This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Single European Sky — EU rules on air navigation services
Aerspás Eorpach Aonair — rialacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta
Aerspás Eorpach Aonair — rialacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta
Rialachán (CE) 550/2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair
Bunaítear leis an rialachán ceanglais maidir le soláthar sábháilte agus éifeachtúil seirbhísí aerloingseoireachta le haghaidh aerthrácht ginearálta san Aontas Eorpach (AE) mar chuid den tionscnamh um aerspás Eorpach aonair*. Is rialachán ceangailteach é, atá infheidhmithe i dtíortha uile AE.
Déantar cur síos sa rialachán ar na nósanna imeachta deimhniúcháin do sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta atá le glacadh ag údaráis mhaoirseachta thíortha AE. Le deimhnithe, atá bailí i dtíortha uile AE, sonraítear cearta agus dualgais atá ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta. Áirítear leis sin rochtain ar sheirbhísí d’úsáideoirí aerspáis* gan idirdhealú, agus go háirithe maidir le sábháilteacht, agus go bhféadfar seirbhísí a thairiscint do sholáthraithe, úsáideoirí aerspáis agus aerfoirt eile laistigh de AE.
Ceanglais maidir le deimhniúchán
Áirítear leo sin:
Údaráis mhaoirseachta náisiúnta
Tá gach údarás maoirseachta náisiúnta i dtíortha AE freagrach as sealbhóir deimhnithe a ainmniú chun seirbhísí aerthráchta eisiacha a sholáthar. Cinntíonn siad comhlíonadh freisin sna bloic aerspáis atá faoina rialú. Tarlaíonn sé seo i gcomhar (nó le comhaontú) má shíneann bloc thar níos mó ná tír amháin, nó má oibríonn sealbhóir deimhnithe i níos mó ná tír amháin.
Más rud é nach gcomhlíonann soláthraí na ceanglais, féadfaidh na húdaráis lena mbaineann gníomh a dhéanamh, lena n–áirítear an deimhniú a aisghairm. Ansin bíonn na húdaráis freagrach as leanúnachas na seirbhíse a áirithiú.
Bloic feidhme aerspáis
Ní mór do thíortha AE agus do thíortha neamh-AE, nuair is cuí, a áirithiú trí chomhaontú go gcuirfear bloic feidhme aerspáis chun feidhme. Ba chóir go mbeadh an cumas agus an éifeachtúlacht riachtanach leo sin chun leibhéal ard sábháilteachta agus tionchar comhshaoil laghdaithe a choinneáil. Féadfaidh an Coimisiún Eorpach comhordaitheoir ar bhloic feidhme aerspáis a cheapadh chun cuidiú leis an bpróiseas seo.
Féadfaidh údaráis náisiúnta soláthraí eisiach seirbhísí meitéareolaíocha a ainmniú freisin.
Le haghaidh aerthrácht ghinearálta*, déantar sonraí oibriúcháin réad-ama a mhalartú idir na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, úsáideoirí aerspáis agus aerfoirt, chun riachtanais oibriúcháin amháin a éascú. Bunaítear comhaontuithe faofa i scríbhinn lena gcuirtear socruithe oibre ar bhonn foirmiúil idir na soláthraithe seirbhíse, agus le húdaráis mhíleata.
Éilítear nósanna imeachta cuntasaíochta oscailte leis an rialachán agus leagtar amach leis treoirlínte mionsonraithe le haghaidh praghsáil chothrom agus thrédhearcach d’úsáideoirí aerspáis.
Tá feidhm leis ón 20 Aibreán 2004.
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhísí) (IO L 96, 31.3.2004, lgh. 10-19)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach faisnéise amháin.
Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lgh. 1-122)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2013 lena leagtar síos scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin (IO L 128, 9.5.2013, lgh. 1-30)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 391/2013 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2013 lena leagtar síos comhscéim muirearaithe le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta (IO L 128, 9.5.2013, lgh. 31-58)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2013 maidir leis an sainmhíniú ar chomhthionscadail, bunú an rialaithe agus ainmniú na ndreasachtaí a thacaíonn le cur chun feidhme an Mháistirphlean Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta (IO L 123, an 4.5.2013, lgh. 1-7)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — An t–aerspás Eorpach aonair a chruthú (COM(1999) 614 críochnaitheach an 1 Nollaig 1999)
Rialachán (AE) Uimh. 176/2011 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2011 maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar roimh bhunú agus roimh mhodhnú na mbloc feidhme aerspáis (IO L 51, 25.2.2011, lgh. 2-7)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2011 maidir le maoirseacht sábháilteachta i mbainistíocht aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2010 (IO L 271, 18.10.2011, lgh. 15-22)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2011 lena leagtar síos ceanglais chomhchoiteanna maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 482/2008 agus (AE) Uimh. 691/2010 (IO L 271, 18.10.2011, lgh. 23-41)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 482/2008 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2008 lena mbunaítear córas dearbhaithe sábháilteachta bogearraí le cur chun feidhme ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus lena leasaítear Iarscríbhinn II le Rialachán (CE) Uimh. 2096/2005 (IO L 141, 31.5.2008, lgh. 5-10)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an t–aerspás Eorpach aonair a chruthú (an Rialachán réime) (IO L 96, 31.3.2004, lgh. 1-9)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair (IO, L 96, 31.3.2004, lgh. 20-25).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh um bainistiú aerthráchta (an Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht) (IO L 96, 31.3.2004, lgh. 26-42)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 20.05.2019