Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cócó agus seacláid

Cócó agus seacláid

Sainítear ag an Aontas Eorpach (AE) rialacha comhchoiteanna éagsúla maidir le táirgí cócó agus seacláide lena gcomhlánaítear an reachtaíocht is infheidhme maidir le bia-ábhar. Baineann na rialacha seo le comhdhéanamh, le hainmneacha díolacháin, le lipéadú agus le cur i láthair.

ACHT

Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2000 maidir le táirgí cócó agus seacláide a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine [Féach an t-acht leasaitheach/na hachtanna leasaitheacha].

ACHOIMRE

Leis an treoir seo cuirtear lipéadú tháirgí cócó agus lipéadú tháirgí seacláide i gcomhréir le chéile, agus leagtar síos sainmhínithe le haghaidh na dtáirgí seo chun a chur ar chumas tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh. Cuirtear an treoir i bhfeidhm gan dochar do na forálacha ginearálta a bhaineann le lipéadú bia-ábhair.

Táirgí lena mbaineann

Baineann an treoir seo le táirgí cócó agus seacláide a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine mar atá sonraithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an treoir.

Comhdhéanamh

Glactar sa treoir seo le comhdhéanamh tháirgí cócó agus seacláide agus leagtar amach inti an t-íoschéatadán d’im cócó ar féidir a úsáid i dtáirgí áirithe. Leagtar amach inti chomh maith gur féidir cion saille plandúla a úsáid nach mó é ná 5 % den táirge deiridh. Liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an treoir na cineálacha saille plandúla (seachas im cócó) is féidir a úsáid.

Lipéadú

Ní féidir na hainmneacha seo a leanas a úsáid chun táirgí a mhargú ach amháin más táirgí iad a monaraíodh de réir na rialacha comhdhéanaimh atá leagtha síos sa treoir seo (féach Iarscríbhinn I a ghabhann leis an treoir):

  • im cócó;
  • púdar cócó, cócó;
  • púdar cócó méathraslaghdaithe, cócó méathraslaghdaithe;
  • seacláid phúdraithe;
  • deoch sheacláide phúdraithe, cócó milsithe, púdar cócó milsithe (agus an téarma méathraslaghdaithe curtha leis i gcásanna áirithe);
  • seacláid (agus na téarmaí veirmiséilí nó calóga, couverture, agus gianduja curtha leis i gcásanna áirithe);
  • seacláid bhainne, bhainne bhearrtha nó uachtair (agus na téarmaí veirmiséilí nó calóga, couverture, agus gianduja curtha leis i gcásanna áirithe);
  • seacláid bhainne theaghlaigh;
  • seacláid bhán;
  • seacláid líonta;
  • chocolate a la taza;
  • chocolate familiar a la taza;
  • seacláidí nó prailíní.

Is féidir eolas breise a thabhairt ar lipéid tháirgí cócó agus seacláide. Mar shampla, ní mór an ráiteas tá saill phlandúil mar aon le him cócó ann a bheith ar lipéid tháirgí seacláide a bhfuil saill phlandúil seachas im cócó iontu, san áit chéanna ina dtaispeántar liosta na gcomhábhar, ach scartha go soiléir ón liosta sin.

Ní mór cion iomlán na solad cócó tirim a thabhairt ar lipéid na dtáirgí seo a leanas: seacláid, seacláid bhainne, seacláid bhainne theaghlaigh, seacláid phúdraithe, cócó milsithe, chocolate a la taza agus chocolate familiar a la taza. Ina theannta sin, ní mór cion an im cócó a thabhairt ar lipéid cócó saor ó shaill, cócó mhéathraslaghdaithe agus seacláide púdraithe.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2000/36/CE

3.8.2000

-

IO L 197, 3.8.2000. lch. 19

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 1137/2008

11.12.2008

-

IO L 311, 21.11.2000., lch. 1

Corpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Threoir 2000/36/CE. Is chun críocha eolais amháin an leagan comhdhlúite seo.

ACHTANNA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1021/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 1999/4/CE agus Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/111/CE, Treoir 2001/113/CE agus Treoir 2001/114/CE ón gComhairle maidir leis na cumhachtaí atá le tabhairt don Choimisiún. [Iris Oifigiúil L 287, 29.10.2013, lch. 1].

Nuashonrú is déanaí: 20.05.2014

Top