This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Dangerous products resembling foodstuffs — ensuring consumers’ safety
Táirgí contúirteacha atá cosúil le hearraí bia — ag áirithiú sábháilteacht tomhaltóirí
Táirgí contúirteacha atá cosúil le hearraí bia — ag áirithiú sábháilteacht tomhaltóirí
Táirgí contúirteacha atá cosúil le hearraí bia — ag áirithiú sábháilteacht tomhaltóirí
ACHOIMRE AR:
CAD A DHÉANTAR SA TREOIR SEO?
Tá feidhm léi i gcás míreanna, mar cosmaidí agus táirgí leachtacha tí, nach féidir a ithe, ach mar gheall ar a gcruth, boladh, dath, cuma, filleadh, lipéadú nó méid, go mb’fhéidir go gceapfaí go mbeidís inite. Tá leanaí leochaileach go háirithe agus b’fhéidir go mbeadh fonn orthu táirgí den sórt sin a ithe.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ar an 3 Nollaig 2001, tháinig rialtais AE agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le reachtaíocht ar shábháilteacht ghinearálta don phobal a éilíonn ar dhéantúsóirí a áirithiú go bhfuil a gcuid táirgí sábháilte sula ndíolann siad iad.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sé i bhfeidhm ón 26 Meitheamh 1987. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 26 Meitheamh 1989.
CÚLRA
I dtuairim a glacadh i Márta 2011, thug an Coiste Eolaíochta um Shábháilteacht Tomhaltóirí ar aird go raibh baol beag ann go dtarlódh géar-nimhiú i leanaí nó i ndaoine scothaosta ó chosmaidí a ithe de thimpiste. I gcás táirgí tí, tagann méadú beag ar an mbaol go dtarlóidh rud éigin tromchúiseach. Ina theannta sin, tá easpa sonraí sonracha maidir le hiontógáil trí thimpiste ó tháirgí tomhaltóirí cosúil le bia agus/nó a bhfuil airíonna iontu a bheadh mealltach do leanaí.
GNÍOMH
Treoir 87/357/CEE ón gComhairle an25 Meitheamh 1987 maidir le neasúchán dhlíthe na mBallstát maidir le táirgí, a bhfuil cuma éagsúil orthu le hais mar atá orthu, a chuireann sláinte nó sábháilteacht tomhaltóirí i mbaol (IO L 192, 11.7.1987, lgh. 49-50)
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lgh. 4-17)
Tá leasuithe leanúnacha ar Threoir 2001/95/CE ionchorpraithe sa bhuntéacs. Níl de luach leis an leagan comhdhlúiteach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 01.08.2016