EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sábháilteacht mhuirí: trealamh muirí

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Trealamh níos sábháilte agus nach bhfuil chomh truaillithe ar longa AE' for an updated information about the subject.

Sábháilteacht mhuirí: trealamh muirí

ACHOIMRE AR:

Treoir 96/98/CE - Trealamh muirí

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Leagtar síos rialacha inti chun sábháilteacht agus cáilíocht trealaimh mhuirí a iompraítear ar bord long faoi bhratach thíortha AE a chinntiú.

Leis na rialacha sin méadaítear an tsábháilteacht ar bord, cuidítear leis an truailliú muirí a chomhrac agus féachtar iontu le saorghluaiseacht trealaimh mhuirí laistigh de mhargadh inmheánach AE a chinntiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le trealamh le haghaidh úsáide ar:

longa atá faoi bhratach AE cheana

longa úra faoi bhratach AE, fiú má rinneadh lasmuigh den AE iad;

Measúnú comhréireachta

Ceapann tíortha AE comhlachtaí atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht trealaimh mhuirí. Is é is aidhm leis an measúnú sin cáilíocht an trealaimh a chinntiú sula gcuirtear ar an margadh é agus nuair a chuirtear ar bord é;

Ní mór marc a bheith ar threalamh atá i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha.

Sa chás nach bhfuil soitheach, atá le haistriú chuig clár thír AE, cláraithe in AE, ní mór don tír AE iniúchadh a dhéanamh ar bhail iarbhír an trealaimh agus cé acu an gcloíonn sé le caighdeáin AE nó nach gcloíonn.

Trealamh neamhchomhlíontach

Má chuireann píosa trealaimh sláinte agus/nó sábháilteacht na foirne nó na bpaisinéirí i gcontúirt, nó má chuireann sé an mhuirthimpeallacht i mbaol damáiste, ní mór don tír AE atá freagrach é a aistarraingt ón margadh agus a úsáid a chosc nó a shrianadh.

Caighdeáin tástála

Ní mór caighdeáin tástála idirnáisiúnta a ghlacadh do threalamh muirí. I gcásanna nach nglacann eagraíochtaí idirnáisiúnta caighdeáin laistigh de thréimhse ama réasúnta, is féidir caighdeáin AE a chur i bhfeidhm.

CÉN UAIR A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Tháinig sí i bhfeidhm an 17 Feabhra 1997. Bhí sé le corprú ag tíortha AE ina ndlí náisiúnta faoin 30 Meitheamh 1998.

Le Treoir 2014/90/AE aisghairtear Treoir 96/98/CE le héifeacht ón 18 Meán Fómhair 2016.

CÚLRA

Iompar muirí: Rialacha um trealamh muirí nua-aimseartha do longa AE níos sábháilte

GNÍOMH

Treoir 96/98/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 1996 maidir le trealamh muirí (IO L 46, 17.2.1997, lgh. 25–56)

Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin leantacha ar Threoir 96/98/CE a chorprú sa bhuntéacs. Is chun críche faisnéise amháin atá an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146–185)

Nuashonraithe 12.11.2015

Top