Árachas creidmheasa onnmhairiúcháin
ACHOIMRE AR:
Treoir 98/29/CE — árachas creidmheasa onnmhairiúcháin d’idirbhearta lena bhfuil cumhdach meántéarmach agus fadtéarmach
CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
-
Comhchuibhítear léi córais náisiúnta oifigiúla maidir le hárachas creidmheasa onnmhairiúcháin* lena chinntiú nach mbeidh saobhadh iomaíochta ar bith idir cuideachtaí AE.
-
Bunaítear léi prionsabail choiteanna maidir le cumhdach árachais, préimheanna, polasaithe cumhdaigh de réir tíre agus nósanna imeachta um fhógra.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Baineann an reachtaíocht le cumhdach árachais le haghaidh onnmhairiú earraí agus seirbhísí. Ní mór do gach institiúid a chuireann an cumhdach ar fáil, a théarmaí a chomhlíonadh, go díreach nó go hindíreach.
-
D’fhéadfadh na rioscaí a chumhdaítear a bheith ina rioscaí tráchtála, polaitiúla, monaraíochta nó creidmheasa.
-
Beidh na hárachóirí faoi dhliteanas má tharlaíonn an caillteanas go díreach nó go hindíreach de bharr cúiseanna éagsúla amhail dócmhainneacht féichiúnaí nó forbairtí polaitiúla nó eacnamaíocha.
-
Ní bheidh na hárachóirí faoi dhliteanas i leith caillteanais ar bith a tharlódh de bharr tosca amhail:
-
iompraíocht nó neamhghníomh ag sealbhóir an pholasaí; nó
-
mainneachtain ag fochonraitheoirí a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.
-
Ba cheart éilimh a íoc gan aon mhoill, nó, ar a dhéanaí, laistigh de 1 mhí den tréimhse feithimh*.
-
Ba cheart do phréimheanna:
-
a bheith comhfhreagrach don riosca tíre, flaithiúnais, poiblí agus/nó príobháideach atá cumhdaithe;
-
léiriú leordhóthanach a bheith iontu ar raon feidhme agus ar cháilíocht an chumhdaigh a deonaíodh;
-
a bheith ábalta costais agus caillteanais oibriúcháin fhadtéarmacha a chumhdach.
-
Ba cheart go léireodh polasaí de réir tíre measúnú ar na rioscaí lena mbaineann, go háirithe neamhchosaint iomlán gan réiteach i dtaca le tír agus/nó luach na gconarthaí úra a chumhdófar.
-
Tá feidhm ag nósanna imeachta um fhógra atá ceaptha chun trédhearcacht sa chóras a chinntiú, maidir le:
-
fógra bliantúil maidir le faisnéis;
-
fógra maidir le cinneadh;
-
fógra ex-ante agus ex-post maidir le faisnéis.
-
Níl feidhm ag an reachtaíocht maidir le cumhdach árachais le haghaidh:
-
tairiscintí;
-
réamhíocaíochtaí;
-
bannaí feidhmíochta nó coinneála*;
-
trealamh agus ábhar tógála a úsáidtear ar bhonn áitiúil.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 8 Meitheamh 1998. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 1 Aibreán 1999.
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Córais maidir le hárachas creidmheasa onnmhairiúcháin: tugtar cosaint fúthu seo d’onnmhaireoir táirgí agus seirbhísí i gcoinne riosca neamhíocaíochta ag custaiméir eachtrach. Trí dhearbhú coinníollach a thabhairt don onnmhaireoir go ndéanfar an íocaíocht mura mbeidh an ceannaitheoir eachtrach ábalta íocaíocht a dhéanamh, laghdaíonn siad na rioscaí íocaíochta a bhaineann le gnó a dhéanamh thar lear.
Tréimhse feithimh: an tréimhse ama a bheidh socruithe chun go dtiocfaidh an riosca cumhdaithe i gcrích.
Bannaí feidhmíochta nó coinneála;: bannaí faoina ndéantar custaiméir a chosaint nuair a bheidh beart oibre nó tionscadal críochnaithe. Ráthaítear fúthu go ndéanfaidh an conraitheoir cibé obair a theastaíonn chun lochtanna a fuarthas a cheartú díreach i ndiaidh chríochnú an chonartha, fiú má íocadh an conraitheoir go hiomlán.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 98/29/CE ón gComhairle an 7 Bealtaine 1998 maidir le comhchuibhiú na bpríomhfhorálacha i dtaca le hárachas creidmheasa onnmhairiúcháin d’idirbhearta lena bhfuil cumhdach meántéarmach agus fadtéarmach (IO L 148, 19.5.1998, lgh. 22-32)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 98/29/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Cinneadh 2006/789/CE ón gComhairle an 13 Samhain 2006 maidir le nósanna imeachta um chomhairliúchán agus um fhógra i gcúrsaí árachais chreidmheasa, ráthaíochtaí creidmheasa agus creidmheasanna airgeadais (Leagan códaithe) (IO L 319, 18.11.2006, lgh. 37-45)
Nuashonraithe 30.01.2017
Top