This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Heating systems for motor vehicles (until 2014)
Córais téimh le haghaidh mótarfheithiclí (go dtí 2014)
Córais téimh le haghaidh mótarfheithiclí (go dtí 2014)
This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.
Córais téimh le haghaidh mótarfheithiclí (go dtí 2014)
Beidh na ceanglais a bhaineann le córais téimh le haghaidh urranna paisinéirí mótarfheithiclí ina mbunchuid de nós imeachta cineálcheadaithe an Chomhphobail Eorpaigh (CE) le haghaidh mótarfheithiclí.
ACHT
Treoir 2001/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 maidir le córais téimh le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí, lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/548/CEE ón gComhairle [Féach na hachtanna leasaitheacha].
ACHOIMRE
Leagtar amach i dTreoir 2001/56/CE na ceanglais a bhaineann le córais téimh le haghaidh urranna paisinéirí mótarfheithiclí.
Baineann Treoir 2001/56/CE, mar aon le treoracha sonracha eile, leis an nós imeachta cineálcheadaithe CE arna leagan síos i dTreoir 70/156/CEE. Mar sin, baineann na ceanglais theicniúla arna leagan amach inti le cineálcheadú mótarfheithiclí a bhfuil córas téimh agus córais téimh mar chomhpháirteanna curtha iontu.
Is córas téimh ann ná gléas de chineál ar bith a ceapadh leis an teocht taobh istigh d’fheithicil a mhéadú, láthair lastála san áireamh más ann dó.
Cuireann Treoir 2001/56/CE le raon na Treorach 78/548/CEE, treoir nár chumhdaigh ach córais téimh a úsáideann teas an innill. Cumhdófar dó-théitheoirí as seo amach chomh maith. An sainmhíniú a thugtar ar dhó-théitheoir sa Treoir ná gléas a úsáideann leacht nó breosla gásach go díreach agus nach n-úsáideann dramhtheas ón inneall lena dtiomáintear an fheithicil.
Chomh maith leis sin, cuireann Treoir 2001/56/CE le raon na Treorach 78/548/CEE ón gComhairle, chun go gcumhdaítear na feithiclí go léir i gcatagóirí M, N agus O (feithiclí a iompaíonn daoine agus earraí, agus leantóirí), mar aon leis na feithiclí i gcatagóir M1 (gluaisteáin phríobháideacha), feithiclí a bhfuil córas téimh curtha iontu.
Le héifeacht ón 9 Bealtaine 2004, ní mór go gcloífeadh feithicil le ceanglais na Treorach 2001/56/CE le go ndéanfaí ceadú CE a dhámhachtain ina leith, maidir le córas téimh nó le cineál dó-théitheora na feithicle. Le héifeacht ón 9 Bealtaine 2005, bíonn ar fheithiclí nua cloí leis na ceanglais seo.
Aisghaireadh Treoir 78/548/CEE le héifeacht ón 9 Bealtaine 2004.
Córais téimh a dhónn gás peitriliam leachtaithe (GPL)
Leasaítear Treoir 2001/56/CE le Treoir 2004/78/CE trí bhíthin ceanglas sábháilteachta breise a thabhairt isteach le haghaidh mótarfheithiclí a ndéanann a gcórais téimh gás peitriliam leachtaithe (GPL) a dhó.
Le héifeacht ón 1 Eanáir 2006, baineann na ceanglais nua theicniúla seo le cineálcheadú CE le haghaidh feithiclí a bhfuil córais téimh nó dó-théitheoirí curtha iontu a dhónn GPL. Le héifeacht ón 1 Eanáir 2007, bíonn ar fheithiclí nua a bhfuil córais téimh curtha iontu, a dhónn GPL, na ceanglais seo a chomhlíonadh.
Rinneadh foráil in Airteagal 5 de Threoir 2001/56/CE do cheanglais bhreise a thabhairt isteach le haghaidh córais téimh a dhónn GPL. Níor chumhdaigh an tAirteagal seo ach córais téimh a dhónn breosla leachtaithe, amhail peitreal nó díosal, i dtosach.
Aisghairfear Treoir 2001/56/CE le Rialachán (CE) Uimh 661/2009 le héifeacht ón 1 Samhain 2014.
Cúlra
Sa lá atá inniu ann, tá a lán feithiclí de chineálacha difriúla ann a bhfuil córais téimh le haghaidh urranna paisinéirí (busanna), láithreacha lastála (leoraithe) nó spásanna scíthe (carbháin) curtha iontu. Is léir go bhfuil ceanglais de dhíth, ar chúiseanna sábháilteachta agus chosaint an chomhshaoil, ceanglais a chloíonn leis na caighdeáin teicneolaíochta is doichte.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 2001/56/CE |
9.11.2001 |
8.5.2003 |
IO L 292, 9.11.2001 |
Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 2004/78/CE |
20.5.2004 |
30.9.2004 |
IO L 153, 30.4.2004 |
Treoir 2006/119/CE |
18.12.2006 |
30.9.2007 |
IO L 330, 28.11.2006 |
Treoir 2013/15/AE |
1.7.2013 |
1.7.2013 |
IO L 158, 10.6.2013 |
Nuashonrú is déanaí: 02.07.2014