Rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis chomhshaoil
ACHOIMRE AR:
Threoir 2003/4/CE maidir le rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis chomhshaoil
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
-
Faoin treoir seo, déantar dlíthe náisiúnta thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) a oiriúnú go hiomlán do Choinbhinsiún Aarhus 1998 maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil.
-
Ráthaítear leis an treoir gur féidir leis an bpobal rochtain a dhéanamh ar fhaisnéis chomhshaoil* atá i seilbh ag údaráis phoiblí* nó a choimeádtar i seilbh ar a son, ar iarratas agus trí scaipeadh gníomhach araon.
-
Leagtar amach sa treoir na téarmaí, na coinníollacha agus na socruithe praiticiúla bunúsacha nach mór do bhall den phobal urramú a thabhairt dóibh nuair a thugtar rochtain ar an bhfaisnéis chomhshaoil a d'iarr siad dóibh.
PRÍOMHPHOINTÍ
Rochtain ar iarratas
-
Ní mór d’údaráis phoiblí aon fhaisnéis chomhshaoil atá acu a chur ar fáil d’iarratasóir gan a bheith ar an duine sin cúis a shonrú.
-
Ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil mí amháin nó níos lú ón iarratas a ghlacadh. D’fhéadfaí síneadh ama dhá mhí a chur leis an tréimhse sin i gcás iarratas toirtiúil coimpléascach.
-
Ní mór d’údaráis phoiblí gach iarracht réasúnta a dhéanamh chun a chinntiú gur féidir an fhaisnéis atá acu a atáirgeadh go réidh agus a rochtain go leictreonach.
-
Ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil san fhoirm nó san fhormáid a shonraigh an t-iarratasóir ach amháin sa chás go bhfuil an fhaisnéis sin curtha ar fáil go poiblí cheana féin i bhformáid eile.
-
Ní mór do thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) a chinntiú go gcabhróidh státseirbhísigh le baill den phobal a bhfuil faisnéis á lorg acu agus go mbeidh liosta acu de na húdaráis phoiblí inrochtana.
-
Is iad seo a leanas cuid de na socruithe praiticiúla chun déileáil le hiarratais:
-
oifigí faisnéise a cheapadh;
-
saoráidí chun scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis; agus
-
cláir nó liostaí den fhaisnéis atá i seilbh ag an húdaráis agus sonraí faoi phointí faisnéise.
-
D’fhéadfaí diúltú d’iarratais más rud é:
-
gur léir gur iarratais mhíréasúnta iad;
-
go bhfuil siad róghinearálta;
-
go mbaineann siad le hábhair neamhchríochnaithe; nó
-
go mbaineann siad le cumarsáid inmheánach.
-
D’fhéadfaí diúltú dóibh freisin, go hiomlán nó go páirteach, sa chás go bhféadfaí dochar a dhéanamh de bharr nochta do cheann de na cúiseanna uileghabhálacha atá beartaithe, mar shampla:
-
Ní ceart a bheith ar an bpobal íoc as cláir nó as liostaí poiblí a rochtain. D’fhéadfadh údaráis phoiblí muirir a ghearradh as an bhfaisnéis chomhshaoil a chuireann siad ar fáil, ach ba cheart táille réasúnta a bheith i gceist.
-
Na hiarratasóirí a cheapann go ndearnadh neamhaird den iarratas acu nó gur diúltaíodh dó go héagórach, féadfaidh rochtain a bheith acu ar réitigh, cúirt dlí nó comhlacht neamhspleách eile san áireamh.
Scaipeadh gníomhach
-
Ní mór do na sonraí seo a leanas, ar a laghad, a bheith san fhaisnéis chomhshaoil a chuirtear ar fáil go leictreonach:
-
téacsanna conarthaí, coinbhinsiún nó comhaontuithe idirnáisiúnta agus téacsanna beartas, pleananna agus clár a bhaineann leis an gcomhshaol;
-
tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir leis na rudaí thuas a chur i bhfeidhm;
-
tuarascáil ar staid an chomhshaoil;
-
sonraí monatóireachta ar ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an gcomhshaol;
-
údaruithe a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm go mór ar an gcomhshaol;
-
staidéir thionchair agus measúnuithe riosca.
-
I gcás míreanna eile seachas na míreanna thuas, d’fhéadfaí iad a scaipeadh go gníomhach de réir a chéile agus na hacmhainní riachtanacha daonna, airgeadais agus teicniúla á gcur san áireamh.
-
Ní mór do thíortha AE a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis a chuireann siad le chéile, nó a chuirtear le chéile ar a son, cothrom le dáta, cruinn agus inchomparáide.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá an an treoir i bhfeidhm ón 14 Feabhra 2003. Bhí ar thíortha AE an treoir a ionchorprú sa dlí náisiúnta faoin 14 Feabhra 2005.
CÚLRA
-
Tá Coinbhinsiún Århus i bhfeidhm ó 2001 i leith. Tá sé bunaithe ar an tuiscint go gcuirfear feabhas ar chosaint an chomhshaoil le méadú ar an bhfeasacht phoiblí agus ar an rannpháirtíocht phoiblí. Tá sé ceaptha chun cosaint a thabhairt do cheart gach duine de ghlúnta an lae inniu agus de na glúnta atá le teacht chun maireachtáil i dtimpeallacht a oireann dá shláinte agus dá fholláine nó dá sláinte agus dá folláine. Chun na críche sin, déantar foráil sa Choinbhinsiún i leith gnímh i 3 réimse.
-
rochtain phoiblí a chinntiú ar an bhfaisnéis chomhshaoil atá á coimeád ag na húdaráis phoiblí nó do na húdaráis phoiblí;
-
rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht a bhaineann leis an gcomhshaol a chothú;
-
na coinníollacha maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a leathnú.
-
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Faisnéis chomhshaoil: aon fhaisnéis scríofa, aon amharcfhaisnéis, aon fhaisnéis ó chluas, aon fhaisnéis leictreonach nó aon chineál faisnéise eile faoi cheisteanna atá leagtha amach in Airteagal 2(1) den Treoir 2003/4/CE.
Údarás poiblí: go sonrach, riarachán rialtais nó riarachán náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil eile, lena n-áirítear comhlachtaí comhairleacha poiblí agus daoine aonair nach bhfuil cumhdaithe faoin reachtaíocht. Féadfaidh rialtais AE cinneadh a dhéanamh gan comhlachtaí a chur san áireamh sa sainmhíniú seo ag gníomhú dóibh i gcáil bhreithiúnach nó reachtach.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE (IO L 41, 14.2.2003, lgh. 26-32)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lgh. 43-48)
Rialachán (CE) Uimh. 2005/370/CE ón gComhairle an 17 Feabhra 2005 maidir le tabhairt chun críche, thar ceann an Chomhphobail, an Choinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireachta agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (IO L 124, 17.5.2005, lgh. 13-19
Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireachta agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lgh. 13-19)
Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar um Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, pp. 1-14)
Nuashonraithe 26.01.2017