainní Muirí san Antartach a chaomhnú (IO L 252, 5.9.1981, lch. 26)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh (AE) 2019/867 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019 maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choimisiún um Chaomhnú Beo-Acmhainní Muirí Antartacha (CCAMLR), agus lena n–aisghairtear Cinneadh an 24 Meitheamh 2014 maidir leis an seasamh a ghlacfar, thar ceann an Aontais, in CCAMLR (IO L 140, 28.5.2019, lgh. 72-77)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Straitéis Eorpach le haghaidh Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach (COM(2018) 28 críochnaitheach, 16.1.2018)

Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 (IO L 347, 28.12.2017, lgh. 81-104)

Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan: clár oibre le haghaidh thodhchaí ár n–aigéan (JOIN(2016) 49 críochnaitheach, 10.11.2016)

Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lgh. 1-50)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a ionchorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lgh. 1-32)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 600/2004 ón gComhairle an 22 Márta 2004 lena leagtar síos bearta teicniúla áirithe is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta sa limistéar atá clúdaithe sa Choinbhinsiún maidir le beo–acmhainní Muirí san Antartach a chaomhnú (IO L 97, 1.4.2004, lgh. 1-15)

Rialachán (AE) Uimh. 601/2004 ón gComhairle an 22 Márta 2004 lena leagtar síos bearta rialaithe áirithe is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta sa limistéar atá clúdaithe sa Choinbhinsiún maidir le beo–acmhainní Muirí san Antartach a chaomhnú agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3943/90, Rialachán (CE) Uimh. 66/98 agus Rialachán (CE) Uimh. 1721/1999 (IO L 97, 1.4.2004, lgh. 16-29)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1035/2001 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena mbunaítear scéim dhoiciméadaithe gabhálacha le haghaidh Dissostichus spp. (IO L 145, 31.5.2001, lgh. 1-9)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 10.03.2020

Top