EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 95/50/CE — nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tugtar isteach léi córas AE de sheiceálacha randamacha ar fheithiclí ina n-iompraítear earraí contúirteacha de bhóthar chun ardleibhéil sábháilteachta a áirithiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá feidhm ag an treoir maidir le seiceálacha a dhéanann tíortha AE ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar i bhfeithiclí a thaistilíonn ina gcríoch nó a thagann isteach ann ó thír neamh-AE. Níl feidhm aici maidir le hiompar earraí contúirteacha atá faoi fhreagracht na bhfórsaí armtha.
  • Déantar na seiceálacha sin i gcrích thír AE, ar an gcoinníoll nach ndéantar iad mar sheiceálacha teorann ag teorainneacha inmheánacha AE, ach go ndéantar iad mar chuid de na gnáthsheiceálacha gan aon idirdhealú.
  • Gabhann 3 iarscríbhinn leis an treoir:
    • Iarscríbhinn I — an seicliosta a chaithfear a dhéanamh roimh iniúchadh;
    • Iarscríbhinn II — liosta agus catagóiriú sáruithe (mar shampla, cuimsítear i gCatagóir I iompar earraí nach bhfuil údaraithe lena n-iompar, easpa dhearbhú an choinsíneora maidir le comhréireacht na n-earraí agus a phacáistithe maidir leis an reachtaíocht um iompar, feithicil nó pacáistiú míchuí, etc.);
    • Iarscríbhinn II — foirm chaighdeánach shamplach don tuarascáil atá le seoladh ag tír AE chuig an gCoimisiún Eorpach maidir le sáruithe agus pionóis a taifeadadh ar bhonn náisiúnta.
  • Maidir leis na seiceálacha:
    • ní foláir nó go gcumhdófar na míreanna atá cuimsithe sa seicliosta in Iarscríbhinn I ar a laghad iontu;
    • ní mór iad a dhéanamh ag áiteanna éagsúla, ag am ar bith den lá; agus
    • ní mór cion sách fairsing den ghréasán bóithre a chumhdach leo ionas go mbeidh sé deacair seicphointí a sheachaint.
  • Féadfaidh údaráis thíortha AE coinsíneachtaí a chur ó ghluaiseacht mura bhfuil siad comhlíontach. Féadfaidh siad iallach a chur orthu chomh maith iad a thabhairt chun comhréireachta sula leanfaidh siad lena dturas nó iad a chur faoi réir na mbeart iomchuí, ag brath ar na cúinsí nó ar na ceanglais sábháilteachta. D’fhéadfadh diúltú, nuair is cuí, do cheadú d’fheithiclí den sórt sin isteach in AE a bheith i gceist leis sin.
  • Féadfaidh seiceálacha a dhéanamh ag áitribh ghnó chomh maith.
  • Ní mór do thíortha AE oibriú le chéile chun an treoir seo a chur chun feidhme go héifeachtach (sáruithe a thuairisciú don tír ina bhfuil an t-iompróir cláraithe, faisnéis a roinnt, etc.).
  • Ní mór do gach tír AE tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún le haghaidh gach bliana féilire maidir le cur i bhfeidhm na treorach, lena n-áirítear na sonraí atá liostaithe sa treoir, amhail:
    • méid measta na n-earraí contúirteacha a iompraítear de bhóthar (i dtonaí arna n-iompar nó i dtonaí/ciliméadair);
    • líon na seiceálacha a rinneadh agus líon na bhfeithiclí a seiceáladh de réir na háite clárúcháin (feithiclí atá cláraithe go náisiúnta, nó i dtíortha eile AE, nó i dtíortha neamh-AE);
    • líon agus catagóirí na sáruithe a taifeadadh;
    • cineál agus uimhir na bpionós a gearradh.
  • Gach 3 bliana, ní mó don Choimisiún tuarascáil a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm na treorach ag tíortha AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 17 Deireadh Fómhair 1995 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 1 Eanáir 1997.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 95/50/CE ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 1995 i dtaca le nósanna imeachta aonfhoirmeacha ar sheiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (IO L 249, 17.10.1995, lgh. 35-40)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 95/50/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl ach luach doiciméadach amháin de luach ar an leagan comhdhlúite seo.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme Threoir 95/50/CE ón gComhairle i dtaca le nósanna imeachta aonfhoirmeacha ar sheiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar ag na Ballstáit (COM(2017) 112 final, 6.3.2017)

Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lgh. 13-59)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 03.12.2018

Top