Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Aerloingseoireacht shábháilte: Rannchuidiú le Córas Domhanda um Loingseoireacht Satailíte (GNSS)

Aerloingseoireacht shábháilte: Rannchuidiú le Córas Domhanda um Loingseoireacht Satailíte (GNSS)

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach, an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis agus an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta maidir le Rannchuidiú Eorpach i bhforbairt córas domhanda loingseoireachta satailíte

Cinneadh 98/434/CE maidir leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach, an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis agus an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta maidir le rannchuidiú Eorpach i bhforbairt córas domhanda loingseoireachta satailíte (GNSS)

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá staidéir ar loingseoireacht trí shatailít ag teacht chun cinn agus tá céim leordhóthanach aibíochta bainte amach acu le haghaidh rannchuidiú Eorpach i bhforbairt córas loingseoireachta satailíte atá le cruthú go neamhspleách ar mhodhanna eile loingseoireachta agus suite raidió, agus ar an gcaoi sin éascaítear an tionscal Eorpach le bheith níos rannpháirtí sa réimse sin, lena n–áirítear trí thionscadail amhail 2 chóras um loingseoireacht satailíte na hEorpa, Galileo agus EGNOS*, chomh maith le Margadh GNSS.

Cumhdaítear leis an gcomhaontú freisin:

  • cumas oibríochta a fhorbairt d’fhonn rannchuidiú ón Eoraip do GNSS 1*, ag baint úsáid as córais bunaithe ar shatailítí atá ann cheana agus aon mhéadú iomchuí ar na córais sin;
  • comhordú chun cumas oibríochta iomlán a bhaint amach do GNSS 1;
  • obair ullmhúcháin chomhthreomhar ar GNSS 2*.

Comhaontaíonn na páirtithe leis an méid seo a leanas:

  • Rannchuidíonn GES trína chlár Ard–Taighde i gCórais Teileachumarsáide (ARTES) a chur chun feidhme, tríd an gclár Breis–seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) le haghaidh tástála agus bailíochtú teicniúil;
  • Cinneann Eurocontrol na ceanglais maidir le heitlíocht shibhialta lena n–áirithítear go bhfuil GNSS 1 inghlactha go hoibríochtúil;
  • Cuidíonn an Comhphobal Eorpach (AE anois) le riachtanais na n-úsáideoirí uile a chomhtháthú agus déanann sé foráil maidir le EGNOS a bhunú, lena n–áirítear trasfhreagróirí geochobhsaí AOR-E agus IOR Inmarsat III a léasú.

Tagann Comhchoiste Trípháirteach le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme, treoirlínte a fhoirmiú agus cineálacha cur chuige comhchoiteann a chomhordú chun téarmaí an chomhaontaithe a bhaint amach. Déanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh.

Caithfidh gach páirtí:

  • an fhaisnéis uile is gá atá ar fáil dó a chomhroinnt;
  • gan aon fhaisnéis mhalartaithe a nochtadh d’aon duine seachas iad siúd atá fostaithe aige nó atá i dteideal go hoifigiúil an fhaisnéis sin a láimhseáil;
  • gan an fhaisnéis sin a úsáid chun críocha tráchtála.

Ina theannta sin, déantar an méid seo a leanas leis an gcomhaontú:

  • tugtar breac–chuntas ar chearta maoine na dtrí eagraíocht, a ghabhann orthu féin na socruithe airgeadais is gá a dhéanamh chun an comhaontú a chur chun feidhme;
  • bunaítear leis sásra dliteanais le haghaidh gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gcomhaontú;
  • ceanglaítear leis gníomhaíochtaí caidrimh phoiblí a chomhordú idir na páirtithe, agus na róil ann á sainaithint go soiléir;
  • ní fhéadfar é a leasú ach trí chomhaontú d’aon toil i scríbhinn;
  • tá sé oscailte do rannpháirtíocht tríú páirtithe ábhartha.

Féadfar díospóidí idir na páirtithe:

  • a chur faoi bhráid an Chomhchoiste Thrípháirtigh le haghaidh caibidlíocht dhíreach; nó
  • a shocrú le cúigear eadránaí, triúr acu arna gceapadh ag na páirtithe agus beirt acu ag an gcoiste.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 18 Meitheamh 1998.

CÚLRA

Féach chomh maith:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

An Córas Domhanda Loingseoireachta Satailíte (GNSS): córas domhanda bunaithe ar shatailítí chun suíomh, treoluas agus am a chinneadh, é saincheaptha chun freastal ar riachtanais na n–úsáideoirí féideartha ar iarratais shibhialta.
Breis–seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS): Méadú Eorpach ar na córais um loingseoireacht agus suíomh satailíte atá ann cheana, ag úsáid satailítí geochobhsaí (i.e. satailítí ar cosúil go bhfuil siad ina stad os cionn pointe áirithe ar domhan) agus é mar aidhm acu a bhfeidhmíocht sna spéartha ar fud na hEorpa a fheabhsú agus cumas a sholáthar thar na limistéir chraolta gheochobhsaí iomlána. Is comhpháirt Eorpach de GNSS 1 é EGNOS.
GNSS 1: cur chun feidhme tosaigh GNSS, bunaithe ar chórais um loingseoireacht satailíte míleata reatha na Stát Aontaithe agus na Rúise, arna mhéadú ag córais shibhialta, atá saincheaptha chun faireachán neamhspleách leordhóthanach ar an gcóras iomlán a chur ar fáil don úsáideoir.
GNSS 2: córas domhanda sibhialta um loingseoireacht satailíte atá le rialú go hidirnáisiúnta agus a chomhlíonann riachtanais gach catagóra úsáideoirí maidir le suíomh, treoluas agus am a chinneadh.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach, an Ghníomhaireacht Spáis Eorpach agus an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta maidir le Rannchuidiú Eorpach i bhforbairt córas domhanda loingseoireachta satailíte (GNSS) (IO L 194, 10.7.1998, lgh. 16-24)

Cinneadh 98/434/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach, an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis agus an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta maidir le rannchuidiú Eorpach i bhforbairt córas domhanda loingseoireachta satailíte (GNSS) (IO L 194, 10.7.1998, lch. 15)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le cur chun feidhme agus saothrú córas Eorpach um loingseoireacht satailíte agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 1-24)

Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 276, 20.10.2010, lgh. 11-21)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 10.09.2020

Top